Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
impireacht trádála mara marine trading empire
" Bhí impireacht trádála mara ag an dá chathair uair amháin agus tá oidhreacht ealaíne i gcoitinne acu go fóill.
lárionad trádála rathúil a successful trading centre
" Cathair fhorchéimnitheach mhuiníneach atá i mBarcelona ina bhfuil port gnóthach agus lárionad trádála rathúil atá ina ábhar mórtais ag bunadh na háite, é sin agus an saibhreas agus éagsúlacht atá le feiceáil sna dánlanna, sna hiarsmalanna agus sna heaglaisí atá le fáil go flúirseach ar fud na cathrach.
ionad trádála trading post
" Glac uaimse é go rabhamar breá sásta baile Malealea agus Malealea Lodge a fheiscint! B’ionad trádála é Malealea Lodge tráth dá raibh, ach sa lá atá inniu ann is iad marcaíocht capall, cnocadóireacht agus lóistín an príomhghnó ata ar bun ann.
a lán ceirdeanna agus trádála a lot of crafts and trading
" Ansin, tháinig Lochlannaigh, as Éirinn is dócha, agus rinne siadsan a lán ceirdeanna agus trádála.
agus go mba chalafort trádála é i lár cuain and that it was a trading port in the middle of a harbour
" Is minic a dhéanann turasóirí dearmad gur oileán atá i Manhattan, croílár Nua-Eabhrac, agus go mba chalafort trádála é i lár cuain i bhfad sular tógadh na droichid agus tolláin a lig don chathair leathnú amach thar uisce go dtí an mhórthír (agus, go deimhin, go dtí oileáin eile sa chuan, mar a tharla le Staten Island).
trádáil idirnáisiúnta arm, international arms trading,
" Ach chloígh Drewe leis an scéal go raibh sé neamhchiontach agus go raibh ceap milleáin á dhéanamh as chun gníomhaíochtaí rialtais, a raibh baint acu le trádáil idirnáisiúnta arm, a chosaint agus a choinneáil faoi cheilt.
an-trádáil a lot of trading
" Bhí an-trádáil ar siúl le calafoirt Bhaltacha agus calafoirt na dTíortha faoi Thoinn.
ag gabháil do thrádáil teicstílí engaged in textile trading
" Teach suaithinseach is ea Raheem Residency, a bhfuil stair choilíneach ag baint leis: bhí teaghlach rathúil Indiach – a bhí ag gabháil do thrádáil teicstílí – ina chónaí ansin ar feadh na mblianta.
comhpháirtí trádála trading partner
" Cé gur mhaígh Blankfein nach raibh sé ann ar son a bhainc féin, ach chun an córas airgeadais iomlán a chosaint, tharla gurb é AIG an comhpháirtí trádála is mó a bhí ag Goldman Sachs, agus go gcaillfeadh siad $20 billiún dá dtitfeadh AIG i bhféimheacht! Coimhlint Leasa Anuas ar sin, bhí Paulson féin ina chathaoirleach agus POF ar Goldman Sachs sular thosaigh sé ag obair mar Rúnaí Státchiste, post a fuair sé ina dhiaidh do Joshua Bolten, iarfhostaí eile de chuid Goldman Sachs, é a mholadh do George W.
trádáil an aeir trading nothing but air
" Tháinig na daoine sin chun solais a bhí ag trádáil an aeir.
trádáil trading
" Tá leathbhliain ann ó tháinig deireadh le Foinse agus beagnach bliain ó stad Lá Nua ag trádáil.
Scéim Trádála Astaíochtaí Emissions Trading Scheme
" Ní raibh ach mórábhar amháin i mbéal an phobail san Astráil agus sinn ag druidim le deireadh na bliana: an Scéim Trádála Astaíochtaí (STA).
i dteaghlach saibhir trádála in a rich trading family
" D’fhás Nioclás suas i dteaghlach saibhir trádála sa mbaile Bisaintíneach, Patara, sa 3ú céad.
an dara comhpháirtí trádála is mó againn our second largest trading partner
" Tá an tSeapáin ar an dara comhpháirtí trádála is mó againn agus ba bhreá le Abbott comhaontú saorthrádála a chur i bhfeidhm idir an dá thír.
as tráchtáil le from trading with
" Maíonn sé fosta gur mó an tairbhe a bhaineann Alba as tráchtáil le Sasana agus as an ghnó a dhéanann comhlachtaí Albanacha i Sasana.