Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Uascán soft, feeble-minded person
" Ní luaithe Leamh Ó Cuinneagáin ina Chathaoirleach ar Údarás na Galltachta ná Eastát Tionsclaíochta Ghí d'Ór bánaithe aige; muintir Ruibéar Mótair sportha spíonta, agus gan de leithscéal ag teacht ón Uascán Ó Cuinneagáin ach: " Níor chóir dóibh bheith ag déanamh mótar as ruibéar ar chor ar bith ar scor ar bith! Nach bhfuil a fhios ag an domhan mór gur as iarann a dhéantar mótair.
Uascán simple-minded, useless person
" Uascán nach dtig léi fiú greim bí a dhéanamh réidh .
Uascáin simple-minded person
" Bhí Banríon Shasana ar cuairt rúnda ar Bhanríon na hÉireann in Áras an Uascáin.
uascán hogget, simpleton
" Deir sí liom go bhfoghlaimíonn sí níos mó Gaeilge in aon seachtain amháin in Oideas Gael gach samhradh ná mar a fhoghlaimíonn sí an chuid eile den bhliain ón uascán sin Mac Ránais.
Uascán ewe
" Mar a dúirt an tUascán Ó Sáirsint, comhghleacaí le Molt Ó Gorm Liath sa Chomhaontas Glas: “Is ionann pictiúr agus míle focal, agus is ionann agallamh liomsa agus céad míle focal.