Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tionsclaíocht industry
" "Amharc ar na rudaí dearfacha atá curtha i gcrích ag an rialtas: íosphá, ráta íseal boilscithe, suíocháin i dTeach na dTiarnaí bainte de chuid mhaith tiarnaí dúchasacha, cearta spaisteoireachta faoin tuath, deireadh le 'borradh agus meathlú'; ansin, amharc ar na rudaí diúltacha: beartas fioscach mar a bheadh ag na Coiméadaigh, rátaí úis agus *sterling* ró-ard don tionsclaíocht, barraíocht *spin* agus dlí in aghaidh na gceardchumann i bhfeidhm go fóill.
tionsclaíocht industrialism
" tionsclaíocht ======= Is beag tionsclaíocht atá sa cheantar féin, amach ó thógálaithe tí agus dornán fear a bhfuil gnólachtaí beaga acu agus a thugann fostaíocht do bheagán.
heastáit tionsclaíochta industrial estates
" Tá na heastáit tionsclaíochta sna Gaeltachtaí á mbualadh go láidir toisc go bhfuil siad ag brath ar thionscail thraidisiúnta, mar shampla éadaí agus earraí leictreacha, dá gcuid postanna.
eastát mór tionsclaíochta big industrial estate
" Cé gur áit nua-aimseartha é ina bhfuil óstáin, díoscónna, ollmhargaí agus eastát mór tionsclaíochta, labhraíonn cuid mhór daoine an Ghaeilge go fóill ann.
eastát tionsclaíochta industrial estate
" Fostaíocht ======= Tháinig feabhas ar chúrsaí fostaíochta ar an gCeathrú Rua sna seachtóidí, nuair a thóg Údarás na Gaeltachta eastát tionsclaíochta ar an mbaile.
Eastát tionsclaíochta industrial estate
" Eastát tionsclaíochta atá ann in Ellesmere Port ar leithinis Wirral, ar an taobh eile d'abhainn an Mersey ó Learpholl.
ag fiosrú thógáil eastát tionsclaíochta enquiring about the building of industrial estates
" Baineann cuid mhór de na costais leis an achar ama a chaitheann ball den bhord as baile, ag dul chuig cruinnithe agus araile; nó i gcás an cheathrair thuas, ag fiosrú thógáil eastát tionsclaíochta ar Mhars agus áiteanna eile i bhfad ó bhaile.
in aois na tionsclaíochta in the industrial age
" Labhraíonn an tUasal Richard Douthwaite, eacnamaí agus saineolaí i gcúrsaí inbhuaine, faoi “mhéadú na táirgiúlachta daonna trí fhuinneamh saor” in aois na tionsclaíochta.
eastát tionsclaíochta industrial estate
" Isteach linn (mise, Rossa agus Oki) sa charr agus as go brách linn go domhan na soilse lonracha i stiúideo TV3 ar eastát tionsclaíochta Ballymount.
tar éis mheath na tionsclaíochta after the decline of industrialism
" Bhí an dearcadh seo faoi scáth thimpeallacht ailtireachta Mhanchain, cathair a bhí fós in ísle brí tar éis mheath na tionsclaíochta.
Tionsclaíocht industry
" Tá trí scór comhalta sa tSeanad reatha, comhdhéanta mar seo a leanas: - 43 Seanadóir tofa as cúig phainéal gairmiúil ((a) Cultúr agus Oideachas (b) Tionsclaíocht (c) Talamhaíocht (d) Saothar (e) Riarachán.
ceantair thionsclaíochta industrial areas
" Cothrom an ama seo ceithre scór bliain ó shin, tharraing breis is 500 siúlóir as ceantair thionsclaíochta i Manchain agus i Sheffield ar Kinder Scout i gCeantar na gCruach, Derbyshire.
ridirí agus captaein tionsclaíochta an Pháirtí Aontachtaigh knights and captains of the UP
" An Untermensch Scáfar ========== Stát aonpháirtí a bhí i dtuaisceart Éireann ar feadh leathchéad bliain, ach cad é a rinne na ridirí agus captaein tionsclaíochta an Pháirtí Aontachtaigh a bhí mar theachtaí i Stormont ar son an aicme oibre Protastúnach? Faic.
bhonneagar na tionsclaíochta seo this industrial infrastructure
" D’eascair an borradh teicneolaíochta agus an timpeallacht nua oibre seo ó na hathruithe a tháinig ar bhonneagar na tionsclaíochta seo.
dúichí tionsclaíochta tógtha industrial estates built
" Bhí dúichí tionsclaíochta tógtha ag Gaeltarra i nGaoth Dobhair agus ar an gCeathrúin Rua agus na céadta de mhuintir na Gaeltachta fostaithe cheana iontu.
i sochaí tionsclaíochta in an industrial society
" I dteannta triúr pearsantachtaí suimiúla ó H-Division, an Cigire Edmund Reid, an tSáirsint Bennett Drake agus an máinlia Meiriceánach, Captain Homer Jackson, déantar an lucht féachana a threorú tríd na conspóidí ba bhríomhaire sa naoú haois déag, ’sé sin scaipeadh na n-iarnród trí sheanphortaigh Londain, feidhm na n-otharlann agus na ndochtúirí i sochaí tionsclaíochta, an choiriúlacht idirnáisiúnta, an choimhlint idir an cosc dleathach ar “*gross indecency*” agus cumhacht doshéanta na drúise homoghnéasaí, agus scáth na himpireachta féin ar fhallaí an Ten Bells.