Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chúlraí éagsúla sóisialta various social backgrounds
" Tugann na mic léinn ó chúlraí éagsúla sóisialta réimse leathan dearcadh leo freisin.
mheáin éagsúla various media
" Is í áilleacht an cheantair an spreagadh atá taobh thiar de go leor den saothar agus é léirithe trí mheáin éagsúla, ina measc, uiscedhath agus ola chomh maith leis an fhíodóireacht.
leaganacha éagsúla mearbhlacha various confusing versions
" B'fhearr i gcoitinne go mbeadh téarma amháin agus litriú amháin aige in úsáid go forleathan seachas leaganacha éagsúla mearbhlacha, go háirithe i gcás ainmneacha eolaíochta nó teicniúla.
tábhairní éagsúla various pubs
" Théadh siad go clubanna agus tábhairní éagsúla, leithéidí The Ship, La Chaisse, The Marquee agus The Speakeasy, agus chuir Nikki aithne ar go leor ceoltóirí a bhí i mbéal an phobail le linn na tréimhse sin.
irisí éagsúla various magazines
" Tá cuntas ar mhórán acu scríofa ag údar an ailt seo in irisí éagsúla.
seoltaí éagsúla various addresses
" Cé go bhfuil seoltaí éagsúla tugtha do na hollscoileanna i mBaile Átha Cliath (ceann amháin acu ar shráid nach bhfuil go fiú ar an léarscáil) tá an uimhir ghutháin céanna acu.
i gcáipéisí éagsúla in various documents
" Tá siad ag iniúchadh 79 ríomhaire, 1,000 diosca ríomhaire agus 19,000 leathanach i gcáipéisí éagsúla.
altanna d'irisí éagsúla articles for various magazines
" Scríobh Colm colún spóirt don nuachtán *Anois *fosta, agus altanna d'irisí éagsúla, ina measc *Mahogany Gaspipe, Feasta, Comhar, An tUltach *agus *Magma*.
íomhánna éagsúla various images
" "Faoi láthair tá mé ag tarraingt íomhánna éagsúla den chorp agus ag déanamh staidéir ar an spás a chruthaíonn na figiúir thart timpeall orthu féin.
imeachtaí éagsúla various events
" Buíochas le Dia tá pobal bríomhar anseo i Melbourne ag Cumann Gaeilge na hAstráile agus bíonn ranganna agus imeachtaí éagsúla ar siúl acu go rialta.
rannóga éagsúla various sections
" Agus an Rialtas ag caint ar dhílárnú an státchórais, cén seans atá ann go nglacfaidh na státseirbhísigh i mBaile Átha Cliath le haistriú go Béal Átha na Slua nó go Liatroim má fheiceann siad go mbíonn na státseirbhísigh atá ann cheana féin ag obair faoi mhíbhuntáiste? Ní den chéad uair, tá rannóga éagsúla den státchóras ag feidhmiú ar bhealaí atá contrártha lena chéile.
i dtionscail éagsúla in various industries
" Chuaigh sé timpeall ar chomhlachtaí móra san Eoraip ag féachaint an mbeadh spéis acu infheistíocht a dhéanamh i dtionscail éagsúla in oirthear na hEorpa.
féiltí éagsúla various festivals
" Thosaigh mé ag bualadh léi ag seisiúin agus ag féiltí éagsúla.
é a dhó ar dhlúthdhioscaí éagsúla burn it onto various CDs
" Nuair a cheannaíonn tú ceol uathu, is leatsa é agus is féidir leat é a sheinm ar ríomhairí éagsúla, a chur ar sheinnteoirí soghluaiste (ar nós an Apple iPod) nó é a dhó ar dhlúthdhioscaí éagsúla freisin.
foinsí éagsúla various sources
" Tá stíl shuntasach ag Iglesia agus úsáideann sí foinsí éagsúla mar an litríocht, an saol uirbeach agus fás orgánach chun timpeallachtaí a chruthú a bhaineann stangadh asat amanna agus a chuireann iontas ort in amanna eile.
ghnéithe éagsúla various aspects
" Rinne mé dianmhachnamh ar ghnéithe éagsúla den fhile, a shaol misteach, a spioradáltacht, Maud Gonne.
i ngnéithe éagsúla in various aspects
" In Oirialla bhí suim ag na bailitheoirí i ngnéithe éagsúla den traidisiún: duine amháin, bhailigh sé focail na n-amhrán agus na scéalta; duine eile rinne sé na hamhráin a thaifeadadh; duine eile foghraíocht, agus mar sin de.
tréimhsí éagsúla various periods
" Bhíodh cúrsaí réasúnta ginearálta á múineadh aige a raibh sé mar aidhm acu "pictiúr iomlán" a thabhairt do na mic léinn de litríocht na Gaeilge sna tréimhsí éagsúla.
institiúidí éagsúla various institutions
" Cén obair a dhéantar san Áras anois ó lá go lá? Tá an obair shealbhaithe Gaeilge ar bun againn anois ar feadh na bliana ar fad - bíonn cúrsaí seachtaine, cúrsaí coicíse agus cúrsaí deireadh seachtaine Gaeilge á reáchtáil againn do ghrúpaí éagsúla (mar shampla, mic léinn ó institiúidí éagsúla ar fud na tíre, daoine fásta as gach cearn den domhan, cigirí ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta, múinteoirí a oileadh thar lear, oibrithe ón bPost, foireann Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, éascaitheoirí ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta, etc.
na ráitis éagsúla the various statements
" Agus an cás á éisteacht ag an mBreitheamh, léigh an ceannfort Tony Dowd ón gClochán na ráitis éagsúla a thug 25 fear a chaith seal i Leitir Fraic.
fhoinsí éagsúla various sources
" Téim ag tochailt amhrán as mo cheantar ó fhoinsí éagsúla, cartlann cheoil RTÉ, abair, Raidió na Gaeltachta agus dá réir sin.
na háiseanna éagsúla the various facilities
" Tá an teorainn teicneolaíochta brúite amach acu leis na háiseanna éagsúla atá curtha ar fáil acu.
bríonna éagsúla various meanings
" Deirim féin go minic gur beag an trua atá agam féin dóibh toisc a dheacra is atá an tSeicis domsa! Is léir gurb iad na claochluithe tosaigh, na bríonna éagsúla a bhíonn ag "a" agus na forainmneacha réamhfhoclacha is mó a bhíonn ag dó na geirbe acu.
cruinnithe éagsúla a eagrú to organize various meetings
" I mí Feabhra na bliana seo, d'fhógair UNESCO go rabhadar ag teacht go hÉirinn agus iarradh ar an Roinn Oidhreachta cruinnithe éagsúla a eagrú le deis a thabhairt do ghrúpaí castáil leis na toscairí Fumiko Ohinata ó UNESCO agus Tom Hassalls ar son ICOMOS.
leaganacha éagsúla various versions
" Tá an chuma air go bhfuil roinnt de na rialacha a úsáideann EasyReader chun na leaganacha éagsúla d'fhocail a chruthú róghinearálta (mar shampla, deir sé gurb é "scuaineí" an uimhir iolra atá ag "scuaine").
na canúintí éagsúla the various dialects
" Tugann EasyReader tacaíocht do na canúintí éagsúla freisin - idir chanúint na Mumhan, Connacht agus Uladh - agus tá sé an-éasca aistriú ó cheann amháin go ceann eile.
gnéithe éagsúla various aspects
" Tá na gnéithe éagsúla dá shaol le feiceáil san oifig: tá na fallaí maisithe le pictiúir a tharraing a chuid páistí, tá an giotár sa chúinne, dhá dhlúthdhiosca - Bob Dylan agus Norah Jones - ar an mbord agus graificí óna thionscadal teilifíse is déanaí, "Katie agus Rookie", crochta in aice lena dheasc.
Riarann an Bord scéimeanna éagsúla An Bord manages/runs various schemes
" Cén obair a dhéantar i mBord na Leabhar Gaeilge anois ó lá go lá? Riarann an Bord scéimeanna éagsúla chun cabhrú le foilsitheoirí leabhar Gaeilge ábhar léitheoireachta ar ardchaighdeán a fhoilsiú le haghaidh phobal na Gaeilge.
iarrthóirí éagsúla various candidates
" Cén tionchar a bheas ag an vótáil leictreonach ar na toghcháin áitiúla agus Eorpacha? Níl a fhios sin ag éinne, ach tá gné amháin den scéal nár pléadh go poiblí fós: a laghad vótaí is a bhí idir iarrthóirí éagsúla nuair a tionóladh na toghcháin dheireanacha i 1999.
ceardchumainn éagsúla various trade unions
" Tá sé ráite ag ceardchumainn éagsúla go gcaithfear riachtanais shóisialta i dtraipisí má tharlaíonn sin.
modhanna éagsúla ceiliúrtha various methods of celebration
" Bíonn modhanna éagsúla ceiliúrtha ann ó bhaile go baile nó ó eastát go heastát ach, go ginearálta, bíonn ceol, ól agus seó de chineál inteacht ag dul ar aghaidh an lá ar fad.
eachtraí éagsúla various adventures
" Cuireann an tintreach an dé ar ais ann agus tarlaíonn eachtraí éagsúla don bhuachaill beag ina dhiaidh sin.
eagraíochtaí éagsúla Gaeilge various Irish language organizations
" "I gcás na Gaeilge, áfach, bhí téarmaí Gaeilge don téarmaíocht theicniúil sa ghluais seo curtha ar fáil cheana féin ag Foras na Gaeilge agus a gcomhpháirtithe in eagraíochtaí éagsúla Gaeilge.
fáthanna éagsúla various reasons
" Dála mo stairr pearsanta féin, is léir go bhfuil fáthanna éagsúla ann go bhfuil ag éirí chomh maith sin leis an ardrang le blianta anois.
na hargóintí éagsúla the various arguments
" Ach, ag filleadh arís ar "fhadhb" na hÉireann, táim ag éisteacht le fada leis na hargóintí éagsúla faoi easpa cumais na n-iomaitheoirí ón tír seo i gcomórtas leis na lúthchleasaithe is fearr ar domhan.
rannóga éagsúla various categories
" ) Dar leis na treoracha sin, tá rannóga éagsúla de threalamh iniompartha leictreonach ann - agus tugtar aird faoi leith ar na gutháin: "Caithfear gutháin ghluaisteacha a mhúchadh nuair a dhúntar doirse an eitleáin nó nuair a ordaíonn an fhoireann cábáin amhlaidh.
snáithí éagsúla various threads
" Post deacair, ar ndóigh, nuair a chuirtear san áireamh na snáithí éagsúla a bhaineann leis an scéal seo.
urlabhraithe éagsúla various spokespersons
" B'fhéidir go bhfuil míniú eile ar fad ar an eachtra a tharla sa chluiche club úd, míniú níos soineanta b'fhéidir, ach is é an rud a ritheann liom ná go nglactar leis ró-éasca i measc mhuintir Chumann Lúthchleas Gael (CLG) gur cuid den chluiche a leithéid sin d'eachtra toisc nach mbristear gialla ná cnámha *de ghnáth*! Ag tarlú go rialta ======= Dar ndóigh, deir urlabhraithe éagsúla agus Uachtarán CLG é féin nach bhfuil aon áit don iompar sin sa CLG, ach cén mhaith sin nuair atá sé ag tarlú chomh minic agus chomh rialta is a bhíonn.
eagraíochtaí éagsúla various organisations
" Ar nós an tionscail físe, tá líon beag comhlachtaí ag maireachtáil ar choimisiúin a fhaigheann siad ó eagraíochtaí éagsúla.
cúiseanna éagsúla various reasons
" An mbeadh an taithí chéanna agam leis an Iodáilis, dá rachainn ar aghaidh léi? cúiseanna éagsúla ======= I mo chás féin, níorbh ionann foghlaim na Gaeilge agus foghlaim teangacha ar scoil, agus d'éirigh i bhfad níb fhearr liom leis an Ghaeilge.
réimsí éagsúla various areas
" Nuair a bunaíodh Saorstát Éireann sa bhliain 1922 bhí sé mar pholasaí ag an rialtas an Ghaeilge a chur chun cinn i réimsí éagsúla den saol poiblí agus bhí géarghá le leaganacha údarásacha Gaeilge de logainmneacha na tíre chun an polasaí sin a chur i bhfeidhm.
slite éagsúla various ways
" Cinnte, maireann traidisiún na peile Gaelaí agus na hiomána i gceantair éagsúla tuaithe ar fud na tíre, ach sna bailte agus sna cathracha (agus tá os cionn 50% de dhaonra na hÉireann iontu sin) tá traidisiún i bhfad níos laige agus roghnaíonn daoine óga slite éagsúla chun a gcuid ama a chaitheamh.
ar thránna éagsúla on various beaches
" Chuaigh cuid den chathlán isteach sa *38th Irish Brigade *leis na *Royal Inniskilling Fusiliers, Royal Irish Rifles* agus *London Irish Rifles *i 1942 agus throid siadsan in aghaidh Rommel sa Túinéis agus ansin sa tSicil, ach chaith Jim agus an chuid is mó acu na blianta go 1944 ag traenáil ar thránna éagsúla i Sasana agus in Albain le haghaidh *D-Day*.
gnéithe éagsúla various aspects
" Cuimsíonn sé gnéithe éagsúla den cheird, ón iriseoireacht go dtí an chraoltóireacht, cúrsaí eitice agus dlí agus an taobh teicniúil.
tionscadail éagsúla taighde various research projects
" Cén obair atá á déanamh san Acadamh faoi láthair, ó lá go lá? Ag cur cúrsaí ollscoile ag léibhéal Máistreachta, Ard-Dioplóma agus Dioplóma ar fáil i réimsí ar nós an Aistriúcháin, na Cumarsáide, Theicneolaíocht na Faisnéise, an Oideachais agus na Gaeilge Feidhmí; ag forbairt cúrsaí nua sna réimsí seo agus i réimsí eile; agus i mbun tionscadail éagsúla taighde.
gnéithe éagsúla various aspects
" Gné amháin den Acht Teanga atá cáinte i roinnt de na meáin náisiúnta is ea an costas a bhaineann le cur ar fáil na seirbhísí seo, agus a bhaineann le feidhmiú gnéithe éagsúla den Acht.
ghnéithe éagsúla various aspects
" Tá na ceardlanna ar an nGaeilge agus ar ghnéithe éagsúla den chultúr Gaelach fós á dtairiscint againn chomh maith agus go leor scoileanna, agus ranganna idirbhliana go háirithe, ag léiriú suime iontu.
na feachtais mhíleata éagsúla the various military campaigns
" D’alp Fisk óg an t-eolas uilig fá na feachtais mhíleata éagsúla.
i gceardlanna éagsúla in various workshops
" AÓF: Cé hiad na múinteoirí ceoil a bhí agat? MNíE: Muintir McPeake agus Seán Mac Guidhir agus go leor múinteoirí eile i gceardlanna éagsúla timpeall na tíre.
ghnéithe éagsúla various aspects
" Tá na ceardlanna ar an nGaeilge agus ar ghnéithe éagsúla den chultúr Gaelach fós á dtairiscint againn chomh maith agus go leor scoileanna, agus ranganna idirbhliana go háirithe, ag léiriú suime iontu.
de réir na dtuairiscí éagsúla according to the various reports
" Is cosúil, de réir na dtuairiscí éagsúla ar aon nós, nach duine an-sona a bhí i Roy Keane go fiú agus é i mbarr a réime, tréimhse atá thart le tamall anuas.
ar chonarthaí éagsúla on various contracts
" Go mbeadh 30 duine fostaithe go lánaimseartha ag an gcomhlacht agus 70 duine eile ar chonarthaí éagsúla páirtaimseartha.
ag brath ar nithe éagsúla depending on various things
" An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach? Tá roinnt acu bainte amach agus cuid eile acu atá ag brath ar nithe éagsúla le go mbeadh a gcur i gcrích indéanta.
ní théitear i ngleic le mórcheisteanna éagsúla various big issues are not tackled
" Ina áit sin, cleachtann siad Tadhg an dá thaobhachas agus, mar gheall air sin, ní théitear i ngleic le mórcheisteanna éagsúla.
ag tagairt do shleachta éagsúla ón mBíobla referring to various excerpts from the Bible
" Go tobann, tá na haerthonnta, agus leathanaigh litreacha na nuachtán, lán, agus gach fear agus bean mhire ag tagairt do shleachta éagsúla ón mBíobla mar chruthúnas ar cén bealach a vótálfadh ár Slánaitheoir sa reifreann seo dá mbeadh sé beo.
ar chonarthaí éagsúla on various contracts
" Go mbeadh 30 duine fostaithe go lánaimseartha ag an gcomhlacht agus 70 duine eile ar chonarthaí éagsúla páirtaimseartha.
ag brath ar nithe éagsúla depending on various things
" An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach? Tá roinnt acu bainte amach agus cuid eile acu atá ag brath ar nithe éagsúla le go mbeadh a gcur i gcrích indéanta.
canúintí éagsúla various dialects
" Bhí na daoine seo istigh ann agus canúintí éagsúla acu – b’as Tír Chonaill cuid acu agus b’as Baile Átha Cliath cuid acu.
bainteach le feachtais éagsúla involved in various campaigns
" ” Feachtais ======= Ó d’fhill Colmán ar Mhaigh Eo i 1977, le dul i mbun oibre i mbunscoil i gCnoc Mhuire, tá sé tar éis bheith bainteach le feachtais éagsúla sa chontae.
i bhfianaise ráiteas éagsúil in light of various statements
" Tá sé cúig bliana ó scríobhas cheana fúithi agus, má bhí sé tráthúil an uair sin, is tráthúla fós é i bhfianaise ráiteas éagsúil a rinneadh le déanaí.
riachtanais éagsúla various requirements
" Bíonn riachtanais éagsúla ag mic léinn nach bhfuil cur amach acu ar theanga ar bith eile agus ag mic léinn atá líofa i dteangacha eile agus atá ag foghlaim na Gaeilge mar go bhfuil spéis ar leith acu i dteangacha.
maoinithe ó fhoinsí éagsúla funded from various sources
" *** · Oifigigh forbartha lánaimseartha (ceann i mBaile Átha Cliath, ceann sna sé chontae ar an teorainn, ceann lonnaithe i nGaeltacht de chuid an iarthair, Gaillimh is dócha, agus ceann i ndeisceart na tíre) maoinithe ó fhoinsí éagsúla chun freastal ceart a dhéanamh ar chlubanna ar bhonn náisiúnta.
gréibhlí éagsúla various knick-knacks
" Dealbhóir, ealaíontóir agus deisitheoir seod meánaoiseach a bhí i Mares a bhailigh gréibhlí éagsúla go tréan i gcaitheamh a shaoil (1893-1991).
cuid de mheabhair chorparáideach na rannóg éagsúil stáit some of the corporate memory of the various state departments
" Leis an mhéid athruithe foirne atá tuartha, níl dabht ar bith ach go gcaillfear cuid de mheabhair chorparáideach na rannóg éagsúil stáit.
roinnt tacaíochta ó scéimeanna éagsúla some support from various schemes
" Faigheann an stáisiún roinnt tacaíochta ó scéimeanna éagsúla a reáchtálann Coimisiún Craolacháin na hÉireann chomh maith.
sna monarchana éagsúla in the various factories
" Lena chois sin, rinne sé suirbhé sna monarchana éagsúla a raibh Gaeltarra ag plé leo sna Gaeltachtaí go léir; chaith sé tréimhsí ar an mbóthar, ag casadh le coistí áitiúla agus go háirithe le lucht bainistíochta na monarchan, féachaint cén chaoi a raibh cúrsaí Gaeilge sna ceantair éagsúla.
faoi ghnéithe éagsúla den chultúr about various aspects of the culture
" Bhí léachtaí ann freisin faoi ghnéithe éagsúla den chultúr agus den cheol dúchasach chomh maith le léachtaí ar cheol eitneach as cultúir eile.
geansaithe na gcontaetha éagsúla á gcaitheamh the jersies of the various counties being worn
" D’fheicfeá geansaithe na gcontaetha éagsúla á gcaitheamh ag na scoláirí mar léiriú ar an tsuim mhór sna cluichí agus coinníonn an clúdach teilifíse gach duine ar an eolas.
faoi dhul chun cinn na gcontaetha éagsúla about the progress of the various counties
" In ainneoin gur beag a fheicim agus a chloisim de na cluichí peile agus iomána agus mé i mbun mo chuid oibre, tá mo dhóthain feicthe agam de na cluichí agus míreanna tráchtaireachta cloiste agam ar Raidió na Gaeltachta agus ar RTÉ le mé a choinneáil ar an eolas faoi dhul chun cinn na gcontaetha éagsúla.
i ngnéithe éagsúla den ghnó sin in various aspects of that business
" Labhair mé le daoine áitiúla go bhfuil cáilíochtaí acu i ngnéithe éagsúla den ghnó sin agus shocraigh muid breathnú isteach sa scéal níos doimhne.
bríonna éagsúla sóisialta various social meanings
" Ghlac mise leis go raibh siad á gcaitheamh mar gheall ar an bhfuacht amháin, ach tá bríonna éagsúla sóisialta ag baint leis na dathanna agus an stíl ina gcaitear iad.
campaí na dtascar éagsúil the camps of the various expeditionary forces
" Inniu an Mháirt? Bhí campaí na dtascar éagsúil scaipthe ina gcoinfití ar chúlimeall an mhoiréin: Polannaigh, Gearmánaigh, Seapánaigh, Cóiréigh, agus eile.
tionscadail éagsúla various projects
" “Tá tionscadail éagsúla a bhfuil an mianach iontu comhthuiscint a spreagadh agus meas a chothú ar chreidimh agus ar thraidisiúin éagsúla,” dar leis.
cineálacha éagsúla clisteachta various types of cleverness
" “Má d’fhoghlaim mé tada agus mé ag obair i bhFianna Fáil d’fhoghlaim mé go bhfuil cineálacha éagsúla clisteachta ann.
tionchair éagsúla various influences
" ***AÓF: ******Bhí tionchair éagsúla ó thaobh an cheoil ar bhaill an ghrúpa.
cineálacha éagsúla ceoil various types of music
" Ar chruthaigh sin aon fhadhb daoibh agus sibh ag cur albaim le chéile?*** SD: Sílim go gcuidíonn sé go bhfuil tionchar ag cineálacha éagsúla ceoil orainn ar fad.
na míreanna éagsúla the various items
" Bunaíodh an stáisiún seo le bheith ina fhoilsitheoir/craoltóir, le clársceideal a chur le chéile agus le dhul ansin go dtí áisíneachtaí eile leis na míreanna éagsúla atá sa gclársceideal sin a líonadh agus a léiriú dúinn.
roghanna éagsúla various choices
" Beidh ar cheannaire an LO na toscaí sin a chur san áireamh agus na roghanna éagsúla á meá aige.
agus na roghanna éagsúla á meá aige when he is weighing up the various choices
" Beidh ar cheannaire an LO na toscaí sin a chur san áireamh agus na roghanna éagsúla á meá aige.
ar fud an domhain i dteangacha éagsúla. all over the world in various languages.
" Cad é a bhí ann ach an grianghraf thuasluaite den Storrúil agus “Slieve League” mar theideal air! Pictiúr ó Bhord Fáilte a bhí ann agus is dócha go bhfuil sé le feiceáil i dtreoirleabhair ar fud an domhain i dteangacha éagsúla.
i gcláracha réaltachta éagsúla in various reality programmes
" Thug sé cuireadh do naonúr a bhí páirteach i gcláracha réaltachta éagsúla teacht chuig preasócáid a bhí ar siúl aige sa Café Royal i Londain le gairid chun labhairt faoin taithí a bhí acu agus chun ceisteanna a fhreagairt.
na ranna rialtais éagsúla the various government departments
" Thar aon ní eile, níor mhór don rialtas polasaí críochnúil comhtháite a fhorbairt idir na ranna rialtais éagsúla lena chinntiú nach leanfaidh muid orainn ag séanadh ár ndualgas agus ár bhfreagracht i leith na ceiste seo.
féilte éagsúla various festivals
" Cé go dtugtar “Féile Dhún Éideann” ar imeachtaí mhí Lúnasa uilig, tá féilte éagsúla i gceist.
a láidreachtaí éagsúla their various strengths
" “Tháinig a láidreachtaí éagsúla le chéile go foirfe,” a scríobh an léirmheastóir Leonard Maltin ina leabhar *Of Mice and Magic: A History of American Animated Cartoons*.
bealaí éagsúla various ways
"bealaí éagsúla ag eagraíochtaí comhshaoil san Astráil lena gcuid oibre a chur chun cinn.
as tréimhsí éagsúla from various periods
" Anois tá foirgnimh agus lámhdhéantúsáin as tréimhsí éagsúla ar an suíomh.
ar ghnéithe éagsúla on various aspects
" Amharcann Laoch na Litríochta air féin mar scolardach polaitiúil, agus d’amharc riamh, ach tuigeadh dó go mbeadh air dianstaidéar a dhéanamh ar roinnt de na coincheapa polaitiúla coitianta, agus iad siúd nach bhfuil chomh coitianta, sula dtabharfadh sé faoi thuairisceoireacht thuisceanach tharraingteach ar ghnéithe éagsúla de na feachtais atá le teacht.
gnéithe éagsúla den aclaíocht various aspects of exercise
" Trí huaire sa lá, i mbun gnéithe éagsúla den aclaíocht agus dona scileanna, a bhíonn lucht pheil na hAstráile.
saineolaithe éagsúla various experts
" Cé go n-úsáideann foirne idirchontae saineolaithe éagsúla chun cabhrú leis an ullmhúchán, is ar bhonn páirtaimseartha a tharlaíonn sé sin.
stíleanna éagsúla various styles
" “Cinnte, ó thaobh aithne a chur ar mhuintir na féile agus na daoine atá ag plé leis – deis a fháil, mar shampla, agallamh a chur ar mholtóirí Chorn Uí Riada, ceist a chur orthu cén fáth a ndearna siad an cinneadh seo nó an cinneadh siúd, cén tuiscint a bhí acu ar an sean-nós, cén chiall a bhain le stíleanna éagsúla sean-nóis a chur i gcomórtas lena chéile – ceisteanna mar sin a phlé.
dreamanna éagsúla various groups
" “Tá obair ar siúl ag daoine ar an talamh, go háirithe an Gaelacadamh agus Pléaráca agus dreamanna éagsúla in áiteacha ar fud na nGaeltachtaí eile, ach is dócha gurb é an t-aitheantas atá faighte ag an ealaín ón Oireachtas agus ón gcomhoibriú le TG4, tá sé tar éis stádas nua a thabhairt agus tá an-bhorradh anois faoi na ranganna damhsa ar an sean-nós.
dathanna éagsúla, various colours,
" Nuair a amharcann tú air ar dtús, is é an donn an príomhdhath a fheicfidh, ach má dhéanann tú mionscrúdú ar an phictiúr chífidh tú nach donn amháin atá ann ach dathanna éagsúla, iad curtha le chéile le tuiscint mhín.
áiseanna éagsúla speisialta various special facilities
" Tugtar “baile an ghailf” ar Chill Rìmhinn agus tá neart machairí gailf ann agus áiseanna éagsúla speisialta don dream sin.
modhanna éagsúla various methods
" Bím ag súgradh le modhanna éagsúla i gcónaí.
gnéithe éagsúla various aspects
" Pléann Mac Uistín le gnéithe éagsúla shaol an Phiarsaigh ar bhealach ciallmhar agus caibidlí ar nós: “Tús an Róid”; “Eagarthóir Neamheaglach”; “An tOideachasóir”; “An Scríbhneoir”, srl, le fáil ann.
agus go spreagann siad machnamh agus tuairimí éagsúla. and that they give rise to thought and various opinions.
" Ach is léir go bhfuil tuigbheáil ag cuid mhór daoine do na figiúirí stuama aonaracha seo agus go spreagann siad machnamh agus tuairimí éagsúla.
in institiúidí éagsúla in various institutions
" ” Rugadh Michael Krauss i Cleveland, Ohio sa bhliain 1934 agus fuair sé a chuid oideachais in institiúidí éagsúla i Meiriceá agus san Eoraip.
de shaghsanna éagsúla, of various types,
" Dúirt sí amhráin de shaghsanna éagsúla, bailéid mhóra, amhráin ghrinn agus amhráin ghrá ina measc.
ar ghnéithe éagsúla on various aspects
" Tá tionchar ag ioncam íseal agus easpa oideachais ar ghnéithe éagsúla atá bainteach le spórt, is é sin imirt an spóirt, obair dheonach, ballraíocht i gcumann spóirt nó freastal ar ócáidí spóirt.
ar aoisghrúpaí éagsúla on various age groups
" Is cóir don pholasaí spóirt a bheith dírithe ar aoisghrúpaí éagsúla agus ní ar ghasúir amháin laistigh den phobal atá faoi mhíbhuntáiste.