Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tuairt crash
" Tharla tuairt i Queens agus cailleadh 260 duine ar Eitilt 587.
ag baint tuairte as an urlár pounding the floor
" Ba é an chéad rud ar maidin é agus chuala mé iad ag baint tuairte as an urlár, cúpla litir agus dhá phaicéad de dhlúthdhioscaí.
thuairt eitleán na foirne the team's plane crashed
" Roimhe sin ba iad na Busby Babes a tharraing aird an phobail, go mórmhór de bharr thubaiste Munich nuair a thuairt eitleán na foirne agus iad ag filleadh ón nGearmáin agus maraíodh imreoirí óga cumasacha ar nós Liam Whelan.
Thosaigh an séasúr i mbliana le dhá dhroch-thuairt d'ollscoileanna móra. The season began this year with two blows for the big universities.
" Shílfeá go seasfainnse ar leataobh ag breathnú ar an radharc seo go searbhasach – ach bhíos i lár baill ag canadh leo, gan de cheangal agam féin leis an ollscoil ach gur chaith mé seimeastar ag teagasc inti! Éirí na n-íochtaránThosaigh an séasúr i mbliana le dhá dhroch-thuairt d'ollscoileanna móra.
tuairt an eitleáin the plane crash
" ) Tar éis tuairt an eitleáin, fuarthas amach nach raibh sé ar bord níos mó.
Thuairt crashed
" Thuairt eitleán i Nua-Ghuine Phapua i mí Lúnasa agus cailleadh gach duine a bhí ar bord.
tuairt bhodhar a distant thud
" Seoltar na splancanna ar aghaidh ó na cealla ar an liog éisteachta chuig stoc na hinchinne ar dtús agus ansin chuig an dá mhaothán tosaigh go réimse na haigneolaíochta agus na mothúchán, mar a ndéantar, idirdhealú idir ding agus dong, idir um agus am, idir glisiam agus fothram, idir sioscadh síoda taobh leat agus tuairt bhodhar agus ar ndóigh, idir drochcheol agus dea-cheol! In intinn an linbh óig, is nua gach fuaim agus mar sin bíonn stoc na hinchinne ag obair an-chrua leis na fuaimeanna nua uilig a rangú, a stóráil agus ord agus eagar slachtmhar a chur orthu le go n-aithneofaí na fuaimeanna chéanna nó fuaimeanna atá cosúil leo níos déanaí.
tuairteanna crashes
" Rud amháin a cheangail na géarchéimeanna seo - caimiléireacht, amhantraíocht amaideach, tuairteanna - is é gurbh é an gnáthdhuine a d'íoc as i dtólamh, in achan chás.
an tuairt gheilleagair the economic collapse
" Níor lochtaíodh é san am áfach, go mb'fhéidir an ceart a bheith ag mionlach an amhrais a thuar an tuairt gheilleagair, tuairt a bhí ag tórmach gan stad ag an am.
thuairt knocking down
" Is mó an chaint a chloisfear feasta ar thuairt an dá thúr i Nua-Eabhrac ná an chuimhne ar fheallmharú JFK.