Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Más fíor don tairngreacht seo if this prediction is true
" Más fíor don tairngreacht seo, beidh áit lárnach ag WAP sa teicneolaíocht choitianta sa todhchaí.
fíorealaín true art
" Is díospóireacht shuimiúil agus chasta í - an fíorealaín é saothar a chruthaítear go speisialta do chomhlacht idirnaisiúnta le táirge dá chuid a dhíol agus íomhá a chruthú dó? An gcailleann an saothar agus an t-ealaíontóir creidiúint de bharr go bhfuil siad ag tacú le fógraíocht nó an bhfuil an dá thaobh ag baint tairbhe as? D'fhéadfá a rá gurb é Andy Warhol an saineolaí ó thaobh sochar a bhaint as cúrsaí tráchtála lena shaothar féin a chur chun tosaigh.
níos fírinní truer
" Tá cáil dhomhanda ar an saothar seo, agus deir Ó hEadhra go bhfuil an leagan Gaeilge "níos dorcha, níos fírinní agus níos géire ná an bunleagan".
dá mb'fhíor do na líomhaintí thuasluaite if the above accusatons were true
" Dúirt ceannaire an UUP go mbeadh cibé maitheas a chothaigh an dara beart díchoimisiúnaithe curtha ó mhaith dá mb'fhíor do na líomhaintí thuasluaite.
fíor-Ghaeltachtaí true Gaeltacht regions
" Tá daoine ann a deir gur cheart teorainneacha na Gaeltachta a atarraingt sa chaoi nach mbeadh fágtha ach fíor-Ghaeltachtaí, cibé atá i gceist acu leis an téarma sin.
fíor-Phoblachtánaigh true Republicans
" Is fíor-Phoblachtánaigh iad an SDLP agus Fianna Fáil, fíoroidhrí fhealsúnacht Tone a thug iarraidh Caitlicigh, Protastúnaigh agus Easaontóirí a thabhairt le chéile, "chan ionann agus páirtithe eile," dar le Byrne.
fíoroidhrí fhealsúnacht Tone the true heirs of Tone's philosophy
" Is fíor-Phoblachtánaigh iad an SDLP agus Fianna Fáil, fíoroidhrí fhealsúnacht Tone a thug iarraidh Caitlicigh, Protastúnaigh agus Easaontóirí a thabhairt le chéile, "chan ionann agus páirtithe eile," dar le Byrne.
fhíorbhrí true meaning
" Ach ba le club Chumann Lúthchleas Gael Rennes a shil mé an méid ba mhó allais agus a fuair mé tuiscint ar fhíorbhrí an fhocail "ball".
Níl a dhath de sin that's not true
fíorscannail the true scandals
" Ach le ráiteas an Uasail Shaw i m'aigne, níl sé i gceist agam, agus mé ag breathnú siar ar nuacht na bliana, aon aird a thabhairt ar an scliúchas idir Roy Keane agus Mick McCarthy; ina ionad, féachfaidh mé ar na fíorscannail a nochtadh in 2002.
b'fhéidir go dtiocfaidh tuar fá thairngreacht Hay perhaps Hay's prediction will come true
" Má bhíonn sé drámatúil mar ghníomh, b'fhéidir go dtiocfaidh tuar fá thairngreacht Hay.
dílis true
" Ar tharla sé riamh in iarthar Bhéal Feirste gur nocht ball de chuid an RUC a anam do phobal mór náisiúnach? Ainneoin gur carachtar i ndráma é an t-iarphóilín, dearbhaíonn McKeown agus Campbell go bhfuil siad dílis do na barúlacha a fuair siad agus iad ag plé le fíorbhaill den RUC.
amhlaidh true
" Tá an rud céanna amhlaidh i gcás mhuintir na Gaeltachta - tá timpeall 25% a labhraíonn í go laethúil; 30% a mbíonn teagmháil acu léi ó thaobh raidió agus teilifíse de agus a dhéanann cumarsáid inti anois is arís; an chuid eile, ní labhraíonn siad í beag ná mór.
cén dóigh a dtiocfadh lena mhalairt a bheith fíor? how could the opposite be true?
" "I dtaca liom féin de, bhí tionchar mór ag an pholaitíocht ar mo shaol - cén dóigh a dtiocfadh lena mhalairt a bheith fíor? - agus caithfidh mé aghaidh a thabhairt ar cheisteanna polaitiúla, agus iad a phlé fríd an fhilíocht.
a mhalairt atá fíor the opposite is true
" Deir roinnt tráchtairí gur úsáideoirí gan saineolas ríomhaireachta faoi deara na fadhbanna seo ar fad ach a mhalairt atá fíor.
an fhíorshuim the true sum
" De réir cáipéisí oifgiúla de chuid MI5, níor íoc siad ach £10,000 leis ach creidtear an fhíorshuim a bheith i bhfad níos mó ná sin.
d'aoir cheart of true satire
" com) agus is é an t-aon sampla d'aoir cheart atá ar fáil faoi láthair.
an fíorscéal the true story
" an fíorscéal ======= Shíl muid go raibh sé an-ghreannmhar ar dtús, agus d'inis Bruce Scott an fíorscéal do na meáin chumarsáide anseo agus in Éirinn.
fíordhaonlathas true democracy
" In áit taoisigh, uachtaráin, leaschathaoirligh is araile, níl ann ach baill, agus baill an choiste stiúrtha - fíordhaonlathas atá i gceist.
fíor-Ghaeltacht a true Gaeltacht
" Agus, ar ndóigh, is ceist oscailte í, cad is "fíor-Ghaeltacht" ann - beidh gach glúin inár ndiaidh in ann a rian féin a fhágáil ar ár saothar.
Béile fíor-Mheiriceánach a true American meal
" Béile fíor-Mheiriceánach in Kewpee's Diner ((www.
fíorúsáide true usage
" Seo mar a chuireann sí féin é: "Seasann 22 cainteoir as 90 d'úsáid de 24%; mar sin féin, i dtéarmaí fíorúsáide agus gnáthúsáide Béarla sa líonra ar dearnadh staidéar air, is beagnach 35% úsáide atá i gceist agus imríonn sé tionchar mór i bpobal teanga atá chomh beag sin.
a tháinig fán tairngreacht ar ball which later came true
" Lawrence, Ted Hughes, Dylan Thomas, Bob Dylan, Rimbaud, Mallarmé, Ungaretti, an t-aistriúchán, an mhatamaitic, an gréasán domhanda, Bill Gates, John Nash, deirfiúr Neitzsche, Bonnie Prince Charlie, Macpherson, Art Pepper, Prokofiev, JFK, *New Labour, the Bush family coup*, an tuar (a tháinig fán tairngreacht ar ball) go rachadh clann George Herbert Walker Bush chun cogaidh le clann Saddam Hussein, tionscal an *Holocaust* sna Stáit Aontaithe, an Siónachas agus an tacaíocht a fuair sé ó na frith-Ghiúdaigh, an Phalaistín, Edward Said, an Chaismír, Tarik Ali, Pablo Escobar, tógáil beostoic i Meiriceá Theas, an tsíocanailís, an t-oideachas tríú leibhéal, Camembert, Conrad, Camilla Parker Bowles, Lady Gregory, Colm Tóibín, Paul Muldoon, Heaney, an Oxford *English Dictionary*, J.
a tháinig fán tairngreacht ar ball which later came true
" Lawrence, Ted Hughes, Dylan Thomas, Bob Dylan, Rimbaud, Mallarmé, Ungaretti, an t-aistriúchán, an mhatamaitic, an gréasán domhanda, Bill Gates, John Nash, deirfiúr Neitzsche, Bonnie Prince Charlie, Macpherson, Art Pepper, Prokofiev, JFK, *New Labour, the Bush family coup*, an tuar (a tháinig fán tairngreacht ar ball) go rachadh clann George Herbert Walker Bush chun cogaidh le clann Saddam Hussein, tionscal an *Holocaust* sna Stáit Aontaithe, an Siónachas agus an tacaíocht a fuair sé ó na frith-Ghiúdaigh, an Phalaistín, Edward Said, an Chaismír, Tarik Ali, Pablo Escobar, tógáil beostoic i Meiriceá Theas, an tsíocanailís, an t-oideachas tríú leibhéal, Camembert, Conrad, Camilla Parker Bowles, Lady Gregory, Colm Tóibín, Paul Muldoon, Heaney, an Oxford *English Dictionary*, J.
a bhfíordhúchas their true heritage
" Nílim ag rá go n-aontaím go hiomlán leis an ionannú sin a dhéanann cuid de na Seicigh sa lá atá inniu ann, mar uaireanta téann siad thar fóir leis, ach is minic chomh maith atá an argóint cloiste agam go mbraitheann siad iad féin mar Cheiltigh níos mó ná dream ar bith eile, agus gur in aigne agus i gcultúr na gCeilteach a thagann siad ar a bhfíordhúchas.
dílis true
" "Ach is cuma cén t-aistriúchán a dheintear, dá fheabhas é, tá sé ciotrúnta, tá sé bacach, níl sé dílis.
A mhalairt ar fad atá fíor! The opposite is true!
" A mhalairt ar fad atá fíor! Trí chéile, bíonn caighdeán lucht an B.
dílis loyal, true
" Níl uaim ach a bheith dílis don cheol, is dom féin! AÓF: An éiríonn tú tuirseach den cheol ariamh? MNA: Ní éiríonn.
scéal fírinneach a true story
" In 2002 foilsíodh an leabhar *Forbidden Love *le Norma Khouri, scéal fírinneach a bhain le Dalia, dlúthchara leis an údar ar mharaigh a hathair í sna nóchaidí i "marú onóra" de bharr a cairdis le hoifigeach Críostaí in arm na hIordáine.
fíoriomáint true hurling
" An fhoireann deiridh a d'imir fíoriomáint ná Uíbh Fháilí circa 2001.
ó fhoinse fhíor from a true source
" Ní hionann é ar chor ar bith agus foghlaim ó fhoinse fhíor.
fíor true
" Dá dtiocfadh daoine chuig cóisir i do theach, an gcoinneofá an páiste is lú gnaoi sa chlann faoi ghlas sa lochta ar eagla nach dtaitneodh sé/sí le daoine? Dála fhoireann sacair an tuaiscirt, táthar ag baint úsáide as an mharatón le híomhá den *New Northern Ireland - Our Wee Country *- a chraobhscaoileadh, íomhá nach bhfuil iomlán nó fíor.
rud nach raibh amhlaidh something which was not true
" ) Dálta daoine ar fud an domhain, mheas muintir na háite go raibh na hiolair ag déanamh slada ar a gcuid uan – rud nach raibh amhlaidh – agus sheilg siad na héin mhaorga seo go dtí go raibh siad díobhaí in Éirinn.
tréithe fíorsheaimpíní the traits of true champions
" Léirigh siad tréithe fíorsheaimpíní: scil, diongbháilteacht, féinmhuinín, spiorad agus imirt foirne agus go mórmhór an cumas tábhachtach sin scóranna a aimsiú ag an am ceart sa chluiche, mar shampla sa cheathru deiridh den chluiche leathchraoibhe i gcoinne an Chláir.
fírinneach true
" Céard an rud is mó a thaitníonn leat féin faoi? MNíB: Is scéal fírinneach é.
fíorthuiscint a true understanding
" Bhí an t-ádh orainn daoine an-chumasacha agus fláithiúla a bheith bainteach leis an tionscadal ó thosaigh sé, idir na daoine ar an fhoireann, ár gcairde sa phobal agus, muise, daoine áirithe san earnáil stáit a raibh agus a bhfuil fíorthuiscint acu ar an tábhacht a bhaineann le cultúr agus teanga.
fíorthobar na teanga the true well of the language
" De réir na teoirice seo, caithfimid dearmad a dhéanamh don choincheap gurb í an Ghaeltacht fíorthobar na teanga agus aitheantas a thabhairt don bhorradh atá fán Ghaeilge sna cathracha agus sna bailte móra.
fíor nó leathfhíor true of half true
" Tá na mílte finscéal cumtha agus na mílte scéal atá fíor nó leathfhíor inste faoi eachtraí a bhain le lucht leanúna na hÉireann, an chuid is mó acu greannmhar agus áiféiseach.
an fhíor-fhéinmhuinín the true self-confidence
" Agus má tá rud amháin cinnte tiocfaidh an lá nuair a bheidh an t-airgead ídithe agus is ansin a bheidh gá le mórtas cine agus an fhíor-fhéinmhuinín a thagann dá bharr.
nochtadh na fíordhathanna saibhre the rich true colours were revealed
" Nuair a glanadh an pictiúr sular cuireadh ar ceant é, nochtadh na fíordhathanna saibhre a d’úsáid Rembrandt an chéad lá riamh.
fáilte fhíor-Albanach a true Scottish welcome
" Táimid ag tnúth go mór le fáilte fhíor-Albanach a chur roimh mhuintir na hÉireann agus iad ag teacht go dtí na hoileáin don ócáid ilchultúrtha seo.
ó fhíor-Albanach, from a true Scot,
" Ach, mar a bheifeá ag súil ó fhíor-Albanach, bhí sí amuigh ar an oighear linn arís! An sliabh is airdeLá deas geal a bhí ann an cúigiú lá agus bhí mé ag iarraidh dul suas Guastatoppen (1883m), an sliabh is airde in Telemark, leis an cheantar álainn seo a fheiceáil.
ró-réadúil, rófhíor, too realistic, too true,
" Má tá aon locht ar an phictiúr seo le Picasso, is é go bhfuil sé ró-réadúil, rófhíor, uafásach fíor.
san fhíordhorchadas agus san fhíorchiúnas. in true darkness and true quietness.
" Is fiú go mór d’aon duine an turas fada a dhéanamh anseo, mar gur féidir leat titim i do chodladh san fhíordhorchadas agus san fhíorchiúnas.
leoga, a mhalairt a bhí fíor. indeed, the opposite was true.
" Sin ráite, ní “reibiliúnaigh” a bhí sa teaghlach – leoga, a mhalairt a bhí fíor.
mo chuid fíorlaochra my true heroes
" “Tá mé anois 53 bliain d’aois, agus tá mé ag fáil deise roinnt eile de mo chuid fíorlaochra a phéinteáil.
Sheas sé lena fhocal, He was true to his word
" Sheas sé lena fhocal, agus chuir sé míchompord orainn ar fad dá bharr.
nach bhfuil sin go huile is go hiomlán fíor. that that isn't completely and utterly true
" ”Cé go maíonn Myers nach mbraitheann sé “searbhas ar bith” mar gheall ar an eachtra anois de bhrí gur “mothúchán amaideach í an tseirbhe”, is léir óna chuid cainte nach bhfuil sin go huile is go hiomlán fíor.
chomh dílis agus ab fhéidir as true as possible
" “Theastaigh uaim a bheith chomh dílis agus ab fhéidir do bhrí na véarsaí agus iad á n-aistriú agam.
fíorphoblachtaigh san áireamh including true republicans
" Tá go leor daoine sa tír, fíorphoblachtaigh san áireamh, a mheasann gur chóir fanacht go dtí deireadh réimeas Éilís II sula ngairfear reifreann eile ar cheist na poblachta.
Tá sé chomh dócha lena athrach it is as lightly true as not
" Tá sé chomh dócha lena athrach go bhfuil teachtaireacht láidir pholaitiúil i bplota an scéil seo.
chuir sé lena fhocal he was true to his word
" Bhuaigh Rudd an t-olltoghchán agus chuir sé lena fhocal ar na mallaibh nuair a tháinig na trúpaí abhaile.
scéal fírinneach true story
" Ach más fíor go bhfuil cúrsaí chomh tromchúiseach sin, cén fáth nach bhfuil a fhios ag an saol mór faoi scéal fírinneach CFD? Cad chuige nach bhfuil an scéal scannalach seo scaipthe go forleathan ag na meáin? Bhuel, tá scéal rúnda CFD scríofa ag beirt iriseoirí a bhfuil inchreidteacht ag baint leo, ach tabhair faoi deara céard a tharla dóibhsean.
a mhalairt a bhí fíor. the opposite was true
" An iarraidh seo, ámh, a mhalairt a bhí fíor.
fíorchostas true cost
" Maíonn an tOllamh Kevin Norton, ó Ollscoil na hAstráile Theas, gurb é an fíorchostas a bhaineann le gach bonn óir a bhuaigh an fhoireann i mbliana ná breis agus $50 milliún! Mar a scríobh mé thuas, tá cúrsaí spóirt an-tábhachtach sa tír seo agus ba mhian le muintir na hAstráile go mbeadh a gcuid foirne rathúil i gcomórtais idirnáisiúnta.
fíorchultúr true culture
" Téann formhór den tsiúlóid seo trí bhealaigh thuaithe, trí fhoraoisí, fheirmeacha agus bhailte beaga tuaithe, áiteanna ar féidir fíorchultúr na Spáinne a fheiceáil.
A mhalairt ar fad atá fíor the opposite is true
" A mhalairt ar fad atá fíor, dar le Kevin Rooney, a scríobhann ina bhlag Northern Ireland – painting over the cracks (www.
fíorneamhspleáchas true independence
" Feictear dom nach mbeidh fíorneamhspleáchas acu go dtí go mbeidh siad in inmhe córais gheilleagair a bhunú a soláthróidh lánfhostaíocht ina dtíortha féin.
fíorshaoirse bainte amach true freedom achieved
" Agus tá daoine go leor abhus a mheasann nach mbeidh fíorshaoirse bainte amach ag an Astráil go dtí go mbeidh an phoblacht ina suí.
más fíor if it's true
" Seacht déag ponc a trí milliún duine a bhí ag féachaint ar an chlár, más fíor an scéala a d’eisigh RTÉ inné.
más fíor if true
" Bhí a leathshúil ar oscailt go teann le faitíos roimh an fhís fhíochmhar a nochtadh dó nuair a bhí a shúil druidte: Éire mar a bheidh i gcionn cúig bliana! Éire i samhradh na bliana 2014! Míle bliain i ndiaidh Chath Chluain Tairbh beidh Éire faoi ionsaí arís, más fíor d’fhís Bhaloir.
fíor a rá true to say
" Is fíor a rá gur tháinig córas na gcoistí ar an saol le fiche bliain anuas agus gur céim chun cinn atá san fhorbairt seo.
Is fíor it's true
" Is fíor an chaint sin a deir siad faoin óige a mholadh agus go dtiocfaidh sí.
más fíor if it's true
" Is ag deireadh seachtaine na Cincíse a chuirtear tús leis an samhradh agus leis an aimsir bhreá, más fíor.
fíréin true blues, the elect
" Ach, in ainneoin na ngearán agus an mhosáin ar fad, nuair a thiocfaidh an t-am, beidh na fíréin ag dul ina ndrongbhuíonta chuig na boscaí vótála agus iad ag fulaingt fós ón Gonorrhoea Lectem.
Más fíor if it's true
" 08 ar *How the Irish Invented Slang* faoin teideal 'Buille tábhachtacht i gcogadh teanga': "Más fíor gur tír gan anam tír gan teanga, is seacht n-uaire níos measa é más féidir a chur i gcéill nach raibh teanga againn riamh.
Is fíor it's true
" Cúlú agus Cailleadh san Eoraip Is fíor gur measa i bhfad é scéal na nuachtán i Meirceá ná mar atá siad san Eoraip.
An fíor is it true
" ” Ar athraigh an scéal a dhath ó shin? An fíor don scéal a bhí ar leathanach tosaigh an Sunday World a mhaíonn gur ghríosaigh ball nó baill an PSNI an t-ionsaí frí theachtaireacht téacs a chur chuig duine de na dílseoirí a dúirt: “*The tricolours are still up in the town- are yis real men or what?*” Agus cad é fá na polaiteoirí? “Iompar frithshóisialta” a thug aontachtaithe ar an eachtra nó cuireadh an locht ar lucht curtha na mbrat in airde.
Dán grinn a true poem
" Dán grinn faoi dhínit an fhear oibre.
fíor true
" An bhfuil tú sásta leo, nó an fíor do na ráflaí atá ag dul thart: go bhfuil tú ag iarraidh iad a dhíbirt as an chomh-aireacht? Biffo: Ní fíor ar chor ar bith.
fíorchur síos true description
" Aithnítear Robert Capa mar ghrianghrafadóir a chuir a shaol i mbaol ag lorg grianghraf a rinne fíorchur síos ar bhrúidiúlacht agus laochas na cogaíochta ar fud an domhain.
bhfíorghairm true way of life
" Dar leis na Batwa gurb iad scileanna seo na bhfiagaithe-cnuasaitheoirí a bhfíorghairm.
más fíor if true
" Go deimhin, más fíor don tuairisc san eagrán deiridh den nuachtán, bhí €618,000 mar cúlchiste brabúis ag Móinéar Teo.
fíor true
" Cioca? Nó an bhféadfadh go mbeadh an dá léamh fíor? Sin í an bhuncheist atá ina cnámh spairne pé áit a theaspeántar ‘Antichrist’.
Ní fíor it's not true
" Ní fíor gur dream ar shiúl le féileacáin iad na mainicíní.
arbh fhíor was it true
" Ní rabhas ariamh i dTexas, cé go raibh an chuid is mó de stáit eile Mheiriceá siúlta agam, agus ba mhór m'fhonn a fháil amach arbh fhíor a deir daoine faoin stát.
fíor true
" (A mhalairt atá fíor sna tíortha a bhfuil tiomáint ar thaobh na deasóige ina dhlí.
Arbh fhíor would it be true
" ” An Ghaeilge, ar ceal Cé gur as Béarla atá suíomh idirlín Ivana, tá cúpla abairt Ghaeilge ar an leathanach tosaigh a chuireann in iúl go bhfuil “beagáinín Gaeilge agam, ach táim ag obair air!” Arbh fhíor a rá nach bhfuil sna habairtí sin ach béalghrá? “Bhíodh fáinne airgid agam nuair a bhí mé ar an mbunscoil in iarthar Chorcaí.
fíorthaifead true record
" Is mar sin a dhéanann pictiúir ’s aige, ní amháin fíorthaifead ar áilleacht an Ghleanna, ach ceiliúradh fosta ar an am phléisúrtha a bhí caite aige á ndéanamh.
fearg fhíréanta Dé God's true anger
" Más í fearg fhíréanta Dé atá á thiomáint, cé atá ‘ciontach’ - é féin, nó an Dia míthrócaireach a adhraíonn sé? Arís, ní Haneke a ardaíonn na ceisteanna seo.
fírinne sa léamh sin fós that's still true
"fírinne sa léamh sin fós, ach creidim, le cur chuige ionraic, oscailte, réabhlóideach Haneke, gur thug sé mé i bhfianaise a chuid carachtar, agus an domhain ina maireann siad.
fíor true
" (Beo, Eagráin 80 agus 103) Is é tuairim chiotach Belcham nach raibh ach Béarla ag na mílte Éireannach a tháinig i dtír i Learpholl, ach thaispeáin Frank Neal ina leabhar *'Black '47*' nach raibh sin fíor, agus tacaíonn an taighde a rinne an tUrramach Abraham Hume i Learpholl i 1850 le tuairim Neal.
Más fíor if it's true
" Más fíor don tuar is tairngreacht atá á dhéanamh le blianta beaga anuas, ní fada go dtiocfaidh deireadh le saol ársa Mandaean na hIaráice.
fhíordhéithe true gods
" Beidh Balor i gcónaí buíoch de Chrom Dubh agus de fhíordhéithe fáthrúnda fáistineacha eile na hÉireann nach raibh luí aige riamh le Fianna Fáil ná leis na Glasraí; le Fine Gael ná leis na Stickies; le Sinn Féin ná leis na Mé Féiners.
fíorléiriú true exhibition, example
" Níl achan duine sásta go bhfuil an chathair páirteach i gcomórtas náisiúnta sa Ríocht Aontaithe, áfach, agus deir go leor nach fíorléiriú an rannpháirtíocht seo ar dhearcadh agus ar dhílseacht an chuid is mó de phobal Dhoire.
fíorluach true value
" Ní raibh sé deacair a lán de na sonraí a bhaineann leis an saol ann a chur in iúl ach bhí fíorluach agus fíorthionchar mothúcháin na sraithe le brath i scéal pearsanta na gcarachtar agus an caidreamh a bhí acu lena chéile gan aird a thabhairt ar an áit a raibh siad.
fíorthionchar true effect
" Ní raibh sé deacair a lán de na sonraí a bhaineann leis an saol ann a chur in iúl ach bhí fíorluach agus fíorthionchar mothúcháin na sraithe le brath i scéal pearsanta na gcarachtar agus an caidreamh a bhí acu lena chéile gan aird a thabhairt ar an áit a raibh siad.
is fíre truer
" ‘Feiceann súil ghlas saol glas’ a deir an seanfhocal agus is fíre ná riamh é ar cheist an chárta den dath céanna! Feiniméan Domhanda === Ar ndóigh, is rud é an inimirce neamhdhleathach a tharlaíonn i ngach cearn den domhan.
fíor dáiríre is true in fact
" Déarfadh daoine freisin nach bhfuil an iomaíocht chomh géar ná chomh dian i gcás dornálaíocht na mban is atá i spóirt eile, ach aon duine a bhí ag féachaint ar throideanna Katie, agus ar a troid i gcoinne Queen Underwood de chuid na Stát Aontaithe sa bhabhta leathcheannais go háirithe, thuigfidís gurb é a mhalairt atá fíor dáiríre.
Fíor true
" Fíor nó bréagach, imríonn Beck agus a chlár teilifíse an-tionchar ar phobal Mheiriceá, chomh mór sin, dar fia, gur thograigh Beck a lucht féachana a eagrú go polaitiúil agus a ghríosadh chun gnímh le déanaí.
An fíor dom é is it true to say
" **SMM: An fíor dom é go bhfuair tú an-oiliúint ag beirt d'aos teangeolaíochta a raibh a n-ainm in airde go hidirnáisiúnta, fear amháin díobh, Joshua Fishman, a raibh baint mhór aige le hÉirinn in am an Athar Colmán Ó hUallacháin.
fíorealaín true art
" Féach gur dhúirt Na Stuckists, gluaiseacht ealaíne atá in éadan ealaíne coinceapaí, nach raibh an duais tuillte ag Philipsz mar nach fíorealaín a bhí ann ar chor ar bith agus nach raibh ann ach duine ag canadh i seomra folamh.
fíor true
" Bíodh sin fíor nó ná bíodh, cé nach bhfuil i ngrianghraf ach mionspléachadh ar ábhar nó ar eachtra, is minic a insíonn sé go leor ina thaobh.
an eite chlé fíor the true left wing
" Tá poll ollmhór mar sin, i bpolaitíocht na heite clé agus ins na blianta atá amach romhainn, tánn sé mar dhualgas orainn, mar fhreagracht tromchúiseach ar an eite chlé fíor, gluaiseachtaí nua a chur chun cinn a thabharfaidh ionadaíocht mhacánta radacach le malairt pholaitíocht, malairt eacnamaíochta a chur chun cinn.
fíor true
" A mhalairt atá fíor i measc na gnáthmhuintire, ar ndóigh, atá ag cur na ceiste, cén fáth go mbeidh orthu sin díol as córas atá chomh lochtach is atá? Tá daoine ina scuainí ar fud na Sé Chontae ag bailiú uisce ó leoraithe móra inniu, agus muid i 2011.
Is fíor it’s true
" Is fíor go bhfuil an Seanad neamhfheidhmiúil agus gur beag an tionchar a imríonn sé ar reachtaíocht na tíre: mar sin, ní fhéadfadh na seanadóirí a bheith ciontach i stiúradh na tíre chun a haimhleasa! Ba iad an Dáil, an rialtas, agus an rialaitheoir airgeadais is mó a thug na cinntí móra a chuir amú sinn.
fíor-thírghráthóirí real true patriots
" I measc na rannpháirtithe, tá fíor-thírghráthóirí Mheiriceánacha - ní hionann agus an dream a chaitheann brat SAM ar a mbrollach - ar nós Alison Weir, Philip Giraldi agus Jeff Blankfort.
B'fhíor sin that was true
" B'fhíor sin, ach bhíodar ceart ar fad agus ní raibh sé mórán thar ráithe go raibh Teilifís Éireann agus a gcairde sna meáin chumarsáide ag tarraingt ar Bheantraí mo léan.
ach a mhalairt atá fíor the opposite is true
" 
Is annamh a chluin tú aontachtach nó Protastúnach féin ag moladh an tsóisialachais agus shílfeá go dtagann an dá rud salach ar a chéile ach a mhalairt atá fíor dar le Ervine.