Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
thimthriall roghnaithe na nuála innovation adoption cycle
" Cúig ghrúpa éagsúla ======= I gcúrsaí margaíochta agus straitéise, labhraímid faoi thimthriall roghnaithe na nuála.
an staid ar an dtimthriall the stage in the cycle
" Nuair a shroicheann aon táirge an staid ar an dtimthriall go bhfuil an móramh á cheannach, bíonn an iomaíocht níos géire, mar go bhfuil an margadh sáithithe le táirgí.
timthriall cycle
" De réir na saineolaithe, tá rátaí úis ag bun a dtimthriall, rud a chiallaíonn gur fearr, b'fhéidir, dul le cuntas le ráta úis athraitheach chun buntáiste a bhaint as na méaduithe dóchúla sna rátaí úis i rith na gcúig bliana.
timthriall seo an díláithriúcháin this cycle of displacement
" Pobail scoir ======= Gan amhras, is cinnte go gcuireann an tslí a bhfágann na daoine óga an baile ag lorg oideachais agus fostaíochta le timthriall seo an díláithriúcháin, agus ní eisceacht ar bith mé féin.
Timthriall ar timthriall. Cycle after cycle.
" An mbíonn críoch choíche le rud ar bith? An mbíonn bás gan aiséirí? Timthriall ar timthriall.
timthriall an uisce the water cycle
" Chuir Sukhkev san áireamh an chaoi a n-ionsúnn na foraoisí carbón agus an dóigh a rialaíonn siad timthriall an uisce.
timthriall 'seaca-coscairt the freeze-thaw cycle
" Ba chaitheamh aimsire coitianta é fiche bliana ó shin i Sléibhte Cuimbria (i gCeantar na Lochanna), sna Sléibhte Pennine i Sasana agus i Sléibhte Coimre, sa Bhreatain Bhig, ach thógadh sé mí nó dhó chun staid na sléibhte a bheith i gceart, leis an timthriall 'seaca-coscairt.
dtimthriall circuit
" A cuisle a chloiseann sé ar dtús agus an slupar slapar de leachtanna na colainne a ghluaiseann i dtimthriall chasta ionainn, gach nóiméad den lá.
timthriall craolta full loop broadcast
" I rith an lae, bíonn timthriall craolta fiche nóiméad, nó mar sin, acu, ina n-athchraoltar na scéalta céanna, nach mór, idir shosanna fógartha.
timthriall gnó business circuit
" Tá leibhéal an ioncaim a bhailíonn údaráis an stáit dlúthcheangailte leis an timthriall gnó, rud a fhágann go bhfuil geilleagair an stáit in anó mhór ó thús na géarchéime airgeadais.
dtimthriall cuardaigh search cycle
" Is céim nádúrtha i dtimthriall cuardaigh iad Quora is a mhacasamhail.
timthriall na bochtaineachta poverty circle
" Níl sa turgnamh ach imirt bheag cearrbhachais ag fir uaisle, Higgins agus Pickering, ach ag Eliza is é a deis sa saol chun éalú as timthriall na bochtaineachta.