Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
saoirse trádála freedom of trade
" Gan dabht, tá cothromaíocht leochaileach idir saoirse trádála agus sláinte ainmhithe.
Ionad Trádála Domhanda World Trade Center
" "Chuaigh Stephen isteach san Ionad Trádála Domhanda.
an tIonad Trádála Domhanda World Trade Center
" Níl an áit ina raibh an tIonad Trádála Domhanda suite ach coiscéimeanna ón áit a bhfuil an t-ionad cuimhneacháin, i Battery Park City ag Vesey Street agus North End Avenue, ar bhruach Abhainn an Hudson.
Ionad Trádála Domhanda World Trade Center
" Taispeántas neamhfhoirmeálta ======= Spreag grianghraf amháin den Ionad Trádála Domhanda, a bhí greamaithe suas ar fhuinneog siopa bhig i Prince Street, Manhattan, taispeántas neamhfhoirmeálta de phictiúir a tógadh ar an 9/11 agus sa tréimhse ina dhiaidh.
an Ionaid Trádála Domhanda The World Trade Center
" Agus na laethanta saoire ag teannadh linn, ní raibh scéalta ar bith le cloisteáil faoin 11 Meán Fómhair ach amháin cinn faoi chúiteamh do theaghlaigh na n-íospartach nó faoi thógáil foirgnimh ar láthair an Ionaid Trádála Domhanda i Manhattan.
Chomhdháil na Náisiún Aontaithe ar Thrádáil agus ar Fhorbairt United Nations Conference on Trade and Development
" Mar a léirítear i dtuarascáil 2002 Chomhdháil na Náisiún Aontaithe ar Thrádáil agus ar Fhorbairt, ceann de na fadhbanna a bhaineann le tráchtáil leictreonach a chothú ná go bhfuil sé deacair airgead a bhailiú ó chustaiméirí chun íoc as na hearraí agus as na seirbhísí atá á soláthar.
trádáil ar líne to trade on-line
" Agus dúirt an méid céanna comhlachtaí nach bhfuil sé i gceist acu trádáil ar líne i mbliana.
an Lárionad Trádála Domhanda the World Trade Center
" Bhí Ó Fiannachta ar a shlí chun turas a thabhairt ar an Lárionad Trádála Domhanda i Nua-Eabhrac agus nuair a tháinig sé aníos ón subway chonaic sé an smúit agus na brící ar fad ó na túir ag titim.
aonach trádála earraí leighis medical goods trade fair
" Le déanaí bhí seastán ag dhá chomhlacht Éireannacha, Abbots Pharmaceuticals agus comhlacht beag ó Dhroichead Átha, ag aonach trádála earraí leighis i nDubai.
faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Trádála under the auspices of the World Trade Organisation
" Beidh sraith nua cainteanna ag tosú faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Trádála sa bhfómhar, agus beidh an cheist seo ina cnámh spairne idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe ann.
san Ionad Trádála Domhanda in the World Trade Center
" B'uafásach an rud é go bhfuair beirt bás a raibh fréamhacha acu ar an bhloc céanna, an fear dóiteáin Mascali, agus Shawn Bowman, oibre oifige san Ionad Trádála Domhanda.
i ndréachtú pholasaithe trádála an Aontais in the drafting of the Union's trade policies
" Ina dhiaidh sin féin is coiste fíorthábhachtach agus cumhachtach atá ann, agus baint lárnach aige i ndréachtú pholasaithe trádála an Aontais.
chomhaontaithe trádála idirnáisiúnta international trade agreements
" Cuireann Coiste Alt 133 comhairle ar Choimisiún na hEorpa maidir leis an seasamh ba chóir dó a thógáil agus idirbheartaíocht ar bun chun teacht ar chomhaontaithe trádála idirnáisiúnta.
dhá thúr cháiliúla an Lárionaid Trádála Domhanda the two famous towers of the World Trade Center
" " Nuair a bhreathnaíonn tú ar an saothar, idir phaidríní lonracha agus aghaidheanna ildaite Mhuire agus na naomh éagsúil, agus tú píosa uaidh, cuireann crosanna na ngadaithe rud éicint i gcuimhne duit: dhá thúr cháiliúla an Lárionaid Trádála Domhanda.
an tIonad Trádála Domhanda the World Trade Center
" Le linn na 1990í bhí sé ina Stiúrthóir Feidhmeannach ar an Port Authority of New and New Jersey, post thar a bheith cumhachtach, agus bhí an tIonad Trádála Domhanda i measc na bhfoirgneamh a bhí faoina chúram.
cumainn trádála trade associations
" D’úsáid Krantz sonraí ó Bhiúró Staitisticí Saothair agus ó Bhiúró Daonáirimh na Stát Aontaithe ina anailís, mar aon le staidéir a bhí déanta ag cumainn trádála agus ag grúpaí tionscail.
an Ionaid Trádála Domhanda the World Trade Center
" Bhí cónaí uirthi, tar éis an tsaoil, in aice le brablach an Ionaid Trádála Domhanda.
an tIaraire Trádála, Tráchtála agus Turasóireachta the former Minister for Trade, Commerce and Tourism
" Cuireadh tairne eile i gcónra Phádraig Uí Fhloinn, an tIaraire Trádála, Tráchtála agus Turasóireachta, nuair a rinneadh iniúchadh ar na socruithe a rinneadh leis an chomhlacht National Toll Roads (NTR), atá i gceannas ar dholadhroichead an M50.
impireacht trádála mara marine trading empire
" Bhí impireacht trádála mara ag an dá chathair uair amháin agus tá oidhreacht ealaíne i gcoitinne acu go fóill.
lárionad trádála rathúil a successful trading centre
" Cathair fhorchéimnitheach mhuiníneach atá i mBarcelona ina bhfuil port gnóthach agus lárionad trádála rathúil atá ina ábhar mórtais ag bunadh na háite, é sin agus an saibhreas agus éagsúlacht atá le feiceáil sna dánlanna, sna hiarsmalanna agus sna heaglaisí atá le fáil go flúirseach ar fud na cathrach.
fearadh cogadh trádála a trade war was waged
" Níor íocadh na hAnáidí Bliantúla Talún leis an gCoróin; fearadh cogadh trádála, ní cogadh tine ar an mBreatain.
ionad trádála trading post
" Glac uaimse é go rabhamar breá sásta baile Malealea agus Malealea Lodge a fheiscint! B’ionad trádála é Malealea Lodge tráth dá raibh, ach sa lá atá inniu ann is iad marcaíocht capall, cnocadóireacht agus lóistín an príomhghnó ata ar bun ann.
a lán ceirdeanna agus trádála a lot of crafts and trading
" Ansin, tháinig Lochlannaigh, as Éirinn is dócha, agus rinne siadsan a lán ceirdeanna agus trádála.
earraí Cóir-Thrádála Fair Trade goods
" Cros ard Tá halla pobail lonnaithe cóngarach don chlochar agus bhí earraí Cóir-Thrádála ó Neipeal ar díol taobh istigh.
agus go mba chalafort trádála é i lár cuain and that it was a trading port in the middle of a harbour
" Is minic a dhéanann turasóirí dearmad gur oileán atá i Manhattan, croílár Nua-Eabhrac, agus go mba chalafort trádála é i lár cuain i bhfad sular tógadh na droichid agus tolláin a lig don chathair leathnú amach thar uisce go dtí an mhórthír (agus, go deimhin, go dtí oileáin eile sa chuan, mar a tharla le Staten Island).
trádáil idirnáisiúnta arm, international arms trading,
" Ach chloígh Drewe leis an scéal go raibh sé neamhchiontach agus go raibh ceap milleáin á dhéanamh as chun gníomhaíochtaí rialtais, a raibh baint acu le trádáil idirnáisiúnta arm, a chosaint agus a choinneáil faoi cheilt.
do bháid trádála agus phaisinéirí. for trade and passenger boats.
" Ceantar margaidh a bhí san áit tráth, ina raibh duganna do bháid trádála agus phaisinéirí.
trádáil trade
" Rinne fíodóirí éadach ansin a bhíodh mar chuid den trádáil idir Londain agus na hIndiacha Thiar.
an-trádáil a lot of trading
" Bhí an-trádáil ar siúl le calafoirt Bhaltacha agus calafoirt na dTíortha faoi Thoinn.
caidreamh tráchtála agus trádála commercial and trade relationship
" An bhfuil sé cothrom go bhfuiltear ag iarraidh go bhfeidhmeoidh an lucht spóirt mar chaomhnóirí morálta na cruinne le linn do dhaoine eile a bheith ag déanamh gach iarrachta – ar chúla téarmaí – an caidreamh tráchtála agus trádála leis an tSín a threisiú? Is léir go bhfuil ceannairí an domhain ag iarraidh an craiceann is a luach a bheith acu – tá cáineadh géar i gceist óna dtaobhsan de, ach easpa gnímh chomh maith.
san aireacht Fiontair, Trádála is Fostaíochta in the Enterprise, Trade and Employment ministry
" Titfidh cúraimí tábhachtacha uirthi, ní hamháin mar thánaiste, ach san aireacht Fiontair, Trádála is Fostaíochta chomh maith mar gheall ar an Tíogar Ceilteach a bheith sna smeachanna deireanacha.
ag gabháil do thrádáil teicstílí engaged in textile trading
" Teach suaithinseach is ea Raheem Residency, a bhfuil stair choilíneach ag baint leis: bhí teaghlach rathúil Indiach – a bhí ag gabháil do thrádáil teicstílí – ina chónaí ansin ar feadh na mblianta.
comhpháirtí trádála trading partner
" Cé gur mhaígh Blankfein nach raibh sé ann ar son a bhainc féin, ach chun an córas airgeadais iomlán a chosaint, tharla gurb é AIG an comhpháirtí trádála is mó a bhí ag Goldman Sachs, agus go gcaillfeadh siad $20 billiún dá dtitfeadh AIG i bhféimheacht! Coimhlint Leasa Anuas ar sin, bhí Paulson féin ina chathaoirleach agus POF ar Goldman Sachs sular thosaigh sé ag obair mar Rúnaí Státchiste, post a fuair sé ina dhiaidh do Joshua Bolten, iarfhostaí eile de chuid Goldman Sachs, é a mholadh do George W.
trádáil an aeir trading nothing but air
" Tháinig na daoine sin chun solais a bhí ag trádáil an aeir.
imshuí trádála trade blockade
" Tá bealach amháin ina bhféadfadh sé a dhearcadh nua sin a léiriú: deireadh a chur leis an imshuí trádála atá curtha ag Meiriceá ar Chúba le beagnach 50 bliain.
trádáil rúnda secret trade
" An teacht i dtír ar dhaoine tragóideacha bochta atá sna taispéantais seo nó an áis iontach foghlama iad? An ag deánamh beag is fiú d’urraim don duine ar mhaithe le hairgead a shaothrú nó an bhfaigheann daoine tuiscint níos fearr ar an bheatha dhaonna agus níos mó measa dá réir uirthi i ndiaidh Bodies a fheiceáil? Rinne clár nuachta ABC, 20/20, fiosrúchán ar an ‘trádáil rúnda’ i gcorpáin Síneacha agus mhaígh go raibh na marbháin ar díol ar an mhargadh dhubh ar $300 an ceann.
hEagraíochta Domhanda Trádála World Trade Organization
" ’ Agus é mar phrionsabal treorach na hEagraíochta Domhanda Trádála, tá an tsamhail seo á dhomhandú anois.
trádáil trading
" Tá leathbhliain ann ó tháinig deireadh le Foinse agus beagnach bliain ó stad Lá Nua ag trádáil.
Scéim Trádála Astaíochtaí Emissions Trading Scheme
" Ní raibh ach mórábhar amháin i mbéal an phobail san Astráil agus sinn ag druidim le deireadh na bliana: an Scéim Trádála Astaíochtaí (STA).
coscanna trádála trade bans
" Is léir an meas atá ag Hessel ar mhuintir Gaza agus ar an dóigh ina dtéann siad i ngleic leis an saol in ainneoin an ghátair i measc an phobail de dheasca coscanna trádála atá curtha i bhfeidhm ag na hIosraelaigh.
cheanncheathrú trádála trade centre
" Mar gheall ar a áit lárnach idir tuaisceart agus deisceart, d'fhás an chathair go tapa mar cheanncheathrú trádála agus tionscail, agus d'éirigh go seoigh leis go lár na haoise seo caite, nuair a bhog na mílte Gormach as stáit an deiscirt chuici, agus theith muintir an chine ghil amach.
um Thrádáil on trade
" Beidh Meiriceá ag bunú Tionscnamh Comhpháirtíocht um Thrádáil agus Infheistíocht le hathchóiriú agus comhtháthú geilleagair le margaí SAM agus na hEorpa a chur chun cinn freisin.
cothú ceangal trádála nurturing trade connections
" Ba thréan iad buíon Scott sa phríomhchathair, agus ba é a ngnó ann ná gnó, is é sin, cothú ceangal trádála idir an stát atá faoina chúram siúd agus an Spáinn.
Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála Dept. of Foreign Affairs and Trade
" Mar a mheabhraíonn an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála: Tá cead taistil ag aon saoránach Éireannach ar bhun a phas Éireannnaigh.
i dteaghlach saibhir trádála in a rich trading family
" D’fhás Nioclás suas i dteaghlach saibhir trádála sa mbaile Bisaintíneach, Patara, sa 3ú céad.
deiseanna cumarsáide agus trádála iontacha wonderful opportunities for communication and commerce
" Daoine nár Dearadh Dóibh =========== Cé go gcruthaíonn na teicneolaíochtaí seo deiseanna cumarsáide agus trádála iontacha, lena n-inchur ar scáileáin tadhaill, cruthaítear deacrachtaí dóibh siúd le míchumas láimhe is amhairc.
ceangail stairiúla trádála historic trade ties
" Tá sí ina áit mhaith, agus tá ceangail stairiúla trádála agus tráchta aici.
an dara comhpháirtí trádála is mó againn our second largest trading partner
" Tá an tSeapáin ar an dara comhpháirtí trádála is mó againn agus ba bhreá le Abbott comhaontú saorthrádála a chur i bhfeidhm idir an dá thír.
an Ionad Trádála Domhanda the World Trade Center
" Maraíodh Eamon McEneaney go tragóideach san ionsaí ar an Ionad Trádála Domhanda ach tá a rian fágtha aige ar shaol go leor daoine, mar a mhíníonn Tom Deignan .