Pota Focal Intergaelic
tagra | toga | ógra | otra | tog
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an togra is déanaí the latest proposal
" Cad é dearfaidh aontachtaithe liobrálacha má theipeann ar an togra is déanaí.
bhí an togra á mhíniú aige he was explaining the project
" Suite i mbeár an aerfoirt dóibh, bhí an togra á mhíniú aige dá mhac sular fhág siad an Eoraip.
le haghaidh tograí nach dtarlaíonn for projects that don't happen
" Tá sé tréigthe ag a sheanchairde, urraíocht á lorg aige le haghaidh tograí nach dtarlaíonn.
togra trasphobail an inter-communal project
" Tá ag éirí chomh maith sin leis an togra trasphobail Re-imaging Communities i dTuaisceart Éireann go raibh ar an Chomhairle Ealaíon ansin iarrataisí nua a chur ar an mhéar fhada i rith an tsamhraidh.
thograí project
" Mar shampla, cheadaigh an tAire Airgeadais Nigel Dodds £115 milliúin do thograí tógála an mhí seo.
togra treorach a pilot scheme
" D’fhógair Príomh-Aire na hAstráile, Kevin Rudd, i mí Lúnasa anuraidh go gcuirfear tús le togra treorach, ar a dtugtar an Pacific Islands Guest Worker Scheme (PIGWS).
togra project
" Na Gerry Ryans Tá an togra Éire Inc.
togra scheme
" Níl san airgead ar ais, ámh, ach airgead infheistíochta an dara scata d’infheisteoirí a thiocfas sna sála ar an gcéad dream tar éis dóibh iomrá a chloisteáil go bhfuil airgead mór sa togra.
togra scheme
" “Ní raibh siad in ann teacht ar pháistí go leor chun an naíscoil a bhunú i Londain” dúirt Mícheál Ó Duibh, ó Chomhairle na Gaelscolaíochta sa Tuaisceart, a thug cabhair don togra.
thograí frithsheicteachais anti-sectarianism projects
" Moltar £100 million a chaitheamh ar thograí frithsheicteachais.
togra project
" Tugadh cuireadh do dhaoine, ar mhian leo páirt a ghlacadh sa togra seo iarratas a chur isteach ar www.
tograí projects
" Is bocht an scéal é go mbeadh tograí tábhachtacha straitéise a bhaineann leis na 26 chontae amháin i dtuilleamaí bheannacht leithéidí Nelson McCausland nó Gregory Campell! Bheadh sé de bhuntáiste ag an struchtúr úr go mbeadh cur chun cinn na teanga i lámha áisínteachta as féin abhus, beag beann ar pholaitíocht na sé chontae.
togra effort, venture
" , a d’oscail an t-ionad ilfheidhmeach seo atá i gcroílár chathair Dhoire agus d’aithin sé, agus é ag caint faoin togra, gur céim shuntasach a bhí ann ó thaobh thodchaí na Gaeilge sa tuaisceart agus cúrsaí comhfhiontair thuaidh-theas.
thogra úra new projects
" San áit nach raibh cúinsí geilleagair is fógraíochta sách folláin le nuachtán amháin a bheathú, cad chuige go mbeadh muid ag dréim go mairfeadh dhá cheann agus na cúinsí airgeadais céanna imithe chun donais? Is minicí go dtagann scéala chugainn na laethanta seo faoi chomhlachtaí a bheith ag druidim, ach seo chugainn dhá thogra úra atá ag cur tús le gnó agus go deimhin ag dul in iomaíocht lena chéile agus iad lonnaithe i ngiorracht scread asail dá chéile! Dá olcas a bhí imeacht Lá Nua is an seanleagan de Foinse, is tubaisteach i bhfad é mura mbeadh ceachtar den dá nuachtán nua i mbun trádála cothrom an lae seo an bhliain seo chugainn.
togra project
" Tá an chuma ar an scéal go bhfuil togra “an aontais aontachtaí” ag titim as a chéile mar thoradh ar na codarsnaí inmheánacha níos mo ná rud ar bith eile.
togra project
" Níor chuir muid in aghaidh an togra in aon am.
togra project
" Mar sin tháinig Leonard chugam chun tús a chur leis an togra seo.
dtogra project
" Tá sé i gceist ag an bhuíon díograiseach ón Fhondúireacht €10m a bhailiú le tabhairt faoin dtogra seo, ach ar na saolta seo faraor, sin í an áit a mbeidh an deacracht agus an fíordhúshlán.
thogra project
" Ar luaigh mé go bhfuil duais don té a thagann aníos le focal Gaeilge ar “*nerd*” dom? Ba thogra ollscoile Google a chruthaigh Larry Page is Sergey Brin mar chuid de chéim dhochtúireachta.
togra project
" uk) Is togra trasteorann é, Imeall Trá, idir Sliabh a Liag agus Na Gobáin, beanna ar Oileán Mhic Aodha i gContae Aontroma.
togra project
" Léirigh an tuarascáil NILS thuasluaite, ámh, go bhfuil cor sa scéal a mheasaim go bhfuil i bhfad níos tábhachtaí ná aon togra rialtais.
tograí proposals
" Cuirfear béim anois ar sholáthar seirbhísí agus bunófar próiseas iomaíochta le haghaidh tograí éagsúla.
tograí projects
" Is ón Roinn Comhionnais, Pobail & Gaeltachta, a fhaigheann an t-Údaras an t-airgead caipitil a theastaíonn le fiontraíocht a chothú agus le tograí nua fostaíochta a fhorbairt sa nGaeltacht.
thogra project
" Bhí mír faoin tionscal turasóireachta gach maidin an tseachtain sin, agus an lá dar gcionn, luaigh an tAire Mary Hanafin an méid airgid atá an rialtas ag caitheamh san earnáil sin ar thogra mar Shliabh a Liag, atá i bpobal Ghleann Cholm Cille.
togra project
" " Más togra in aghaidh na n-antoisceach an togra seo, táthar ann i Meiriceá nach bhfeiceann an scéal mar a fheiceann seisean é.
togra project
" Mar chuid den togra céanna, nocht Anthony Fletcher, scríbhneoir agus staraí as Oxford, leacht i gcuimhne Cesca Trench (1891-1918) ag an teach inar rugadh í i Learpholl.
togra project
" Ní raibh ach 25 ainmhí i gceist sa togra seo agus bhí cuntair dhochta bainteach leis an moladh.
thograí projects
" Tá grúpaí nua mar sin, macasamhail *Liberty Central*, nach bhfuil iontu, b'fhéidir, ach triúr ball, ag bailiú airgid go tréan agus á chaitheamh go fras ar iarrthóirí a bhfuil, dar leo, dearcadh ‘bog’ acu i leith cánach do chomhlachtaí agus a sheasann in aghaidh airgead stáit a chaitheamh ar na boicht nó ar thograí poiblí.
dtograí logánta local projects
" Thiocfadh le daoine aonair páirt a ghlacadh san fheachtas in éadan na gciorruithe agus iad páirteach i dtograí logánta.
togra project
" com, togra álainn ina bhfuil fear darbh ainm Keith Walsh ag dearadh t-léine in aghaidh an lae.
mhaoiniú tograí financing projects
" Tá an eagraíocht ag feidhmiú le blianta anuas mar a bheadh poblacht neamhspleách ann; ag déanamh cinntí faoi chaiteachas agus faoi mhaoiniú tograí, ag déanamh socruithe le hinfheisteoirí agus ag iarraidh tionscnaimh a mhealladh chun na Gaeltachta.
togra úd that project
" Tá sé dochreidte, ach chuaigh na meáin chumarsáide príobháideacha ar fad - gur le billiúnaithe iad ar ndóigh, cuid mhór díobh -, an córas polaitíochta agus geilleagair taobh thiar den togra úd ar fad, mar gurb é a gcóras féin atá i mbaol agus chun a gcóras féin a shábháil.
togra scheme
" Chuir an rialtas náisiúnta togra nua i bhfeidhm le cearta uiscithe a cheannach ar ais ó fheirmeoirí na habhantraí, agus soláthraíodh cúrsaí oiliúna dóibh siúd a thréig an talamh le scileanna nua a fhoghlaim.
tograí projects
" Leoga, is léir nach mbeidh an tuaisceart ina thosaíocht ag an rialtas úr ó dheas - tá tograí ar fiú £400,000 geallta ag ancien regime Fhianna Fáil ach ní fios an dtabharfaidh rialtas Kenny an gealltanas céanna, cnámh eile spairne a bhfaighidh Sinn Féin greim uirthi.
tograí projects
" Bhí sé ina cheannródaí ar an iliomad gníomhaíochtaí a tharla i bpobal na Gaeilge sa chathair agus is é a bhí mar mheantóir ag go leor eile a thionscnaigh tograí eile.
tograí uafáis horrible projects
" Is allagar é a cuireadh chun cinn chun tograí uafáis agus díchultúrú an choilíneachais a chosaint.
togra project
" Measann Collins go mbeadh sé ábhairín níos deacra daoine a mhealladh arís ach rachaidh a eagraíocht ar ais le fáil amach cén spéis atá ag daoine sa togra roimh dheireadh na bliana seo.
togra project
" Tugtar pacáistíocht phléineáilte ar an togra seo agus tá reachtaíocht chun an rialú nua seo a chur i bhfeidhm faoi bhráid na parlaiminte náisiúnta faoi láthair.
togra project
" Cad é an togra a thug an sásamh is mó duit, a Ríonach - as na rudaí ar fad atá déanta agat - cad é an bailiúchán is gaire dod’ chroí?** RUíÓ: Caithfidh mé a rá gurb é Sorcha Ní Ghuairim, agus ní mise a dhein an obair mar bhí an t-ábhar ann.
togra project
" Cé ’ shamhlódh go mbuailfeadh sí cnoc oighir ceithre lá ina dhiaidh sin agus go rachadh sí go grinneall na farraige le 1,517 duine ar bord? Tá scéal an Titanic go fóill ina ábhar suime, tubaiste agus diamhrachta ag daoine ar fud an domhain, agus is mar gheall ar an spéis seo go bhfuil togra ollmhór turasóireachta curtha ar bun i mBéal Feirste.
lucht bainisíochta an togra the project management
" Breithiúnas Anabaí ========= Deir eacnamaí ó Ollscoil Uladh, Mike Smyth, agus lucht bainisíochta an togra, áfach, go bhfuil sé i bhfad róluath go fóill le réamhaisnéis mar sin a dhéanamh.
bunáit an togra the project base
" Tá Wallasey ar an leathinis Cilgwri, idir na haibhneacha Merswy agus Dyfrdwy, os comhair Learpholl, agus bhí Méara an bhaile, Moira McLaughlin i láthair chun fáilte a chur roimh an Ollamh Stephen Harding, atá ag eagrú teacht i dtír an bháid sa cheantar agus tá Paul Mercer atá ina chúntóir ag bunáit an togra: Haugesund san Iorua.
togra project
" Dúirt sé chomh maith go raibh tacaíocht ann don togra ó dhreamanna difriúla i measc an phobail Aontachtaigh sa chathair e.
togra project
" Anuas ar sin, tá togra nua idir chamáin ag an rialtas náisiúnta faoi láthair a chuideodh go mór leis an athmhuintearas – dá n-éireodh leis i reifreann.
togra eile another project
" Rinne Siobhan McKenna Cúirt an Mheán-Oíche in Amharclann na Mainistreach sna hochtóidí, sílim, agus bhí an stiúrthóir ag an am, Patrick Mason, sé ag iarraidh togra eile a bhí chomh mór leis a dhéanamh agus is cuimhneach liom bhí cruinniú beag againn … agus mhol Peadar Lamb dó breathnú ar Chré na Cille.
togra treallúsach enterprising project
" Thosaigh an togra treallúsach seo i Mí na Nollag 2011 agus tá árasán tógtha aige taobh istigh de phóirse ceap oifigí atá folamh le ceithre bliana.
thogra project
" D’ól sé sé channa sa lá ar feadh 18 mbliana agus nuair a bhí an 39,000ú canna beorach ólta aige, bhí an teach tógtha aige! Ach tá bior ealaíonta ar leith ar thogra Frank Buckley.
tábhacht an togra mór the importance of the large project
" ” Léiríonn an obair atá á déanamh in Koutal, tábhacht an togra mór atá á bheartú.
tograí oideachais agus oiliúna educational and training projects
" (Cue: Louis Armstrong ag ceol What a Wonderful World) Mol pobail a thugtar ar seo, ina mbeidh áiseanna sláinte, tograí oideachais agus oiliúna, mol idirlín gan sreang, gáirdin pobail agus caife.
thograí éagsúla various projects
" Mhaígh Gillard go gcaithfí an t-airgead ar thograí éagsúla le caighdeán maireachtála na ndaoine agus le bonneagar na tíre a fheabhsú.
togra atá idir láimhe project in hand
" Séard atá i gceist leo siúd, ná suíomh inar féidir le healaíontóir nó le haireagóir cur síos a dhéanamh ar an togra atá idir láimhe aige agus ar a bhfuil ciste de dhith chun é a chur i gcrích.
thograí rathúla successful projects
" Sin níos mó ná a cheathrú den $222m de na gealltáin ar thograí rathúla ag am a scríofa.
togra project
" Is rud maith é go raibh sé ann, mar tá seisean i gceannas ar an togra ‘forbairt’ atá ag dul ar aghaidh ansin faoí láthair agus chonaic sé an creimeadh millteanach ar an chosán ar an bhealach suas, an graffiti *‘Carl loves Breege’* agus croí atá ann le trí bliana agus ‘Bóthar na mBrící Buí’ar an bharr.
togra beag eile idir lámha another small program in hand
"togra beag eile idir lámha ag Ó Cuinneagáin don bhliain seo chugainn.
thogra scheme
" Anois, níl mé ach ag scriobh ar an bhlag, de réir mar a thograím agus freagraím ríomhphoist faoin bhlag, fosta.
tabhairt faoin dtogra seo i dteannta duine óg to partake in this project with a young person
" Acmhainní ==== Má tá sé i gceist agat tabhairt faoin dtogra seo i dteannta duine óg is fiú go mór Google Earth chun tuiscint níos doimhne a thabhairt daoibh ar chruth na cruinne agus ar a háit sa gCosmas ar an gcéad dul síos.
ar tharla a leithéid de thogra when such project(s) happened
" Ní hé seo an chéad uair, áfach, ar tharla a leithéid de thogra sa chathair.
an togra is mó rath de chuid the most successful project on
" Sa deireadh, shaothraigh sí €23,045 ó 204 maoinitheoir, an togra is mó rath de chuid Fundit in Éirinn.
thogra project
" An t-aon fhadhb ná, mar thogra Kickstarter, shocraigh siad ar 85,000 a chruthú agus a seoladh chuig a lucht tacadóirí.
tabhairt faoi thograí den chineál seo to face into projects like this
" Bíonn drogall ar go leor in earnáil na turasóireachta tabhairt faoi thograí den chineál seo, rud a luíonn le réasún.
an togra seo this project
" Bhí suim agam inti sular thosaigh mé ar an togra seo ach an rud is mó a chuir iontas orm ná líon na ndaoine ó chúlra Protastúnach a mhothaíonn an rud céanna.
bhfuil togra eile curtha i gcrích acu they’ve another project finished
" Tugaim faoi deara gach uair a dtéim ar ais ansin go bhfuil togra eile curtha i gcrích acu.
togra project
" An bealach úr é seo chun an athmhuintearais, an stair logánta? Tá togra eile ar siúl idir dreamanna in oirthear agus in iarthar na cathrach ina mbeidh daltaí scoile ag tabhairt cuairt ar cheantracha a chéile le líníocht agus péinteáil a dhéanamh ar fhoirgnimh agus ar shráideanna.
na tograí a d'eascair aisti sin the projects which flowed from it
" "Ach go bé gur shíl muintir Bhóthar Seoighe go dtiocfadh leo Gaeltacht a bhunú, ní bheadh Cultúrlann ann agus na tograí a d'eascair aisti sin.
de thogra dar teideal of a project entitled
" Is sliocht as comhrá an t-alt seo, comhrá a eagraíodh mar chuid de thogra dar teideal Mná na nDéise atá ar siúl ag Catherine Foley faoi scéim sparánachta d’ealaíontóirí faoi choimirce Ealaín na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta agus an Chomhairle Ealaíon.
cead pleanála ar an togra the project planning permission
" Bhronn Comhairle Contae na Gaillimhe cead pleanála ar an togra ach rinne roinnt daoine áitiúla mar aon le An Taisce achomharc ina éadan.
go leanfaí leis an togra that the program be continued
" Ach thug bord an Bord Pleanála droim láimhe dá chinneadh agus rialaíodh i Samhain 2011 go leanfaí leis an togra.
sa togra in the project
" Cé go bhfuil plé polasaí déanta ar cheisteanna áirithe atá curtha chun cinn ag na NA cosúil le cosaint imirceach, imirce idir tíortha bochta agus gné na hinscne den imirce, níl an tsuim chéanna ag tíortha móra glactha sa togra go ligfí do níos mó oibrithe dul ar imirce go dtí na tíortha sin, oibrithe ar bheagán oiliúna san áireamh.
togra eile ar na bacáin another project in the mix
" Idir an dá linn, tá togra eile ar na bacáin aici: “Gearrscannán atá i gceist, thart ar 15 nóiméad.
togra project
" Tá rath an togra le sonrú ins an chinneadh leanstan leis an choincheap agus an nuachtán Seachtain a dháileadh anois.
an gcéad togra eile the next project
" Tá neart comhlachtaí DFÉ ann chun cabhair a thabhairt don mhaisitheoir tí leis an gcéad togra eile.
Togra amháin one project
" Togra amháin a rinneadh le déanaí ná go mbeadh ar thiarnaí talún cinntiú go bhfuil an stádas ceart inimirce ag daoine a iarrann árasán a fháil ar cíos ó na tiarnaí talún sin.
sa togra seo into this project
" "Dá mba rud é gur tháinig comhlacht isteach ón nGearmáin nó ón Fhrainc agus dá ndéarfadh siad, cuirfidh muid trí mhilliún isteach sa togra seo, alright? Trí mhilliún dár gcuid airgid féin, saothróidh muide é, tá muid sásta é a chur isteach ann agus is cuma linn cé leis an áit.
tograí aisteacha ar bun strange projects in place
" Chuige sin, chuir na Naitsithe tograí aisteacha ar bun chun na tréithe “aitheanta” seo a chlárú sa chaoi is go bhféadfadh siad fáil réidh leis na ciní sin faoi dheireadh.
den togra cinedhíothaithe of the génocide project
" Dúirt na húdaráis go mba fianaise thar a bheith tábhachtach iad na pictiúir sin den togra cinedhíothaithe a chuir na Naitsithe i gcrích agus, dá bhri sin, gur gné riachtanach d’oidhreacht chultúrtha an domhain i gcoitinne iad.
i bhfách le togra na Ceise Fada supporting the Long Kest project
" (De réir na loighce sin, bheadh aontachtaithe i bhfách le togra na Ceise Fada nó “An Scrín Phoblachtach” mar a thug siad air, rud a mheallfadh níos mó turasóirí ná múrphictiúir bunaithe ar Marvel Comics.
ar an dtogra on the project
" Déarfainn go raibh foireann Google ag obair ar an dtogra sin i bhfad sular tháinig Kurstzweil ar bord ach ní fheadar ar bhrúigh sé amach na forbairtí seo ionas go mbeadh siad in ann tús a chur le bailiú eolais faoin úsáid a bhaineann daoine as teanga aiceanta i gcuardach agus le huirlísí soghluaiste? Ach is beag an fhorbairt seo le hais na físe atá ag Kurzweil.
Bhunaigh An Chomhairle Oidhreachta an togra the heritage council set up the project
" Bhunaigh An Chomhairle Oidhreachta an togra (‘Seanturais’)(http://www.
don togra for the project
" Chuaigh sé i dteagmháil le Breandán Mac Lua agus d’eagraigh seisean maoin don togra,” a dúirt Daniel Mulhall linn.
thograí móra big projects
" ie/en/blascaod/) ná an t-eolas ar fad faoi conas a mhair muintir na mBlascaod in áit chomh garbh is eascairdiúil: na sonraí beaga faoi obair tí is iascaireachta, faoi chúram ainmhithe agus faoi thograí móra ar nós tógáil curaigh.
an togra the project
" Max Bromson, nach Maireann =========== Tá deis ag eagrais agus daoine aonair aighneas a chur faoi bhráid choiste de chuid an tSeanaid faoin mbille i láthair na huaire agus tá feachtais ar siúl ag eagrais ghaolmhara i bhfabhar agus i gcoinne an togra.
thograí príobháideacha private enterprises
" Ní gá ach amharc ar chrosbhealach ar bith sa tír chun spléachadh a fháil ar an mheascán mhearaí de chomharthaí bóthair (idir threoracha agus stocaireacht ar thograí príobháideacha) a bhíonn le meas ag an turasóir bhocht.