Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
um an dtaca seo by now
" Tá Corn Sacair an Domhain thart um an dtaca seo agus tá foireann na hÉireann ar ais sa bhaile nó ar saoire in áit éigin chiúin nach bhfuil aon seans ann go mbualfaidh siad le *fans!* Bhí ceiliúradh mór ar siúl i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath, agus 100,000 duine i láthair más fíor do na tuairiscí, chun fáilte abhaile a fhearadh roimh fhoireann Phoblacht na hÉireann agus aitheantas cuí a thabhairt dóibh as an ngaisce a rinneadar.
um an dtaca seo by now
" Tá an tseanbhliain caite go maith um an dtaca seo agus tá eachtraí spóirt na bliana 2003 díbeartha go dtí na tuairiscí staire agus curtha i dtaisce i bhfillteáin ríomhairí.
um an dtaca seo by now
" Maidir leis an dara ceann, is gearr, muna bhfuil sé déanta um an dtaca seo, go n-ainmneofar cé (is dóigh gur fear a bheas ann) bheas mar Stiúrthóir Náisiúnta Iománaíochta an Chumainn Lúthchleas Gael.
i gceannas um an dtaca sin in charge by then
" D’oibrigh an plean i 1976 agus arís i 1977 (cé nach raibh Ó hIfearnáin i gceannas um an dtaca sin ach Antaine Ó hEanchaí, an captaen).
um an dtaca seo at this point
" Nó sin a chloisim ó chairde mar gur mó an taithí atá agam ar Éireannaigh um an dtaca seo agus tuigim sa chás sin go mbíonn an caidreamh níos réchúisí; bíonn am ag an mbuachaill dá chairde agus déanann an cailín roinnt aimsire a mheilt i dteannta a cairde chomh maith.
Um an dtaca sin at this time
"Um an dtaca sin, níorbh iad bagairtí na sárchumhachtaí amháin a bhí ina n-údar imní do mhuintir na hÉireann.
Um an dtaca sin at that time
" Um an dtaca sin, chonacthas do lucht bunaithe na heagraíochta go raibh suim choitianta sa rince céilí ag dul i léig diaidh ar ndiaidh agus nach raibh an oiread sin deiseanna ag grúpaí éagsúla castáil lena chéile chun na rincí a chleachtadh.
um an dtaca sin by that time
" Cuireadh tús le ceiliúradh ar 26 Eanáir go luath i stair na nEorpach san Astráil agus tugadh ‘Anniversary Day’ air um an dtaca sin.
um an dtaca sin this time of year
" D’éirigh teannas idir an dá thír sa bhliain 2007 nuair a ghabh na póilíní abhus dochtúir Indiach, darb ainm Muhammed Haneef, mar chuid den fhiosrúchán ar na hionsaithe sceimhlitheoireachta a rinneadh ar na haerfoirt i Londain agus i nGlaschú um an dtaca sin.
um an dtaca seo by now
" Is iad an trí dhream is mó a shamhlaímid leis an tír mhí-áidh seo, ar ndóigh, ná na Sunnaígh, na Siaigh is na Coirdínigh agus is cinnte go bhfuil a gcuid d’anachain an tsaoil fulaingthe ag gach dream díobh um an dtaca seo.
abhus um an dtaca sin here at that time
" Chuir muid fúinn san Astráil thiar sa bhliain 1972 agus bhí beagnach gach saghas fógraíochta, coimircíochta agus spreagadh díolacháin i dtaca le táirgí tobac ceadaithe abhus um an dtaca sin.
um an dtaca sin by then
" Ní raibh ach daonra de 8 milliún duine san Astráil um an dtaca sin agus creideadh go bhfaca 75 faoin gcéad acu an Bhanríon uair amháin ar a laghad le linn a dhá mhí abhus.
um an dtaca sin at that time
" Ba ea droimdhiúltú John Howard, Príomh-Aire na hAstráile um an dtaca sin, leithscéal oifigiúil a ghabháil leis an mhuintir dhúchais as an dochar a d’fhulaing siad mar gheall ar theacht na gcoilíneach Eorpach cionsiocair na teipe.
um an dtaca seo by now
" Is léir go bhfuil sruth na meala tráite um an dtaca seo agus go mbeifear ag súil le tuilleadh cuíchóirithe san earnáil áirithe seo.
um an dtaca sin at that time
" Mheas mé go raibh an dá thír seo ar thaobh eile na cruinne an-ghar do chéile agus an-chosúil lena chéile um an dtaca sin.
gcarraig cháiliúil um an dtaca sin famous rock at the time
" Chuir siad suas a bpuball i láithreán campála in aice le Uluru, nó *Ayers Rock* mar a tugadh ar an gcarraig cháiliúil um an dtaca sin.
um an dtaca sin at that time
" Tugadh an Yellow Peril ar an bhfaitíos céanna sna Stáit Aontaithe um an dtaca sin agus baineadh feidhm as an mana maslach seo go minic sna díospóireachtaí faoi chúrsaí inimirce abhus.
um an dtaca sin at the time
" Tharla go raibh mé in Darwin um an dtaca sin agus iarradh orm í a aistriú.
um an dtaca sin at that time
" Bhí OPHR i mbun feachtais in éadan ciníochais agus leithscartha sna Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM) um an dtaca sin.
um an dtaca sin at that time
" Bhí John Howard ina Phríomh-Aire um an dtaca sin agus dhiúltaigh sé scun scan cead a thabhairt do chaptaen an Tampa na teifigh a tharrtháil sé a thabhairt chun na hAstráile.
um an dtaca sin at the time
" D’iarr an Ceallach ar na húdaráis a chorp a chur i dtalamh coisricthe, ach caitheadh a chorp in aolchlais le coirp na gcimí eile a crochadh um an dtaca sin.
um an dtaca sin by then
" ** Cosa gan Bhróga: ======= Céad díolaim iomráiteach Eithne Ní Uallacháin, Gerry O Connor agus Desi Wilkinson a eisíodh ar fhadcheirnín sa bhliain 1987, anois ar fáil ar dhlúthdhiosca don chéad uair! Ceolann Eithne ceithre amhrán ón traidisiún inar tógadh í agus tugann na ceoltóirí blaiseadh den fhómhar fhairsing a bhí cruinnithe acu um an dtaca sin.
um an dtaca sin by that time
" Ba bhall den Chomhlathas Briotanach – ball drogallach caithfear a rá – í Éire um an dtaca sin, ach bhí sí neodrach le linn an Dara Cogadh Domhanda, nó Ré na hÉigeandála.
um an dtaca seo by now
" Óir bhí na matáin righin um an dtaca seo agus an misneach ag trá.
um an dtaca seo by now
" Ach bheadh sé tráthúil ins an bhliain a ndéanfar comóradh ar Éirí Amach na Cásca dá bhfógródh an dá pháirtí traidisiúnta seo don saol Fódlach go bhfuil créachta Chogadh na gCarad chóir a bheith cneasaithe um an dtaca seo.
um an dtaca sin at that time
" Tá an tOllamh John Schlinder, saineolaí Meiriceánach ar chúrsaí na mBalcán agus a seirbhís rúnda, den tuairim go raibh Virkez ag feidhmiú mar agent provocateur san Astráil ar son UDBA um an dtaca sin.