Ach cad a tharlóidh má dhéanann tú dearmad air? Bhuel tá polasaí "*three strikes and you're out*" á chur i bhfeidhm - má theipeann ar do chuid iarrachtaí an uimhir cheart a úsáid trí huaire as a chéile rachaidh an cárta "faoi ghlas" agus beidh ort dul i dteagmháil le do bhanc chun go n-oibreoidh sé arís.
Níl na Dolaimítí sna hAlpa theas ach trí huaire tiomána ó Treviso agus bhí muid in am don *piatto dello scolatore* / *bergsteigerplatte* (bia do na siúlóirí) sa Rifugio Castiglioni ag Lago Di Fedaia, faoi Shliabh Marmolada (3,343 méadar), an sliabh is airde sna Dolaimítí.