Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
traochta exhausted
" Is minic agus mé tuirseach traochta tar éis seachtain fhada dhian oibre go dtugaim cuairt orthu le strus agus frustrachas na seachtaine a chur díom.
tugtha traochta totally exhausted
" Nuair a tháinig siad ar ais as Meiriceá ag tús mhí na Nollag, deir Colm go raibh siad tugtha traochta.
traochta tired
" Deirtear go minic go bhfuil an ealaín chomhghnásach traochta agus marbhánta, i ndáiríre nach bhfuil mórán rudaí ann nár déanadh cheana féin.
traochta exhausted
" D'imigh muid abhaile agus muid traochta.
tugtha traochta worn out
" Fuair sí bás ar ghlúin a máthar agus ní raibh a fhios ag an bhean bhocht, a bhí tugtha traochta i ndiaidh oícheanta gan chodladh a chaitheamh ag faire go himníoch ar an pháiste, go raibh sí caillte.
traochta exhausted
" Nuair a bhíomar traochta den gcaibidil ar fad faoin nGaeilge, do thóg Barra bosca ceoil mór groí amach agus thug sé cúpla port dúinn ar a shuaimhneas … Ard-oíche cuideachtan agus níorbh í a haon í i dtigh seo na nDonnabhánach, ar chosúla ar uairibh é le stáisiún traenach ná tigh muintire, mar go mbíodh an oiread sin daoine ag tarraingt ar an dtigh.
traochta exhausted
" An rud a chuir iontas orm ná go raibh aoibh mhaith ar Adams nuair a bhí an pobal i gcoitinne traochta, buartha, gruama.
tuirseach traochta exhausted
" Bhí mé tuirseach traochta agus mé ag filleadh ar an mbrú ach b'fhiú go mór é.
tuirseach traochta completely exhausted
" Cibé céard a tharlós san Iaráic, is léir go bhfuil arm Mheiriceá tuirseach traochta ag troid sa tír sin agus nach féidir leanacht ar aghaidh leis an méid sin saighdiúirí ann, go háirithe nuair atá freagrachtaí eile orthu timpeall an domhain.
traochta exhausted
" Obair mhór! An éiríonn tú tuirseach di riamh? SMP: Bhí obair mhór i gceist in 2004 agus bhí mé traochta amach is amach! Bhí briseadh na Nollag ag teastáil go géar.
traochta exhausted
" Is minic ag an am seo den bhliain, agus muid traochta i ndiaidh rírá na Nollag, go mbíonn sé go deas éalú ó dhuairceas an gheimhridh agus briseadh beag a thógáil i gceann de mhórchathracha niamhracha na hEorpa.
traochta exhausted
" Agus mé ar mo bhealach abhaile, traochta, fliuch—bhí báisteach ann—agus ocras orm freisin, stop póilín ar ghluaisrothar mé.
go fir thuirseacha thraochta, to tired worn-out men,
" D’athraigh baill an bhanna ó fhir óga fhuinniúla fhiáine, go fir thuirseacha thraochta, bréan den ghnó agus den cheol.
traochta exhausted
" Bhí mé traochta nuair a bhain mé an barr amach.
traochta agus díscithe. exhausted and dried up.
" Bíonn tionchar na beorach agus an *gluwein* le brath go gasta cionn is go mbíonn tú chomh traochta agus díscithe.
tugtha traochta. totally exhausted.
" An phríomhchúis, de réir dealraimh, ar éirigh sí as an obair theilifíse ná go raibh sí tugtha traochta.
traochta wrecked tired
" Ní mhothainn an t-am ag dul thart go dtí go dtagadh a cúig a chlog agus ansin, bhínn ar mo bhealach chun an bhaile go dtí an t-árasán le buidéal Rosé a shlogadh siar láithreach – bhínn traochta tar éis a bheith ag damhsa i rith an lae.
traochta exhausted, worn out
" Nuair a bhínn ag imirt ana-chuid sacair ní raibh aon ní níos fearr le mo chorp traochta a chneasú tar éis cluiche crua ná folcadán, lán go béal le uisce deargthe, a ghlacadh.
thraochadh to exhaust
" Anuas ar sin, glacfaidh sé dhá bhliain na madraí a thraenáil leis na coiníní a thraochadh gan a bheith ag cur isteach ar ainmhithe dúchais na háite.
traochta exhausted
" Ní chun tairbhe na tíre a bheadh sé ár gcuid airí rialtais a bheith tuirseach, traochta agus iad i mbun dualgais stáit.
traochta exhausted
" Gan rud ar bith ceannaithe againn, agus muid traochta, d'imíomar ar thraein go dtí chathair Mhinneapolis.
níos traochta more exhausted
" Tá muid cinnte go bhfágfadh cluiche iománaíochta duine níos traochta ná an rothaíocht ar fad a rinne muidne.
traochta exhausted
" Bhíomar traochta, agus níos measa fós, ní raibh le feiceáil ach Baltimore na Sreinge agus muid ag déanamh bealaigh isteach sa chathair.
traochta exhausted
" Ní haon rún d'éinne go bhfuil pobal an domhain thiar traochta faoi seo.
traochta exhausted
" Is dráma gearr atá ann, uair go leith, agus seans go rithfidh sé gan aon bhriseadh ach tá go leor i gceist agus bíonn tú traochta mar sin ag deireadh an lae.
bhíos tuirseach traochta I was exhausted
" Ach fiú leis na sosanna uisce, bhíos tuirseach traochta, agus bhí mé ag mothú níos laige le himeacht ama.
traochta exhausted
" Agus fórsaí an stáit traochta, don chéad uair ó tháinig an chríochdheighilt isteach, imscaradh saighdiúirí Shasana ar shráideanna na Sé Chontae agus tháinig ciúnas bhagarthach go malltriallach ar Dhoire.
Argóint thraochta a worn out argument
" Argóint thraochta na bpolaiteoirí is na meán, dar le Tarantino.
Bhí cuma an-traochta, spíonta air he looked really tired and exhausted
" Bhí cuma an-traochta, spíonta air agus é ag siúl den pháirc tar éis cluiche fíochmhar eile idir Éirinn agus an Fhrainc an mhí seo caite.
Bhímis tuirseach, traochta we used to be tired, exhausted
" Bhímis tuirseach, traochta ag deireadh an lae ach sona, sásta agus ag tnúth le lá mór eile i mbun spóirt an lá dár gcionn.