Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Tionscadal teiripe agus urlabhra therapy and speech project
" Tionscadal teiripe agus urlabhra bunaithe.
easpa urlabhra lack of speech
" Bhí easpa urlabhra an easpaig seo, a mbíodh go leor le rá aige fá chúrsaí eile, ag goilleadh go mór ar fhear na súile nimhe.
gan aithne gan urlabhra comatose
" Tar éis an tsaoil ba é féin an chéad duine a bhí ar an láthair ceathrú uaire roimhe sin, a chonaic é gan aithne gan urlabhra agus a scaip an scéinscéal, a ghair daoine, daoine a bhí anois ag tabhairt cluas bhodhar dó.
gan aithne gan urlabhra in a coma
" I 1997, sádh Sean O'Connor, tacaí eile de chuid na gCeilteach, san áit chéanna; ansin, ar an 29 Bealtaine 1999, d'ionsaigh lucht tacaíochta Rangers Liam Sweeney, tacaí eile de chuid an chlub, agus d'fhág ina luí gan aithne gan urlabhra é; bhuail saighead crosbhogha Karl Roarty, tacaí de chuid na gCeilteach, agus sádh Thomas McFadden, 16, tacaí eile.
an tSaotharlann Foghraíochta agus Urlabhra the Phonetics and Speech Laboratory
" Tá teicneolaíocht nua forbartha ag an tSaotharlann Foghraíochta agus Urlabhra i gColáiste na Tríonóide, áfach, a chuirfidh ar chumas an dreama sin dul i ngleic leis an teanga labhartha gan stró.
córas iomlán téacs-go-hurlabhra Gaeilge a fhorbairt to develop a whole text-to-speech in Irish system
" ie) is teideal don tionscadal seo, agus d'éirigh leo siúd atá ina bhun córas iomlán téacs-go-hurlabhra Gaeilge a fhorbairt, chomh maith le Cabóigín, ar ríomhchainteoir (nó guth sintéiseach) í a labhraíonn Gaeilge Uladh, a thabhairt ar an saol.
urlabhra speech
" Tá teicneolaíocht nua forbartha ag an tSaotharlann Foghraíochta agus urlabhra i gColáiste na Tríonóide, áfach, a chuirfidh ar chumas an dreama sin dul i ngleic leis an teanga labhartha gan stró.
gan aithne gan urlabhra unconscious
" ‘Antichrist’, le Lars Von Trier Ná himigh i ngiorracht scread asail do ‘Antichrist’ le Lars Von Trier, fan iomlán glan ar an scannán a scoilt Féile Scannán Cannes ina dhá leath i mbliana, má cheapann tú nach bhfuil seans dá laghad, ‘dá laghad’ a deirim, go bhféadfaí go mbeadh fiúntas agus dleathacht ealaíne de shaghas éigin i scannán ina bhfuil neart míreanna mar seo a leanas tríd síos:- bean a ghearrann a brillín di féin le deimheas mór garraíodóireachta, nó siosúr maintín, ní fhéadfainn a bheith cinnte cioca gléas gearrtha a d’úsáid sí - i ngar-seat ollmhór caol díreach os comhair an cheamara, í dulta glan iomlán as a meabhair le ciontacht a mhíneod ar ball; an bhean chéanna i lár seisiúin suirí lena fear roimhe sin nuair a d’fhág sí gan aithne gan urlabhra é tar éis a mhagairle a bhataráil le ceap adhmaid, mar gur theastaigh uaithi eisean a ghortú as a ról féin sa chiontacht thuasluaite.
gan aithne gan urlabhra unconscious
" Ach seo 1989 - tá falla Bheirlín is an DDR féin tar éis titim fad a bhí sí gan aithne gan urlabhra san otharlann.
chruinneas urlabhra accuracy of diction
" Arís eile, níl duine ar bith sa dá fhoras sin in ann cuid áirithe den fhoireann, nó de na comhlachtaí a oibríonn dóibh, a thabhairt ar chruinneas urlabhra.
marach urlabhra the fault of speech
" Is cosúil nach bhfuil aon chóras i bhfeidhm a leigheasfadh an marach urlabhra a nochtfar i sraith, nó ar chlár, in achar gairid ama.
Urlabhra na Cosmhuintire peasant speech
" Urlabhra na Cosmhuintire ============= D’ainneoin an mhéid sin, an easpa stádais sin, labhraíodh an Bhriotáinis go forleathan i 90% de theaghlaigh na Briotáine ‘Ísle’, nó Thuaidh, go dtí 1914.
gan aithne gan urlabhra unconscious
" Nuair a dhúisigh sé tar éis a bheith gan aithne gan urlabhra i ndiaidh na mótarbhúamála a rinne na póilíní rúnda air, dhearbhaigh sé os ard gur theastaigh uaidh bualadh lena fheallmharfóir teipthe.
gan aithne gan urlabhra unconscious
" Cuireadh fé chúram na ndochtúirí é agus é gan aithne gan urlabhra tar éis urchair Gearmánaigh poll a chur ina bhrollach.
pobail urlabhra speech communities
" Téann na téacsanna i ngleic leis an mbunábhar teoiriciúil agus leis an taobh feidhmiúil sa réimse: an éagsúlacht, na pobail urlabhra, an antraipeolaíocht teanga, an t-ilteangachas, malartú teanga, códmheascadh agus criólú, coincheapa na pleanála teanga, caighdeán agus caighdeánú, stádas reachtúil na Gaeilge sa tír, an Ghaeilge sa chóras oideachais, sainiú na Gaeltachta, ceist na féiniúlachta agus an dearcadh náisiúnta, na meáin agus na heagrais teanga.
ná urlabhra na ríochta nor the language of the kingdom
" Duine ar bith os cionn an dá scór más ea, ní cuimhin leo réim na banríona ná urlabhra na ríochta.
agóidíochta agus urlabhra of agitation and pronouncement
" Agus na cimí nua sin sáite anois sa chóras Briotanach seo, thosaigh cogadh nua láithreach, cogadh faoi thalamh, cogadh bolscaireachta, agóidíochta agus urlabhra.
urlabhra a sinsear the forbears’ speech
" Agus seo anois lán a' tí i gCriccieth agus urlabhra a sinsear chomh líofa ina mbéil 's a bhí nuair a chas Lloyd George le Michael Collins i 1921 le ceist na hÉireann a réiteach.
nós urlabhra a style of speech
" Is éard atá in aon teanga, nós urlabhra / slí chumarsáide go bunúsach.
an-eolach faoi ríomhairí is urlabhra very knowledgeable about computers and speech
" Tá sé, gan amhras, an-eolach faoi ríomhairí is urlabhra is intleacht shaorga ach tá cúpla leabhar sláinte scríofa aige freisin, mar chaitheamh aimsire, nuair nach mbíonn sé ag comhaireamh a chuid airgid ar fad … Go dtí go raibh Kurzweil breis is daichead bliana d’aois, níor bhac sé mórán lena shláinte.
an tSaotharlann Foghraíochta agus Urlabhra the Phonetics and Speech Laboratory
" Tá ríomhchainteoir darb ainm Cabóigín forbartha ag an tSaotharlann Foghraíochta agus Urlabhra i gColáiste na Tríonóide.
urlabhra speech
" Bíonn a dteanga, urlabhra na ‘collabos’ - lucht tréasa - ina hábhar grinn i measc lucht na Fraincise.