Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
i bhfad níos uaigní much more lonely
" Measann sé go bhfuil sé i bhfad níos uaigní a bheith ag saothrú i ngort an léinn.
uaigneach lonely
" Tá beatha an tsaighdiúra doiligh go leor, agus uaigneach agus garg.
an bás mall uaigneach uafásach slow lonely death
" Thuig mé go maith an bás mall uaigneach uafásach nuair a leanas na treoracha ag an taispeántas ar an Titanic sa mhúsaem i Chicago ((www.
Gort uaigneach atá á threabhadh ag an Donnagánach Mac Dhonnagáin is ploughing a lonely furrow
" B'fhearr liom an cáineadh ná gan aon aird a bheith á tabhairt orm!" Gort uaigneach atá á threabhadh ag an Donnagánach mar go bhfuil sé i measc an dornáin bhig atá ag cumadh amhrán comhaimseartha i nGaeilge.
uaigneach lonely
" Níl mórán daoine ann atá chomh diongbháilte sin agus go ndéanfaidís staidéar uaigneach fada leo féin (thugadh mo chairde "torathar" orm) - agus ní dheanfainnse féin an tslí chéanna é, dá mbeadh an dara rogha agam.
atmaisféar uaigneach a lonely atmosphere
" Mhothaigh muid aonarach as sin amach agus bhí atmaisféar uaigneach thíos ag an Pier Head.
an-uaigneach very lonely
" Glas-stócach cúthail in aois a sé déag a bhí ann agus bhíodh sé an-uaigneach ar dtús.
bhínn uaigneach in amanna I used to be lonely sometimes
" Ach bhíodh sé deacair orm bheith i bhfad ó mo mhuintir - bhínn uaigneach in amanna.
uaigneach lonely
" Fuair Caravaggio bás uaigneach sular shroich sé a 40ú breithlá agus é ar a bhealach chun na Róimhe le pardún a fháil ón Phápa.
iontach uaigneach very lonely
" "Tá seisean iontach uaigneach mar go bhfuil mé imithe.
uaigneach lonely
" Is duine iontach dáigh mé!” Is minic a chloistear mic léinn thaighde ag gearán faoin saol uaigneach atá acu, agus iad scoite amach ina n-aonar, ar a ndícheall ag iarraidh “an diabhail tráchtas” a chríochnú.
cluintear glór uaigneach caointeach a lonely mournful voice is heard
" Scairteann sé *suas *agus scairteann sé *síos*: “An *thuas *a bhí mé nó *thíos*? Nó an ag dul *suas *an staighre a bhí mé nó ag dul *síos*? Nó ag teacht *anuas *nó ag teacht *aníos*?” Agus macalla na gceisteanna sin fós ag preabadh *anonn *agus *anall *ó bhalla go balla agus *suas síos *ó shíleáil go hurlár, cluintear glór uaigneach caointeach ag teacht ón seomra folctha: “Agus an ag dul *isteach *sa tobán seo a bhí mé, nó ag teacht *amach *as?” *Thíos *sa chistin, agus é fós ina shuí ag an tábla, beireann Réamó greim docht daingean ar a chupán.
thug mise aghaidh ar mo phluais bheag uaigneach I headed for my little lonely cave
" Oíche a shochraide, nuair a bhí lucht glanta glún ag dul siar ar bhóithrín na smaointe agus ag caoineadh isteach ina gcuid piontaí, thug mise aghaidh ar mo phluais bheag uaigneach agus scríobh mé a fheartlaoi.
ar mhoiréan uaigneach on a lonely moraine
" Cé go raibh glinniúint i súile an fhir, ní raibh sé chun focal a rá, amhail is go mbeidís ar High Street éigin agus ní ar mhoiréan uaigneach ar ghualainn an domhain.
an fhuaim is uaigní dár chuala tú riamh the loneliest sound you ever heard
" Táimid le ceolchoirmeacha a dhéanamh le ceoltóirí mór le rá: Haruhiko Saga, a sheinneann fidil ón Mhongóil, agus an fhuaim is uaigní dár chuala tú riamh uaithi; Ryo Watanabe, cnaguirliseoir; Kotaro Oshio, seinnteoir giotáir agus popréaltóg anseo sa tSeapáin; Ryutaor Kaneko, duine de dhrumadóirí Kodo.
fidléirí uaigneacha Nua-Eabhrac; the lonely fiddlers of New York;
" Maireann na glúnta atá imithe ar shlí na firinne taobh istigh de na ceithre bhalla seo, iad ag amhránaíocht agus ag seinm agus ag déanamh céimeanna damhsa – tincéirí; réaltaí pop; aithreacha agus máithreacha agus a muiríní ag seinm na bhfonn a chleachtadh siad sa bhaile sular chuir an teilifís ina dtost iad; buíonta céilí i Londain na 50í; fidléirí uaigneacha Nua-Eabhrac; tá siad uilig anseo.
i dtírdhreach uaigneach in a lonely landscape
" Sna 1890í tógadh tithe móra, den chineál a dtugtar lóistí orthu, d’fhir spóirt i nGleann Cailbhidh agus Gruinards, áit a bhfuil siad ina seasamh i dtírdhreach uaigneach sa lá atá inniu ann.
ar phláinéad uaigneach on the lonely planet
" Is as an iar-Iúgslaiv í Ugresic agus tá sí ag maireachtáil, oiread céanna leis an scríbhneoir Gaeilge, ar phláinéad uaigneach a teanga dhúchais.
ar chladach uaigneach on a lonely shore
" Chaith sé é féin isteach san fharraige, gan snámh aige: “Is iomaí uair a bhí mé i gcontúirt an bháis ón tráthnóna a léim mé isteach i seacht dtroithe uisce ar chladach uaigneach agus gan bang ar bith snámha agam.
shuanlann uaigneach chónaithe. lonely bedsit
" Bhí radharc amháin sa chlár inar taispeánadh mé i m’aonar i mo shuanlann uaigneach chónaithe.
post uaigneach a lonely job
" Cé gur post uaigneach é post an bhainisteora, is cosúil, táid ann atá sásta an chuing seo a ghlacadh.
chomh huaigneach agus éadóchasach how lonely and despairing
" Samhlaigh chomh huaigneach agus éadóchasach is a bhraith an páiste sular mharaigh sí í féin – caithfidh gur bhraith sí go raibh sí gan luach, gan chara, gan mheas, gan ghrá ina saol.
ina phluais uaigneach in his lonely den or cave
" Ceithre scór deireadh seachtaine ag meabhrú os cionn na tine ina phluais uaigneach, ag tochas a thóna agus ag cuimilt a bhoilg, ag iarraidh seoda litríochta a scríobh do *Beo Ar Éigean!* Ceithre scór deireadh seachtaine ag iarraidh comhfhreagraithe eile na liarlóige seo a sheachaint ar eagla go ngoidfidís a chuid péarlaí luachmhara de smaointe agus iad ag iarraidh a gcuid truflaise féin a chumadh.
uaigneach lonely
" Drochrud riachtanach, leadránach agus uaigneach a bhíos iontu ar mhuileann coise an tsaoil ghnó do dhream eile.
uaigneach lonesome
" ‘Is uaigneach an níochán gan léine ghlas’ mar a dúirt an té a dúirt fadó.
uaigneach lonely
" Saol uaigneach a bhí acu, b’fhéidir, cé nár shíl mé sin ag an am.
uaigneacha lonely
" Ó bhí an tsamhain ann, bím ag féachaint ar na géaga uaigneacha na gcrann ag bun an ghairdín, agus iad ag síneadh go himpíoch chun na spéire.
bhóithrín uaigneach a lonely lane
" Duaiseanna ======= Beidh beirt bhuaiteoirí i gceist agus gheobhaidh siad mar dhuais an leabhar: ‘Dúnmharú agus mistéir’ le Anna Heussaff Nó: ‘Daoine a Itheann Daoine' le Mícheál Ó Ruairc ‘Dúnmharú agus mistéir’ - úrscéal nua ó údar móréilimh ======================= Bean sínte ar bhóithrín uaigneach istoíche.
cineál uaigneach kind of lonely
" Choinnigh mé orm an bealach trí pháirceanna agus coillte lastuaidh den abhainn, agus cé go raibh sé deas, bhí sé cineál uaigneach fosta agus shíl mé gur ainm contráilte a bhí ann, Slí Ribble.
go huaigneach a singular
" Sháigh mé crúb sa dara póca agus d’aimsigh bonn 500 florin go huaigneach thíos ann.
Seasann an neach uaigneach the lonesome being stands for
" Seasann an neach uaigneach sa phictiúr ar dhroichead faoi spéir shuaite a bhfuil dath fola uirthi.
iarsma uaigneach na slándála ar champa mianadóireachta a lone remnant of mining camp security
" Mac an gharda aonaránaigh ab ea William, mac Sherriff Seth Bullock, iarsma uaigneach na slándála ar champa mianadóireachta sna Black Hills in 1877, sléibhte dar goideadh ós na hIndiaigh nuair a thángthas ar ór ann.
móide gabhdóg aonar uaigneach amháin with a lone muffin
" D’éiríomar cleachta le fiche bliain anuas as íoc go daor as cupán caife móide gabhdóg aonar uaigneach amháin, nó sruán, ar €4.
uaigneach scáfar fosta frightening and lonely also
" Tá áilleacht ag baint leis an íomhá ach tá sé uaigneach scáfar fosta.
ainm an ghleanntáin uaigneach seo this lonely valley’s name
" Ní gá ach amharc ar an 2,000 troigh de dhreapadh crochtach atá romhat amach lena thuiscint cad as a tháinig ainm an ghleanntáin uaigneach seo.
go huaigneach, aonarach singularly alone
" Cuir leis sin gur mó uair ar theip ar Ó hIfearnáin sna blianta atá thart an bua a shantaigh sé a ghnóthú ach gur choinnigh sé air ag obair agus ag traenáil, idir dhá uair agus ceithre huaire déag in aghaidh na seachtaine, go huaigneach, aonarach agus é ag siúl na mílte míle ar shráideanna Chorcaigh sa mhodh aisteach siúil sin a bhaineann leis an spóirt is ansa leis.
bás uaigneach a lonely death
" Is léir go raibh rogha chrua ag gaolta Bromson nuair a thuig siad go raibh sé beartaithe aige lámh a chur ina bhás féin ar 27 Iúil: bás uaigneach don seanfhear nó iad féin a chur i mbaol le fortacht a thabhairt dó in am a ghátair.
post uaigneach a lonely job
" Is post uaigneach é post an bhainisteora spóirt.