Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
troscadh fast
" Cén dóigh ar féidir a bheith cinnte nach mbeidh caimiléireacht ar siúl maidir le torthaí i scoileanna príobháideacha, nach é an duine a íocfaidh an tsuim is airde a gheobhaidh na torthaí is fearr (mar a tharlaíonn go minic san Iodáil, ar an drochuair)? De bharr gur dhiúltaigh an tAire Moratti bualadh leis na daltaí seo ó scoileanna poiblí na Róimhe, ghlac siad seilbh ar scoil ar feadh cúpla lá agus rinne siad troscadh mar agóid.
troscadh fast
" Tá mo bholg líonta ag an aer, agus tá mé ar tí titim i laige ag an troscadh.
troscadh fasting
" “Tá an ceart ar fad agat, a Bhiffo,” arsa Balor, “ach ná déan dearmad go bhfuil an Carghas ann agus go bhfuil muid in ainm troscadh agus tréanas a dhéanamh.
troscadh fasting
" Níl iontas ar bith go mbeidh gá le hardú mór ar an deontas a fhaigheann Seosamh ó Fhoraois na Gaeilge ar an bhliain seo chugainn, nó ní thiocfadh le duine ar bith tréanas ná troscadh ná féinsmacht féin a chur i leith Laoch na Súile Nimhe agus na Tóna Toirtiúla i dtaca le feoil agus ól.
ba thréimhse throscaidh é it was a time of fasting
" De réir an traidisiúin, ba thréimhse throscaidh é an tréimhse idir Lá Fhéile Mártan ar an 11 Samhain agus an Nollaig.
taobh troscaidh matter of fasting
" Le himeacht aimsire, níor leagadh an bhéim chéanna ar an taobh troscaidh den tréimhse roimh Nollaig, an Aidbhint mar a thugtar air anois, agus thosaigh na margaí Nollag, a bhfuil clú agus cáil orthu go speisialta ar Mhór-Roinn na hEorpa, ag teacht chun cinn.
i mbun troscaidh engaged in a fast
"i mbun troscaidh ná tréanais a bhí Enda, ámh; ná i mbun machnaimh ná marana, faraor; ná i mbun paidreacha buíochais, fiú; ach ag amharc dó amach thar shleasa garbha an tsléibhe dhiaga ar thír na hÉireann a bhí ina luí mar a bheadh stól coise aige agus é ar a ríchathaoir.
troscadh fasting
" Gnéas agus an Eaglais Caitliceach ================ Cé go bhfuil móráltacht na Críostaíochta ceaptha a bheith bunaithe ar Dheich nAithne a thug Moses leis anuas ó Sinai, th’éis troscadh 40 lá a bheith déanta ar an sliabh aige, ceapfá ó thréadlitreacha na nEaspag Caitliceach nach raibh ach peaca mór amháin ann: sásamh de chineál ar bith a bhaint as an gcollaíocht.
a tháinig slán ón ngalar troscaidh who survived anorexia
" Chuir Lorna Ní Thomáin spéis i scéal Simon Metin, fear óg a tháinig slán ón ngalar troscaidh agus atá ag iarraidh cuidiú le daoine óga eile atá i nguais easláinte nó i gcontúirt an bháis féin.