Pota Focal Intergaelic
tim | tím | tom | tua | Tuam
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
á thumadh submerging it
" I gceann eile tá greim láimhe ag imreoir ar Chorn Mhic Cárthaigh agus é á thumadh i loch atá an-chosúil le ceann de locha Ghleann dá Loch.
go dtumann sé that he dives
" Bhí an méid seo le rá ag an chriticeoir Tadhg Ó Dúshláine i léirmheas a scríobh ar an chnuasach *Corcach agus Dánta Eile *i 1999: Ceann de mhórbhuanna an fhile seo é go dtumann sé go croí an ábhair láithreach agus nach mbadrálann é féin ná an léitheoir le coinbhinsiúin ná foirmlí seanchaite maidir le suíomh ná cruthú atmaisféir ar an modh traidisiúnta, cé go mbíonn a chuid dánta ar maos leis an mblas, an dath agus an fhuaim áitiúil.
ag tumadh plunging
" Ní hiad na gnáthfhuaimeanna a chloisfeá i mbaile cois farraige áit ar bith ar an domhan atá i gceist agam, macasamhail na mbád iascaireachta agus na bhfaoileán ag faoileáil thart ar na hiascairí, nó na peileacáin ag tumadh sna tonnta ar thóir bidh.
é féin a thumadh sa tsuaimhneas to immerse himself in quietness
" Tá na bailte beaga gnóthach ach mallghluaiseach agus tá mílte de chaorán, cnoic agus farraige ann don duine atá ag iarraidh é féin a thumadh sa tsuaimhneas ar feadh tamaill.
á dtumadh féin sna tobáin feamainne immersing themselves in the sea-weed tubs
" Agus mé i mo sheasamh ag amharc síos ar Ionad Úr Oidhreachta Ghleann Cholm Cille (tógtha le deontais mhóra ó Roinn na Gaeltachta agus ón Údarás) bhí mé ábalta na daoine áille ina gcuid *bikinis *agus gan a gcuid *bikinis *a fheiceáil ina mílte thíos: daoine as gach tír ar domhan, seachas Éire, ag crú na gréine saorga, á dtumadh féin sna tobáin feamainne, ag dul ó *jacuzzi *go linn snámha, ag teacht amach as na *Casinos *ar an Chaiseal agus isteach sna bialanna ardnósacha fán Chlachán.
ag tumadh san uisce dipping into the water
" " Bád farantóireachta beag bídeach a bhí ann, agus cuma tráidire méisíne deannaigh ar an tosach agus é ag tumadh san uisce.
go dtí gur chinn mé ar thumadh isteach ar fad ann until I decided to immerse myself totally in it
" Tar éis tamaill thosaigh mé ag gabháil isteach níos doimhne sa scéal go dtí gur chinn mé ar thumadh isteach ar fad ann.
ag tumadh sinking
" Agus Bush ag tumadh sna pobalmheasanna, áfach, is é an cheist atá ann ná an ndéanfaidh sé aon bheart díchéillí an samhradh seo agus é ag iarraidh an taoide a chasadh arís.
ag tumadh go tobann diving suddenly
" Tá sé an-taitneamhach bheith ag amharc orthu agus iad ag tumadh go tobann isteach san fharraige.
le tumadh isteach ann to dip into it
" Arán agus slisíní ispíní le picilí againn le tumadh isteach ann - an-bhlasta ar fad, ach, mo léan, bhí sé chomh méith sin nach rabhamar in ann é a chríochnú.
tumann siad isteach go huile is go hiomlán sa saol gnó. they submerge themselves in the business world.
" Cuid de na daoine seo atá ar a sócúlacht, tumann siad isteach go huile is go hiomlán sa saol gnó.
bíonn an chuid is mó acu tumtha go huile is go hiomlán i gcultas na peile. most of them are submerged totally and utterly in the cult of football
" Foghlaimíonn siad na hamhráin, ceannaíonn siad na geansaithe, agus faoi dheireadh na gceithre bliana a chaitheann siad san ollscoil, bíonn an chuid is mó acu tumtha go huile is go hiomlán i gcultas na peile.
tumtha sa traidisiún seo submerged in this tradition
" Caithfidh duine a bheith tumtha sa traidisiún seo sa dóigh is go mbeidh bunbhrí nó eisint an traidisiúin ina fhéitheacha, nó sa dóigh is go mbeidh féith an damhsa ar an sean-nós ann.
linn fhuar thumtha a cold immersion pool
" *Ski-schule*, *après-ski*, agus ansin* Wellness*, ionad folláine ina dtéann tú ó shabhna go linn fhuar thumtha ceithre nó cúig huaire.
déanann Mormannaigh áirithe iad féin a thumadh certain Mormons immerse themselves
" Mar sin, déanann Mormannaigh áirithe iad féin a thumadh roinnt amanna in umair speisialta ar son na marbh sna teampaill seo.
a thumadh immerse
" In éineacht le Danny, bhí an Canónach Pádraig Ó Fiannachta, le tumar mór uisce coisricthe chun an Tóirse Oilimpeach a thumadh ann le gach rian den Chumannachas Págánach Diabhlaí a dhíbirt amach as.
thumadh to dive
" Bhí mé ag iarraidh tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge agus don Ghaeltacht – an tobar sin nach dtugann muid cuairt air leath rialta go leor le muid féin a thumadh in oidhreacht ár sinsir agus le casadh go hómósach arís leo siúd a choinnigh an lóchrann lasta sna laethanta dorcha.
thumadh steeping
" Níl an dara suí sa bhuaile acu ach gealtacht a phléadáil i ndiaidh dóibh an tír a chur sa chac agus a thumadh sa chac agus a fhágáil sa chac.
tumadh plunging
" Is iomaí scéal a chuala mé faoi thuismitheoirí de bheith ag ropadh is ag rúchladh ó áit go háit: obair, cóisireacha, siopaí, an lón sciobtha ag an oifig agus líon mór dualgaisí nach iad, agus fágadh na gasúir ar a n-ábhar féin, faoi bhlaiseadh den uaigneas, agus tá a fhios agam faoin tumadh iomlán sna fístéipeanna is sa ríomhaire a tharla mar gheall ar an deifir dhamanta sin.
Tumtha swamped, engrossed
" Tumtha, mar a bhíos, i mbréagshoineantacht an phobail tuaithe sin don dá uair a chloig go leith ba chineamúla, b’fhoirfe is ba dhúshlánaí a tháinig inár dtreo le fada an lá.
páirt-tumadh partial-immersion
" Maidir le cúrsaí oideachais, is ceart fáiltiú roimh an mbéim láidir a leagtar ar nasc a chruthú idir múineadh na Gaeilge ar scoil agus a húsáid lasmuigh den scoil; is inmholta an moladh go soláthrófaí páirt-tumadh sa Ghaeilge do gach dalta sa bhunscoil (má oiltear na múinteoirí chuige sin); dul chun cinn suntasach is ea an moladh go gcuirfí fiche faoin gcéad d’áiteanna ar leataobh sna coláistí oideachais do mhic léinn a fuair a gcuid oideachais trí Ghaeilge; agus beidh tábhacht leis an Ionad Náisiúnta d’Fhorbairt Ghairmiúil Múinteoirí Gaeilge atá beartaithe.
tumadh dive
" Ach mar bharr ar sin, tá *Quora* oscailte do chuardach *Google*; muna bhfuil spéis agat mar sin, tumadh isteach i *Quora* féin, gheobhaidh tú freagra ar do cheist ar *Google* ar aon nós.
thumann dives
" Dúntar an tsrón agus na scoiltíní nó cluasa beaga atá aige nuair a thumann sé faoin uisce.
tumtha go hiomlán immersed entirely
tumadh immersion
" Is tábhachtaí a bheith ábalta tú féin a chur in iúl ach arís is é an tumadh atá de dhíobháil mar thiocfadh na structúir agus an líofacht leat diaidh ar ndiaidh.
tum isteach ann dive in
" Oscail é agus tum isteach ann!
tumtha steeped
" Caitheann siad thart ar 8 mbliana tumtha sa teanga ach, ag 12 nó 13 bliana d'aois tagann siad agus a dtuismitheoirí ar bhac a n-oideachais trí Ghaeilge.
ag tumadh ar diving
" Tá múinteoirí ar m’aithne nach bhfuil acu ach tithe saoire sa Tuirc! Tá aithne agam ar bhean bhocht amháin agus is sa Bhulgáir atá teach saoire s’aicise! Cén sórt saoil é sin? Samhlaigh, agus tú ag teacht i dtreo thús an tsamhraidh, agus do chuid cairde uilig ag súil leis an tsaoire a chaitheamh ag tumadh ar chósta Amalfi nó ag tonnmharcaíocht i ndeisceart na Fraince; agus níl agatsa le bheith ag súil leis ach fíonta na tuaithe agus béilí saora i mbialanna na Bulgáire! Samhlaigh sin anois, a Bhaloir! Más Dona Maoil, is Measa Mullóg =============== James: Agus an cháin úr seo ar na tithe! Níl sé ceart ná cóir! Caidé faoi na múinteoirí bochta a bhfuil trí nó ceithre theach acu? Caidé mar a thiocfaidh leo siúd an cháin seo a íoc ar an tuarastal laghdaithe a bheas againn! Tá sé thar am againn muirthéacht a bheith againn sa tír.
Tar éis tumadh having dived
" Tar éis tumadh sa tSionainn uair nó dhó, bhí sé in am agam dul suas chun na foinse, go Log na Sionainne sa Chabhán.
mar sin, thum mé mé féin so I immersed myself
" Rinne mé céim Bhéarla sa choláiste, mar sin, thum mé mé féin sna saothair mhóra ansin, ach is é Roehl Dahl an t-údar is rogha liom, cheapfainn.
Thum dived
" Thum Muiris Ó Meara é féin i bhfealsúnacht agus i bhfisic Niel Bohr agus Slavoj Žižek le súil a chaitheamh ar ghnóthaí geilleagair.