Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag milleadh an tírdhreacha tuaithe destroying the rural landscape
" Tá An Taisce go láidir den tuairim go bhfuil muintir na hÉireann ag milleadh an tírdhreacha tuaithe leis an tógáil atá ar siúl agus go mbeadh sé níb éifeachtaí agus níb fhearr don timpeallacht dá mbeadh forbairt á déanamh ar na bailte.
bailte fearainn tuaithe rural townlands
" Tá an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, ag tógáil seasamh láidir i gcoinne an fheachtais seo agus é ag maíomh go bhfuil na bailte fearainn tuaithe ina gcóras traidisiúnta maireachtála, agus gur cheart leanúint leis mar pholasaí stáit tacú leo, in ainneoin thuairimí An Taisce.
shochaí na tuaithe rural society
" Mar sin, cuireadh cosc ar *An Bhó* ar dtús, mar bhí léargas an-dorcha ann ar shochaí na tuaithe.
ceoltóir tuaithe agus iarthair country and western singer
" Cúpla oíche ó shin, áfach, b'in ansin romham é, David Trimble ina shuí *side-saddle *ar thábla mar a bheadh ceoltóir tuaithe agus iarthair ann, ag inse dúinn cén fáth gur cheart vótáil don UUP sna toghcháin, dá gceadófaí iad.
saol na tuaithe rural life
" Labhraíonn Ballagh faoin chogadh a fógraíodh ar na seanluachanna a bhí ceangailte leis an am a chuaigh thart agus faoin dearcadh a tháinig chun cinn nach raibh báúil leis an náisiúnachas, leis an Ghaeilge ná le saol na tuaithe.
scéimeanna forbartha tuaithe rural development schemes
" Beidh ciorruithe anseo is ansiúd, ach rachaidh an chuid is mó den airgead a ghearrfar ar ais chuig an bhfeirmeoireacht bealach amháin nó bealach eile - trí scéimeanna comhshaoil, cuir i gcás, nó scéimeanna forbartha tuaithe.
saol laethúil bhochtáin na tuaithe the daily life of the rural poor
" "Is in *Ireland's Welcome to the Stranger* a fhaigheann muid cur síos ar bhotháin Éireannacha agus saol laethúil bhochtáin na tuaithe, a ndearnadh scrios iomlán orthu, beagnach, aimsir an Ghorta.
cur leis na hiarrachtaí dul i ngleic le bánú na tuaithe add to the attempts to tackle the depopulation of the countryside
" Dá léireodh an Rialtas ceannaireacht áirithe sna cúrsaí seo, d'fhéadfaí foinsí beaga ioncaim agus cumhachta a scaipeadh fud fad chósta iarthar na hÉireann, cur leis na hiarrachtaí dul i ngleic le bánú na tuaithe sna ceantair chúlráideacha, agus dúshlán na mórchomhlachtaí ola a thabhairt.
An Tionscnamh Iompair Tuaithe The Rural Transport Initiative
" Ach tá a teach thart ar thrí mhíle ón N54, a shíneann idir baile Shligigh agus Béal an Átha, agus nuair a bhris sí a cos tamall de sheachtainí ó shin bhí sí sa bhfaopach ceart murach An Tionscnamh Iompair Tuaithe áitiúil.
ag aisíoc na tuaithe repaying the countryside
" D'fhéadfaí a rá mar sin nach bhfuil sa rud atá ag tarlú anois ach an chathair ag aisíoc na tuaithe.
de shliocht mhuintir na tuaithe of country background
" Is de shliocht mhuintir na tuaithe, is é sin muintir na hÉireann uile, céatadán ard, b'fhéidir chomh hard le 80% in áiteanna, de bhaill CLG san ardchathair.
idir Dhuibhlinnigh dhúchasacha agus mhuintir na tuaithe both native Dubliners and country people
" Tá tréaniarrachtaí déanta agus á ndéanamh ag fir agus mná cróga, idir Dhuibhlinnigh dhúchasacha agus mhuintir na tuaithe, chun na cluichí Gaelacha a chur chun cinn iontu.
mar a bheadh amhránaí ceoil tuaithe ann like a country singer
" Bíonn an teiripeoir seo gléasta go maisiúil, mar a bheadh amhránaí ceoil tuaithe ann.
chomh tábhachtach is a bhí siúlóirí do gheilleagar na tuaithe how important walkers were for the rural economy
" Osclaíodh Slí na Gaineamhchloiche i 1974 mar gur thuig an Chomhairle Contae ag an am sin chomh tábhachtach is a bhí siúlóirí do gheilleagar na tuaithe.
ceantair iargúlta tuaithe remote rural areas
" Caithfidh tú dul isteach sna ceantair íseal-ioncaim, uirbeacha agus na ceantair iargúlta tuaithe leis an easnamh agus an fhaillí a fheiceáil i gceart.
bunadh na tuaithe country people
" Léiríonn an taispeántas na hathraithe stairiúla, sóisialta, polaitiúla agus cultúrtha atá i ndiaidh a theacht ar an tír, ó thuaidh agus ó dheas, agus tugann sé léargas géarchúiseach dúinn ar an saol a bhí ag muintir na cathrach agus ag bunadh na tuaithe trí na daoine atá faoi scrúdú ag an lionsa.
An réitíonn saol na cathrach le bean tuaithe ar nós thú féin? Does city life agree with a country woman like yourself?
" Ní dochar ar bith é do chuile Éireannach “printíseacht” a dhéanamh san ardchathair! AÓF: Agus an dtaitníonn Baile Átha Cliath leat? An réitíonn saol na cathrach le bean tuaithe ar nós thú féin? RNicD: Réitíonn faoi láthair ar aon nós cé nach bhfuil sé chomh héasca céanna aithne a chur ar dhaoine ann is atá sé amuigh faoin tuath.
mar chuid de phacáistí siúil, iascaireachta agus saoire tuaithe as part of walking, fishing and country holiday packages
" Deir Alan Hill gurb é an bealach chun tosaigh ná margaíocht a dhéanamh ar lóistíní Leaba agus Bia mar chuid de phacáistí siúil, iascaireachta agus saoire tuaithe.
do gheilleagar na tuaithe for the rural economy
" Tuigeann an rialtas agus na daoine chomh tábhachtach is atá an earnáil siúl sléibhe do gheilleagar na tuaithe agus déanann siad gach iarracht í a chur chun cinn.
gné de shaol na tuaithe, an aspect of country life,
" Mar a deir Breandán Delap ina alt an mhí seo, is é an bhuairt is mó atá ar dhaoine ná go bhfuil deireadh á chur le gné de shaol na tuaithe, gné a bhí mealltach agus tarraingteach do go leor daoine.
beidh muintir na tuaithe thíos go mór leis. the people of the countryside will suffer greatly.
" Is cinnte go mbeidh toradh fiúntach ar chur i bhfeidhm na ndlíthe maidir leis an tiomáint agus an t-ól ach beidh muintir na tuaithe thíos go mór leis.
tábhairne tuaithe. country pub.
" Go deimhin, tá go leor ann a deir gur buille an bháis é don tábhairne tuaithe.
scoilt láidir uirbeach/tuaithe a strong urban/rural split
" Is léir scoilt láidir uirbeach/tuaithe faoi thástáil anála ar maidin; tá 71% de thoghthóirí uirbeacha ina fhabhar, agus níl tacaíocht aige ach ó 36% faoin tuath.
barúil bhunadh na tuaithe agus na cathrach the opinion of country people and city people
" Ach is mór an difear idir barúil bhunadh na tuaithe agus na cathrach ar an cheist achrannach seo.
gnáthmhuintir na tuaithe the ordinary country people
" Is léiriú maith é *An Lucht Ite Prátaí, *a bhaineann leis an tréimhse seo, ar an stíl a bhí aige chomh maith leis an chomhbhá a bhí aige le gnáthmhuintir na tuaithe agus an meas a bhí aige orthu.
ag déanamh iontais den radharc tuaithe seo being amazed by this rural view
" Agus ó shin i leith, tá daoine ina suí sa Chlabhstra agus iad ag déanamh iontais den radharc tuaithe seo i lár Nua-Eabhrac.
níor ghnách le muintir na tuaithe tuiscint a léiriú the people of the countryside used not show appreciation
" Ag an am sin níor ghnách le muintir na tuaithe tuiscint a léiriú don mhionlach sin a chuaigh i mbun léinn.
lucht na tuaithe rural people
" Nua Eabhracach go smior is ea Giuliani, a bhfuil íomhá an *City Slicker* ag baint leis, agus beidh sé deacair dó lucht na tuaithe a mhealladh.
bailte tuaithe rural towns
" Faoi 1960 ba bheag Éireannach a bhí fágtha – bhí siad uilig bogtha amach go dtí bailte tuaithe taobh amuigh den chathair.
an ceol tuaithe country
" ” Chuir an grúpa béim ar dhlútharmóin agus chan siad amhráin ag baint le seánraí éagsúla, an snagcheol agus an ceol tuaithe ina measc.
baile an-bheag tuaithe a very small rural town
" Rugadh agus tógadh Bryce in Ilfracombe, baile an-bheag tuaithe in Queensland.
ar chúlbhóithre tuaithe dorcha, dark, country backroads
" Sroicheann muid an tigh ar chúlbhóithre tuaithe dorcha, a bhuíochas sin ar an gcóras suite domhanda.
cumann tuaithe rural association
" Ar ndóigh, is cumann tuaithe é an NRA agus is sealgairí iad an chuid is mó dá bhaill.
stáit tuaithe dheireanacha last rural states
" I bhfírinne, tá Alasca ar cheann de na stáit tuaithe dheireanacha sa tír, agus is eisceacht é nó tá an stát dubh le hola.
stáit tuaithe rural states
" Is stáit tuaithe iad na cinn atá ag claonadh leis na Poblachtánaigh – Idaho, Utah, Arizona, Texas, agus Georgia, mar shampla.
dearcaidh nua tuaithe new rural view
" Ó thaobh an dearcaidh nua tuaithe atá tagtha chun cinn sa Pháirtí Poblachtánach, is ionadaí maith í Sarah Palin.
Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta The Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
" An mhí seo caite léirigh mé nach raibh oiread is cáipéis nó comhfhreagras nó meamram nó tuarascáil i seilbh na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta a bhaineann le gearradh siar ar eagraíochtaí deonacha Gaeilge, iad a chónascadh le chéile nó iad a chur faoin díon céanna.
tuaithe ná eaglasta lay or clerical
" Dar liom féin, níl rud ar bith a mharós aon chreideamh, tuaithe ná eaglasta, chomh gasta le heaspa creidhimh san fhírinne.
tuaithe country
" Is pictiúr íocónach é an ‘Saighdiúir ag Titim’ ach deir an léachtóir José Manuel Susperregui nár glacadh é ar an mhachaire chatha i Cerro Murianao, mar a chreidtear, ach in áit tuaithe eile darb ainm Llano de Banda, cúig míle fichead ar shiúl.
Tuaithe rural
" Díol suntais go bhfuil formhór na dtagairtí a rinne an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta nó an Roinn Airgeadais d'Údarás na Gaeltachta scriosta amach sa leagan de Thuarascáil Mheasúnaithe na Roinne atá foilsithe ar shuíomh idirlín na Roinne Airgeadais.
suaimhneas tuaithe rural quiet
" ‘Das Weisse Band’ - ‘An Ribín Bán’, le Michael Haneke Briseann sraith de ‘thimpistí’ agus de dhrochtharlúintí suaimhneas tuaithe an phobail.
phobail tuaithe country people
" Tumtha, mar a bhíos, i mbréagshoineantacht an phobail tuaithe sin don dá uair a chloig go leith ba chineamúla, b’fhoirfe is ba dhúshlánaí a tháinig inár dtreo le fada an lá.
bánú na tuaithe rural depopulation
"bánú na tuaithe ar siúl le blianta fada chomh maith, agus meastar go gcuirfear leis an gclaonadh seo i ngeall ar an triomach a thit amach ní ba mhinice le fiche bliain anuas.
saol na tuaithe rural life
" Baineann siad le páistí agus le saol na tuaithe.
tuaithe rural
" Tugadh na feisirí neamhspleácha tuaithe ar an triúr seo, atá ag obair as láimh a chéile le tamall anuas.
tionscail tuaithe rural industries
" Anuas ar sin, rinne na gabhálaithe Eorpacha léirscrios ar a ngnáthóga agus iad ag glanadh na talún le tionscail tuaithe éagsúla a bhunú.
tuaithe rural
" Bíodh is gur rugadh MacKellar in Sydney, chaitheadh sí sealanna fada go rialta sa cheantar tuaithe in aice le Gunnedah, áit a raibh gabháltais ag a muintir.
mhuintir na tuaithe the country people
" Chaith Hartigan an chuid ba mhó dá shaol ag friotháil ar mhuintir na tuaithe i mbailte éagsúla san Abhantrach Murray-Darling.
tuaithe rural
" An tAire Comhshaoil: Phil Hogan ================= Beidh sparánacht fhairsing ag an Roinn seo agus is post fóirsteanach é do Theachta tuaithe.
tuaithe rural
" Cé go mbaineann an scannán seo le pobal beag tuaithe ar imeall an Atlantaigh ar chósta iarthar na hÉireann, is scéal domhanda é an caidreamh atá ag pobail bheaga le tionscal an ola.
muintir na tuaithe the country people
"   “Bhí scoilt riamh idir muintir na gcathracha agus muintir na tuaithe, ach san fheachtas seo, chuaigh muintir na gcathracha amach chun na tuaithe leis na daoine a theagasc agus b’ansin a chonaic siad saol na mbocht mar a bhí sé don chéad uair.
chun na tuaithe to the country
" ) “Nuair a theip ar shláinte m’athar, thit gach rud as a chéile agus bhí orainn, mé féin is mo dheartháir, bogadh amach chun na tuaithe le fuireach le mo mháthair.
tuaithe country
" Nuair a theilg na Naitsithe na mílte buamaí anuas ar shráideanna Béal Feirste 70 bliain ó shin an mhí seo caite - maraíodh suas le míle duine - cuireadh páistí amach chun na tuaithe le hiad a choinneáil slán, ach baineadh geit as muintir na tuaithe nuair a chonaic siad cad é chomh lag, gannchothaithe is a bhí na páistí, bhí déistin orthu.
muintir na tuaithe the rural population
" Nuair a theilg na Naitsithe na mílte buamaí anuas ar shráideanna Béal Feirste 70 bliain ó shin an mhí seo caite - maraíodh suas le míle duine - cuireadh páistí amach chun na tuaithe le hiad a choinneáil slán, ach baineadh geit as muintir na tuaithe nuair a chonaic siad cad é chomh lag, gannchothaithe is a bhí na páistí, bhí déistin orthu.
ceantair tuaithe rural districts
" An tuiscint a bhain mé as na figiúirí úd go raibh athrú bunúsach tagtha ar na ceantair tuaithe agus gurbh ea gur thit siad isteach leis na hathruithe móra a bhain le nua-aoisiú na tíre.
pobail tuaithe rural communities
" Sa deireadh thiar thall, thiocfadh na pobail tuaithe slán.
forbairt na tuaithe rural development
" Mar sin féin, tá roinnt mhaith eagraíochtaí ann fós a bhfuil baint acu le forbairt na tuaithe.
pobal na tuaithe rural community(/ies)
" Baineann sé le pobal na tuaithe go ginearálta san iarthar.
saol na tuaithe rural life
" Chonaic mé saol na tuaithe agus chonaic mé saol na cathrach freisin.
chultúr na tuaithe rural culture
" Sean-Deasghnátha á gCleachtadh =============== Labhair mé le Bogdan Neagota, eitnegrafaí as ollscoil Cluj maidir le gnéithe de chultúr na tuaithe sa Rómáin.
frith-tuaithe anti-rural
" Sceanairt san Áit is Gainne Vótaí ================ Téann na polasaithe frith-tuaithe níos faide arís leis an chinneadh atá déanta cónascadh a bhrú ar scoileanna beaga tuaithe agus líon na múinteoiri a ghearradh sna scoileanna sin.
thimpeallacht tuaithe rural environment
" Tá plé ar siúl sna meáin faoi cead a thabhairt do lucht cuardaithe gáis an proiséas domhainscoilteadh, nó ‘fracking’ a úsáid i gcondaethe Liatroma, Dún na nGall agus An Clár, imeacht driléala atá ina chontúirt ollmhór d’uisce agus do thimpeallacht tuaithe faoin dromchla agus os cionn talaimh mar atá léirithe i dtíortha eile.
Gnáthshaol tuaithe an ordinary rural lifestyle
" Gnáthshaol tuaithe a bhí agam ag fás suas.
tuaithe rural
" **SÓC: An bhfeiceann tú cosúlacht idir na ciorruithe atá os comhair scoileanna beaga tuaithe agus an tréimhse sna seascaidí nuair a bhí scoileanna beaga á ndúnadh?** MMGE: Ní brú a cuireadh ar na scoileanna ón Rialtas.
bhánú na tuaithe the rural depopulation
" Arsa Abdoulaye Dia, stiúrthóir an togra: “tá sé de chuspóir (ag an bhfál mór glas) srian a chur ar bhánú na tuaithe, beart a dhéanamh in aghaidh triomú na créafóige, an bhithéagsúlacht a chosaint, agus clár bia a thabhairt chun cinn”.
ar riachtanais na tuaithe on the needs of the country
" Dúirt sé go bhfuil ganntanas oibrithe oilte ag cur isteach ar fhorbairt i réimsí áirithe an gheilleagair agus go bhfuil an scéim SMP bunaithe ar urraíocht na bhfostóirí, ar riachtanais na tuaithe agus ar ghairmeacha ardluacha.
a phlódaigh prós tuaithe who flooded into the rural prose of
" Blas ar an nGontacht ======== Cá bhfuair an fear seo an fhéinmhuinín agus an íogaireacht mhórálta shainiúil seo? Cé go raibh an-chosúlachtaí idir Lincoln féin agus na daoine neamhoilte a phlódaigh prós tuaithe William Carleton in Éirinn roimis Chogadh na gCarad, d’éirigh leis an bhfear ait ó Springfield Illinois ceol ar leith a bhaint as an mBéarla le linn a shaoil.
ag cur faoi i dteachín tuaithe living in a small rural house
" Bhí Niels Bohr ag cur faoi i dteachín tuaithe i Tisvilde na Danmhairge.
greann uirbeach agus is greann tuaithe urban and rural comedy
" An cineál grinn a thaitníonn le muintir na hÉireann sa lá inniu, is greann uirbeach agus is greann tuaithe é, meascán den éadrócaire agus den chomhbhá (an greann sin inar leor nod don eolach chun é a thuiscint go minic).
shaol na tuaithe country life
" Eascraíonn seo as na hathruithe móra atá tagtha ar shaol na tuaithe le dhá ghlúin anuas.
ba ghnách le gach teaghlach tuaithe every country household usually
" Sna seanlaethanta ba ghnách le gach teaghlach tuaithe gunna éigin a bheith acu chun coyotes agus ainmhithe fiána eile a smachtú, ainmhithe a d'fhéadfadh cur isteach ar an bhfeirm.
as ceantar tuaithe from a rural area
" Míníonn Linda an dóigh a bhfuair a deartháir cleamhnais, David Ervine nach maireann, iarcheannaire an PUP agus a fear cheile, Brian, amach go raibh Gaeilge agus Béarla ag a seantuismitheoirí cionn is gurb as ceantar tuaithe inar labhraíodh an Ghaeilge.
na tuaithe agus na bhfobhailte rural and suburban (California)
" Ar ndóigh, cuireann dlí California iontas orthu siúd a bhreathnaíonn ar California mar stát forchéimnitheach, go háirithe in áiteanna mar San Francisco, atá breac leis an bpobal Aerach, ach tá dhá California ann: California na gcathracha, agus California na tuaithe agus na bhfobhailte.
fíonta na tuaithe country wine
" Tá múinteoirí ar m’aithne nach bhfuil acu ach tithe saoire sa Tuirc! Tá aithne agam ar bhean bhocht amháin agus is sa Bhulgáir atá teach saoire s’aicise! Cén sórt saoil é sin? Samhlaigh, agus tú ag teacht i dtreo thús an tsamhraidh, agus do chuid cairde uilig ag súil leis an tsaoire a chaitheamh ag tumadh ar chósta Amalfi nó ag tonnmharcaíocht i ndeisceart na Fraince; agus níl agatsa le bheith ag súil leis ach fíonta na tuaithe agus béilí saora i mbialanna na Bulgáire! Samhlaigh sin anois, a Bhaloir! Más Dona Maoil, is Measa Mullóg =============== James: Agus an cháin úr seo ar na tithe! Níl sé ceart ná cóir! Caidé faoi na múinteoirí bochta a bhfuil trí nó ceithre theach acu? Caidé mar a thiocfaidh leo siúd an cháin seo a íoc ar an tuarastal laghdaithe a bheas againn! Tá sé thar am againn muirthéacht a bheith againn sa tír.
cuirfidh muintir na tuaithe fáilte romhat the rural community welcomes you
" Ó thaobh ceart slí de, tá an dlí sa Spáinn ar malairt bealaigh ar fad le dlí na hÉireann - is é sin, tá cead spaisteoireachta agat ar thalamh oscailte de ghnáth agus cuirfidh muintir na tuaithe fáilte romhat fosta.
cúlbhóithre tuaithe little country back roads
" Agus é ag siúl siar bhí sé ag meabhrú dó féin agus é ar na cúlbhóithre tuaithe.
airíonn duine tuaithe a rural person feels
" Ar bhonn níos inmheanaí, is minic a airíonn duine tuaithe, a bhfuil cónaí air sa chathair ar feadh bliain nó dhó, an suaitheadh saíochta nuair a fhillfidh sé ar áit dúchais.
sheanbhéasa na tuaithe old rural customs
" Déanann sé dearmad ar dhearcadh coimeádach agus ar sheanbhéasa na tuaithe, osclaíonn sé a bhéal chun scéal a insint, smaoiníonn sé ar an scéal agus dúnann a bhéal arís.
lucht na tuaithe rural dwellers
" Caitheadh lasadh sa bharrach leis an bhfógra seo, agus d’eascair díospóireacht fhíochmhar eatarthu siúd a d’aontaigh leis an gcairt, na Franca-Cheanadaigh (scarúnaíthe agus lucht na tuaithe don chuid is mó), agus an chuid eile a d’easaontaigh leis (muintir na cathrach agus lucht an Bhéarla don chuid is mó).
tháinig feabhas agus athrú ar shaol na tuaithe rural life changed and improved
" Tréimhse nuair a tháinig feabhas agus athrú ar shaol na tuaithe.
is fear tuaithe mise I’m a rural man
" Ar ndóigh, is fear tuaithe mise, agus is iad muintir na tuaithe a thogh mé, agus is ar son mhuintir na tuaithe a bheas mise ag obair.
mar aon le greann tobann na tuaithe as well as the quick rural wit
" Is iomaí gné sa dráma seo a dhéanann nasc daingean idir na haisteoirí agus an lucht féachana: fiacha an dráma féin do thraidisiún scéalaíochta a ritheann ó William Carleton go Séamus Ó Duilearga, an bhéim ghrámhar a chuirtear ar chairdeas leochaileach na bhfear, mar aon le greann tobann na tuaithe.
Turasóireacht na Tuaithe Tite go Dona rural tourism is badly hit
" Turasóireacht na Tuaithe Tite go Dona ==================== Tá an fhianaise le feiceáil sa phobal seo.
de gheilleagar na tuaithe of the rural economy
" Turasóireacht, feirmeoireacht, iascaireacht: is cuid de gheilleagar na tuaithe achan cheann acu.
ceann de na ceantair tuaithe ba bhisiúla one of the most productive rural districts
" B’é ceann de na ceantair tuaithe ba bhisiúla sa tír ag an am.
i gceantair iargúlta tuaithe in remote country areas
" Féachann Uinsionn Mac Dubhghaill ar thionscnamh iompair a bhfuil ag éirí thar barr leis i gceantair iargúlta tuaithe ach nach féidir a bheith cinnte go leanfar leis sa todhchaí.
ré na dtithe tábhairne tuaithe. the era of the rural pubs.
" Dealraíonn sé go bhfuil deireadh ag teacht le ré na dtithe tábhairne tuaithe.
mhuintir na stát bocht tuaithe. people of the poor rural states
" Seift chliste ab ea é Sarah Palin a roghnú mar iarrthóir leasuachtaránachta an Pháirtí Phoblachtánaigh, dar le Brian Ó Broin, mar go rachaidh a cuid polaitíochta i bhfeidhm ar mhuintir na stát bocht tuaithe.
Caithfear an mhaith atá i bhfiántas na tuaithe a aithint the benefits of the county’s wilderness must be recognised
" Caithfear an mhaith atá i bhfiántas na tuaithe a aithint mar ghné tharraingteach don turasóireacht agus gan srian ná smacht a chur air a deir Tony Birtill.