Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ár gcráiteachta our torment
" Fanóidh muid anseo go dochloíte ag déanamh angaidh mar dhealga an chactais i gcroí bhur gCinnteachta, i gcnámh droma bhur gCumais; ag canadh amhráin ár gcráiteachta; ag léirsiú ar shráideacha na hagóide; ag líonadh na bpríosún le dínit na tragóide.
d'ár gcrá tormenting us
" Is cinnte go mbeidh ceisteanna ag baint le ciní agus le ciníochas d'ár gcrá go ceann i bhfad in Éirinn agus go mbeidh siad mar chnámh spairne, díreach mar atá anseo sna Stáit Aontaithe.
ciaptha annoyed, tormented
" Taobh amuigh den dóiteacht atá air cionn is nár iarradh a chead a phictiúr a chur ar na cártaí, tá sé ciaptha gur seanphortráid dá chuid a bhfuil stáraithe an domhain ag gácáil air.
ár gcéasadh tormenting us
" "Is é mo bharúil féin go bhfuiltear ár gcéasadh mar go bhfuil muid ag iarraidh meascadh le chéile.
cráite tormented
" Seán bocht Ó Ríordáin, bhí sé cráite againn.
mar ar ciapadh go dona iad where they were tormented, harrassed
" Níor ligeadh isteach sa tír seo iad cé gur bheag nár bádh iad, idir fhir, mhná agus pháistí, agus cé gur thréig siad tír mar ar ciapadh go dona iad.
a gcrá their torment, distress
" D'éirigh leis an rialtas diabhail a dhéanamh de na teifigh agus sochar a bhaint as a gcrá.
céasadh a pháirtí tormenting his party
" Labhair leascheannaire an pháirtí, Reg Empey fán "aincheist mhorálta" a bhí ag céasadh a pháirtí de dheasca iad a bheith ag roinnt na cumhachta le Sinn Féin.
dod' chrá tormenting you
" 'Is cóir gearradh siar ar an fhéilire,' a dúirt mé leis agus mhínigh mé dó mo chuid cúiseanna leis an ráiteas: 'Mura mbíonn ach seachtain i ngach coicís agus coicís i ngach mí, ní bheidh ach an dá ráithe sa bhliain: tabharfaidh muid earrach agus samhradh orthu agus ní bheidh daoine ag téamh a gcuid tithe; ní bheidh caiteachas na Nollag níos mó ann; ní bheidh na múinteoirí dod' chrá nó beidh siad ar saoire níos mó ná leath na bliana; agus thar bhuntáiste ar bith eile: ar an bhliain seo chugainn, nuair a bheas mise tríocha trí bliain d'aois beidh mé sé bliana agus trí scór agus i dteideal dul amach ar an phinsean.
chiap sé Máire ar fad it really tormented Máire
" * Gluais • Glossary beathaisnéis údaraitheauthorized biography a dialanna pearsantapersonal diaries páipéir phríobháideachaprivate papers go dtí gur insealbhaíodh í ina hUachtaránuntil she was installed as President dódh nó tréigeadh 1,800 teach1,800 houses were burnt or abandoned lámhachshooting rachtoutburst acraí tíhousehold utensils as go brách leooff they went léiriúproduction cheanncheathrúheadquarters coistí cosanta áitiúlalocal defence committees dírbheathaisnéisautobiography gan strówithout difficulty i dtaiscesaved do lá na coise tinnefor a rainy day bhí cúrsaí chomh dona sinthings were so bad dá mba gháif it was necessary leithleachasselfishness scoilt aduainstrange split chiap sé Máire ar fadit really tormented Máire easpa suimelack of interest tragóidítragedies Cumann Naomh Uinseann de PólVincent de Paul Society baill shinsearacha na heagraíochta sin cois Lifethe senior members of that society in Dublin tuairisc suas lena bhéal dóa report up to his face géarchéimcrisis chun an Cumann a ghríosadhto spur the Society into action saothar in aiscewaste of time déistindisgust ag cáineadhcriticising ciúnaithe go mórgreatly quietened línte síochánapeace lines ruathair laethúladaily raids polarúpolarization girseacha ógayoung girls nóibhéinenovena cailín aonaira lone girl ní ba ghaire don ghráscarnearer to the scuffle le dul i gcabhair ar Catherineto go to Catherine's help an cúigear a ruaigeadhto drive the five off riochtstate a cuid néarógher nerves clocharconvent ar an Iúrin Newry tachrántoddler eachtraincident círéibriot faoi lán seoilin full swing ag glioscarnachglistening bréan le boladh gáissmelling bad from gas comhracfight otharcharrambulance formhór an bhealaighmost of the way ag dul ar foscadhsheltering ag sciorradhsliding ag lámhacáncrawling fras lámhaighvolley babhlaíbowls a gciarsúirtheir hankies leachtliquid cosaintprotection bodhardeaf bhí scolaíocht speisialta de dhíth airhe needed special schooling ba ghnách leishe used to d'fhaigheadh sé síob abhailehe used to get a lift home stad an bhusthe bus stop thuirling séhe disembarked neamhurchóideachinnocent bábántainnocent ag cogarnaíl taobh thiar dewhispering behind him trup na mbrógthe sound of the shoes neamhchoireachinnocent níor shamhlaighhe didn't imagine an t-uafásthe horror anfaterror cortwist dírithe ar a chloigeann lomaimed at his bare head scáilshadow scoilteadh a bhlaoschis skull was split open scréachascreams na hionsaitheoiríthe attackers níos truacántamore plaintive go prasquickly ag maothú an chairpéidmoistening the carpet Ba dhóbair dó bás a fháilHe nearly died go raibh an t-ádh dearg airthat he was extremely lucky ar mire le feargmad with rage beaginmhehelplessness cé a bhí ciontachwho was responsible níor cúisíodh duine ar bith riamhnobody was ever charged ciontach i ndúnmharúguilty of murder go gairid i ndiaidh an ionsaitheshortly after the attack ag maíomhstating seanphionós na fuipethe old whip punishment i gcás coirpeach a gheofaí ciontach i dtromionsaíin case of criminals found guilty of assault peann a chur le párto put pen to paper aiféalaregret gur éiligh sí pionós corparthathat she demanded corporal punishment ag teacht salach ar gach ar chreid sí riamh anngoing against everything she ever believed in
íomhánna céasta tormented images
" Léiríonn an saothar seo íomhánna céasta, iad casta agus ag lúbarnaíl.
chiapach tormenting
" Ach níor ghin briseadh ar bith acu an oiread poiblíochta domhanda agus a ghin briseadh na míosa seo caite … Cé nó cad é a bhí taobh thiar de bhá long cháiliúil na teilifíse réadúla "Cabin Fever" amach ó chósta Thoraí, oileán dúchais Bhalor, áit a raibh dún agus mún a mhuintire ó thús ama? Sin ceist chrua na míosa seo, ceist nach furasta freagra a fháil uirthi nó ní lia cloch ar dhuirlingí Thoraí ná barúil i dtaca leis an cheist chasta chiapach chéanna.
táthar i gcónaí á gcuartú agus á gciapadh they're always being searched and tormented
" "Tá teorainn maidir leis na háiteanna a dtig leo dul, tá dlíthe diana ina n-éadan taobh amuigh den Tearmann, táthar i gcónaí á gcuartú agus á gciapadh," arsa Gearóid.
ciaptha tormented
" Bhí mé ciaptha ag Éamon Ó Caoimhnis, Aire na Galltachta, a bhí ag dul thart ar chairrín gailf, stoc fógartha i láimh amháin aige agus bata draighin sa láimh eile, é ag croitheadh an bhata os a chionn agus ag cleachtadh a óráide os ard.
Chráigh cuid acu mé. Some of them tormented me.
cráite tormented
" "Bhí mé cráite leis an ocras," a dúirt Prolain Delarre mar chosaint ag a triail i 1912, "agus chuir an bhean óg (i bpictiúr de chuid Boucher) leis an mhiongháire agus na héadaí galánta mórchostais as mo mheabhair mé.
á gcrá féin tormenting themselves
" Creideann scoláirí sa lá atá inniu ann gur freagra a bhí sa mhórbhéim seo a chuir muintir na meánaoiseanna ar phianta agus ar chéasadh Chríost ar na huafáis - an galar dubh agus mórán tubaistí eile - a bhí á gcrá féin.
cráite tormented
" Sa saothar seo, léirítear Íosa mar dhuine cráite a bhful cathú air, agus dírítear ar na dualgais atá le comhlíonadh aige.
ciapadh torment
" Bhí braighdeanas ann agus an ciapadh a bhain leis.
cráite tormented
" Uaireanta bím rud beag cráite ag an smaoineamh nach bhfuil ar siúl agam ach spraoi - ach caithfear an cheist a chur: céard a dhéanfaimis gan an ealaín? Muide an t-aon ainmhí amháin a chruthaíonn rudaí ar mhaithe le háilleacht.
an íomhá chráite the tormented image
" " Tá an íomhá chráite atá lárnach sa phictiúr chomh haitheanta céanna le carachtar i "mórphictiúr" ar bith eile ar nós *Lus na gréine *le Van Gogh nó *Elizabeth Taylor *le hAndy Warhol.
cráite tormented
" Ach an gciallaíonn sé sin go mbeidh muid cráite ag freagraí nua ar nós: "No, tá mé ar eitleán"? Na laethanta seo, is beag rud atá ceadaithe ar eitleáin.
crá torment, distress
" Fuair mé léargas an-suimiúil ansin ar shaol an inimircigh - agus mise ó thír atá mar bhall den Aontas Eorpach! Níor mhaith liom a shamhlú cén crá a bhíonn i gceist i gcás lucht lorgtha oibre ó thíortha eile.
cráite tormented
" In áit na ndathanna tarraingteacha geala a d'úsáid sé chun na hógánaigh leis na súile mealltacha a léiriú ina shaothar luath, thiontaigh sé ar dhathanna mar dhubh agus donn le saol duine croíbhrúite agus cráite a chur in iúl.
Ná cráigh tú féin don't torment yourself
" “Ná cráigh tú féin anois lena leithéid de cheisteanna,” arsa an bangharda.
ciapadh tormenting
" Deir sé fosta nach ndéantar ciapadh ar na cimí seo ainneoin go bhfuil an Úisbéiceastáin, Maracó agus an Éigipt áirithe ag Roinn Stáit Mheiriceá mar thíortha ina sáraítear cearta daonna agus ina gcéasaítear príosúnaigh.
de chrá croí of torment
" Agus beidh cúpla bliain eile de chrá croí le fulaingt ag muintir Átha Cliath Theas mar gheall ar an socrú a rinne an Rialtas nua le déanaí Líne Ghlas an Luas a aistriú ar ais go gnáthiarnród, ar féidir traenacha móra a chur air agus i bhfad níos mó paisinéirí a iompar.
Crá torment
" Crá, briseadh croí – bean a loic go dona air – ba chúis lena fhearg agus lena dhuairceas an oíche úd.
céasta tormented
" Bhí Éire céasta ag an dífhostaíocht agus ní raibh i ndán do go leor den aos óg ach an bád bán go Sasana nó Meiriceá.
cráite tormented
" Ach le tamall anuas tá siad cráite ag scannal airgeadais a d’eascair as scéim urraíochta i Québec chun íomhá Cheanada a chur chun cinn agus an bonn a bhaint as an ghluaiseacht neamhspleáchais.
Crá torment
" Crá, briseadh croí – bean a loic go dona air – ba chúis lena fhearg agus lena dhuairceas an oíche úd.
chrá gan mhaolú torment without alleviation
" Ach fiú sin ní raibh sí chomh nimhneach leis an chrá gan mhaolú a bhí air anois.
cráite tormented
" Le tamall anuas, is geall le fear cráite é Gretzky a bhfuil cúraimí an domhain mhóir uilig ar a ghuailní aige.
ciaptha tormented
" Bhí muid ciaptha ag an Aire Éamon Ó Caoimhnis a bhí ag dul thart ar chairrín gailf le stoc fógartha i láimh amháin agus bata draighin sa láimh eile, é ag croitheadh an bhata os a chionn agus ag cleachtadh a óráide os ard.
agus cuma bhriste chráite air with a broken, tormented appearance
" Nuair a thaispeáin mé an pictiúr *Tom Trubert’s Blues* ar an “Late Late Show” dúirt mé, mar mhíniú air, go bhfaca mé an bheirt seanfhear seo ina seasamh ar an phromanáid i mBré – duine amháin acu agus cuma an-ghléasta shnasta air agus an duine eile, i gcodarsnacht leis, agus cuma bhriste chráite air.
fulaingt agus crá suffering and torment
" D’éirigh le cuid acu an lámh in uachtar a fháil ar an ól tar éis troid dian ach bhí fulaingt agus crá ag baint leis ó thaobh a muintire gan trácht orthu féin.
an t-ealaíontóir cráite the tormented artist
" Le gairid, cheannaigh Gailearaí Náisiúnta na hÉireann i mBaile Átha Cliath saothar suntasach a rinne an t-ealaíontóir cráite Vincent Van Gogh.
cráite ag an tart, tormented by thirst,
" Ba mhinic iad cráite ag an tart, ar ndóigh.
cuma chráite a look of torment
" Bhreathnaigh muid ar a chéile agus cuma chráite ar an mbeirt againn.
ar an gciapadh on the torment
" Leagtar an-bhéim ar an gciapadh a d’fhulaing an gnáthdhuine de bharr toirmisc agus ruathar díoltais.
cráite tormented
" Ach go minic, tar éis dom tamall fada a chaitheamh i gceann de na siopaí sin, siúlaim amach as agus mé cráite – gan rud ar bith ceannaithe agam.
cráite tormented
" Ag an deireadh, dhá bhliain ó shin agus í nócha bliain d’aois, bhí muid cráite aici, ag cur na gceisteanna céanna orainn arís agus arís eile.
cráite agus caillte tormented and lost
" ” Tá Kings san iomaíocht d’ainmniúchán do Ghradam Oscar don scannán is fearr i dteanga iasachta – an chéad uair riamh ar tharla sé seo i gcás scannán Gaeilge – agus tá Tom Collins ag súil go gcuideoidh an scannán agus an phoiblíocht ar fad le haird a tharraingt ar an dea-obair atá á déanamh ag muintir Aisling agus ar an dóchas atá á thabhairt ag an obair sin do na céadta Éireannach a bheadh cráite agus caillte gan é.
á gcrá tormenting them
" Is rud amháin é bheith ag streachailt le hÉire Aontaithe a bhaint amach, ach scéal eile é níos mó airgid a chur i bpócaí daoine bochta, jabanna fiúntacha a chur ar fáil dóibh agus cosaint a thabhairt dóibh ó na bligeaird óga atá á gcrá gach lá den tseachtain.
á crá. tormenting her.
" Bíonn idir fhrídíní agus phléascáin – más fíor do chur síos Cowen i dtaca leis an Roinn Sláinte a bheith cosúil le hAngóla mar gheall ar líon na mianach talún atá scaipthe ar fud na háite – á crá.
a gcuid íospartach a chiapadh to torment their victims
" (Paragraf 10) GléasannaBhí an bhulaíocht riamh mar ghné de shaol na scoile, ach sa lá atá inniu ann tá gléasanna nua teicneolaíochta ag cur ar chumas na mbulaithe a gcuid íospartach a chiapadh ar bhealaí níos sofaisticiúla.
saol chéasta tormented life
" Ní dhéantar tagairt do stair nó do chúlra na dTrioblóidí, ach éiríonn le McQueen léargas lom gonta a thabhairt ar an saol garbh foréigin taobh amuigh sa chuntas a léiríonn sé den saol chéasta taobh istigh den phríosún.
á chiapadh is being tormented
" ” Ach ní hé Harris an t-aon duine amháin atá á chiapadh ag an dream géarleanúnach seo.
céasta cráite tortured tormented
" Bhí Brian bocht céasta cráite go leor cheana féin ag na francaigh, agus anois ag lucht na léine goirme chomh maith.
chráite tormented
" Agus cad é a fuair siad rompu? Muintir bhocht chaite chráite bhriste bhrúite na hÉireann níos aimléisí agus níos anóití agus níos dramhsaí agus níos donasaí ná mar a bhí nuair a daoradh iad.
ciaptha tormented
" Tá muintir na hÉireann suaite go dona ag an tubaiste seo ar fad: tá daoine ciaptha ag an imní agus tá fearg mhór chiúin faoin chroí ar go leor leor daoine.
á chiapadh tormenting him
" Mar a mbeifí ag súil leis, tháinig an lá gur thosaigh fiosracht faoi chúrsaí móra an tsaoil á chrá agus á chiapadh.
chráite tormented
" Tá oifigigh ón dá stát ag maíomh gur ar mhaithe le muintir bhocht bhrúite chráite dhealbh na hÉireann a dhéanfar an géilleadh agus an ghabháil.
crá croí torment
" Líon na Sibhialtach ========== Ba é buamadóir féinmharfach a shíob an carr agus a d’fhág an choscairt chnáimhe, caillteanais agus crá croí ina dhiaidh.
i ndiaidh chliseadh agus ciapadh inmheánach pearsanta in the wake of personal and subjective collapse and torment
" An é sin a fheictear i bprós maoithneach Sachs, agus é lán go béal leis na mothúcháin, le féiníogaireacht agus le brionglóidí deasa? Cén chinéal carthanachta í an trócaire a mhúsclaítear díreach i ndiaidh chliseadh agus ciapadh inmheánach pearsanta? An bhféadfaí carthanacht a fhoghlaim, agus é a chur de ghlan mheabhair fiú? Nó ar chóir focal nua a chumadh dosna mothúcháin ildaite a bhlaistear i saothar scríte Sachs, focal cuí sainiúil a thabharfadh le fios nach féidir idirdhealú a dhéanamh idir an grá dleathach sin agus an éagóir mhillteach a rinneadh air? Gineann a chuid léachtaí íomhánna malartacha: an t-othar leochaileach ag dul i ngleic leis an mbreitheamh sotalach, uilechumhachtach; an apparatchik soineanta a bhaist “giolla na saoirse” air féin in iomaíocht leis an bhfealsúnaí aibí a thug comhairle do Ronald Dworkin fé choinceapanna teibí cosúil le *“reverse onus”*, *“proportionality review”* agus *“justiciability”*.
gciapadh stairiúil historic torment
" Taidhleoir eile ab ea Foucault, taidhleoir an dhíomá, nó saineolaí ar an gcliseadh agus ar an gciapadh stairiúil fiú.
nasc an grá le ciapadh connected love with torment
" Ba ghealt é Íosa Chríost dar leis, an chéad ghealt sa stair fiú; luaitear mac an athar shleamchúisigh a chuir iachaill air dul fé chúram dhlí na Rómhánach, an t-athair a dhiúltaigh aon chúnamh a thabhairt dá mhac agus a cholainn á réabadh ag tairní, an t-athair a nasc an grá le ciapadh agus céasadh poiblí, an mac dar ghlac leis an dearcadh seo.
a céasadh her torment
" Tagann a céasadh ag cúigear mac léinn chun solais ina dialann ar ball.
chráite bhuartha tormented and bothered
" ” Déan Dearmad de Straitéis na Dea-Teangan ==================== Agus le linn do na mílte d’fhíréin na hÉireann a raibh súile acu le hamharc leo agus a raibh cluasa acu le héisteacht leo a bheith ag ithe agus ag ól le Dinnius Mac Ginlicus, sheas Dinnius suas agus labhair i nguth a bhí lán d’fhearg agus de shéimhe, lán de mhórtas agus d’umhlaíocht, agus dúirt: “Anois go bhfuil rás an Árais rite agus rás an Uachtaráin rite, is ceart agus is cóir dúinn aire mhuintir bhocht chráite bhuartha na hÉireann a dhíriú ar rudaí níos tábhachtaí agus níos mórchúisí, mar atá staid na Gaeilge sa tír seo.
pianpháis an chine dhaonna the human race’s torment
" Cén fáth a mbeadh dúil ag daoine in íomhá chomh duairc sin? An é go bhfuil an pictiúr seo uathúil do dhaoine mar go léiríonn sé pianpháis an chine dhaonna ar dhóigh sothuigthe soiléir? Éamh an Eich ====== Deir an tOllamh David Jackson, Ollamh le Stair Ealaíne na Rúise agus Chríoch Lochlainn in Ollscoil Leeds, go bhfuil saothar suaite Munch purgóideach agus gur rud é seo a thuigeann an chuid is mó againn, mar go mbíonn tréimhsí dobhróin agus uaignis i saol achan duine againn.
daoine a chéasadh to torment people
" Tá na nuachtáin thablóideacha in Éirinn níos sásta ná mar a bhí riamh daoine a chéasadh agus neamhaird a thabhairt ar a bpríobháideacht, dar le Breandán Delap.