Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tuirse géarchéime crisis fatigue
" Bhí an ceart ag Gerry Adams an tseachtain seo, le linn tréimhse eile cainteanna, nuair a dúirt sé go raibh "tuirse géarchéime" ar dhaoine ó thuaidh.
tuirse aerthaistil jetlag
" Beidh tú cráite ag tuirse aerthaistil agus ní bheidh brí míoltóige ionat,” arsa Aindí.
an tuirse the tiredness
tuirse tiredness
" Bhí tuirse ar Jeannie, ach sa deireadh lig sí isteach é, agus i ndiaidh tamaill thosaigh sí ag rá amhrán.
tuirse tiredness
" Beimid bríomhar! **An séú agus an seachtú míle déag** – agus níl aon tuirse orainn go fóill! 27-28/7/07: Laethanta leisciúla lár tíre ag Féile i gCloch Shiurdáin agus an lá dár gcionn ag an Midlands Festival.
marbh tuirse dead tired
" Bhí mé briste brúite marbh tuirse, mar gur ghlac sé saoltaí domh fáil ‘fhad leis an áit – sé uaire déag le bheith cruinn – nuair a smaointíonn tú nach bhfuil sé ach 4 uaire a chloig dá mbeadh eitilt dhíreach ann.
tuirse an aerthurais jet lag
" Diabhal tuirse an aerthurais.
faoi thuirse tired, sad
" Lena chois sin, cé go raibh an dara seans ag neasóirí na gcomórtas cúige, An Lú, Muineacháin, Luimneach agus Sligeach, b’éigean dóibh imirt arís go luath (fiú taobh istigh de sé lá) i ndiaidh dóibh a bheith buailte i gcluiche ceannais an chúige agus ní hiontas ar bith é agus iad fós faoi dhíomá agus faoi thuirse gur buaileadh iad sna cluichí cáilithe sin.
tuirse de tired of
" Ach ina áit sin, d’fhill siad ar an sean-nós, agus thacaigh siad le Fine Gael nuair a bhí siad tuirse de Fhianna Fáil.
le barr tuirse from being so tired
" Ní raibh duine ar bith de na dreapadóirí ag iarraidh Monroe eile a chur díobh, le barr tuirse, agus shiúil mé im' aonar mar sin i dtreo Bheinn a' Chlachair (1087m).
thuirse tiredness
" Cuireadh an milleán ar imreoirí, ar phlean an lucht bainistíochta, ar an gcineál ullmhúcháin, ar thuirse a bheith ar na himreoirí de bharr an iomarca traenála sna seachtainí roimh an chomórtas.
ar tí géilleadh don tuirse about to yield to tiredness
" Theastaigh uaidh an léitheoir a bhodhrú le mionsonraí éigiallta agus díreach nuair a bheadh sé ar tí géilleadh don tuirse, chaitheadh Joyce na boinn órga sin ar an leathanach.
go tuirse to tiredness
" Agus i ndiaidh tamaill, athraíonn an fhearg go tuirse agus an frustrachas go fuarchúis.