Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chíor thuathail pholaitiúil political unrest
" As Cali, Columbia ó dhúchas, tháinig Gomez ar imirce go DC nuair a bhí sí dhá bhliain déag chun éalú ón chíor thuathail pholaitiúil ina tír féin.
achrann polaitiúil political unrest
" Agus is ansin a sheas an laoch óg álainn ar feadh ceithre chéad bliain, mar fhinné ar na círéibeacha, ar na cogaí agus ar an achrann polaitiúil a bhí ag réabadh thart timpeall air.
míshuaimhneas polaitiúil political unrest
" Nós is ea é ar cuireadh tús leis chomh fada siar leis an tréimhse ársa Ghréag-Rómhánach agus ba bhealach feiceálach, éifeachtach é le haird a tharraingt ar bhuanna ealaíne duine ar leith chomh maith le hé a bheith éifeachtach ó thaobh míshuaimhneas polaitiúil nó sóisialta a chur in iúl.
freagrach as an gcorraíl responsible for the unrest
" Nuair a mhaígh Rialtas na Síne le gairid gurb é an Dalaí Láma atá freagrach as an gcorraíl sa Tibéid, thug na meáin idirnáisiúnta an chluas bhodhar don scéal.
chorraíl unrest
" Is léir go raibh baint lárnach ag an RPF, faoi smacht Kagame, leis an éagobhsaíocht sa Chongó agus chuaigh an chorraíl seo chun tairbhe na gcorparáidí mianadóireachta a bhí sa tír.
teannas agus míshocracht tension and unrest
" Agus an t-am ag tarraingt ar chomóradh trí bliana na n-imeachtaí seo agus é seo á scríobh agam, níl aon amhras ann ach go bhfuil teannas agus míshocracht ann i measc an phobail in áiteanna ar nós Clichy-sous-Bois.
chorraíl shibhialta civil unrest
" Agus na léirsithe in aghaidh la vie chère a chonachtas le roinnt seachtainí anuas i Martainíc agus i nGuadalúip ar éigean thart, is léir go bhfuil na seirbhísí póilíneachta san airdeall ar aon chorraíl shibhialta.
corraíl unrest, disturbance
" Nuair a phill siad ar Pháras i 1913, an uair seo Nijinsky agus Stravinsky péireáilte ag Diaghilev, bhí corraíl agus anord níos measa an iarraidh seo nuair a léirigh siad “Le Sacre du Printemps” i Théâtre des Champs-Elysées.
corraíola sibhialta civil unrest
" Meastar gur maraíodh suas le 120 duine le linn na corraíola sibhialta a lean an bás sin.
aighnis dispute, unrest
" Ba é dúnmharú an scannánaí agus an chriticeora Theo van Gogh ag fear óg Maracach sa bhliain 2004 íosphointe tubaisteach an aighnis go dtí seo, ach inniu féin, ní féidir leat nuachtán a oscailt gan tuairiscí a léamh faoin teannas idir Mhuslamaigh agus an chuid eile den tsochaí.
míshuaimhneas unrest
" Beidh míshuaimhneas chomh mór sin sa tír agus brú chomh mór sin ar na polaiteoirí, go bhfuil sé i gceist agam tuarastal s’acu siúd a mhéadú faoi chaoga faoin gcéad, agus céad faoin gcéad i gcás bhaill de pháirtí an Rialtais.
achrann sibhialta civil unrest
" Dúirt Len McCluskey, ceannaire Unite, an ceardchumann is mó sa tír, go spreagfaidh an rialtas achrann sibhialta má leanann siad ar aghaidh leis na beartais atá acu faoi láthair.