Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
nochtar "fianaise" evidence is 'uncovered'
" Chomh luath is a fhoilsítear tuarascáil a lochtann an PSNI, nochtar "fianaise" fá mhírún an IRA, bíodh sí fíor nó bréagach.
a nocht láib agus feamainn which uncovered mud and seaweed
" Bhí lag trá ann, a nocht láib agus feamainn.
go dtí gur nochtadh until it was uncovered
" Mhaígh sé go raibh PhD aige san fhisic agus fuair sé post ag obair leis an British Atomic Energy Authority ar feadh cúpla bliain go dtí gur nochtadh gur cáilíocht bhréagach a bhí inti.
á nochtadh being uncovered
" Tá líomhaintí úra faoi dhrochiompar na ngardaí i dTír Chonaill fós á nochtadh ag Binse Fiosraithe Morris.
Nochtann an híomhánna seo These images uncover
" Nochtann an híomhánna seo cuid de na téamaí a thiocfadh i mbláth ina cuid próis agus filíochta níos moille ina saol.
rud éigin a nocht an dearcadh something which uncovered the view
" Náire Dhearg Polannaigh óga go bun a gcluas gach uair a dúirt duine den chúpla rud éigin a nocht an dearcadh cúng Caitliceach coimeádach atá acu; dearcadh a tharraing aird na hEorpa ar an bPolainn.
Nochtadh sa suirbhé it was uncovered in the survey
" Nochtadh sa suirbhé go bhfuil trí phríomchúis le nós na rothaíochta a bheith dulta i léig: braitheann comaitéirí go bhfeileann modhanna eile iompair níos fearr dóibh, síleann siad go bhfuil an trácht róchontúirteach agus tá siad den tuairim go bhfuil an aimsir ródhona le dul amach ar rothar.
go nochtfar a gclaonadh gnéasach that their sexual orientation will be uncovered
" Mar gheall air seo, bíonn faitíos ar go leor múinteoirí aeracha go nochtfar a gclaonadh gnéasach ar eagla go mbrisfí as a bpost iad dá bharr.
Nocht uncovered
" Nocht Bruguière go raibh baint ag an CIA leis an eachtra chomh maith.
an fhírinne nach bhfeiceann an tsúil a nochtadh to uncover the truth which the eye doesn't see
" Ba é an dúshlán a bhí aige ná an fhírinne nach bhfeiceann an tsúil a nochtadh.
nochtadh coilíniú barbartha na Sasanach ó thuaidh barbarous British colonization was uncovered in the north
" Thagadh na feachtais seo, a raibh díchobhsú an chórais dhlíthiúil Bhriotanaigh a bhí fréamhaithe leis na céadta bliain mar aidhm acu, go buaicphointe i stailceanna ocrais na bliana 1980 nuair a nochtadh coilíniú barbartha na Sasanach ó thuaidh os comhair shúile an domhain mhóir den chéad uair, trí mheán na teilifíse ach go háirithe.