Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
toghchán uachtaránachta presidential election
" In olltoghchán na Breataine, mar shampla, bhí a lán cainte (uaimse an mhí seo caite, cuir i gcás) faoi fhuarchúis, ach an bhfuil an scéal chomh simplí sin? Vótáil 59% san olltoghchán, an ráta is ísle ó 1918 (ach níos airde ná toghchán uachtaránachta na Stát Aontaithe i mí na Samhna).
d'fhóirfeadh toghchán go mór don DUP an election would suit the DUP very well
" Mí ó shin, d'fhóirfeadh toghchán go mór don DUP ach leis an ghníomh díchoimisiúnaithe an mhí seo caite, má thógann David Trimble ar an mholadh atáthar a thabhairt dó faoi láthair, seans mór go mbainfidh an UUP na vótairí a thréig iad, a bhuíochas sin ar an imní agus an mhímhuinín a bhí á spré ag an DUP.
fheachtais toghcháin election campaign
" Le linn an fheachtais toghcháin anuraidh, ba é Francesco Rutelli (46), ceannaire an Pháirtí Radacaigh, an príomhchéile comhraic a bhí aige.
clár toghcháin election programme
" Bhain sé an-sult as clár toghcháin TG4 a chur i láthair an mhí seo caite, agus is léir go bhfuil an-mheas aige ar an stáisiún sin.
i dtoghchán an tSeanaid the Senate elections
" Ag glacadh páirte a bhíomar i dtoghchán an tSeanaid, teach uachtarach an Oireachtais.
toghcháin elections
" Má éiríonn leo an bhua a fháil ar an UUP - má bhíonn toghcháin ann i mí Áibreáin - beidh siad in áit nach raibh siad roimhe.
toghcháin áitiúla local elections
" Sa tuarascáil inmheánach a réitigh an grúpa cuireadh béim ar leith ar iarrthóirí maithe a aimsiú don pháirtí do na toghcháin áitiúla an bhliain seo chugainn.
thorthaí toghchán election results
" Ag breathnú ar thorthaí toghchán, is léir gurb é Sinn Féin páirtí na todhchaí ó thuaidh.
toghcháin elections
" Agus mé ag scríobh, ní léir go mbeidh na toghcháin ann ar chor ar bith.
go gcuirfí na toghcháin ar ceal that the elections be cancelled
" Inniu (30 Aibreán) tá sé le bualadh le Príomh-Aire na Breataine Tony Blair agus meastar go n-iarrfaidh sé go gcuirfí na toghcháin ar ceal.
beifear ábalta na toghcháin a ghairm the elections can be called
" Le himeacht na n-easaontóirí, má bhíonn Trimble agus a pháirtí athbheirthe mar chrann taca an Chomhaontaithe), má bhíonn fuinneamh úr i measc na bpáirtithe atá ar thaobh an Chomhaontaithe, má thig freagra dearfach ó phoblachtánaigh (gníomh suntasach díchoimisiúnaithe nó gníomh críochnaithe dá leithéid), ansin beifear ábalta na toghcháin a ghairm agus an Feidhmeannas a chur ar bun arís.
aimsir na dtoghchán áitiúil the time of the local elections
" Cloisfear neart bladair faoin bhfeachtas sin ó pholaiteoirí áitiúla san iarthar idir seo agus lár na bliana seo chugainn, aimsir na dtoghchán áitiúil.
toghcháin Eorpacha European elections
" Ó ceapadh é sa phost sin, tá Aled i ndiaidh go leor cúraimí móra a bheith air - na toghcháin Eorpacha i 1994 agus 1999, mar shampla, olltoghchán 1997 agus an chéad toghchán do Thionól Náisiúnta na Breataine Bige.
na toghcháin áitiúla ar leic an dorais the local elections around the corner
" Fágann sin na comhairleoirí bochta áitiúla ag plé le scéimeanna míthaitneamhacha táillí a chuirfidh múisiam mór ar an bpobal, díreach agus na toghcháin áitiúla ar leic an dorais.
toghchán na huachtaránachta the presidential election
" Léireoidh toghchán na huachtaránachta i mí na Samhna i mbliana é sin.
toradh an toghcháin the election result
" Laistigh de chúpla uair an chloig, bhí toradh an toghcháin oibrithe amach ag an bhfoireann seo - toradh nár fógraíodh go hoifigiúil go dtí i bhfad níos déanaí.
toghcháin áitiúla local elections
" Tá an conradh do na toghcháin áitiúla buaite ag an gcóras Nedap/Powervote ón Ísiltír, agus is léir ón suíomh gréasáin atá acu (http://www.
oifigeach toghcháin election officer
" Agus is féidir le daoine iarracht a dhéanamh na páipéir bhallóide a scrios - is cuimhin liom oifigeach toghcháin a fheiceáil ag caitheamh cuid mhaith ama ag cur páipéar ballóide stróicthe ar ais le chéile.
drochthorthaí toghcháin bad election results
" D'fhéadfadh sin a theacht i bhfoirm drochthorthaí toghcháin nó d'fhéadfadh fianaise ó cheann de na fiosrúcháin barrthuisle a bhaint as an Taoiseach.
toghchán an Tionóil the Assembly election
" Ní raibh ciall ar bith ag Tony Blair gan toghchán an Tionóil a ghairm i mí na Bealtaine.
an chéad toghchán Tionóil eile the next Assembly election
" Tá *mandate *eile de dhíth ar an DUP agus ní thiocfaidh sin roimh an chéad toghchán Tionóil eile.
toghcháin áitiúla local elections
" Cén tionchar a bheas ag an vótáil leictreonach ar na toghcháin áitiúla agus Eorpacha? Níl a fhios sin ag éinne, ach tá gné amháin den scéal nár pléadh go poiblí fós: a laghad vótaí is a bhí idir iarrthóirí éagsúla nuair a tionóladh na toghcháin dheireanacha i 1999.
toghchán uachtarántachta presidential election
" I bhFlorida tá na Poblachtánaigh le ceangal tar éis gur fhógair an eagraíocht síochána Pax Christi USA go gcuirfidh siad breathnadóirí neamhspleácha idirnáisiúnta chun na háite don toghchán uachtarántachta thall sa bhfómhar.
thoghchán na huachtaránachta the presidential election
" Leanfar ar aghaidh ag plé na gceisteanna seo mar gheall ar thoghchán na huachtaránachta a bheith ag teacht.
na toghcháin áitiúla agus Eorpacha the local and European elections
" Ceann de na hargóintí a bhí ag an Aire Dlí agus Cirt chun an Reifreann seo a reáchtáil ag am céanna leis na toghcháin áitiúla agus Eorpacha ná nach dtiocfadh mórán daoine amach chun vóta a chaitheamh.
iarrthóirí toghcháin election candidates
" Is fada an lá ó chonacathas cath chomh salach, ná chomh fíochmhar, idir beirt iarrthóirí toghcháin ón pháirtí céanna leis an cheann atá ar siúl le seachtainí anuas idir Eoin Ryan agus Royston Brady, beirt iarrthóirí Eorpacha Fhianna Fáil i mBaile Átha Cliath.
thoghcháin an Tionóil the Assembly elections
" Tá borradh faoin DUP faoi láthair i ndiaidh thoghcháin an Tionóil i mí na Samhna anuraidh agus is iarrthóir cumasach é Allister.
toghchán election
" Roimh an olltoghchán deireanach gheall an rialtas go raibh siad sásta breis is 200,000 cárta nua a chur ar fáil.
toghchán election
" I dtrácht maidine ar bith, seans go bhfeicfidh tú greamaitheoirí ag baint leis an toghchán (*Don't Blame Me, I Voted Democrat*), cinn reiligiúnda (*Jesus is Awesome!*), cinn ag baint leis an ghinmhilleadh (*It's a Child, Not a Choice*), agus réimse eile idé-eolaíochtaí (*Mean People Suck*).
toghchán uachtaránachta presidential election
" Cé go bhfuil an ceart acu siúd a deir nach bhfuil seo chun leasa dhaonlathas na tíre, ar an lámh eile nílim cinnte an mbeadh toghchán uachtaránachta idir Máire Mhic Ghiolla Íosa agus Dana Rosemary Scallon chun leasa na tíre ach oiread.
sna toghcháin áitiúla in the local elections
" Nuair a buaileadh cic ar Fhianna Fáil sna toghcháin áitiúla níor thóg sé i bhfad ar an Taoiseach a rá go poiblí go gcaithfeadh an páirtí filleadh ar chuid dá sheanluachanna agus aire a thabhairt do na dreamanna ba bhoichte agus ba laige sa tsochaí.
cé a bhuafaidh an toghchán who will win the election
" "Is iad na vótaí sin a shocróidh cé a bhuafaidh an toghchán," a dúirt Marlin faoi na vótóirí Caitliceacha sna stáit sin.
próiseas cothrom toghcháin just election process
" Rinneadh ceangal idir an nóiseán cineál doiléir seo den tsaoirse agus an nóiseán doiléir eile gur daonlathas a bhí i Meiriceá, ina raibh próiseas cothrom toghcháin.
thoghchán uachtaránachta presidential election
" Chreid mé féin agus go leor eile go bhféadfaí a bheith ag súil go gcuirfí na rialacha dochta seo i bhfeidhm i gcónaí, go dtí go bhfaca muid iompar náireach agus mí-éifeachtach na n-údarás le linn thoghchán uachtaránachta na bliana 2000.
oifigigh thoghcháin election officials
" Go dtí seo, níl oifigigh thoghcháin - na daoine atá fostaithe go lánaimseartha chun aire a thabhairt do nithe tábhachtacha mar bhallóid neamhláithreacha - sásta freagracht ar bith a ghlacadh as an mhéid a tharla.
thorthaí thoghchán na hEorpa the results of the European election
" Tá sin soiléir ó thorthaí thoghchán na hEorpa.
toghchán election
" Tá go leor daoine buartha nach ndíreofar ar na hábhair imní atá ag na hÉireannaigh de bhrí gurb é Bush a bhuaigh an toghchán.
torthaí na dtoghchán áitiúil agus Eorpach the results of the local and European elections
" Buaileadh an buille tubaisteach ceart go leor air, i mí an Mheithimh, nuair a fógraíodh torthaí na dtoghchán áitiúil agus Eorpach, ach níor thit sé ar a chlaíomh.
toghchán na huachtaránachta the presidential election
" Anois agus toghchán na huachtaránachta thart i Meiriceá, tosófar na comhchainteanna arís chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gcomhaontú eitlíochta déthaobhach (áit a bhfuil an "*Shannon stopover*" sáinnithe).
toghcháin na Comhairle Oideachais the Education Council elections
" “Moladh cairdiúil a bhí ann a cuireadh faoi bhráid chomhordaitheoir na dtuistí i ngach scoil phoiblí chun cur i gcuimhne do na tuismitheoirí dul amach agus vóta a chaitheamh i dtoghcháin na Comhairle Oideachais.
ar mhaidin an toghcháin on the morning of the election
" “Cuireadh go Carna mé ar mhaidin an toghcháin, áit nach raibh mórán fáilte romham,” a deir sé.
toghcháin mheántéarma mid-term elections
" Beidh an chéad toghchán eile i Meiriceá i mí na Samhna i mbliana, toghcháin mheántéarma, nuair a sheasfaidh iarrthóirí do gach suíochán Comhdhála agus do thrian de shuíocháin an tSeanaid.
toghcháin elections
" I measc na ndrochscéalta seo uilig, tá toghcháin ag teacht i mí na Samhna, agus táthar ag caint cheana féin ar iarrthóirí do thoghchán na huachtaránachta in 2008.
toghcháin elections
" I measc na ndrochscéalta seo uilig, tá toghcháin ag teacht i mí na Samhna, agus táthar ag caint cheana féin ar iarrthóirí do thoghchán na huachtaránachta in 2008.
sna toghcháin áitiúla in the local elections
" Déarfadh an té atá amhrasach gur iarracht shoiniciúil a bhí ann le go n-éireodh go maith le páirtithe an rialtais sna toghcháin áitiúla.
toghcháin mhímhacánta dishonest elections
" Tháinig na cumannaigh i gcumhacht de bharr toghcháin mhímhacánta bheith eagraithe acu agus tugadh daoine a chuir in aghaidh na gcumannach chun trialach nó cuireadh chun báis iad.
i dtoghchán meántéarma na Comhdhála in the mid-term Congress election
" I 1993, bunaíodh grúpa beag darbh ainm Project for the Republican Future (PRF) agus é mar sprioc acu bua a bhaint amach i dtoghchán meántéarma na Comhdhála i 1994.
toghcháin elections
" Sa scrúdú eile, beidh ar dhaoine tuairim is 30 ceist a fhreagairt a bhaineann le cúrsaí na hAstráile, ina measc an córas dlí, toghcháin agus dúchasaigh.
sna toghcháin Eorpacha in the European elections
" D’éirigh go holc leis an Chomhaontas Ghlas sna toghcháin Eorpacha ach, mar sin féin, éireoidh leis an pháirtí vóta frithbhunaíochta a mhealladh.
toghchán election
" Bhí tuairimí acu faoi gach aon rud – faoin bhfadhb SEIF, faoin toghchán a bhí ann ag deireadh mhí Mheán Fómhair, faoi oibrithe na nEagraíochtaí Neamhrialtasacha, faoin gcur chuige a bhíonn ag an Iarthar i leith na hAfraice agus araile.
ceist toghcháin an election issue
" Mura bhfuil muid toilteanach ár gcuid féin a dhéanamh ar bhonn pearsanta, is beag seans gur ceist toghcháin a bheas ann go deo.
sa toghchán meántéarma, in the mid-term election,
" Mar shraith tréanbhuillí, chaill na Poblachtánaigh (an páirtí is mó a bhí i bhfabhar an chogaidh) Teach na nIonadaithe agus an Seanad araon sa toghchán meántéarma, d’éirigh Donald Rumsfeld as a phost mar Rúnaí Cosanta (ar iarratas ón uachtarán), agus foilsíodh tuarascáil Ghrúpa Staidéir na hIaráice.
toghchán election
"toghchán fógartha don 7 Márta agus beidh seans ag easaontóirí aiféaltas a chur ar Shinn Féin.
toghchán election
" Agus an bua bainte amach acu i dtoghchán an uachtaráin, chanaidís “Mo Ghile Mear”.
toghchán stáit a state election
" Beidh dhá thoghchán i NSW i mbliana: toghchán stáit ar an 24 Márta agus níos deireanaí (b’fhéidir i mí Dheireadh Fómhair) toghchán náisiúnta.
sa saol iar-thoghcháin, in post-election life,
" “Bhuel, a Aire,” a d’fhreagair Laoch na Litríochta, “Meafar atá ann: fiú sa saol iar-thoghcháin, mar a shamhlaíonn tú féin é, beidh Caipitleachas fós *ag* *blíp blíp blípeáil* an Lucht Oibre (mar a déarfá féin go deas múinte); beidh an Rialtas fós ina shámhchodladh; ní bheidh aon duine ag tabhairt airde dá laghad ar an Phobal, agus beidh an Todhchaí fós sa chac!”
ag tuairisciú ar an toghchán reporting on the election
" Bhí mé féin ag tuairisciú ar an toghchán do TG4 ó Chill Dara Thuaidh, áit a raibh Crístín McAuley ina hiarrthóir ag Sinn Féin.
toghchán na huachtaránachta the presidential election
" Dá mba mar sin é anseo i Meiriceá! Cé nach mbeidh toghchán na huachtaránachta ar siúl anseo go dtí an 4 Samhain 2008, tá iarrthóirí i mbun feachtais dó cheana féin.
nár sheas sé i dtoghchán that he didn't stand in an election
" Is cuma nár sheas sé i dtoghchán riamh roimhe, fós fuair sé níos mó vótaí ná riamh.
torthaí an toghcháin. the results of the election.
" Agus ós ag caint dúinn ar chraobhacha, bhí Dáithí Bocht ar na craobhacha nuair a foilsíodh torthaí an toghcháin.
sna toghcháin in the elections
" Beidh Aer Lingus ag cur eitiltí ar fáil go Heathrow as Béal Feirste, in áit na Sionainne; tá Fianna Fáil ag beartú iarrthóirí a chur chun cinn sna toghcháin ó thuaidh; eagraíodh an fhreagairt ar ghéarchéim an ghalair crúibe agus béil ar bhonn uile-Éireann.
De thoradh an toghcháin seo, as a result of this election
" De thoradh an toghcháin seo, díbríodh an páirtí Prawo i Sprawiedliwość (PiS) – an páirtí Dlí is Cirt a chuir an cúpla Kaczynski ar bun in 2005 – go binsí an fhreasúra.
ó thoghchán na bliana cinniúnaí since the election of the decisive year
" Chaith beagnach 54 faoin gcéad de na toghthóirí a vóta, an ráta vótála is airde sa Pholainn ó thoghchán na bliana cinniúnaí 1989 ann.
i dtoghchán na Parlaiminte Eorpaí in European Parliament elections
" Agus i dtoghchán na Parlaiminte Eorpaí sa bhliain 2003, bhí an ráta vótála chomh híseal le 20 faoin gcéad.
ba iad Polannaigh óga ba dhúthrachtaí a ghlac páirt sa toghchán, It was the young Poles who most zealously took part in the election
" Mar ba léir ó na híomhánna de na mílte Polannach a sheas i scuaine chun vóta a chaitheamh in Éirinn, i Sasana, agus i dtíortha nach iad, ba iad Polannaigh óga ba dhúthrachtaí a ghlac páirt sa toghchán, agus ní foláir ná gurbh é an dream seo ba mhó a thug 209 suíochán do PO sa *Sejm*, teach íochtarach Pharlaimint na Polainne ina bhfuil 460 suíochán san iomlán.
Ach an oiread le téip ar bith eile i dtoghchán, like any other election loss
" Ach an oiread le téip ar bith eile i dtoghchán, ní hé go raibh cúis amháin léi.
toghcháin tosaigh, primary elections
" Sna toghcháin tosaigh, a gcuirfear tús leo i rith na míosa seo, roghnóidh baill na bpáirtithe sna stáit éagsúla a n-iarrthóirí uachtaránachta.
toghchán méarachta mayoral election
" Níl ach mí imithe tharainn anseo ó bhí toghchán méarachta ar siúl i mo bhaile féin agus reifreann ar chúpla airteagal i mbunreacht an stáit.
is aoibhinn leo toghcháin. they love elections
" Is maith le Meiriceánaigh an pholaitíocht, agus is aoibhinn leo toghcháin.
toghchán tionóil assembly election
" Chuidigh cinneadh Shinn Féin maidir le tacaíocht a thabhairt do chúrsaí póilíneachta le Tony Blair toghchán tionóil a ghairm ar 7 Márta.
Mise a bhuaigh an toghchán, it was me who won the election
" An dara sainchomhartha a léirigh sé ná gur dhírigh sé é féin i ndiaidh gach buille acu, agus gur chóirigh sé a chuid gruaige go dtí go raibh gach ribe dá dhlaoi go snasta slíoctha, agus gur fhógair os comhair an tsaoil: “Mise a bhuaigh an toghchán, bíodh a fhios agaibh!” Is galar tromchúiseach é an Endazheimers, gan aon agó.
i dtoghcháin tosaigh an Pháirtí Phoblachtaigh. in the Republican's Party's primaries.
" Chuir sé iontas ar go leor daoine le déanaí go raibh éirithe leis an Mormannach Mitt Romney a bheith sa dara háit i dtoghcháin tosaigh an Pháirtí Phoblachtaigh.
I dtoghcháin an Tionóil in the Assembly elections
" I dtoghcháin an Tionóil i 1982, fuair said 10.
na toghcháin dheireanacha tosaigh the last primary elections
" Beidh na toghcháin dheireanacha tosaigh ar siúl ar an 3 Meitheamh, agus ní bheidh fágtha ina ndiaidh ach coinbhinsiún na bpáirtithe.
toghchán uachtaránachta. presidential election
" Is annamh a bhím buíoch de pháirtí polaitíochta ar bith, ach caithfidh mé a rá go bhfuilim buíoch den Pháirtí Poblachtánach, a chuir deireadh lena chuid réamhthoghchánaíochta go neamhoifigiúil ar an 4 Márta nuair a bhuaigh John McCain go leor vótaí lena chinntiú go bhfaigheadh sé ainmniúchán a pháirtí don toghchán uachtaránachta.
toghchán election
" Is annamh a bhím buíoch de pháirtí polaitíochta ar bith, ach caithfidh mé a rá go bhfuilim buíoch den Pháirtí Poblachtánach, a chuir deireadh lena chuid réamhthoghchánaíochta go neamhoifigiúil ar an 4 Márta nuair a bhuaigh John McCain go leor vótaí lena chinntiú go bhfaigheadh sé ainmniúchán a pháirtí don toghchán uachtaránachta.
toghchán election
" “Ach déarfaidh mé an méid seo faoi: bhí díospóireacht bhreá ann ar an lá! Tá dlúthbhaint ag an bhfoirgneamh sin le tús an Stáit – bhí banc Shinn Féin lonnaithe istigh ann ag tús na haoise seo caite, cuir i gcás, bhíodh Michael Collins ag feidhmiú as an áit ag tráthanna éagsúla agus rinneadh toghchán na bliana 1918 a phleanáil ansin.
toghchán election
" Ardfheiseanna atá iontu, ach is ardfheiseanna iad a bhfuil sainsprioc ag baint leo: déantar na hiarrthóirí a sheasfaidh i dtoghchán uachtaránachta na bliana sin a roghnú acu agus déantar an clár oibre a leagan amach don fheachtas toghchánaíochta.
i dtoghchán uachtaránachta na bliana sin in the presidential election of that year
" Ardfheiseanna atá iontu, ach is ardfheiseanna iad a bhfuil sainsprioc ag baint leo: déantar na hiarrthóirí a sheasfaidh i dtoghchán uachtaránachta na bliana sin a roghnú acu agus déantar an clár oibre a leagan amach don fheachtas toghchánaíochta.
aimsir toghchán at the time of elections
" Teaghlach mór Fhianna Fáil ab ea a teaghlach féin agus ba ghnách leo cruinnithe a bheith acu sa teach aimsir toghchán – ba gheall le "ceanncheathrú bheag" é tigh de Róiste ó thaobh na polaitíochta áitiúla de, dar léi féin.
Toghchán election
" Bhí sé ina cheann foirne sna Stáit Bhalcánacha, tráth a raibh an OSCE ag reachtáil Toghchán mar níorbh ann don bhonneagar cuí toghcháin a reáchtáil i ndiaidh na coimhlinte ansin.
toradh an toghcháin the election result
" D’athraigh gach rud mar bhí freasúra le toradh an toghcháin sin a mhúch an dóchas a bhí ag daoine.
iarrthóirí toghcháin election candidates
" Is féidir an dlí a chur ar iarrthóirí toghcháin nach mbainfidh postaeirí anuas th’éis toghcháin.
dtoghchán na huachtaránachta the presidential election
" Theip ar an frith-Sheimiteachas nua mar straitéis, dar le Gates, óir is deacair míchlú 'frith-Sheimiteach' a chur ar raibithe! Má cheapann éinne go bhfuil na Stáit Aontaithe tagtha slán ó dhrochthionchar na Síónach anois, tharla gur chloígh Obama Mc Cain i dtoghchán na huachtaránachta, ní thugann Jeff Gates mórán dóchais dó.
toghcháin elections
" Neartaigh sí gluaiseacht na poblachta, ba í ba chúis le dul chun cinn Shinn Féin sna toghcháin, ba í an chéad Phríomh-Aire í a thug aghaidh ar Aontachtaithe.
toghcháin election(eering)
" Gonorrhoea Lectem an t-ainm atá ar an ghalar teagmhálach seo (fuaimnithe mar ‘gonna re-elect ’em’, cé nach bhfuil baint dá laghad ag an ghalar le cúrsaí polaitíochta ná toghcháin – i ndáiríre! i ndáiríre píre!) Faightear an galar seo go furasta agus tá mórán daoine ag fulaingt cheana féin ón drochaicíd ghránna gháifeach seo.
toghchán election
" Dúirt Cynthia McKinney, iarrthóir an Pháirtí Ghlais sa toghchán uachtaránachta i 2008, in agallamh ar na mallaibh nach raibh ach triúr nó ceathrar, nó cúigear b’fhéidir, as 535 ball i gComhdháil SAM a bhíonn sé de mhisneach acu vótáil in aghaidh Iosrael.
dtoghchán elections
" Cad é mar atá an saol agat i ndiaidh na dtoghchán? An bhfuil tú fós compordach mar cheannaire ar an tír seo? Biffo: Bhuel, a Bhaloir, ní miste dom a rá ag tús an agallaimh seo nach mise ceannaire na tíre ar chor ar bith.
toghcháin elections
" Seanfhocal nach sáraítear: Mura mbí ach Aire agat, bí i lár an aonaigh leis! Balor: Bhuel, a Thaoisigh, ní gá dom dul i muinín na nuachtán le fáil amach go bhfuil slad i ndiaidh a bheith déanta ar Fhianna Fáil sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha, in ainneoin gur iarr tú ar mhuintir na hÉireann díriú ar cheisteanna beaga suaracha áitiúla agus dearmad a dhéanamh den tsáinn ina bhfuil an tír.
toghchán election
" Cé go bhfuair Griffin ionad mar MEP, bhí a chuid vótaí thíos 2,865 ón toghchán i 2004, nuair a bhí turnout níos mó ann.
dtoghchán election
" B’fhéidir gur léigh tú faoina thábhacht i bhfeachtas Obama nó i dtoghchán Iran, nó i bplean margaíochta Oprah.
toghcháin (of) election
" Chuile dhream a fuair an deis an pionna a chur sa phobal, thapaigh siad é: na polaiteoirí ó Fhianna Fáil agus ó Fhine Gael a thóg na ‘síntiúis phearsanta’ aimsir toghcháin agus na costaisí móra; na habhchóidí a bhí in ann táille cúpla míle in aghaidh an lae a ghearradh ar an Stát le linn na mbinsí fiosraithe; na comhairleoirí leighis a bhí íocaithe níos fearr ná a macasamhail in aon tír eile san Eoraip, ach a bhí i gceannas ar an gcóras sláinte ba mheasa ó thaobh freastal éifeachtach a dhéanamh ar an bpobal.
toghcháin electoral
" Chuile dhream a fuair an deis an pionna a chur sa phobal, thapaigh siad é: na polaiteoirí ó Fhianna Fáil agus ó Fhine Gael a thóg na ‘síntiúis phearsanta’ aimsir toghcháin agus na costaisí móra; na habhchóidí a bhí in ann táille cúpla míle in aghaidh an lae a ghearradh ar an Stát le linn na mbinsí fiosraithe; na comhairleoirí leighis a bhí íocaithe níos fearr ná a macasamhail in aon tír eile san Eoraip, ach a bhí i gceannas ar an gcóras sláinte ba mheasa ó thaobh freastal éifeachtach a dhéanamh ar an bpobal.
toghcháin election
" Cé gur dul chun cinn de shaghas éigin é seo, bhí míshásamh nár tugadh stádas teanga oifigiúil don teanga agus bhagair na Imazigh go ndéanfaidís baghcat ar na toghcháin uachtaránachta mar gheall ar cheist na teanga.
toghcháin elections
" Sna toghcháin áitiúla a reáchtáladh i gcaitheamh 2009, fuair FG 32% den vóta i gcomórtas le 25% do Fhianna Fáil: an chéad uair go bhfios dom, gur tháinig FG amach chun tosaigh ar FF ó bunaíodh é.
Dá reáchtáilfí toghchán were an election organized
" Tá leath de limistéar Cathair na Gaillimhe sa nGaeltacht go fóill! Dá reáchtáilfí toghchán Údarás na Gaeltachta i mbliana, mar ba chóir, bheadh níos mó vótaí sa toghchán i gCathair na dTreabh ná mar a bheadh sa gceantar Gaeltachta chois cósta a shíneann ón Spidéal siar go Carna, ’sé sin, an ceantar i gConamara Theas ina úsáidtear an Ghaeilge mar ghnáth-theanga chumarsáide go laethúil.
thoghchán election
" Agus feachtas thoghchán na huachtaránachta sa Bhrasaíl faoi lán seoil, tá an chuma ar scéal go bhféadfadh bean a bheith i gceannas ar an tír is mó sa leathsféar theas gan mhoill.
thoghchán election
" Deir sé gur inis sé do John Prescott roimh thoghchán na bliana 1997 go mbeadh síochán ó thuaidh mar phriaracht pholaitiúil aige.
dtoghchán election
" Gan choinne ar bith leis, d’éirigh le hiarrthóir an Pháirtí Ghlais i dtoghchán uachtaránachta na Brasaíle, Marina Silva, nach mór 20% de na vótaí a fháil.
toghchán election
" Gheall Jack Lynch san fheachtas toghchánaíochta sa bhliain 1977 go gcuirfeadh Fianna Fáil deireadh le táillí tís – cáin a ghearrtar ar luach an tí chónaithe.