Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
pionós níos troime a heavier penalty
" Anuas ar sin, más amhlaidh go ndéantar na rialacha a athrú i gcas ábhair a bhaineann le leas an phobail, tá argóint mhaith ann ar son pionós níos troime a ghearradh ar chlúmhilleadh nach mbaineann le leas an phobail.
cloch níos troime a stone heavier
" Ní hamháin go bhfuil cíocha ag éirí níos mó ach tá coimeanna ag at chomh maith - tá fir agus mná na hÉireann cloch níos troime ar an mheán anois thar mar a bhí deich mbliana ó shin.
ceann de na cúraimí is troime one of the heaviest responsibilities
" ” Cuma réchúiseach ======= Ní cheapfá le breathnú air gur ar Sheán Ó Cuirreáin atá ceann de na cúraimí is troime i saol na Gaeilge.
níos troime ar na scamhóga harder on the lungs
" Tá sí níos troime ar na scamhóga freisin, mar sin ní féidir aistriú ón bhfeadóg stáin go dtí an fheadóg mhór d’aon gheábh amháin – tá cleachtadh agus foighid ag teastáil.
is troime agus is casta the heaviest and most complicated
" Tá ceol sa Taisce a dtugaim ceol fíor-eitneach air, ceol a bhfuil sé doiligh éisteacht leis, an chuid is troime agus is casta den sean-nós, ach tá ceol le Bridie Gallagher ann fosta.
an buille is troime the hardest blow
" Ach gan dabht ar bith is é an dianfheachtas atá ar bun ag na Gardaí le dornán míonna anuas an buille is troime atá faighte ag tionscal na dtithe leanna le fada.
ábhar níos troime heavier material
" “*Something about briathra non-reasonable*?” (38) Agus, níos fearr fós: “Go raibh mac agat, isn’t that it?” (5) Tá blas na fírinne ar na blúirí cúlra sin agus is deas ann iad, tharla go bhfuil ábhar níos troime ar na bioráin ag Heussaff ina scéal lárnach.
níos troime more seriously
" Tá bun morálta an stáit agus an chreidimh, Chríostaíochta nó eile, cúisithe níos troime ag an scéal seo ná a bhí riamh.
is troime heaviest
" Rinne sí urraíocht ar bhille i mbliana a chuir na smachtbhannaí geilleagair is troime fós ar an bPoblacht Ioslamach.
ag luí níos troime ar falling more heavily on
" Beidh na giorruithe agus na cánacha breise ag luí níos troime ar na daoine a vótáil don Lucht Oibre an uair seo agus bainfidh siad díoltas amach.
ag luí níos troime ar falling more heavily on
" Beidh na giorruithe agus na cánacha breise ag luí níos troime ar na daoine a vótáil don Lucht Oibre an uair seo agus bainfidh siad díoltas amach.
an chuid is troime most
" Ach tharla an chuid is troime den obair sin sna chéad bhlianta i ndiaidh bhunadh an stáit.
nuair a thiocfas an crú níos troime ar an tairne when matters deteriorate
" ” An gcreideann tú go bhfuil Enda Kenny, Brian Hayes, Leo Varadkar agus baill eile an Rialtais in innimh an tír seo a thabhairt slán nuair a thiocfas an crú níos troime ar an tairne amach anseo?** DMFh: Tá mé i mo Theachta Dála le breis is deich mbliana fichead agus chonaic mé géirchéimeanna airgeadais agus dífhostaíochta sna blianta sin agus sílim gur seo an ceann is measa, tharla go bhfuil 460,000 duine dífhostaithe agus daoine óga ag imeacht as an tír.
ualach níos troime a heavier load
" Is cuma cén deireadh a bheidh ar scéal na mbanc agus na mbannaí, beidh ualach níos troime orainn ó thaobh na cánach de.
Mothaím troime I feel a heaviness
" Mothaím troime ag teacht orm, mar a bheadh cumhacht do mo choinneáil i mo shuí sa chathaoir.
na huirlisí troda is troime agus is gránna the heaviest and most gruesome weapons
" Chinn fórsaí al-Assad an t-éirí amach a chur síos trí dul i muinín anmhéid foréigin i gcoinne na gceannairceach, shocraíodar ar na huirlisí troda is troime agus is gránna a úsáid – tá siad ag cur ina luí ar a gcuid naimhde i gcónaí nach mbeadh drogall orthu uirlisí troda ceimiceacha a úsáid ina gcoinne cé gur thug Meiriceá foláireamh láidir dóibh gan a leithéid a dhéanamh.
is troime go mór heavier by far
" Tá comharba Pheadair, coimeádaí eochracha na bhflaitheas, i ndiaidh éirí as a phost mar fhear ionaid Chríost ar an saol seo, agus cé a thógfadh air é, a léitheoirí dílse? Is trom cearc i bhfad, a deirtear, ach is troime go mór cuid deacrachtaí na hEaglaise Caitlicí ar na saolta seo.
níos troime heavier
" Bhí sí níos troime chomh maith – agus níos faide leis.
níos troime ná ba chóir more intense than need be
" Ach é sin ráite, tá cuid mhór pinsinéirí leochaileach agus cuireann na scéalta seo buaireamh intinne orthu atá, uaireanta, níos troime ná ba chóir.