Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar uairibh at times
" Is fíor nach raibh mórán gréine againn le linn an tsamhraidh agus go raibh cuid mhór báistí ann ar uairibh ach nuair a bhí na cluichí móra á n-imirt is annamh a bhí sé go dona agus is minic a tháinig an ghrian amach do na hócáidí móra amhail is go raibh Dia féin ag iarraidh féachaint cén chaoi ina raibh ag éirí leis na contaetha éagsúla agus iad ag imirt i bPáirc Semple, i bPáirc an Chrócaigh agus mar sin de.
ar uairibh sometimes
" Má éilíonn seo dianiarracht ar an léitheoir ar uairibh is maith is fiú an tíolachadh fileata atá mar thoradh ar an iarracht chéanna.
ar uairibh at times
" Cuireadh as an gcomórtas é dá bharr (tá rialacha aisteacha ag baint le galf ar uairibh) ach in áit an milleán a chur ar a chéile imeartha (a raibh baint aige leis an mbotún ar bhealach nach cuimhin liom anois) nó ar a ghiolla ghlac sé leis gurb é féin a rinne an botún gan chabhair ó éinne.
ar uairibh at times
" Nuair a bhíomar traochta den gcaibidil ar fad faoin nGaeilge, do thóg Barra bosca ceoil mór groí amach agus thug sé cúpla port dúinn ar a shuaimhneas … Ard-oíche cuideachtan agus níorbh í a haon í i dtigh seo na nDonnabhánach, ar chosúla ar uairibh é le stáisiún traenach ná tigh muintire, mar go mbíodh an oiread sin daoine ag tarraingt ar an dtigh.
ar chosúla ar uairibh é le stáisiún traenach which was more like a train station sometimes
" Nuair a bhíomar traochta den gcaibidil ar fad faoin nGaeilge, do thóg Barra bosca ceoil mór groí amach agus thug sé cúpla port dúinn ar a shuaimhneas … Ard-oíche cuideachtan agus níorbh í a haon í i dtigh seo na nDonnabhánach, ar chosúla ar uairibh é le stáisiún traenach ná tigh muintire, mar go mbíodh an oiread sin daoine ag tarraingt ar an dtigh.
Ar uairibh sometimes
" Ar uairibh déantar dearmad orthu go dtí go n-aimsíonn duine éigin an scéal, tré thimpiste níos minicí ná a mhalairt, nó go gcuireann duine éigin suim ar leith iontu ar chúis éigin.
as ar eascair ar uairibh comhoibriú áirithe from which a certain amount of co-operation sometimes grew
" Cé nach bhfuil aon amhras orm ach go bhfuil baill i gcoiteann ag an dá eagraíocht, rud a chothaíonn gaol ann féin, gaol as ar eascair ar uairibh comhoibriú áirithe, chreid mé agus creidim fós gur dhá eagraíocht atá go hiomlán neamhspleách iad Sinn Féin agus an IRA.
ar uairibh at times
" Thar aon rud eile, is é an claonadh thar na blianta ag údaráis stáit seasamh le fianaise an Gharda Síochána, fiú ar uairibh agus fios ag gach mac máthar é a bheith bréagach (mar a tharla i "gCás Leanaí Chiarraí" i 1985), a chruthaigh an cultúr neamhfhreagrach sa Gharda Síochána.
ar uairibh at times
" Déarfadh daoine áirithe go raibh rialacha CLG an-chasta i gcónaí agus go mba dheacair iad a thuiscint ar uairibh.
Ní fuirist a bheith gonta ar uairibh! Sometimes it's not easy to be terse!
" Ní fuirist a bheith gonta ar uairibh! Ba é Diarmuid Breathnach, scoláire uasal ceart, a scríobh an cur síos fúm féin agus fém mhuintir.
domhínithe ar uairibh unexplainable at times
" Tá an spórt aisteach mistéireach, domhínithe ar uairibh.
ar uairibh occasionally
" Ní mian liom réiteoirí a lochtú nó a cháineadh, ach tá fhios ag Dia gur deacair gan sin a dhéanamh ar uairibh.
ar uairibh occasionally
" Grád: D Mary Coughlan (An Tánaiste agus Aire Talamhaíochta, Iascaigh agus Bia): Is doiligh easaontú leis an slad atá déanta ag na meáin uirthi, cé gur cháineadh róphearsanta a bhíonn ann ar uairibh.
ar uairibh at times
" Bhí canúint láidir Shasana ag Charlie, ach bhí gnéithe de chanúint Bhéarla Chiarraí measctha tríthi agus ba dhraíochtúil éisteacht leis ag déanamh cur síos ar eachtraí Micko, cé go mba dheacair é a thuiscint ar uairibh.
gan treoir ar uairibh rudderless at times
" Bhíodar leamh, leochaileach, gan treoir ar uairibh, ar nós gasúr nár fhoghlaim nó a rinne dearmad ar bhunscileanna an chluiche.
ar uairibh san am a caitheadh in times past
" Thuigeamar leis go bhféadfadh an córas moltóireachta a bheith lochtach faoi mar a bhí ar uairibh san am a caitheadh.
an-leadránach ar uairibh very boring at times
" Is fearr liom príomheachtraí na gcluichí a fheiceáil, mar, in ainneoin cluichí a bheith iontach, mealltach ó am go ham, is dóigh liom go mbíonn bíonn cluichí sacair i gcoitinne an-leadránach ar uairibh agus rófhada.