Ach cá bhfágfadh an socrú nua an eagraíocht trasteorann, Foras na Gaeilge? Bhí formhór acu siúd a labhair ag na cruinnithe den choiste den tuairim go raibh gá le soiléiriú sa straitéis maidir le ról an Údaráis nua agus ról an Fhorais ar fhaitíos go mbeadh trasnaíl, nó ‘dúbláil’, i gceist.
Glacadh go forleathan leis gur theastaigh atheagar ó na heagraíochtaí Gaeilge a bhí ag maireachtáil ag airgead an stáit: cuid acu ag trasnaíl a chéile nó ag treabhadh leo sa ngort céanna, gan mórán torthaí le feiceáil ar a gcuid oibre.