Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
hidirbheartaíocht transact, canvass
" Cad chuige an t-airgead agus cén fáth nár déanadh iarratas i scríbhinn ar a shon? An bhfuil bealach ar fáil don Seanadóir Ó Murchú le hidirbheartaíocht a dhéanamh lena chuid comhleacaithe i bhFianna Fáil seachas dul tríd na gnáthrúibricí? Cén dóigh a bheidh a fhios ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta go bhfuiltear ag fáil luach a gcuid airgid ón mhéid a tugadh do Chomhaltas Ceoltóirí Éireann nuair nár leagadh aon phlean foirmeáilte os a gcomhair roimh Cáinaisnéis 2009? Cén chumhacht draíochtúil atá ag an Ard-Stiúrthóir nuair a d’éirigh leis 60 oiread airgead ná mar a bhí á lorg aige a chrú as an Roinn fad is a bhí faobhar á chur ar an chorrán? Is cinnte go mbeadh suim faoi leith ag Údarás na Gaeltachta i bhfreagra na ceiste sin.
idirbheartaíocht transacting
" Tá sláinte agus oideachas na saoránach faoina chúram; caomhnaíonn an stát bunchearta an duine; déanann idirbheartaíocht ar aontais idirnáisiúnta, stiúrann agus spreagann sé an geilleagar náisiúnta, agus leis an fhírinne a dhéanamh, níl ról lárnach ag an stát féin ann mar ghníomhaí geilleagair.