Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
oiliúint training
" Tá sé riachtanach, mar shampla, go mbeidh gné theanga mar chuid bhunúsach d'oiliúint dochtúirí, banaltraí, oibrithe Bord Sláinte/Sóisialta, feighlithe naíolann, múinteoirí, etc.
oiliúint training
" Caithfear daoine fuinniúla, éirimiúla a aimsiú agus oiliúint a chur orthu sa dóigh is go mbeidh siad ábalta tabhairt faoin obair seo.
oiliúint training
" Fiú má chaitheann muid fir nochta a chur ann, déanfaidh muid sin!" Tráchtann sé cúpla uair san agallamh ar "infheistíocht i ndaoine" agus an tábhacht a bhaineann le scileanna agus oiliúint cheart a chur ar fáil.
oiliúint training
" Cluiche anois is arís ======= Ach é sin ar fad ráite, tá an-suim san iománaíocht i mBaile Átha Cliath agus is breá le buachaillí (agus cailíní) an cluiche a imirt agus oiliúint mhaith agus cluichí eagraithe a bheith ar fáil dóibh.
oiliúint training
" Ach seans go bhfuil gá le "seanfhocal" nua i gcás an Chumainn Lúthchleas Gael, mar shampla "cuir oiliúint ar an óige agus éireoidh linn".
chúrsa oiliúna training courses
" Bhí ormsa mar shaoiste dul ar cheithre chúrsa oiliúna seachtaine sa bhliain le daoine nach raibh *clue* dá laghad acu agus éisteacht le conraitheoirí ag maíomh go bhfuair siad £70,000 sa bhliain as a bheith mar chomhairleoirí ag FÁS.
oiliúint training
" " Admhaíonn Fionnuala go raibh ar Raidió na Life daoine a ligean ar an aer uaireanta le cúpla bliain anuas nach raibh caighdeán sásúil acu ná, go minic, oiliúint dá laghad faighte acu.
oiliúna training
" Ach caitheann siad a gcuid fuinnimh ar fad, nach mór, ag eagrú foirne, ag cur oiliúna ar dhaoine óga agus ag bailiú airgid chun na costais reatha a ghlanadh.
oiliúint training
" Ní raibh air íoc as an oiliúint a fuair sé sa scoil ach b'éigean dó a bheith ag obair chun na costais mhaireachtála a ghlanadh.
Sainoiliúint specialised training
" **Antaine:** A Neansaí, feicim go bhfuil an fotheideal "Sainoiliúint sna hEalaíona Dúchasacha Gaeltachta" in úsáid agaibh.
chúrsa oiliúna training course
" Bhí mé féin ag traenáil ansin anuraidh mar chuid de chúrsa oiliúna a bhí ar siúl do cheannairí siúil sléibhe in Albain.
stiúrthóir traenála training director
" Déanann foireann tarrthála a ndícheall i gcónaí nuair a bhíonn duine ar bith i mbaol, ach bhí spreagadh ar leith acu an t-am seo: bhí siad ag cuartú a gcara atá ina stiúrthóir traenála ag an fhoireann.
cúrsa oiliúna training course
" Tá Rialtas Westminster ag íoc as an staidéar seo de thairbhe an mhéid daoine nach bhfuil sásta dul isteach sa seomra rang ag múineadh tar éis cúrsa oiliúna a dhéanamh - is é sin 40% den iomlán.
oiliúint training
" Is fíric é go bhfuil níos mó múinteoirí a bhfuil oiliúint faighte acu nach bhfuil ag obair ná mar atá ag obair - agus tá súil agam go mbeidh muid ábalta na cúiseanna atá leis seo a aimsiú.
modhanna traenála training methods
" Táim cinnte go bhfuil an-fheabhas ar chuid de na modhanna traenála go mór mór sa réimse a bhaineann le meatáin a shíneadh i gceart, an corp a théamh i gceart roimh imirt nó traenáil, an cineál bia is fearr a ithe, an méid leachtanna is cóir a ól agus mar sin de.
níor mhaolaigh ar an bhéim ar thraenáil the emphasis on training did not decrease
" Um an dtaca sin bhí an ceacht foghlamtha agus gach foireann chontae i mbun an chineál traenála a mharódh capall! Agus níor mhaolaigh ar an bhéim ar thraenáil ach an oiread ach gach foireann i mbun na hoibre agus an chruatain chéanna ar mhaithe le Craobh na hÉireann a ghnóthú.
oiliúint training
" " Ní bhfuair sé aon oiliúint sula ndeachaigh sé os comhair na gceamaraí.
oiliúint intinne training for the mind
" Ní forbairt phearsanta a bhíonn i gceist ach oiliúint intinne.
oiliúna training
" Fuair sé a chuid oiliúna sa Slade School of Fine Art i Londain agus dúradh ag an am go raibh sé ar dhuine de na healaíontóirí ab fhearr a tháinig amach as an scoil sin.
cúrsaí oiliúna training courses
" uk)) agus eagraíonn sí cúrsaí oiliúna i loingseoireacht, dreapadóireacht agus mar sin de.
coláistí oiliúna training colleges
" Dúirt an tUasal Carr gur chreid sé gur chóir go mbeadh ról ag na coláistí oiliúna sa mhéid seo agus go dtabharfaí tacaíocht dóibh é a chomhlíonadh.
deiseanna oiliúna training opportunities
" Cuireann muid fostaíocht ar fáil do Ghaeil, ardán cainte, díospóireachta agus poiblíochta, deiseanna oiliúna, agus go leor leor eile.
traenáil mhíleata military training
" Ba é siúd an Menzies céanna a rinne traenáil mhíleata le linn an Chéad Chogadh Domhanda.
cúrsa oiliúna training course
" Eagraítear cúrsa Gaeilge do riarthóirí Ollscoile agus cúrsa oiliúna do mhúinteoirí uair sa bhliain.
mhodhanna traenála training methods
" Labhrann cuid de na himreoirí faoi mhodhanna traenála Sheáin sna blianta sin.
oiliúint fhoirmeálta formal training
" Ardaíonn an taispeántas ceisteanna faoi fhiúntas oiliúint fhoirmeálta sna healaíona agus cé acu a gcuireann a leithéid bac ar an phróiseas cruthaitheach.
fhiúntas oiliúint fhoirmeálta sna healaíona the value of formal training in the arts
" Ardaíonn an taispeántas ceisteanna faoi fhiúntas oiliúint fhoirmeálta sna healaíona agus cé acu a gcuireann a leithéid bac ar an phróiseas cruthaitheach.
ag freastal ar riachtanais oiliúna gairmiúla catering for the professional training needs
" Tá siopa leabhar agus ceardaíochta - Ogmios - ag soláthar áiseanna do scoileanna agus do chliaint ar fud fad na tíre agus tá tionscadal ceannródaíoch, Gairm, ag freastal ar riachtanais oiliúna gairmiúla phobal na Gaeilge agus ag cur na Gaeilge chun cinn sa áit oibre.
seisiún traenála training session
" Bhí beirt mhac léinn póilíneachta ag glacadh rólanna i seisiún traenála ar chearta daonna ag Coláiste Póilíneachta an PSNI i mBéal Feirste.
cúrsa traenála training course
" Rinne mé cúrsa traenála i ndreapadóireacht leac oighir in Albain ar na mallaibh.
oiliúint training
" An cuspóir atá aige ná oiliúint agus eolas a chur ar fáil, chomh maith le taispeántais gharraíodóireachta orgánacha, fáis agus feirmeoireachta.
cúrsa oiliúna training course (for teachers)
" Rinne mé an cúrsa cruinnis (faoi dhó) agus an cúrsa oiliúna agus, ina theannta sin, cúrsaí ginearálta comhrá.
oiliúna training
" Roinnt blianta ó shin, bunaíodh tionscadal nua oideachais, Muintearas, áit a gcuirtear cúrsaí foghlamtha agus oiliúna ar fáil don phobal, cúrsaí a dhíríonn den chuid is mó ar fhorbairt scileanna ríomhaireachta.
thraenáil fhisiciúil physical training
" " Ach bhí go leor oibre le déanamh, idir thraenáil fhisiciúil agus chúrsaí coláiste.
rúideanna traenála training runs
" " Deir Cole gur maith leis fosta go bhfuil oiread le foghlaim, ó lámhleabhair na rannóige, ó rúideanna traenála agus ó eachtraí fíora éigeandála.
cúrsaí oiliúna training courses
" Tá dhá chlár á reáchtáil againn i láthair na huaire, ceann amháin acu clár fostaíochta pobail atá ag déanamh digitiú ar chartlann fuaime Raidió na Gaeltachta agus, chomh maith leis an obair a dhéanann na rannpháirtithe, cuirtear cúrsaí oiliúna ar fáil dóibh atá dírithe ar na riachtanais fhostaíochta agus shóisialta atá acu.
a chuid oiliúna his training
" I gColáiste Phádraig i nDroim Conrach a fuair sé a chuid oiliúna agus deir sé gur deis iontach a bhí anseo dó tuilleadh eolais a chur ar an gceol.
sa choláiste oiliúna in the training college
" Nuair a bhí mé sa choláiste oiliúna, ní raibh béim ar chor ar bith ar an gceol traidisiúnta sna léachtaí oideachais cheoil! Tá suim agam i gceolta de shaghsanna eile agus éistimid le agus canaimid gach saghas ceoil i mo rang, ach tá gá cinnte le níos mó béime a chur ar an gceol agus ar na hamhráin Ghaelacha.
oiliúna training
" Mar sin a thosaigh Buckley aistear ina mbeadh seacht mbliana foghlama, oiliúna agus - an rud is tábhachtaí ar fad - guí.
oiliúint training
" Léirigh sé spéis san ealaín agus é go fóill ina ghasúr agus chuir a thuismitheoirí ina luí air oiliúint a fháil mar mhaisitheoir.
oiliúint training
" Is rud ait é seo nuair a smaoiníonn tú go bhfuil oiliúint aige i gcúrsaí sláinte agus sábháilteachta, gan trácht ar PhD sa cheimic ó Ollscoil Oxford.
oiliúna training
" Ní bhfuair sé mórán oiliúna roimh ré agus dúirt a thuismitheoirí ag an choiste cróinéara: "Privatization of the railways has led to a low regard for human life.
oiliúint chuí proper training
" Creideann sé go láidir sa chorpoideachas agus san oiliúint chuí agus cheart.
oiliúint training
" Tá deacracht ann daoine oilte a fháil agus tógann sé tamall fada oiliúint a chur ar dhaoine.
líon na seisiún traenála the number of training sessions
" Laghdódh sin go mór ar líon na seisiún traenála agus ar líon na gcluichí ag na himreoirí ab fhearr agus bheadh seans níos mó ann go leanfaidís ar aghaidh ag imirt níos faide.
gcúrsa oiliúna training course
" Ghlac ionadaithe as aon cheann déag díobh páirt i gcúrsa oiliúna a reáchtáladh dóibh, agus tosaíodh ar é a chur i bhfeidhm ó mhí an Mhárta ar aghaidh.
oiliúint training
" Cén fáth ar bunaíodh an eagraíocht an chéad lá riamh? Bunaíodh í de bharr riachtanais earnálacha na Gaeltachta agus na Gaelscolaíochta, maidir le téacsleabhair, seirbhísí taca, oiliúint múinteoirí, etc 4.
i gcoláiste oilúna in a training college
" Cuirimid béim fé leith (i) ar chúrsaí a chabhraíonn le daoine a chaitheann agallaimh nó scrúduithe cainte (sa scoil, i gcomhair poist nó i gcomhair áite i gcoláiste oilúna srl.
i gcoláiste oilúna in a training college
" Cuirimid béim fé leith (i) ar chúrsaí a chabhraíonn le daoine a chaitheann agallaimh nó scrúduithe cainte (sa scoil, i gcomhair poist nó i gcomhair áite i gcoláiste oilúna srl.
cheardlanna oiliúna training workshops
" (f) Chun seans a thabhairt do dhaoine a dtallann agus a gcruthaitheacht féin a aimsiú agus a fhorbairt agus seans a thabhairt dóibh cur lena gcuid scileanna trí cheardlanna oiliúna a eagrú dóibh, sa gcaoi is go mbeidh seans níos fearr acu obair fhiúntach a fháil sa gceantar.
oiliúint san aistriúchán training in translation
" Le cúig bliana anuas tá Europus Teoranta, atá lonnaithe i gConamara, ag cur oiliúint san aistriúchán ar fáil, mar aon le seirbhísí aistriúcháin agus comhairleoireachta teanga a thairiscint.
Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna the Higher Education and Training Awards Council
" Is í Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna, nó HETAC, a dhéanann faomhadh ar dhámhachtainí ITGME agus, ar ndóigh, tugtar lánaird ar cheanglais Fhorógra Bologna chun na dámhachtainí ar fad a bhronntar bheith ag teacht leis na caighdeáin Eorpacha.
oiliúint ghairmiúil agus teoiric acadúil professional training and academic theory
" Is í an chéim Máistreacht san Eolaíocht an cháilíocht a aithnítear ar fud an domhain in aon réimse tionscail mar an chéim a nascann oiliúint ghairmiúil agus teoiric acadúil.
Oiliúint Teanga Oiriúnaithe i Seirbhís Custaiméara Tailored Language Training in Customer Service
" Ar an 6 Deireadh Fómhair, déanfaidh an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, TD, tionscadal eile d’ár gcuid, Oiliúint Teanga Oiriúnaithe i Seirbhís Custaiméara, a sheoladh.
oiliúint training
" Ar an 6 Deireadh Fómhair, déanfaidh an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, TD, tionscadal eile d’ár gcuid, oiliúint Teanga Oiriúnaithe i Seirbhís Custaiméara, a sheoladh.
oiliúint san aistriúchán training in translation
" Le cúig bliana anuas tá Europus Teoranta, atá lonnaithe i gConamara, ag cur oiliúint san aistriúchán ar fáil, mar aon le seirbhísí aistriúcháin agus comhairleoireachta teanga a thairiscint.
Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna the Higher Education and Training Awards Council
" Is í Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna, nó HETAC, a dhéanann faomhadh ar dhámhachtainí ITGME agus, ar ndóigh, tugtar lánaird ar cheanglais Fhorógra Bologna chun na dámhachtainí ar fad a bhronntar bheith ag teacht leis na caighdeáin Eorpacha.
oiliúint ghairmiúil agus teoiric acadúil professional training and academic theory
" Is í an chéim Máistreacht san Eolaíocht an cháilíocht a aithnítear ar fud an domhain in aon réimse tionscail mar an chéim a nascann oiliúint ghairmiúil agus teoiric acadúil.
cúrsa oiliúna training course
" Ina dhiaidh sin rinne mé cúrsa oiliúna ar obair theilifíse i mBéal Feirste.
Oiliúint Teanga Oiriúnaithe i Seirbhís Custaiméara Tailored Language Training in Customer Service
" Ar an 6 Deireadh Fómhair, déanfaidh an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, TD, tionscadal eile d’ár gcuid, Oiliúint Teanga Oiriúnaithe i Seirbhís Custaiméara, a sheoladh.
oiliúint training
" Ar an 6 Deireadh Fómhair, déanfaidh an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, TD, tionscadal eile d’ár gcuid, oiliúint Teanga Oiriúnaithe i Seirbhís Custaiméara, a sheoladh.
chúrsa oiliúna na gcéimithe graduate training course
" “Bhí mé ag obair le hAIB ar feadh deich mí agus fuair mé taithí an-mhaith ag plé le hiasachtaí corparáideacha agus tugadh deis dom dul ar chúrsa oiliúna na gcéimithe, ach thuig mé nach raibh mé ag baint mórán sásaimh as an obair.
oiliúint training
" Is moladh réasúnta é sin a fhad is go gcinnteofar go dtabharfar an oiliúint agus an tacaíocht chuí d’achan mhúinteoir.
chúrsaí oiliúna training courses
" Cuirtear an fhoireann ar chúrsaí oiliúna ó am go ham le cumas iomlán an chomhlachta a fhorbairt agus (a fheabhsú).
oiliúint training
" oiliúint ======= Déanann an MRHPU iarracht fadhbanna a réiteach sula dtéann siad os comhair na cúirte.
chúrsaí oiliúna training courses
" Cuirtear an fhoireann ar chúrsaí oiliúna ó am go ham le cumas iomlán an chomhlachta a fhorbairt agus (a fheabhsú).
coláistí oiliúna training colleges
" Ceist eile an mbeidh sé de mhisneach aici gníomhú agus an bhfaighidh sí an tacaíocht agus an cead leis sin a dhéanamh? Tá atheagar agus leasú iomlán de dhíth - ó na coláistí oiliúna anuas agus ó na naíonraí aníos.
deirí seachtaine oiliúna training weekends
" Is féidir linn bheith amuigh ag bunú clubanna óige, ag déanamh béaltrialacha le haghaidh na bhfáinní óir agus airgid, ag eagrú imeachtaí ar nós Chath na mBannaí agus deirí seachtaine oiliúna.
traenáil na gcraoltóirí nua the training of the new broadcasters
" Bímid ar fad ag plé le traenáil na gcraoltóirí nua.
cuidiú, oiliúint agus treoir help, training and guidance
" Tá sé ríthábhachtach gan neamhaird a thabhairt ar na cinn a bheas mí-éifeachtach ach cuidiú, oiliúint agus treoir a chur ar fáil dóibh agus teacht i dtír ar a ndíograis maidir leis an teanga.
ag traenáil dá gceird training for their trade
" Chuir Rialtas na hÉireann maoiniú ar fáil don Basotho Pony Association agus chaith roinnt de na treoraithe i Malealea am in Éirinn ag traenáil dá gceird.
a úsáidtear mar shraithchomórtais traenála which are used as training leagues
" Leibhéal AAA, atá gar go maith do na *Major Leagues*; AA, a fheictear i gcathracha réigiúnda agus a athraíonn a fhoirne go minic; agus A, a úsáidtear mar shraithchomórtais traenála.
á dtraenáil le haghaidh na teilifíse training them for television
" Ansin, chomh maith céanna, bíonn sé ag obair leis na láithreoirí in RTÉ, á dtraenáil le haghaidh na teilifíse.
ag cur ar chumas na múinteoirí atá á n-oiliúint acu enabling the teachers that they are training
" Tá sé mar dhualgas ar an stát é sin a dhéanamh ach tá deacracht ann: Níl aon cheann de na coláistí oiliúna ag cur ar chumas na múinteoirí atá á n-oiliúint acu teagasc gan stró trí mheán na Gaeilge.
Acadamh Traenála Training Academy
" Comórtas sacair atá i gceist – bhí Peel an-tógtha le Liverpool FC – agus tarlaíonn sé in Acadamh Traenála LFC.
de shíor i mbun traenála. forever training.
" Ar aon nós, clár an-taitneamhach a bhí ann agus bhí sé go deas a fhoghlaim go bhfuil na deartháireacha seo daonna agus spraíúil agus go bhfuil taobh eile ag baint leo seachas an taobh a bhí feicthe againn roimhe seo, is é sin gur cineál róbait spóirt iad a bhíonn dáiríre i gcónaí agus de shíor i mbun traenála.
ó thaobh na traenála as regards training
" Traenáil chrua san AstráilBhí an difríocht idir an cluiche gairmiúil Astrálach agus na cluichí Gaelacha ó thaobh na traenála le tuiscint go soiléir freisin.
i lár a gcuid traenála in the middle of their training
" Maidir leis an gcluiche féin, bhí sé sách maith don ócáid, ag cur san áireamh gurbh é an chéad chluiche “ceart” den bhliain úr ag na foirne a bhí i lár a gcuid traenála le haghaidh cluichí móra an tsamhraidh.
oiliúint training
" “Ina dhiaidh sin, mar dhuine a bhí ina chónaí i Wisconsin, mheas mé gur cheart dom oiliúint a fháil san institiúid ardcháile seo ina raibh roinn staire iontach.
cúig choláiste oiliúna five training colleges
"cúig choláiste oiliúna do mhúinteoirí bunscoile sa Phoblacht: Coláiste Phádraig, Droim Conrach; Coláiste Mhuire, Marino; Coláiste Frobel, an Charraig Dhubh; Coláiste Eaglais na hÉireann, Ráth Maoinis agus Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach.
oiliúint mhaith good training
" Tá siad ar fad ag déanamh a ndícheall, gan dabht, oiliúint mhaith a chur ar fáil i ngach réimse den churaclam, teagasc na Gaeilge san áireamh.
speisialtóireacht agus oiliúint níos doimhne specialisation and a deeper kind of training
"speisialtóireacht agus oiliúint níos doimhne ag teastáil i ngach réimse den oideachas anois agus ní heisceacht ar bith í an Ghaeilge.
tiomanta don Ghaeilge tar na hoiliúna. committed to the Irish language after their training.
" Ba cheart oiliúint a chur orthu maidir leis na riachtanais speisialta atá i gceist agus dara teanga á teagasc agus, níos tábhachtaí ná sin, iad a spreagadh chun a chinntiú go mbeadh siad tiomanta don Ghaeilge tar na hoiliúna.
ar nós cuma liom maidir le traenáil, indifferent when it came to training,
" Bhí sé de cháil ar chuid de na himreoirí a bheith ar nós cuma liom maidir le traenáil, ach ar laethanta áirithe ní raibh a sárú ann.
a chuid oiliúna his training
" Is garmhac é de sheanmháistir na síceolaíochta Sigmund Freud agus, cé gur saolaíodh i mBeirlín i 1922 é, bhog an teaghlach go Londain i 1933 mar gheall ar bhagairt an Naitsíochais, agus is i Sasana a fuair sé a chuid oiliúna agus a bhfuil cónaí air go fóill.
oiliúint training
" Is féidir an oiliúint a fháil, ach níl an t-iomas ag gach duine.
chuig an ionad traenála to the training centre
" Ag deireadh an chluiche tháinig siad trasna chugainn, ag lorg ceada chun Liam a thabhairt chuig an ionad traenála atá acu.
an t-ionad traenála sóisearach the junior training centre
" Téann siad go dtí an t-ionad traenála sóisearach ar feadh uair an chloig gach seachtain anois agus má éiríonn leo ansin leanfaidh siad ar aghaidh go dtí an tAcadamh.
oiliúint bhreise extra training
" Bhí baint ag Arsenal leis an tsraith seo agus fuair na buachaillí oiliúint bhreise ag Highbury dá bharr.
cúrsa nua oiliúna a new training course
" Tá Europus Teoranta, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta, i ndiaidh cúrsa nua oiliúna a fhógairt a bheidh dírithe ar riarthóirí, ar chúntóirí agus ar rúnaithe agus a mbeidh an Ghaeilge mar an phríomhtheanga ann.
ardoiliúint high level of training
" Tá éileamh mór ar riarthóirí, ar chúntóirí agus ar rúnaithe a mbeidh ardoiliúint orthu agus arb í an Ghaeilge a bpríomhtheanga.
oiliúint mhaith good training
" Ní thógann Europus níos mó ná cúig dhuine dhéag ar a gcuid cúrsaí lena chinntiú go gcuirtear oiliúint mhaith ar gach rannpháirtí agus go mbainfidh siad oiread agus is féidir as an gcúrsa.
seisiún traenála training session
" Cinnte, bhíodar ní ba ghalánta agus níb ardnósaí! **Céad bhlas den rugbaí**Ar cheann de na céad laethanta, d’fhógair an Bráthair Thomas go mbeadh seisiún traenála rugbaí tar éis scoile gach Luan agus go mbeadh cluiche gach Céadaoin agus gach Satharn - bhíodh ranganna maidine ar siúl ar an Satharn ag an am.
ó thraenáil sacair from soccer training
" Is é seo an áit ar scaoileadh leis an bhuachaill aon bhliain déag d'aois agus é ag siúl abhaile ó thraenáil sacair ag 7.
an coláiste oiliúna the training college
" ” Tar éis na hArdteiste, chuaigh Liam ar aghaidh go Coláiste Phádraig, an coláiste oiliúna i mBaile Átha Cliath do mhúinteoirí bunscoile agus, cé nach scoláire mór a bhí ann, dar leis féin, d’éirigh leis an chéim a bhaint amach agus post a fháil láithreach ag múineadh i nGaelscoil, Scoil Lorcáin i mBaile na Manach i ndeisceart na cathrach céanna sin.
oiliúint training
" Tá an oiliúint seo suimiúil agus, ar ndóigh, bíonn sé úsáideach fosta má tharlaíonn timpiste.
oiliúint training
" * Cloisim an dóigh a ndeachaigh an oiliúint a fuair sí ó thaobh an cheoil chlasaicigh de chun sochair di – tá sé le sonrú sa chomhcheol agus i struchtúr an cheoil é féin.
an coláiste oiliúna the training college
" ” I ndiaidh na scoile chaith Carrie trí bliana i gColáiste Phádraig, an coláiste oiliúna i mBaile Átha Cliath do mhúinteoirí bunscoile.
Roghnaíodh painéal traenála a training panel was selected
" Roghnaíodh painéal traenála ag tús na bliana tar éis gur eagraíodh roinnt cluichí trialacha.
traenáil i ndoineann agus i soineann. training in hail and shine.
" Agus bainisteoir, captaen, cathaoirleach nó roghnóir ag labhairt ag seisiún traenála roimh chluiche mór, d’úsáidtí tagairtí a thuigfeadh gach duine: rudaí faoin ngeansaí, faoin bparóiste agus faoin traenáil i ndoineann agus i soineann.