Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an club is uaine the greenest club
" Seo an club is uaine sa Premiership agus, cé go bhfuil Niall Quinn éirithe as anois tar éis seacht mbliana ar Weirside, tá Kevin Kilbane, Jason McAteer, Thomas Butler agus Phil Babb ar an chéad fhoireann go fóill.
ar aon uain at the same time
" Óir tá an Eoraip ag iarraidh ar aon uain aontas a chruthú idir na Stáit agus aontas a chruthú idir na pobail.
gléasta in uaine dressed in green
" Tagann fear gealgháireach, gléasta in uaine, i mo threo.
bheoir uaine green beer
" "Tá Gaeilge agamsa freisin,' ar siadsan go minic, agus i nguth súgach deir siad abairt mar *"Cod milley fall-chi"* leat! Ina dhiaidh sin, go hiondúil, insíonn siad scéal éigin duit faoi bheoir uaine agus cabáiste.
seantuiní uaine old green tunics
" Fir óga ab ea móramh an Rialtais sin, formhór acu a bhí fós míchompordach sna bónaí crua sciathánacha, gan trácht ar na cótaí eireaballacha foirmeálta a thóg áit anois na seantuiní uaine a chaitheadar le mórtas – éide Óglaigh na hÉireann, éide gharchogaithe na saoirse, éide Arm na Poblachta.
fallaing uaine green cloak
" Fear a chaith fallaing uaine na Poblachta nuair a bhain sin talamh ón nGearaltach.
ar nós na huaine, like the lamb
" “Má thagann an Márta ar nós an leoin, imeoidh sé ar nós na huaine, agus má thagann an Márta ar nós na huaine, imeoidh sé ar nós an leoin,” a deireadh na seandaoine, leithéidí iareagarthóir *Beo Ar Éigean*.
uain i measc na sionnach lambs amongst the foxes
" Bhí *deal* faighte againn le Island Records, ach bhí muid ar bheagán taithí ó thaobh an ghnó de – níor thuig muid nach raibh ionainn ach uain i measc na sionnach.
huain lambs
" Tá an sabhaircín agus lus an chromchinn réidh le damhsa sa leoithne; tá na huain óga réidh le damhsa ar na bánta; tá an duilliúr úr istigh sna bachlóga réidh le damhsa ar ghéaga na gcrann; tá an magairlín meidhreach réidh le damhsa ar na méilte; tá Balor Builiúil ag damhsa le bamba agus dírathú; agus tá ceannairí na tíre ag damhsa iomlán an bhealaigh isteach i dTeach na nGealt.
uain mhaith good weather
" Nuair a bhíonn an uain mhaith ann, osclaítear siopa beag caife agus suíonn daoine anseo ag plé chúrsaí an lae agus ag breathnú ar an saol ag dul thart.
solas uaine green light
" Le teacht an duilliúir agus na dea-aimsire, bíonn aoibh eile uirthi agus meallann ceol na n-éan agus an solas uaine isteach ann mé.
Breith ar an Uain ar an Urla move quickly on the matter
" Breith ar an Uain ar an Urla ============ Cuireann Andrew Parish, príomhoifigeach feidhmiúcháin *Wavebob*, fáilte roimh an straitéis seo, ach cáineann sé moille an chur i bhfeidhm.
huain íobartha sacrificial lambs
" Chomh maith le héilitheoirí leasa shóisialigh, is iad státseirbhisigh na huain íobartha ar altóir fhiosca na córa, (on the altar of fiscal rectitude) daoine a bhfuil postanna sócúla saoil agus pinsin thar an choitiantacht acu, dár lena lán, ach deir an tUasal Campfield go bhfaigheann státsheirbhisigh ar an mheán, pinsin idir £5000 agus £6000 sa bhliain.
ndomhan uaine a green world