Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an t-ionad ildisciplíneach ealaíon the multi-disciplinary art venue
" Bhí mé ann le labhairt leis an phéintéir Susan McKeever faoina taispeántas a bheas le feiceáil an mhí seo sa Waterfront Hall, an t-ionad ildisciplíneach ealaíon a d'oscail sa chathair cúig bliana ó shin.
ionaid tharraingteacha attractive venues
" Is é príomhaidhm an eagrais ná litríocht na Gaeilge a chur chun cinn trí imeachtaí siamsúla nua-aoiseacha agus dúshlánacha a chur ar siúl in ionaid tharraingteacha i lár na cathrach i mBaile Átha Cliath.
níos mó ionad a aimsiú to find more venues
" Céard ba mhaith libh a bhaint amach anois sna blianta atá romhainn?***TÓU: Leanúint leis an obair agus níos mó ionad a aimsiú inar féidir le daoine ceol a chasadh.
ionad galánta a lovely venue
mar ionaid, as venues,
" Bíonn na mílte dráma agus seó grinn *stand-up* ar siúl, agus baintear úsáid as gach aon saghas foirgnimh mar ionaid, neart eaglaisí agus coláistí ina measc.
ionad eile a aimsiú. to find another venue.
" D'eagraigh nianna eile de mo chuid, Jules agus Patrick Reid, an cheolchoirm sin, ach ainneoin an fheachtais ar son The Flying Picket, dúnadh é in 2005, díoladh an foirgneamh agus b'éigean do Phil Heyes ionad eile a aimsiú.
in ionad beag in a small venue
" Tá rud faoi leith faoi Mhary Coughlan – is cuma c’acu a bhíonn sí in ionad beag nó mór, ciúin nó clamprach; nó c’acu tá fonn ceoil uirthi nó nach bhfuil, ní féidir locht a fháil uirthi.
láthair cheoil a music venue
" Tá Larkin sa mhúrmhaisiú galánta eile, ar taobh an *Flying Picket*, láthair cheoil cóngarach do *Combermere Street*.
dá n-imreofaí gach cluiche in ionad mór were each game played in large venues
" Seans maith go mbeadh na figiúirí níos airde dá n-imreofaí gach cluiche in ionad mór seachas a imirt in ionad na foirne a bhí ‘ag baile’ de réir na tarraingthe, mar shampla Dún na nGall i gcoinne Thír Eoghain.
seachas a imirt in ionad na foirne rather than being played in the team’s home venue
" Seans maith go mbeadh na figiúirí níos airde dá n-imreofaí gach cluiche in ionad mór seachas a imirt in ionad na foirne a bhí ‘ag baile’ de réir na tarraingthe, mar shampla Dún na nGall i gcoinne Thír Eoghain.
go hionad níos taibhsiúla fós to a more spectacular venue
" Anois agus na híomhánna curtha ag gluaiseacht aige, d’aistrigh Robertson an seó go hionad níos taibhsiúla fós, uaimh thréigthe faoi bhun chlochar na gCaipisíneach sa Place Vendôme.
sásta le láthair na gceardlann happy with the workshop venue
" Ní raibh cuid mhór de lucht leanúna DiFranco sásta le láthair na gceardlann ós rud é go ndéanann sé ceiliúradh, b’fhéidir, ar áilleacht na dtithe seo a bhí in úsáid ag úinéirí sclábhaithe sa naoú céad déag.