Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
neamhghnách unusual
" 'Corruair, ním dearmad go bhfuil sin iontach, iontach neamhghnách.
neamhghnách unusual
neamhghnách unusual
" Bhí an méid seo le rá ag iarmhúinteoir bunscoile dá chuid fiche bliain tar éis dó an scoil a fhágáil: "Bhí ar léigh sé chomh neamhghnách go raibh orm múinteoir eile a chur chuig Leabharlann na Comhdhála chun a fháil amach an raibh na leabhair ar scríobh sé fúthu ann i ndáirire … mar bhíodar faoi dheamhaneolaíocht na séú agus na seachtú haoise déag.
coinníollacha neamhghnácha unusual conditions
" Bíonn fadhbanna go fiú le seirbhísí ríomhphoist saor an aisce ar nós Hotmail toisc go bhfuil coinníollacha neamhghnácha sa "chló beag" ag na seirbhísí sin.
Claonadh iontach neamhghnách a very unusual tendency
" Claonadh iontach neamhghnách a bhí sa mhéadú ollmhór seo sna blianta le linn agus i ndiaidh an Ghorta Mhóir.
is neamhchoitianta most unusual
" Ach is é an platapas an t-ainmhí is neamhchoitianta sa tír.
fuarú neamhghnách unusual cooling
" Tá deirfiúr aige freisin, La Niña, nuair a tharlaíonn fuarú neamhghnách san uisce, ach ní bhíonn sí siúd chomh tubaisteach.
suaithinseach distinctive, unusual
as an ghnách unusual
" B'ait an mothúchán é seo agus bhí sé as an ghnách freisin: bhraith mé thar lear agus sa bhaile ag an am céanna.
fíor-neamhghnách extremely unusual
" De réir an Ollaimh Laver, tá sé fíor-neamhghnách go bhfágfaí faoin Taoiseach ionadaithe a cheapadh don teach uachtarach.
i dtaispeántas neamhghnách in an unusual exhibition
" Tá daoine eolach go maith ar shaothar Eamonn McAteer in iarthuaisceart na hÉireann agus le déanaí bhí roinnt dá chuid pictiúr le feiceáil i gcuideachta shaothar Brian Scampton agus Patrick Bradley i dtaispeántas neamhghnách ar bord an Toucan One, bád farantóireachta a bhíonn ag taisteal ar an Fheabhal idir Doire agus an Caisleán Nua in Inis Eoghain.
triomach neamhghnáthach an unusual drought
" (Tá triomach neamhghnáthach sa réigiún le roinnt blianta anuas; meastar go bhfuil baint ag na hathruithe san aimsir leis an triomach seo.
dhearcadh neamhchoitianta an unusual outlook
" Tar éis dom na céad línte de *Molloy *a léamh, thugas faoi deara ar an toirt gur dhearcadh neamhchoitianta ar an saol a bhí ann, dearcadh a bhain le domhan smaointeoireachta eile ar fad.
scannáin neamhchoitianta unusual films
" Mar sin, rinneadh scannáin neamhchoitianta, ina raibh páistí sna príomhpháirteanna, cé nach scannáin iad a bhí dírithe ar pháistí.
reachtaíocht neamhghnách unusual legislation
" Ar chóir, mar shampla, go mbeadh ról ag breitheamh maidir leis an méid damáistí a bhronnfaí ar dhuine i gcás leabhail? Tharraing tuarascáil Hassain aird freisin ar an reachtaíocht neamhghnách atá sa tír seo a thugann ar na cúirteanna breathnú ar ghabháil leithscéil mar admháil a bheith ciontach.
lanúin neamhchoitianta unusual couple
" Is lanúin neamhchoitianta iad Paul agus Linda.
an leibhéal neamhghnách ardslándála the unusual level of high security
" Thabharfadh an leibhéal neamhghnách ardslándála timpeall Aerfort na Sionainne le bliain anuas le fios go bhfuil rud éigin ar siúl nach mian le duine éigin, áit éigin pobal na hÉireann a bheith ar an eolas faoi.
neamhchoitianta unusual
" Ná bigí ag smaoineamh go bhfuil eachtraí mar seo neamhchoitianta.
neamhchoitianta unusual
" Ba rud neamhchoitianta é sin mar go bhfuil cónaí ar Ruth i dtuaisceart an Dúin, i sráidbhaile meánaicmeach Protastúnach, agus tháinig sí go dtí an cumann sin i sráid bheag bhídeach i gceantar atá go hiomlán Caitliceach.
neamhghnách unusual
" Aisteach go leor, seans gur mó cáil a bhain Paddy Cullen (cúl báire Átha Cliath) amach ná Mikey Sheehy agus deir Séamus gur ghabh Paddy buíochas leis ó shin as ucht milliúnaí a dhéanamh de ina theach tábhairne de bharr cháil an chúil áirithe sin! Eachtra neamhghnách ======= Réiteoir eile a bhí páirteach in eachtra neamhghnách ná **Paddy Russell**.
neamhghnách unusual
" Is breá an foilseachán é seo faoi Sheán Boylan agus faoi pheileadóirí agus fhoirne na Mí agus is leabhar neamhghnách é ó thaobh coincheapa de.
neamhghnách unusual
" Níl sé neamhghnách do dhuine 15 instealladh a thabhairt dó féin in aghaidh an lae, agus costas de thart ar €40 an ceann orthu.
roinnt tiúineanna neamhchoitianta some unusual tunes
" Ba mhaith liom roinnt tiúineanna neamhchoitianta a bhailiú le chéile i dtosach.
neamhghnácha unusual
" Is minic a thiocfá ar rudaí aisteacha neamhghnácha ar shráideanna Bhaile Átha Cliath.
pheirspictíochtaí neamhchoitianta unusual perspectives
" Léirítear suímh uirbeacha ó pheirspictíochtaí neamhchoitianta.
neamhchoitianta unusual
" Bhí Elisa den tuairim go raibh an tír go hálainn, "cé is moite den bháisteach, an ghaoth agus an ceo!" Bhí meascán ann ó thaobh aimsire de i mí Iúil, ach cé go raibh sé dian in amanna, níor chaill sí féin ná a cara Sara Cerrutí lá ar bith de shé lá an chúrsa, rud atá neamhchoitianta.
neamhchoitianta unusual
" Ach feicimid a leithéid de theaghlaigh neamhchoitianta anseo in Éirinn freisin.
an-neamhchoitianta very unusual
" É fós sna déaga ar nós Setanta, bearradh lom gruaige aige ("skinhead" a thugtaí ar a leithéid, agus bhí sé an-neamhchoitianta i measc imreoirí peile agus iománaíochta san am), rinne Jimmy Barry rud nach bhfuil déagóir in ainm is a dhéanamh i gcluiche ceannais na hÉireann: cúl dána, sotalach a ghnóthú a bhuafadh an chraobh i gcoinne rogha na coitiantachta.
a chúlra neamhchoitianta, coimhthíoch his unusual, foreign background
" Cuid de sin ná a chúlra neamhchoitianta, coimhthíoch - mac le bean as ceann de chuid Oileáin Fhidsí agus fear as Contae Fhear Manach; a tógadh le Gaeilge agus le Fidsis; ard, dathúil, dorcha agus iontach sciliúil; cróga agus tapa i mbun báire.
ag lorg ábhar neamhghnách spéisiúil looking for an unusual and interesting subject
" Bíonn siad cumasach sna tuisil - tá seacht gcinn acu féin, mar aon le hainmfhocail neodracha, beomhara agus neamhbheomhara, agus na mílte féidearthacht! Agus céard a spreag iad chun an Ghaeilge a dhéanamh, agus cén cúlra a bhíonn acu? Bhuel, bíonn cuid acu ag déanamh staidéir ar an sean-Bhéarla, cuid eile ag díriú ar an nGaeilge ar bhonn teangeolaíoch chomparáideach, cuid eile ag lorg ábhar neamhghnách spéisiúil, agus cuid eile ar thóir na craice amháin.
ní bheadh sé ró-neamhghnách it wouldn't be that unusual
" Bhí Dia ag rá: 'An bhfuil tú ag brath seo a dhéanamh nó nach bhfuil?'" Roinnt mhaith blianta ó shin, ábhar inspioráide a bheadh i scéal Buckley, ach ní bheadh sé ró-neamhghnách.
an-neamhchoitianta very unusual
" Ach ní bheidh ceachtar den dá fhoireann sin sa chraobh i mbliana ach péire an-neamhchoitianta ar fad: Gaillimh agus Port láirge.
Gearr ig I'll be damned/blowed. (Used in unusual circumstances.)
Bailiúchán foirgneamh gealdaite neamhchoitianta a collection of brightly-coloured unusual buildings
" Bailiúchán foirgneamh gealdaite neamhchoitianta atá ann - eaglaisí, Halla na Cathrach, tithe móra cúnga, agus dealbh mór a chomórann Jan Hus, laoch náisiúnta agus leasaitheoir eaglaise a dódh ag an stáca mar eiriceach i 1415.
neamhchoitianta unusual
" Tá sé neamhchoitianta tionlacan chomh lom sin a bheith le fáil ar dhlúthdhiosca na laethanta seo, ach shocraigh Ciarán air seo d'aon ghnó.
neamhchoitianta unusual
" Tá rud neamhchoitianta ansin, is é sin crann tótaim, a dhéanann an nasc le Ceanada a cheiliúradh.
neamhghnách unusual
" Thug an *New York Times *cuireadh do pháiste ó Manhattan píosa beag péintéireachta a dhéanamh chun go bhfeicfeadh siad an raibh bua Marla neamhghnách nó, go deimhin, le feiceáil an dtiocfadh le páiste ar bith péint aicrileach agus buidéil citsip lán péinte a láimhseáil chomh héifeachtach céanna.
neamhghnách unusual
" Déanfaidh *The Knitting Map*, tionscadal suntasach neamhghnách eile a bheidh le feiceáil i gCorcaigh, seanteicneolaíocht (cniotáil) agus nuatheicneolaíocht (satailít) a nascadh le chéile chun an gaol atá ag Éirinn le snáth a léiriú.
neamhghnách unusual
" Tá déanamh neamhghnách ar na seomraí, agus síleálacha arda boghtacha iontu.
neamhchoitianta unusual
" Tá Aer Lingus - aerlíne neamhchoitianta, atá ag déanamh brabúis! - mar spéirbhean álainn do lucht díolacháin Boeing agus Airbus, atá ag iarraidh a n-eitleáin is déanaí a dhíol, agus beidh mórán cainte faoin ábhar seo sna míonna atá romhainn.
leaganacha neamhghnácha unusual versions
" AÓF: Tá go leor leaganacha neamhghnácha de thiúin agat ar an albam seo.
neamhchoitianta unusual
" ” Crith talún ======= Bhí stailc ghinearálta ar siúl agus mé i Lucca – ní rud neamhchoitianta é sin san Iodáil – agus bhí crith talún ann freisin, a mhothaigh mé i lár na hoíche.
urghnách special, unusual
" Agus saol urghnách ar fad atá ann.
neamhghnách unusual
" Dúirt Hugh Mulholland, stiúrthóir an ghrúpa Éireannaigh, gur deis mhór é seo do na healaíontóirí a mbeidh a saothar ar taispeáint sa *Biennale *agus dúirt sé go raibh sé dóchasach go spreagfadh an chuairt seo spéis criticeoirí agus stiúrthóirí ealaíne idirnáisiúnta sa saothar suntasach neamhghnách atá á chruthú ag ealaíontóirí na tíre seo faoi láthair.
acmhainní neamhghnácha unusual resources
" Tarraingíodh an cnuasach saothar seo le chéile ó dhánlanna agus ó bhailiúcháin éagsúla ar fud an domhain agus tá seoda icónacha le feiceáil ann, ar nós an *Virgin Shroud *(1993) ina n-úsáidtear acmhainní neamhghnácha (craiceann agus úth bó) mar amhábhar an tsaothair.
as an ngnách unusual
" Is de réir a chéile a thuig daoine go raibh rud éigin mór as an ngnách ag tarlú ar chóras iompair Londan le déanaí.
neamhchoitianta unusual
" Is iontach an rud é do na foghlaimeoirí bheith ag léamh faoi rud neamhchoitianta agus ag foghlaim níos mó focal ag baint le toipicí nua, aite.
néamhghnách unusual
" I dtaca le hAlison Lapper, dúirt sé: “Tá sé chomh néamhghnách sin daoine faoi mhíchumas a fheiceáil sa saol laethúil gan trácht ar iad a bheith nocht, torrach agus bródúil! Is é an ráiteas a dhéanann an saothar seo ná go dtig le daoine faoi mhíchumas a bheith chomh hálainn agus fiúntach le duine ar bith eile.
neamhchoitianta unusual
" Shíl mé go raibh cuma an-álainn uirthi mar theanga – neamhchoitianta ach an-spéisiúil.
meascán neamhghnách uirlisí an unusual mixture of instruments
" Mar mhalairt air sin, b’fhéidir, is breá na dlúthdhioscaí atá eisithe ag daoine mar Chormac Breathnach nó Michael McGoldrick, fear a tógadh i Sasana - bíonn blas nua-aimseartha ar a chuid ceoil agus bíonn meascán neamhghnách uirlisí ag tabhairt tionlacain dó freisin.
neamhchoitianta unusual
" “Ana-chuid daoine a bhí ar scoil liom, tá siad imithe isteach go dtí jabanna ana-dhifriúil nó neamhchoitianta, rudaí ana-chruthaitheach.
an taisce neamhghnách seo this unusual treasure
" Gan amhras, chuirfeadh an taisce neamhghnách seo iontas ar dhuine ar bith.
neamhghnách unusual
" Go dtí sin, ba rud neamhghnách é Lá Altaithe.
neamhghnách unusual
" Chomh maith leis sin, tá an triúr acu le cloisteáil ag seinm in éineacht lena chéile, rud atá neamhghnách ar an bpíb uilleann.
na modhanna neamhghnácha the unusual methods
" Ar na séasúir a bhí ag a thinneas, na bealaí diamhra a bhí ag a mheabhair, a shíceolaíocht agus an domhaintuiscint a bhí aige air féin, a thinneas is na modhanna neamhghnácha a d’úsáid sé le fanacht slán.
neamhghnách unusual
" Ní rud neamhghnách é seo agus trian de dhaonra na hÉireann ina gcónaí sa chathair féin nó thart timpeall na cathrach.
ar bhealaí neamhghnácha. in unusual ways.
" Bhí claonadh osréalaíoch go minic i saothar luath Freud agus léiríodh sé daoine agus plandaí ar bhealaí neamhghnácha.
neamhghnách agus nua-aimseartha unusual and modern
" Tá teach neamhghnách agus nua-aimseartha aici a dhear an t-ailtire Gokay Deveci.
teagmhas annamh unusual occurrence
" Sa chéad dul síos, teagmhas annamh go maith a bhíonn ann má thagann athrú ar rialtas náisiúnta san Astráil.
neamhghnách unusual
" Ach seachas sin, ba thoghchán neamhghnách é seo ar gach leibhéal.
Ní hannamh iarrthóirí tearmainn ag fanacht suas le dhá bhliain it is not unusual for asylum seekers to be waiting for as long as two years
" Ní hannamh iarrthóirí tearmainn ag fanacht suas le dhá bhliain sula ndéantar cinneadh maidir le cé acu an mbronnfar stádas mar dhídeanaí orthu.
Eachtra urghnách a bhí inti, It was a highly unusual event
" Eachtra urghnách a bhí inti, a raibh clampar sna nuachtáin náisiúnta agus sna meáin chumarsáide i gcoitinne fúithi.
earraí neamhghnácha unusual items
" Théadh sé amach ag lorg rudaí le ceannach ar bhonn laethúil, a shúil i gcónaí dírithe ar earraí neamhghnácha agus ar shamplaí cruthaitheachta a bhí neamhchoitianta.
ar shamplaí cruthaitheachta a bhí neamhchoitianta. on examples of creativity which were unusual
" Théadh sé amach ag lorg rudaí le ceannach ar bhonn laethúil, a shúil i gcónaí dírithe ar earraí neamhghnácha agus ar shamplaí cruthaitheachta a bhí neamhchoitianta.
saol neamhghnách an unusual life
" ”Puipéid Is cinnte go bhfuil Darach i ndiaidh saol neamhghnách a bheith aige go dtí seo.
Tig cuma neamhghnách ar a n-aghaidh an unusual expression comes over their faces
" Tig cuma neamhghnách ar a n-aghaidh nuair iarraim rud inteacht orthu.
Tréimhse neamhchoitianta unusual period
" Tréimhse neamhchoitianta réamhthoghchánaíochta atá ann, ámh, nó tá an Páirtí Poblachtánach chomh lag sin go nglactar leis go forleathan anois go ngnóthóidh an Páirtí Daonlathach an t-olltoghchán i mbliana.
Dearcadh neamhchoitianta go maith quite an unusual viewpoint
"Dearcadh neamhchoitianta go maith sa lá atá inniu ann is ea é sin.
litriú neamhghnách unusual spelling
" Dúshlán mór don chainteoir Gaeilge is ea an litriú neamhghnách chomh maith.
neamhghnách unusual
" Agus, nuair a smaoiníonn tú ar an ngairmréim neamhghnách a bhí aige go dtí seo, is dócha go bhfuil an dá rud ar siúl aige!Is as Cloch Shiurdáin i gContae Thiobraid Árann é Maidhc Ó Cathail ach tá sé ina chónaí sa tSeapáin anois, áit a bhfuil sé ag obair mar léachtóir ollscoile agus mar shaoririseoir.
uirlis neamhghnách unusual instrument
" Ba léir dom gur uirlis neamhghnách a bhí inti – bhí sí sáil agus macnasach agus murab ionann agus an gnáthveidhlín, thug mé faoi deara go raibh pionnaí air le haghaidh cúig théad, seachas ceithre cinn, cé nach raibh téada ar bith air ag an am sin.
neamhghnácha unusual
" D’éirigh sé as an múinteoireacht agus dhírigh a fhuinneamh ar bhealaigh a fháil le deiseanna a chur ar fáil dos na páistí ‘neamhghnácha’ seo.
thar a bheith neamhchoitianta very unusual
" Nuair a thionscain Edmonds caingean dlí ar dhífhostú éagórach, d’agair an tArd-Aigne John Ashcroft “pribhléid rún stáit,” rud atá thar a bheith neamhchoitianta.
in ainneoin na gcúinsí neamhghnácha despite the unusual circumstances
" Rinne Elizabeth gach iarracht só agus cúram a thabhairt do na páistí in ainneoin na gcúinsí neamhghnácha a raibh siad.
fíor-neamhghnách really unusual
" Bhain sí an stádas Búdach is airde lena ceannsacht is lena comhbhá i gceann trí bhliain - éacht fíor-neamhghnách.
neamhghnách unusual
" 
Níl an ócáid chomh neamhghnách agus a shilfeá.
neamhchoitianta unusual
" Bhí an t-ádh orm a bheith i láthair ag píosa amharclainne fíorshuimiúil agus neamhchoitianta ar na mallaibh i halla Oideas Gael, Gleann Cholmcille arna chur i láthair ag an chompántas ildánach Fíbín.
neamhghnách unusual
" An chéad rud ar bhain sé sult ar leith as ná flaithiúlacht neamhghnách Sheosaimh Mhic Shlua Muirí, eagarthóir Beo Ar Éigean!, a gheall dó go ndéanfadh sé a chuid costas a aisíoc.
neamhchoitianta unusual
" Muintir Chavasse ======== Tar éis dúinn an leabhar Cesca’s Diary a léamh, bhí eolas curtha againn ar an sloinne neamhchoitianta Chevasse/Chavasse, mar bhí Cesca an-tógtha le Gaeilgeoir darbh ainm Claud Chevasse: *‘His ancestor Claude Chavasse (son of Claudius Chavasse, owner of vineyards at Dauphiné in France) came to England during the Jacobite Rising of 1715 and settled in Burford in Oxfordshire.
neamhghnácha unusual
" Ach tháinig sé slán as an gcogadh, agus mhaíodh sé gurbh é an féinoideachas a bhí riachtanach ag an am a chuir ar a chumas aige smaointe neamhghnácha a cheapadh ina shaol acadúil.
neamhghnách unusual
" Tá gné seo an uisce neamhghnách ach tarlaíonn an rud céanna d'iarann.
rud as an ngnáth something unusual
" Deirtear san iris Bretons gur tharla rud as an ngnáth thiar sna 1970í nuair a chuir Alan Stivell nasc aibhléise lena chláirseach.
neamhghnách unusual
" Bhí sé i gceist aici taighde a dhéanamh ar an chóras imdhíonachta agus ar mhianach na gcorp seo ag an tús, ach baineadh geit as achan duine nuair a thosaigh roinnt cealla ag nascadh in áit a bheith ag troid i gcoinne a chéile agus is ar an chomhtharlúint neamhghnách seo atá an saothar bunaithe.
gné neamhghnáth an unusual aspect
" Is gné neamhghnáth de shochaí na hAstráile é go n-ainmnítear duine go hoifigiúil gach bliain mar Astrálach na Bliana.
feachtas as an ghnáth an unusual campaign
" Bhíothas ag súil le feachtas as an ghnáth, feachtas a mbeadh an t-ionracas agus an fhírinne ann, feachtas nach mbraithfeadh ar na sean-nósanna.
as an choitiantacht unusual
" Cad é a chuaigh contráilte?" - Thuig Caitríona Ruane gur ag magadh a bhí mé - ar an dea-uair - ach is féidir a rá go bhfuil saol as an choitiantacht caite ag an bhean seo 49 mbliana d'aois as Contae Mhaigh Eo.
saol teasaí neamhghnách unusual fiery life
" Is mór an léargas a thugann an taispeántas seo ar an saol teasaí neamhghnách a bhí ag an bheirt agus ar an ghaol láidir a bhí acu lena dtír dhúcháis, ar chúrsaí polaitíochta na tíre agus ar an réabhlóidí Bhoilséiveach, Leon Trotsky.
reilig neamhghnách an unusual cemetery
" Tamall gearr ón áit inar baisteadh Íosa tá reilig neamhghnách.
an aistíl aimsire neamhghnách seo this strange unusual weather
" Ach cé go n-éistim leis an nuacht ar RTÉ Raidió 1 gach lá, níor chuala mé iomrá ar an aistíl aimsire neamhghnách seo.
tabhartas tábhacht fíorneamhghnách an important unusual gift
" ======= Shamhlófá ón méid sin, a chairde chaoin, gur tabhartas tábhacht fíorneamhghnách a bhí romhat thar táirseach Cineama Uimhir a hAon san IFI ar Shráid Eustace, Barra an Teampaill, agus géillim go mbeadh iarracht den cheart agat.
léargas neamhghnách lonrach a thriail to test a shinning unusual insight
" An Chroch Chéasta ========== Ba mhinic do Foucault críoch thobann a chur lena chur síos stairiúil, agus léargas neamhghnách lonrach a thriail.
neamhghnách unusual
" Ba as Cumbria Shasana d’Atkinson agus dúírt sé go raibh sé ag iarraidh rud éigin neamhghnách a dhéanamh le cur in iúl do phobal Shasana cad é a bhí ag tarlú i dTuaisceart Éireann ag an am agus an tslí a raibh saoirse shibhialta á creimeadh go mór sa Ríocht Aontaithe.
gheallfadh deis taithí saoil as an ngnách a bhlaiseadh which offered the chance of an unusual life experience
" Ba dhlúthchuid den ghluaiseacht nua seo an turgnamh pearsanta, agus bhíodar ar a ndícheall ag iarraidh triail a bhaint as pé ar bith rud a bhí úrnua, fuinniúil agus a gheallfadh deis taithí saoil as an ngnách a bhlaiseadh.
neamhchoitiantacht unusual
" Gníomh Jan Palach ======= Ba bheag den neamhchoitiantacht a bhain le Jan Palach roimh Eanáir na bliana 1969.
cúlra neamhchoitianta an unusual background
"cúlra neamhchoitianta aici: *"Jewish and grew up in Catholic Ireland,"* an cur síos a thug sí uirthi féin in agallamh san iris Overlay i 2006.
neamhghnácha unusual
" D’úsáid sé leabhair neamhghnácha, cinnte, ina léacht in NYU mar gheall ar stair imirceach na hÉireann, leabhair cosúil le foinsí socheolaíochta sainiúla de chuid Orlando Fals Borda, Conrad Arensberg, Sol Kimball agus E.
dílseacht as an ghnáth an unusual loyalty
" Is iad a dtíortha ionchollaithe an bheirt acu, cothaíonn siad dílseacht as an ghnáth agus tá finscéalta ag baint leo araon.
neamhchoitianta unusual
" Ní rud neamhchoitianta é i gcás daoine atá gafa le spórt thar thréimhse ama, go mbraitheann siad faoiseamh, frithbhuaic fiú, thar aon bhrath eile nuair atá an turas tagtha chun chríche.
tá turas saoil as an ghnáth siúlta has travelled an unusual journey
" " Tá cuma fhir ghnó mór le rá ar Ó hEára agus muid ag comhrá i seomra boird na Cultúrlainne ach tá turas saoil as an ghnáth siúlta ag an fhear a rugadh "faoi scáth na mballaí," mar a deir sé féin.
chomhghuaillíocht neamhghnách seo this unusual alliance
" Tugtar an 'Maamtrasna Alliance' ar an chomhghuaillíocht neamhghnách seo.