Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
thochail siad they dug
" chonaic ball den fhoireann sciathán ag gobadh amach as an sneachta agus thochail siad an grúpa amach.
beidh d'uaigh féin tochailte agat! you'll have dug your own grave!
" Ach má bhíonn maidhm shneachta ann i rith na hoíche beidh d'uaigh féin tochailte agat! Níor tharla a leithéid dúinn agus bhí radharc álainn againn trasna na sléibhte nuair a mhúscail muid ar maidin.
thochail dream eile díog roimhe another group dug a ditch in front of it
" Le stad a chur leis an bhóithrín uafásach seo, thochail dream eile díog roimhe, agus chuir siad bolláin in aice leis.
a mbuiséid tochailte their exploration budget
" In ainneoin gur ardaigh praghas na hola 30 faoin gcéad le cúpla bliain anuas, níor ardaigh ExxonMobil agus Chevron Texaco - péire de na comhlachtaí ola is mó ar domhan - a mbuiséid tochailte i mbliana.
tochailte excavated
" Tá sé déanta as caolach agus cré, agus tá an leagan amach bunaithe ar theach tochailte in aice le sráidbhaile i gContae Obar Deathain darb ainm Monymusk.
tochailte digging
" Agus mí nó dhó tochailte de dhíth ar dtús.
i rith na tochailte during the excavation
" Nochtadh loirg den tréimhse sin i rith na tochailte.
dul i mbun tochailte. to start digging.
" Thuig sé go raibh fonn orm dul i mbun tochailte.
go leor tochailte eile plenty more digging
" Is iomaí uair a thugtar cluas bhodhar do chaint dhomhain faoi chaidreamh déchultúrtha idir *Māori* agus *Pākehā*, ar mhaithe le ceol draíochta an bhéalghrá, ach is léir ó na himeachtaí seo go bhfuil go leor tochailte eile le déanamh sa tír.
tuilleadh tochailte further investigation
" ” Ní dhearna an tuairisceoir aon iarracht ráiteas a fháil ó Age Action Ireland faoin phlean agus mura raibh formhór na nuachtáin Domhnaigh imithe chun na clólainne fán am ar foilsíodh an t-alt, ba chosúil nach bhfaca siad gur cheart tuilleadh tochailte a dhéanamh air.
tochlaíodh were dug
" Is baile mianadóireachta é Coober Pedy, ina gcónaíonn muintir na háite i dtithe a tochlaíodh faoin talamh.
láithreacha tochailte óir gold digging sites
" Mheall an fuadar óir sna 1850í oibrithe Síneacha go leor chun na hAstráile ach tugadh íde na muc is na madraí dóibh le linn círéibeacha ciníocha sna láithreacha tochailte óir.
as an duibheagán a thochail siad dóibh féin out of the abyss which they dug for themselves
" (Tá a fhios agaibh na daoine sin atá i ndiaidh na bainc a tharraingt amach as an duibheagán a thochail siad dóibh féin le tamall de bhlianta anuas?) “Ó nach iontach an saol é?” a deir Balor.
faoi thorthaí na tochailte about the dig’s results
" Bhí cuid mhór easaontú ann faoi thorthaí na tochailte, rud a spreag conspóid agus troideanna inmhéanacha.