Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tiomantas commitment
" Braitheann tú go bhfuil tiomantas i gceist agus suim sa domhan mór ó thaobh na polaitíochta de.
thiomantas commitment
" "Lena chois sin, bhí mé ag iarraidh fíorchuntas a bheith ann faoi thiomantas agus íobairt na nÉireannach i rith an chogaidh.
tiomantas commitment
" Mar thoradh air seo uilig, bheadh bainistíocht na nGaelscoileanna sásta le líofacht agus tiomantas na múinteoirí agus bheadh cuid den réiteach faighte ar dheacrachtaí na scoileanna Gaeltachta fosta.
tiomantas commitment
" “Rinneamar iarracht le linn an fheachtais áirithe sin na páirtithe leasmhara ar fad a thabhairt le chéile – mic léinn altranais ó na hinstitiúidí tríú leibhéal uilig, cuir i gcás, agus na ceardchumainn CSTGT agus INO – go dtí nach raibh dream ar bith i gcoinne aidhmeanna an fheachtais ach amháin rialtas an lae! Aon áit a dtéadh Mícheál Martin, a bhí ina aire sláinte ag an am, bhíodh grúpa mac léinn altranais ag fanacht air le hé a chrá!” Nuair a tháinig deireadh lena théarma mar Uachtarán ar Aontas na Mac Léinn, thug de Spáinn aghaidh ar Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath lena MSc a bhaint amach, agus ba le linn na tréimhse sin a chonacthas dó go bhféadfadh sé cuid mhór a bhaint amach i saol na Gaeilge mar go raibh tiomantas aige don teanga.
tiomantas determination
" Leis na dúnmharuithe is déanaí ó thuaidh, is léir go bhfuil an tiomantas atá ann i measc na ngnáthdhaoine agus i measc na bpolaiteoir níos daingne ná aon bhaol nó aon bhagairt.
tiomantas determination
" Ní hionann sin le rá nach bhfuil iarrachtaí aonaracha nó imeachtaí sléibhteoireachta á n-eagrú thall is abhus, ach ní léir dom go bhfuil aon tiomantas náisiúnta ná mórphlean comhordnaithe ann le forbairt a dhéanamh ar an tsléibhteoireacht anseo.
thiomantas dedication
" Cé go bhfuil an-mheas agam ar thiomantas agus ar thionscantach an ghrúpa Tonntóirí, ba léir nach raibh mórán clú acu conas an fheidhm is fearr a bhaint as.
gan an iomarca tiomantais without too much intensity
" Is ‘suí siar’ é in ionad a bheith mar ‘cromadh chun tosaigh’, rud a ligeann don úsáideoir brabhsáil gan an iomarca tiomantais ach fós féin a bheith, fágaim, mar chuid de phobal daoine gur spéis leo cúirtíní áille.
chuaigh tiomantas an chruthaitheora the creator’s dedication
" org/blog/2013/03/raspberry-pi-powered-cat-feeder) Ós ag caint ar bhia sinn, ní fhéadfainn a rá go dtaitníonn an ceann seo liom mar dhuine le grá don bhia ach chuaigh tiomantas an chruthaitheora i bhfeidhm orm.
Tá an tiomantas sin inbhraite that determination is palpable
" bia, tithíocht, sochaí, teaghlach) Tá an tiomantas sin inbhraite gach uair a eisítear uasghrádú nua in aon teicneolaíocht, gach uair a sheoltar dearadh nua ar an margadh.
tiomantas ó mhíshuaimhneas dedication from being unsettled
" Cé gurb iad roinnt de na daoine is clistí agus is deise ar bhuail mé leo riamh, níl aon amhras go dtagann an-chuid dá dtuiscint agus tiomantas ó mhíshuaimhneas.
chun an tiomantas seo a thuiscint to see/understand the dedication
" Ní gá ach súil a chaitheamh ar mhacasamhail *Dragons* Den chun an tiomantas seo a thuiscint.
Tiomantas creidimh religious devotion
" *’ Grá? Tiomantas creidimh? Mírún …? Cá bhfios….