Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
eachtra thragóideach tragic incident
" Labhair Pádraigín go hoscailte agus go staidéarach faoin eachtra thragóideach seo i gcomhthéacs na mban a bhíonn ag plé leis an cheol go ginearálta in Éirinn.
tubaisteach tragic
" Rud tábhachtach faoi *So Others Might Live* ná nach cur síos brónach eile é ar an lá tubaisteach sin, 11 Meán Fómhair.
eachtraí tragóideacha tragic events
" Caithfear a rá go bhfuil staid pholaitiúil an domhain athraithe go hiomlán ó tharla eachtraí tragóideacha 9/11.
tubaisteach calamitous, tragic
" Léiriú níos fearr ======= B'fhéidir gur léiriú níos fearr ná aon staitisticí iad na comharthaí seo a bhfuil ceangal acu le 9/11 ar an dóigh ar chaill Staten Island i bhfad níos mó daoine ar an lá tubaisteach sin dhá bliain ó shin ná áit ar bith eile.
tragóideacha tragic
" Tá cur síos Nicholson luachmhar, mar chun tuiscint cheart a fháil ar iarmhairtí na mblianta tragóideacha sin, is gá go mbeadh a fhios ag duine céard a chaill na teaghlaigh agus na pobail.
tragóideach tragic
" Nuair a chuala Dowd faoi bhás tragóideach Kelly anuraidh, chuimhnigh sí ar Pat Moynihan agus an méid a dúirt sé tar éis fheallmharú JFK: "Ní dóigh liom gur fiú duit a bheith i d'Éireannach mura bhfuil a fhios agat go bhfuil an saol seo chun do chroí a bhriseadh sa deireadh.
himeachtaí tubaisteacha disastrous/tragic events
" Bhí mé ag éisteacht lá le caibidil raidió fá na himeachtaí tubaisteacha taobh amuigh de chlub oíche Anabel i mBaile Átha Cliath tamall gairid de bhlianta ó shin, nuair a maraíodh fear óg le linn scliúchais i ndeireadh na hoíche.
eachtra thragóideach a tragic episode
" " In agallamh a foilsíodh sa nuachtán laethúil Rómhánach *La Repubblica*, thug an tArdeaspag Giovanni Lajolo "eachtra thragóideach sa chaidreamh leis an Ioslamachas" ar an drochíde san Iaráic.
ghéarchéim thragóideach na mí-úsáide gnéasaí the tragic sexual-abuse crisis
" McBrien, Ollamh le Diagacht in Ollscoil Notre Dame, a dúirt: "As na leabhair ar fad atá tar éis a theacht chun cinn mar gheall ar ghéarchéim thragóideach na mí-úsáide gnéasaí san Eaglais Rómhánach Chaitliceach, tá niche dá chuid féin ag leabhar Jimmy Breslin.
truamhéalach sad, tragic
" Ó shin i leith tá sé ina achrann faoi na pictiúir – an bhfuil siad muiníneach, nó ar déanadh láimhdeachas orthu? Tá stair truamhéalach ag baint leis an tíogar Tasmánach.
fírinne thragóideach. tragic truth.
" Pádraig gona dhaonnacht ghealgháireach agus fírinne thragóideach.
dá shaol tragóideach, of his tragic life,
" Spreag an solas geal agus na dathanna iontacha ansin go mór é agus ba as an dá bhliain a bhí fágtha dá shaol tragóideach, sular chuir sé lámh ina bhás féin, a tháinig an chuid is clúití agus is forbartha dá shaothar chun cinn.
ar bhealach tragóideach in a tragic way
" Nuair a d’éalaigh an file Sylvia Plath ón saol seo ar bhealach tragóideach sa bhliain 1963, d’fhág sí oidhreacht shaibhir filíochta agus próis ina diaidh, a thug léargas brónach ar a saol truamhéalach cráite.
tragóideach, tragic,
" Agus ach an oiread le daoine eile mór le rá a bhí íocónach agus tragóideach, leithéidí Elvis Presley, Marilyn Monroe agus Jim Morrison, tá daoine ag léiriú spéis ollmhór inti go fóill – ina saothar agus sa saol pearsanta a chaith sí leis an fhile Ted Hughes sular chuir sí lámh ina bás féin.
is léanmhar it's tragic
" Ag caint ar Údarás na Gaeltachta, is léanmhar an chaoi ina bhfuil an eagraíocht sin fágtha aige.
tubaisteach tragic
" Ba é dúnmharú an scannánaí agus an chriticeora Theo van Gogh ag fear óg Maracach sa bhliain 2004 íosphointe tubaisteach an aighnis go dtí seo, ach inniu féin, ní féidir leat nuachtán a oscailt gan tuairiscí a léamh faoin teannas idir Mhuslamaigh agus an chuid eile den tsochaí.
tubaisteach tragic
" ”* Ag an am sin, bhí go leor Meiricéanach báúil le Frainc na Muirthéachta, agus bhí imní ar Washington go dtarraingeodh an “taobhú paiseanta” seo an tír nua isteach i gcogadh tubaisteach i gcoinne na Sasanach.
a turas truamhéalach as result of her tragic journey
" Is saibhride sinn uile a turas truamhéalach.
léargas truacánta a tragic view
" Feictear seo i saothar an tSeirbigh Braco Dimitrijevic, a dhéanann obair a spreagann muid chun scrúdú a dhéanamh ar imeachtaí stairiúla agus sa tsraith ghrianghrafadóireachta a chruthaigh Nina Berman, dar teideal Bainis Mhuirí, a thugann léargas truacánta ar thaithí shaighdiúir cabhlaigh a gortaíodh ag buama san Iaráic.
scéal tubaisteach tragic story
" Tapaíodh an deis i mBaile na hAbhann chun tacú le clár faisnéise den scoth, a insíonn scéal tubaisteach Thuaisceart Éireann trí agallaimh le banghníomhaí polaitiúil géarintinneach.
gcogadh tubaisteach tragic war
" Bunaithe i 1997 ag beirt nuachoimeádach, William Kristol agus Robert Kagan, le “beartas eachtrach nua-Riagánach” a chur cinn, ní beag an fhreagracht a bhí ag an Tionscadal um Aois Mheiriceánach Nua (PNAC) as an gcogadh tubaisteach san Iaráic.
dúnmharú tubaisteach the tragic murder
" Tá a fhios agam go dtabharfaidh dúnmharú tubaisteach David Black deis do chairde mo ghasúir a bheith anuas orm.
cás an-tubaisteach a very tragic case
" Nílim sásta gur féidir páiste a chur chun báis ar bhunús bagairt ó dhuine eile lámh a chur ina bás féin, bíodh gur cás an-tubaisteach, an-deacair atá anseo.
Is de bharr bás tubaisteach it’s as a result of the tragic death
" Is de bharr bás tubaisteach Savita Halappanavar a cuireadh an reachtaíocht le chéile, ach ait go leor, ní léir go sabhálfadh an reachtaíocht bean a bheadh sa chás céanna le Savita.
ceann de na heachtraí tubaisteacha one of the tragic incidents
" Is i gcúinsí mar seo a tharla ceann de na heachtraí tubaisteacha, nuair a mharaigh an forairdeallaí armtha George Zimmerman déagóir darb ainm Trayvon Martin in eachtra in Sanford, Florida i bhFeabhra 2012.
botún tubaisteach a tragic mistake
" Agus é ag iomrascáil le pionós an bháis i Meiriceá, admhaíonn sé go ndearna sé botún tubaisteach i rith an chéid téarma a chaith sé ar an gCúirt Uachtarach i 1976 nuair a thug sé cead dosna caoga stát an éiric sin a ghearradh ar dhúnmharfóirí speisialta dá mba rud é gur chuir na stáit rialacha speisialta i bhfeidhm chun ciontuithe éagóracha a sheachaint.
dúnmharú tubaisteach the tragic murder
" Tharraing dúnmharú tubaisteach Jill Meaghar i Melbourne cuimhne Bhearnaí Uí Dhoibhlin siar chuig scéal uafáis a thit amach i gCathair Darwin i samhradh na bliana 1999, scéal a bhain go dlúth le hÉirinn.
scéal tubaisteach tragic tale
" Chaith Brian Ó Broin súil ar roinnt fíricí de scéal tubaisteach Trayvon Martin.