Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag rianadh tracing
" Nuair a bhíothas ag sainiú leasainm agus ag rianadh ghinealach Choirpri Liphechair, is é an cuntas a rinneadh ar an 'Liphechair': a Liphu dia m*áthair* (= don/ón Life dá m*háthair?*) ara mbét rochar Liphe, nó **il**-Liphe a m(h)áthair (= ar an méid a ghráigh sé an Life, nó a mháthair, 'il-Liphe') Amhail sin, gona fhleiscín, a breacadh arís é sa dán 'A Brigit **il**-Life Luirc'.
rian trace
" Tá mo chlogad crua, mo sciath óir, claíomh géar na lainne glaise agus mo phéire sleá fós crochta go teolaí ar na rachtaí agam fá bhun na tuí agus fós cha dtáinig an Ginearál de Chateaubriand fá scread asail de mo dhún," a mhaíonn Balor Iarghnóch.
rian trace
" Níl rian ar bith den Bhéarla fágtha ar m'ainm ná ar m'anam.
rian trace
" Níl rian ar bith den chanablach ar Hannibal Ó Nuanáin níos mó agus é anois i measc na bhfíréan.
níl bonn ná lorg uirthi there's no trace of it
" An bhfaca aon duine eochair a' gheafta cúil?" "Bhí muid á cuartach ar maidin ach níl bonn ná lorg uirthi.
diabhal rian ar bith not a trace
" Tá Sinn Féiners ann agus Mé Féiners agus diabhal rian ar bith den dara pearsa, uatha ná iolra.
rian trace
" Tá an bhiogóideacht fós ann sa lá ata inniu ann ach is beag rian di atá le fáil i measc institiúidí an stáit.
rian trace
" 'A Bhaloir a chomrádaí,' ar seisean arís, díreach le cur in iúl dom nach raibh rian ar bith den chaipitleachas nó den choimeádachas ag baint leis, 'tá do chomhairle de dhíth go géar anseo.
rian trace
" Is beag rian den neamhspleáchas atá le feiceáil le gairid.
nach bhfuil tásc nó tuairisc orthu that there is no trace of
" Is dhá shuíomh snasta iad sin a mhaíonn go mbaineann siad le hollscoileanna in Éirinn - dhá ollscoil nach bhfuil tásc nó tuairisc orthu sa tír seo.
rian trace
" Fuair an staidéar seo rian cócaoin sna leithris i ngach ceann den 20 teach tábhairne meánaicmeach a roghnaigh siad i mBaile Átha Cliath.
rian trace
" Le cois na drámaíochta seo, tá sé thaispeántas ealaíne agus grianghrafadóireachta de shaothar ealaíontóirí óga agus ealaíontóirí áitiúla tar éis bheith ar siúl san ionad le sé mhí anuas.
rian trace
" Níl rialtas NGP ag iarraidh go mbeadh aon rian den choilíneachas ag baint le pé cúnamh a thabharfadh an Astráil.
rian trace
" Ceantar ar foinse na teanga é, ina bhfuil idir óg agus aosta ábalta iad féin a chur in iúl gan rian ar bith den Bhéarla ar a gcuid cainte.
iarsmaí de chiorcal bothán ón Chré-Umhaois traces of a Bronze Age hut circle
" Go díreach os cionn na páirce tá cnoc darb ainm Berryhill, ar a bhfuil iarsmaí de chiorcal bothán ón Chré-Umhaois agus imfhálú ón Aois Iarainn.
Rianaíonn sé it traces
" Rianaíonn sé an t-aistear ón mhona-adhradh atá i gceist sna deich n-aitheanta (adhradh an aon dé amháin gan a mhaíomh nach bhfuil ann ach an t-aon dia) ionsar an aondiachas atá i réim níos faide anonn sa Sean-Tiomna, agus a dhaingnítear sa chonradh scríofa san áirc.
Rianaíonn sé it traces
" Rianaíonn sé an t-aistear ón mhona-adhradh atá i gceist sna deich n-aitheanta (adhradh an aon dé amháin gan a mhaíomh nach bhfuil ann ach an t-aon dia) ionsar an aondiachas atá i réim níos faide anonn sa Sean-Tiomna, agus a dhaingnítear sa chonradh scríofa san áirc.
gan tásc ná tuairisc without trace
" Tugtar iad ar láimh do phóilíní rúnda na dtíortha seo agus deirtear lena ngaolta gur imigh siad gan tásc ná tuairisc.
rian láidir strong trace
" Dúirt sé go ngáireann a ghaolta sa Ghearmáin faoina Ghearmáinis nuair a labhraíonn sé leo, ó tá rian láidir na seanaimsire ar a chaint, é ag úsáid focal, nathanna cainte, agus gramadaí atá imithe as faisean sa Ghearmáin le céad bliain.
oiread na fríde den chumha ina ghlór a small trace of loneliness/yearning in his voice
" "Hey Ireland," arsa sé, agus oiread na fríde den chumha ina ghlór, "say hello to the Old Country for me, okay?" *Tá Brian Ó Broin ag obair i Roinn an Bhéarla in Ollscoil William Paterson i Nua-Gheirsí áit a bhfuil sé ag plé leis an teangeolaíocht, Léann na Meánaoiseanna agus an Léann Éireannach.
rian trace
" Ó, is mór an meas atá agam orthu go léir, nó níl rian ar bith den chiníochas ionam.
rian trace
" Níor leor gach Moslamach a mharú, chaithfí gach rian díobh is dá gcultúr a ghlanadh ó thalamh naofa na Seirbia Leathnaithe.
loirg traces
" Nochtadh loirg den tréimhse sin i rith na tochailte.
is beag rian di a fuaireadar. they got very few traces of it.
" Nuair a d’imigh scoláirí an 20ú haois ag lorg na teanga agus úsáid na teanga sa ghnáthshaol, is beag rian di a fuaireadar.
gan tásc gan tuairisc. without a trace.
" Imíonn duine acu gan tásc gan tuairisc.
rian den bhrón a trace of sadness
" “Agus idir an lá sin agus an lá a fuair m’athair bás, ceithre bliana ina dhiaidh sin, níor chiall sé oiread is cluiche amháin!” Cé go ndéanann Peter spior spear den easpa suime a bhí ag a athair sa pheil nuair a bhí siad níb óige, is léir go bhfuil rian den bhrón ann mar sin féin.
rian na mbailte the trace of the homesteads
" Tá an gleann lom anois, ach tá rian na mbailte le feiceáil go fóill.
rian láidir Sasanach strong English mark, trace
" Cinnte, tá rian láidir Sasanach ar an Nua-Shéalainn, ach ag an tráth seo bliana bíonn an Mhaoiris, ar a dtugtar Te Reo, níos feiceálaí ná mar a bhíonn de ghnáth.
rian a thurais trace of his journey
" Chuaigh Taranaki chuig áit san iarthar, agus tá rian a thurais le feiceáil go fóill in abhainn an Whanganui.
rianta traces
" Fuair na seandálaithe rianta d'fhoirgnimh a léirigh go raibh lonnaíocht luath ann, ach ní raibh siad ábalta an dáta a aimsiú.
rian trace
" *Aniar: Voices and Verse from the Edge of the World* atá mar theideal ar an saothar seo, agus is cinnte gur éirigh leis an triúr comhoibrithe a bhí bainteach leis atmaisféar ar leith a chruthú ann – tá rian den “Saol Eile” le braith go láidir uaidh.
rian beag Gaelach ar a chuid Béarla. they speak English with a trace of an Irish accent
" Cluineann tú Polannaigh, Spáinnigh, Rúisigh, achan duine acu agus rian beag Gaelach ar a chuid Béarla.
rian den chonspóid a trace of controversy
" Ní hé nach raibh rian den chonspóid ag baint lena cheapachán, áfach.
rud ar bith a raibh rian den Chaitliceachas anything which had a trace of Catholicism
" Balor: Ón am a chuala muid caint fút ar dtús bhí tú i gcónaí diongbháilte in éadan rud ar bith a raibh rian den Chaitliceachas nó den náisiúnachas nó den phoblachtachas ag baint leis.
rianta an phlota traces of the plot
" B’fhéidir go mbainfeadh lucht ollscoile pléisiúr as codarsnacht, trastagairtí, macallaí na n-ainmneacha agus rianta an phlota a lorg sa dá théacs, ach baineann an léirmheastóir seo go dlúth le campa an ghnáthléitheora – an duine glórmhar sin a thógann leabhar áirithe ina lámh má tá fonn air é a léamh agus nach santaíonn fo-nótaí ná tráchtas a léamh sula dtugann sé faoi.
gach rian every trace
" In éineacht le Danny, bhí an Canónach Pádraig Ó Fiannachta, le tumar mór uisce coisricthe chun an Tóirse Oilimpeach a thumadh ann le gach rian den Chumannachas Págánach Diabhlaí a dhíbirt amach as.
rian den fhealsúnacht a trace of the philosophy
" Baineann rian den fhealsúnacht leis an am mar a thuigtear do thuismitheoirí é.
rian a trace
" Ach caidé mar atá ag éirí le cultúr na hÉireann a fhréamhacha a shíniú thar sáile? An bhfuil rath le brath ar chultúr na hÉireann i gcéin? Ní féidir liom breithiúnas a thabhairt ar gach uile áit a bhfuil rian de chultúr na hÉireann, ach más sampla ar bith é Virginia, áit a bhfuil mé féin faoi láthair, nílimid ag déanamh ródhona thar lear.
rian trace
" Tá an Ghaeilge seo deacair, a Bhaloir, nach bhfuil? Balor: Níl rian ar bith den deacracht sin ar do chuid cainte, a Uachtaráin.
ar rian on (the) track, tracing
" Má tá tú ar rian an Beat Generation cha dtig leat *Greenwich Village* agus *Chelsea* a sheachaint.
rian an neamhghéillte trace of nonsubmission
" An Eite Armtha Tá rian an neamhghéillte sin ar an KNLA, áfach.
lorg an adhmaid a trace of timber
" An bhfuil sé úr nó fuar nó tirim? An bhfuil boladh na gceimiceán le mothú uaidh nó an bhfuil lorg an adhmaid le mothú uaidh go fóill? Osclaím arís ansin é agus féachaim an clár.
rian the trace
" Níl aon iarsma ar an oileán den chéad mhainistir a bunaíodh ach is cinnte go bhfuil rian na nGael ar na logainmneacha atá i nglan Ghaeilge ar léarscáil oifigiúil an oileáin: Baile Mór, Stac Liath, Tráigh Mhór, Carraig an Daimh, Rubha na Carraig –géire, Eilean na hAon Chaorach agus Carn Cúl ri Éirinn.
rian trace
" Mar sin féin, fágann gach ríocht a rian.
rianú siar trace back
" Tá an cur is cúiteamh ar bonn le blianta faoi ghaelscoilis agus is féidir, cuirim i gcás, mífhuaimniú ‘t’ agus ‘d’ na gcéadta cainteoirí ‘leath-Ghaeilg’ i gCúige Mumhan a rianú siar chuig aon mhúinteoir amháin i meánscoil áirithe sa chúige chéanna.
rian trace
" Ní raibh aon scríbhinn ag an muintir dhúchais agus, dá bhrí sin, tá sé deacair a bheith cinnte cé acu teangacha nó canúintí a bhí i gceist anois agus iad ar lár, gan rian ná a lorg fanta ina ndiaidh.
lorg éigin some trace
" Sníonn an dubh trí gach gile inti, agus tá lorg éigin na gile i ngach dubh.
chló an fhreasúra trace of the opposition
" Éacht ann féin é go bhfuil tacaíocht traspháirtí ag an Straitéis mar gur beag de chló an fhreasúra atá le sonrú air.
rian láidir a strong trace
" Thuig siad go raibh stair éigin ag baint leis an UVF agus go raibh rian láidir den pholaitíocht shóisialta ina bhfealsúnacht.
rian trace
" Ná fág aon rian de do thuras le do thoil.
rianta traces
" Tá formhór na dteangacha dúchais NSW dulta in éag agus níl ach na rianta seo d'iarsmaí fágtha ina dhiaidh.
gan rian de smideadh without a trace of makeup
" Bhraith mé féin nach raibh móran iarrachta déanta agam agus mé ag dul timpeall sna flip fleapanna an t-am ar fad, gan rian de smideadh ar m’aghaidh! Deighilt le Feiceáil ========== Ní ar thóir na siopadóireachta a bhí muid i Singeapór ach b’uirlisí suaithinseacha iad na foirgnimh phoiblí le saíocht agus seandeighilt na cathrach sin a léiriú.
Rian fola a trace of blood
rian láidir a strong trace
" Mar a dúirt an tOllamh Seán Ó Tuama cúpla bliain ó shin agus cosaint á thabhairt aige d’oidhreacht liteartha Daniel Corkery, “is áiteamh é a chloistear coitianta go maith ag antraipeolaithe lenár linn féin; go mbíonn bunchóras luachanna le haithint i ngach cultúr fé leith, córas a mbíonn cruth faoi leith agus buaine áirithe ag baint leis, agus mar ghnathnós, go mbíonn rian láidir den chóras sin le haithint ar shaothar agus ar iompar gach duine a bhaineann leis an gcultúr sin.
rian a trace
" Allyson Reid, scannánaí as Toronto, a bhailigh agus a thiomáin mé go teach Phádraig de Róiste, fear a bhfuil rian Bhaile Átha Cliath ar a Bhéarla agus rian Chonamara ar a Ghaeilge, cé gur rugadh i gCeanada é.
rian teanga eile go láidir a strong trace of another language
" Ar ndóigh, tá rian teanga eile go láidir ar na scéalta seo freisin, Portaingéilis Bahia, teanga na gcarachtar.
ní raibh rian nó lorg there was no trace nor sign
" Ach seachas sin, ní raibh rian nó lorg ón fhear mór sa chathair, rud a chuir díomá orm, go mór mór tar éis nochtadh na deilbhe de Jim Larkin a rinne Oisín Kelly i 1976 os comhair Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath agus na focail seo air: ‘Níl i gcuma uasal na n-uaisle ach sinne a bheith ar ár nglúine.
Rianaíonn traces
" Muirthéacht Ár Linne ======== Rianaíonn Carr stair na meán ó chéad theacht an leabhair, trí fhionnachtain an chló agus ar aghaidh go dtí ré an eolais, (más eolas, nó sonraí) (Caibidlí 4-5).
mar ba le Tiobraid Árann iad as they trace back to Tipp
" Músclaíodh an chonspóid seo faoin gCeallach arís ar na mallaibh nuair a reáchtáladh a thórramh i dtuaisceart Victoria, an ceantar a thugann lucht na turasóireachta Kelly Country (dúiche Uí Chadhla is dócha, nó arís Uí Chaollaí, mar ba le Tiobraid Árann iad, nó arís ar ais, Uí Cheallaigh).
rian cumhachtach the powerful trace
" Agus is féidir rian cumhachtach Freud agus Gorky a bhlaiseadh fós ina scéal truamhéileach ‘An Strainséara’, ceann des na scéalta is fear uaidh.
nach bhfuil aon rian den Ghaeilge fágtha which have no trace of Irish left
" Tóg Acht na Gaeltachta 2012, mar shampla, faoinar bronnadh stádas Gaeltachta ad infinitum ar cheantair nach bhfuil aon rian den Ghaeilge fágtha iontu, arbh fhiú trácht air.
tá rian there’s a trace
" Ach tá rian den traidisiún sna sléibhte ó dheas de Kraków, sin agus soir ó dheas i dtreo Lublin agus Rzeszow.
fanfaidh rian a staire the trace of their history stays
" Mar gheall ar stair lucht a labhartha, fanfaidh rian a staire agus a ndearcadh saoil mar chuid inmheánach den teanga, más iniompar agus más inláimshithe é.
is féidir rian Milch a aithint ar one can recognise the trace of M. on
" Agus más ea, is féidir rian Milch a aithint ar an scríbhneoireacht agus ar an gcomhrá sna cláracha go léir i Ripper Street.
rian coimhlinte le leanúint a trace of friction to be followed
"rian coimhlinte le leanúint i leith na teicneolaíochta seo chomh fada siar le 2012 de réir mo léamhsa.
nach bhfuil rian ar bith den Ghaeilge where there isn’t a trace of Irish
" Déanfaidh mise mo bhreithiúnas air chomh maith ach ní bheidh sé bunaithe ar chruinneas nó ar líofacht a chuid Ghaeilge ach ar an méid seo: an mbeidh sé de mhisneach aige moltaí a bhí déanta sa Staidéar Teangeolaíoch ar Staid na Gaeilge sa nGaeltacht a chur i bhfeidhm? Mar shampla, an mbeidh sé toilteanach glacadh leis na critéir theangeolaíocha a bhí molta sa staidéar sin? An mbeidh se sásta deireadh a chur leis an gcur i gcéill atá ar bun ag a Roinn, faoina gcuirfear airgead amú ar phleanáil teanga i gceantair sa nGaeltacht oifigiúil nach bhfuil rian ar bith den Ghaeilge fágtha iontu? An mbeidh sé sásta deireadh a chur le stádas Gaeltachta na n-eastát tithíochta ar imeall na Gaillimhe? Tuigtear do chuile dhuine nach bhfuil aon bhunús teangeolaíoch le stádas Gaeltachta a bheith ag eastáit tithíochta i dTír Oileáin agus i gCnoc na Cathrach.
lorg mark, trace
"lorg Conallach ar a shaothar faoin am seo, lorg a fheicfear ag an taispeántas ‘Seacht mBliana i nGleann Cholm Cille’ a osclófas i mBéal Feirste tús na míosa seo.
is féidir a rianú which can be traced
" Cíorann Ciarán Mac Aonghusa siocair na mí-úsáide laistigh den Eaglais Chaitliceach, gné na haontumhachta, gné is féidir a rianú i bhfad siar ach, gné nár thosaigh le tús na Críostaíochta mar sin féin.
Rianaíonn follows, traces
" Rianaíonn Tony Birtill scéal an ealaíontóra David Jacques san alt seo.
Rianaíonn traces
" Rianaíonn Maidhc Ó Cathail conair na bhfocal siar roimh shléacht Utøya.
Rianaíonn traces
" Rianaíonn Colm Mac Séalaigh Conair laoch na himeartha in Éirinn agus thar lear, Jim Stynes, a fuair bás den ailse san Astráil agus a cuireadh in Éirinn an mhí seo chuaigh thart.
Rianaíonn traces
" Rianaíonn Ciarán Mac Aonghusa an drochobair a d’fhág cuid Pháidín den mheacan ag móramh an domhain, an dream bocht a bhronn na billiúin ar thoicí nár shaothraigh é.
Ríomhann traces
" Ríomhann Breandán Delap cuid de na haltanna gurbh fhiú athbhreithniú a dhéanamh orthu.
Rianaíonn traces
" Rianaíonn Robert McMillen san alt seo an dóigh nár oibrigh Sé móide a Trí amach ina hAon in am corrach na críochdheighilte.
dár siarleanacht always tracing us
" Bíonn an deartháir mór ag faire i dtólamh, cluasáin na ngníomhairí dírithe ar ár gcuid guthán baile agus oifige agus bíonn ceamaraí spéire agus sráide dár siarleanacht ar an talamh, ach bhí Brian Ó Broin ag faire fosta.
Rianaíonn traces
" Rianaíonn Eoin Ó Catháin an tslí ar cloíodh glan amach polaiteoir amháin i gCeanada, Pauline Marois, iar-Thaoiseach Québec, ar na mallaibh.
Rianaíonn traces
" Rianaíonn Robert McMillen cuid de scéal vótáil na mban.