Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
treise the intensity
" Cheistigh mé cúpla duine tar éis na heachtra le feicéail ar tharla aon rud suntasach i mBoston féin a mhíneodh treise racht feirge na mban meanaósta.
ag dul i dtreise getting stronger
" Na hagóidí móra seo i gcoinne an Aontais, i gcoinne *globalisation*, atá ag dul i dtreise i gcónaí, tugann siad sin le fios cad atá síos an bóthar don tír seo.
Is treise dúchas ná oiliúint instinct is stronger than upbringing
ag dul i dtreise getting stronger
" Braithimíd gur ag dul i dtreise a bheidh na ceangail seo sa bhfáistine.
ag dul i dtreise getting stronger
" Cad é mar thiocfadh lena mhalairt bheith fior? An nimh i lár an UUP, dul in aois an SDLP agus an dá pháirtí fhuinniúla, Sinn Féin - an t-aon pháirtí amháin a thugann tacaíocht do Chomhaontú Aoine an Chéasta ar éirigh go maith leis - agus an DUP ag dul i dtreise i rith an ama, ach nach labharfaidh siad lena chéile.
is treise muid we're stronger
" Ach, os a choinne sin, is treise muid ó thaobh oideachais agus neamhspleáchais phearsanta.
ag dul i dtreise getting stronger
" Tá cumhacht na *mullah *ag dul i dtreise sa tír dá bharr.
ag dul i dtreise getting stronger
" Feictear do dhaoine go bhfuil an córas Gaelscolaíochta ag dul i dtreise agus na scoileanna Gaeltachta ag imeacht mar an sneachta san earrach.
ba threise fós stronger still
" Ní háibhéil a rá gur bheag nár bhris an gol ar an mbean óg agus ba threise fós a lean sí uirthi ag iarraidh míniú a ríthábhachtaí a bhí an duine seo i ndáiríre.
ba threise fós stronger still
" Ní háibhéil a rá gur bheag nár bhris an gol ar an mbean óg agus ba threise fós a lean sí uirthi ag iarraidh míniú a ríthábhachtaí a bhí an duine seo i ndáiríre.
níos treise, níos suntasaí stronger, more prominent
" Is í an mhórsprioc atá againn ná go mbeidh an Ghaeilge níos láidre, níos treise, níos suntasaí ag na leibhéil éagsúla.
tógáil ar an mbunchloch is treise to build on the strongest foundation stone
" AÓF: Dá mbeadh ort fís Oidhreacht an Chláir a mhíniú in aon abairt amháin, céard a déarfá? DdeB: Táimid ag iarraidh tógáil ar an mbunchloch is treise atá ag Contae an Chláir - an cultúr.
an prionsabal is treise atá anois á dtiomáint the strongest principle driving them
" Na drochlaethanta thart? Ach cad é an t-ainmhí seo Fianna Fáil atá fós i gcumhacht, ceithre scór bliain ar aghaidh? Sé an “populism”, nó, ‘an ghnaíúlacht”, an prionsabal is treise atá anois á dtiomáint.
ag éirí ní ba threise getting stronger
" Lena cois sin, d'éirigh go maith le coilíneachtaí Shasana de réir mar a d'éirigh leis an máthairthír san Eoraip, agus i nDomhnach bhí Sasana ag éirí ní ba threise sa mbaile.
treise nádúrtha natural strength
" Murab ionann agus na himreoirí sin, bhí Mick óg agus bhí treise nádúrtha aige, agus dearcadh ar nós cuma liom aige i leith na n-ócáidí móra.
ag dul i dtreise growing stronger
" Maíonn na náisiúnaithe gurb í Alba an t-aon tír riamh a d’éirigh níos boichte i ndiaidh d’ola a bheith faighte inti! Ach maireann an bharúil i Sasana go bhfuil Alba ag dul i dtreise trí theacht i dtír ar a seanchéile comhraic agus gur beag a mbuíochas, ach a mhalairt.
an t-iarrthóir is treise. the strongest candidate
" Maidir leis an mbeirt seo, níl dabht ach gurb é Huckabee an t-iarrthóir is treise.
Treise leo fair play to them, well done
níos treise stronger
" Theastaigh obair an Údaráis a roinnt idir cúrsaí teanga sa Ghaeltacht agus cruthú fostaíochta, le béim níos treise ar an bpríomhchúram faoin Acht atá ar an Údarás: an Ghaeilge a chaomhnú is a leathnú sa Ghaeltacht mar ghnáth-theanga an phobail sna ceantair Ghaeltachta.
Is treise all the stronger
" Is treise tionchar an aisteora scáileáin dá thréshoillsí is dá eisiach é, no í.
Treise leo fair play to them
" Treise leo siúd a chuir an Ghaeilg ar aghaidh, ar an scáileán agus i lár an aonaigh ina saol féin agus a chuir isteach i mo shaol féin chomh maith í.
treise stronger
" Is treise i bhfad anois stádas an cháis sin mar thoradh ar athdhearbhú d'aon ghuth a bheith déanta ag cúig bhreitheamh - agus an Príomhbhreitheamh agus Uachtarán na hArd-Chúirte ina measc.
treise leo fair play to them
" Tá a fhios ag Dia a bhfuil déanta acu le glúin agus le leath glúine anuas agus treise leo.
ba threise go mór é it was a lot stronger
" Cuimhnímis gur chinneadh rialtais a bhí sa Phlean Chaipitil úd agus ba threise go mór é ná moltaí na dréachtstraitéise.
dtreise strength
" Chuaigh an manachas i dtreise go mór le linn na tréimhse seo agus bhíodh na manaigh mar eiseamlairí ag na sagairt.
treise i bhfad a lot stronger
" Síleann sé gur treise i bhfad an gníomh neamhfhoréigin, mar a léirigh Nelson Mandela agus Martin Luther King, an neamhfhoréigean atá bunaithe ar chomhthuiscint agus ar idir-réiteach.
ba threise strongest
" Toghadh go leor a raibh tuairimí láidre acu i dtaobh cúrsaí clé-deas, agus ba é Scott Mac an tSiùlaich, an rialtóir nua, an duine ba threise díobh.
gur treise beart ná focal that deeds speak louder than words
" Páirc an Chrócaigh ========== Más fíor gur treise beart ná focal, agus creidim gur fíor, labhair na bearta beaga le líofacht láidir.
Is treise go mór fada is stronger by far
" Is treise go mór fada an tOireachtas ar ndóigh ach tá gnéithe de shaíocht na Gaeilge, an amhránaíocht, an fhilíocht, an léann srl.
beidh an seanphort níos treise ná riamh the oft sung tune shall hold sway more than ever
" Agus gan amhras ar bith beidh an seanphort níos treise ná riamh, ’sé sin, nach dtig linn acmhainní a chur ar fáil fá choinne teangacha eachtrannacha fad is atáimid á gcur amú ar an Ghaeilge.
gur treise cleite ná claíomh the pen is mightier than the sword
" Is minic ráite gur treise cleite ná claíomh.
Más beag an leid, is treise a thionchar least is best
" Más beag an leid, is treise a thionchar; dá lú an nod, is mó den mbrí is den dtuiscint a thagann trasna.
an tréith is treise ann his strongest trait
" Anois, ní iarrann Markus faic ach a cairdeas uirthi; éisteann sé léi, ní hionann is éisteacht leis féin; tá sé ann de shíor di, seachas dó féin; níl oiread agus smut den mustar ag roinnt leis; is fíordhuine álainn macánta é; agus, b’fhéidir an tréith is treise ann, tá sé iomlan dall ar a bhuanna féin.
an reacaireacht is treise Gaeilge the strongest delivery of Irish
" Baile an Droichid ======== **SMM: Dar liom, is é Baile an Droichid le Joe Steve an reacaireacht is treise Gaeilge ar domhan ar aon mheán raidió, físe nó leabhair ó ré Mháirtín Uí Chadhain anuas.
treise léi fair play to her
" Dhá lá chinniúnacha i saol Katie Nic an Táilliúra, treise léi.
Is treise an Dlí Canónta Canon Law is uppermost
" Is treise an Dlí Canónta, agus araile.
is treise a théann i gcionn orainn who affect us the most
" ! Ó, a thiarcais! I ndeireadh báire, ’siad na marthanóirí is treise a théann i gcionn orainn.
Treise leo fair play to them
Is treise stronger
" Is treise ‘Lincoln’ ina pháirteanna seachas ina iomlán.
san áit is treise a bhí sí tráth where it was once strongest
" Léiríonn an scéal seo an chaoi ar theip ar an Phápa Benedict XVI (agus ar Eoin Pól II roimhe sin) an Eaglais a athnuachan san áit is treise a bhí sí tráth, an Eoraip.
Treise libh more power to you
is cosúil gur treise i bhfad an dúil atá againn san olléagsúlacht our desire for the great variety is stronger
" Ach is cosúil gur treise i bhfad an dúil atá againn san olléagsúlacht agus san fhaisean úrnua ná an trua atá againn don oibrí eachtrannach.
go háirithe agus an foréigean ag dul i dtreise particularly while violence was increasing
" Na háiseanna coiriúla a bhí oiriúnach do na cimí sin a rangaíodh mar chimí “Chatagóir A” , bhíodar thar a beith teoranta agus roimh i bhfad tháinig méadú suntasach ar an teannas a bhí le brath sna carcracha Briotanacha, go háirithe agus an foréigean ag dul i dtreise i dTuaisceart Éireann agus sa saol lasmuigh.
Is treise an strus mothálach the burden of sensitivity is all the more potent
"Is treise an strus mothálach a chuirtear ar chroí Nóra mar sin, nach ceadaithe di, de réir riail na heaglaise, guí ar son na bpáistí a bhásaigh go hanabaí uirthi’.
tá treise ag an bpáiste the child has a strength greater
" Bunaíodh Tinder ar smaoineamh na seanáise Grindr ach tá treise ag an bpáiste nach raibh ag a athair, más ea: ceanglaíonn an áis nua do chuntas Tinder le do chuntas Facebook agus nuair a fhéachann tú ar phróifíl duine éigin eile ar Tinder, taispeánann sé duit má tá comhchairde eadraibh ar Facebook.
nuair ba threise seilbh ná páipéar when possession was stronger than ownership
" Dlí na nImeallchríocha, déarfainn - sna laethanta buile sin nuair ba threise seilbh ná páipéar.
Is i dtreise a bheas shall be gaining strength
" Is i dtreise a bheas an tsíocóis chéanna ag dul sna blianta beaga amach romhainn ó tharla go bhfuil an troika curtha de dhroim seoil againn agus go bhfuil muid ar tí comóradh a dhéanamh ar Éirí Amach na Cásca.
is treise an t-uaigneas the loniliness is more intense
" Ar chúis éigin is treise an t-uaigneas nuair a chailltear Éireannaigh ar deoraíocht.
d’ainneoin a threise despite how strongly
" An dream nach n-áiríonn an leathchúige eile mar chuid den tír seo, Éire, is iad is mó nach bhfeiceann cé as a dtáinig an vóta ard do Shinn Féin, d’ainneoin a threise is atá roinnt daoine ina n-éadan sa dá stát.
Is Treise Dúchas, ach is Gá Oiliúint nature is stronger, but nurture is necessary
" Is Treise Dúchas, ach is Gá Oiliúint =========== Ach níos tábhachtaí ná na tosca thuasluaite ab ea cinneadh a thóg Aontacht Gailf na hÉireann (GUI) thart ar scór blianta ó shin struchtúir a chur ar bun a chuirfeadh ar chumas daoine óga caighdeán ard i scileanna an ghailf a bhaint amach.
gur treise an dúchas ná an oiliúint nature is stronger than nurture
" Cé go ndeir an seanfhocal gur treise an dúchas ná an oiliúint, creideann roinnt tráchtairí ar chúrsaí spóirt gur féidir níos mó dochair na maitheasa a dhéanamh nuair a théann an oiliúint thar fóir.
Treise leis more power to him
"Treise leis’ a deir Brian, agus gach cosúlacht ar an scéal go mbainfidh Obama an sotal agus an mí-iompar de na comhlachtaí árachais sláinte.