Pota Focal Intergaelic
trót | rot | toot | tot | tríot
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag sodar i ndiaidh trotting after
" Nuair a fheiceann muintir na mbailte móra daoine faoin tuath ar an teilifís ag sodar i ndiaidh lucht na gcótaí dearga agus iad ag marcaíocht go hardnósach trasna na tíre (cosúil le radharc as úrscéal de chuid Thomas Hardy), ní bhíonn mórán suime acu sna fiorfhadhbanna atá le fáil faoin tuath.
ag sodar i ndiaidh George Bush trotting after George Bush
" Cé go raibh Kilfoyle in aghaidh an chogaidh ón tús, agus gur cháin sé Tony Blair go láidir agus an dóigh a raibh sé ag sodar i ndiaidh George Bush, ní raibh sé ag iarraidh pointí polaitiúla a dhéanamh nuair a bhí Ken Bigley i mbaol báis.
ag sodar i ndiaidh na bPoncánach trotting after the Yanks
" Eisean a d'athraigh an nós sin, agus anois tá muintir na hÉireann ag sodar i ndiaidh na bPoncánach lena gcuid *en-suites *agus téitheoirí *patio*.
sodar “asal na dtrí gcos” the trotting of the three-legged donkey
" ” Tuigeann haiceannaí an phreas, mé féin san áireamh, ar ndóigh, muna dtapaíonn iriseoirí stábla an Ridire Uí Raghallaigh gach deis chun caitheamh anuas ar na *Provos*, sodar “asal na dtrí gcos” atá in ann dóibh i dtreo an P45.
ag sodar trotting
" Cé go raibh an Bhreatain go mór i bhfiacha ag na Stáit Aontaithe ag an am sin (ón dara Cogadh Domhanda), dhiúltaigh Wilson Arm na Breataine a sheoladh chuig Vítneam agus ní raibh sé ag sodar i ndiaidh LBJ an dóigh a raibh Blair ag sodar i ndiaidh George W.
ag sodar trotting
" Ní raibh Brendan sásta a bheith ag sodar i ndiaidh na nGall agus le misneach mór, labhair sé amach go láidir ar son na nÉireannach, an grúpa eitneach mionlaigh ba mhó sa Bhreatain.
ag sodar trotting
" Bean fhuar brúite faoi í Mimi, ag sodar de shíor i ndiaidh na bréag-ghalántachta.
shodar trot
" Cé a chonaic ar a chéad shodar a dhearmadfas riamh an t-each folúil sin ‘*Bonnie and Clyde*’? Bhí sé tráthúil gur aimsigh sárshaothar Arthur Penn glúin leanta nua san IFI le deireannas.
sodar trot
" Bhí siad seal ar sodar, seal ar cosa in airde agus seal eile ar coisíocht mhall, síos mala agus suas cnoc, fríd choillte agus ghleanntáin sléibhe, seal ar an N5 agus seal ar an M50, seal go hioscaidí agus seal go hascaillí i dtuairisceoirí polaitiúla ó stáisiúin raidió agus ó stáisiúin teilifíse agus ó stáisiúin de gach sórt agus aicme, fríd fhraoch, cíb dhubh, draighean agus fuinseog.
ar sodar trotting
" Í de shíor ar sodar i ndiaidh a fir óig, go fisiciúil ina lorg nuair is le chéile iad, agus, le fírinne, i marbhshruth a grágheal mná nuair is ina comhluadar siúd atá sí.
ag sodar i ndiaidh trotting after
" Leis an rialtas agus na meáin chumarsáide ag sodar i ndiaidh "a mórgachta" an mbeidh déagóirí na tíre meallta trasna na teorann go dtí an oifig earcaíochta i mBéal Feirste? An cuma le Enda Ó Cionaoith faoi seo? An mbeidh sé i láthair ag na sochraidí?
ag sodar trotting
" Ó nár dheas é, dá mb’fhéidir! Ach cá bhfuil a leithéid d’áit? Ní thig le duine ar bith a chur ina leith riamh go mbíonn Balor an Bhéil Bhinn ag sodar i ndiaidh na n-uaisle, ach, agus é ag iarraidh cinneadh a dhéanamh sa chás seo, smaoinigh sé ar chinn scríbe a bhí – nó a bheas – ag roinnt de mhaithe agus de mhóruaisle na tíre seo agus iad ag dul ar a laethanta saoire i mbliana.
ag sodar trotting
" Tá mí-úsáid cheart á baint as agus tá iarrthóirí ag sodar na gcúlbhealaí agus na gcosán le teacht ar láthair chónaithe na gComhairleoirí.
ag sodar ina dteannta trotting in their company
" Sally Field (Mary Todd Lincoln) ag sodar ina dteannta.
cúig dheireadh seachtaine i ndiaidh a chéile five weekends on the trot
" Bíonn bearnaí rófhada idir cuid de na cluichí faoin gcóras atá ann agus deifir rómhór le cluichí a imirt i gcomhthéacsanna eile – cúig dheireadh seachtaine i ndiaidh a chéile, b’éigean d’iománaithe Átha Cliath dul chun páirce de thoradh dhá chluiche comhscóir, agus gan mí an Mheithimh a bheith thart ach ar éigin! Lá tar éis chluiche úd Luimnigh i gcoinne Thiobraid Árann, thug bainisteoir fhoireann Luimnigh, John Ó hAilín, le fios gur cheap sé sna laethanta roimh an gcluiche go mbuafadh Luimneach.
ag sodar go bog trotting gently
" Deir Putin gurb é mian a chroí é féin agus Panti a bheith ar muin capaill agus iad beirt droimnocht; eisean ar chúl agus Panti chun tosaigh, ag sodar go bog trí mhachairí báite na hÉireann, agus Putin ag cogarnach go ciúin isteach i gcluaisín *Miss Panti*.