Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ranna verses
" Rannóg inti féin is ea an Roinn Cheilteach laistigh de Roinn an Bhéarla agus bíonn thart ar dheichniúr ag obair anseo gach bliain, idir Pholannaigh agus eachtrannaigh, muid ag múineadh na dteangacha thuasluaite (an tSean-Ghaeilge ina measc), litríochtaí na hÉireann agus na Breataine Bige (a scríobhadh sa dá theanga atá againn), teangeolaíochta agus staire.
ceathrú verse
" "Cuireann sé pléisiúr an domhain orm nuair a chím go bhfuil siad ábalta cúpla líne a chur i ndiaidh a chéile nó ceathrú amhráin a cheol.
cúpla rann filíochta a few verses of poetry
" Leoga tá sé ráite go raibh eagla ar dhaoine a theacht go Rann na Feirste nó dá mbainfí tuisle dóibh ar dhóigh ar bith go mbeadh cúpla rann filíochta cumtha fá dtaobh díobh sula mbeadh an baile fágtha acu.
ag dul ar rann ar rann dá chéile matching each other verse by verse
" "Ó, nach gcuirfeadh an garraí ola ar do chroí," ar sí agus í ag éisteacht leis na héanacha i mbun ceoil mar a bheadh siad ag dul ar rann ar rann dá chéile.
corrstéibh the odd verse
" AÓF: Casann tú corrstéibh d'amhrán freisin.
ranna páistí children's verses
" "Ach ní raibh na paidreacha laethúla ná ranna páistí ar eolas acu as Béarla agus, dá thairbhe sin, bhí "Ár nAthair", "Sé do Bheatha Mhuire" agus "Bó na Leathadhairce" go cruinn ag mo mháthair go lá a báis - agus mhair sí an céad!" Bhog muintir Whitaker go Droichead Átha i 1922.
rannta traidisiúnta traditional verses
" Is éard a bheidh anseo ná rannta traidisiúnta Chonamara cóirithe le ceol nua-aimseartha.
rann verse
" Fear a mhol an rann seo leanas mar rosc náisiúnta nua in ionad “Amhrán na bhFiann”, anois go raibh spiorad éacúiméineach an chomhghéillithe san aer: God save our gracious Hyde! God save our noble Hyde! God save our Hyde! When Dev and Cosgrave clash He will do nothing rash, God bless his old moustache God save our Hyde! Shleamhnaigh an Bunreacht thar cheist stádas na poblachta.
an naoú véarsa déag the nineteenth verse
" An tUrramach Willie McRay, MP, FP, VIP, DUP, agus P mór fada a bhí ann, seanchara dílis d’Erectus na Gaeilge, a bhí ag ceol an naoú véarsa déag dá leagan féin de “Tantum Ergo Sacramentum”, é á cheol sa Laidin bhinn a d’fhoghlaim sé in Ollscoil Bob Jones Mheiriceá.
rann amháin one verse
" Anois, is é an nós ná rann amháin a chanadh i mBéarla agus an chéad rann eile i Maoiris.
ní bhíonn aon dul as ach tabhairt faoin véarsaíocht. you have no choice but to start writing verse.
" Más duine thú atá ag smaoineamh ar an saol thart ort, tagann tú chuig áit taobh istigh agus ní bhíonn aon dul as ach tabhairt faoin véarsaíocht.
chuile phíosa véarsaíochta every poem, verse
" Tá nótaí dátheangacha ar chuile phíosa véarsaíochta scríofa ag Mac Dhonnagáin chomh maith, a chuireann eolas suimiúil i dtaobh na ndánta agus na bhfilí os comhair an léitheora.
siad ar fad bunaithe ar véarsaíocht dhúchasach Chonamara. they are all based on verses which are native to Conamara
" Is é an snáth a cheanglaíonn na dánta ar fad le chéile ná go bhfuil siad ar fad bunaithe ar véarsaíocht dhúchasach Chonamara.
ar chnuasach véarsaíochta ó bhéaloideas Chonamara on a collection of verses from the oral tradition of Connemara
" “Dhá bhliain ó shin agus mé féin agus John Ryan ag obair ar chnuasach véarsaíochta ó bhéaloideas Chonamara – an leabhar agus dlúthdhiosca do ghasúir ar bhaist muid *Gugalaí Gug!* air – chinn muid ar *Aniar,* atá dírithe ar dhaoine fásta, a chruthú.
véarsa verse
" Bhí na Sínigh ar phionta uimhir a deich agus bhí an Cór ar véarsa seasca is a trí d’amhrán tríocha is a ceathair nuair a pléascadh an doras isteach.
ní taobh leis an bhfilíocht phoiblí amháin not just reliant on public verse
" Ach ní taobh leis an bhfilíocht phoiblí amháin a bhí an file; gheofar sa leabhar seo freisin cuid den fhilíocht mhachnamhach, aigneolaíoch agus fealsúnachta is fearr ó bhí Raiftearaí agus a chomhfhilí ina sea: cumha i ndiaidh an bhaile, uamhan i leith an nádúir, machnamh domhain ar chúrsaí spioradálta agus cráifeacha.
rainn verses
" Déanann beagnach gach gasúr bunscoile abhus staidéar ar an dán agus, cé go bhfuil nathanna seanreicthe go leor ann agus go bhfuil na mothúcháin maothintinneach in áiteanna, níl aon amhras ach go ndeachaigh na rainn i gcion go mór ar mhuintir na hAstráile.
le haghaidh cúpla rann for a few verses
" Níl oiread is leabhar próis iomlán amháin ar shiollabas na hArdteiste agus tá breis marcanna ar fáil anois le haghaidh cúpla rann as dán a aithris sa bhéaltriail ná ceist scríofa a fhreagairt ar fhilíocht a bhfuil staidéar déanta agat air le dhá bhliain.
Dúirt mé trí cheathrú den Spailpín Fánach I sang three verses of the wandering labourer
" “Abair rud eicínt!” Dúirt mé trí cheathrú den Spailpín Fánach.
beart a raibh intinn nath an Bhíobla an act which had the biblical verse in mind
" Tiontaíodh compal míleata, Beairic Ebrington os comhair Halla na Cathrach ar an taobh eile den abhainn, ina piazza ealaíne díreach in am do thosach na bliana; beart a raibh intinn nath an Bhíobla faoi chlaimhte a bhualadh amach ina soic chéachta agus sleánna a thiontú ina gcorráin taobh thiar de ach, sa chás seo, gur deiseanna ealaíne an toradh a bhí ar an bhualadh amach.
rannaireachta verse making
" Bhí daoine óga rannpháirteach i gceardlanna éagsúla chomh maith agus ar na ceardlanna a cuireadh ar fáil bhí ceann ar an ealaín Cheilteach agus seisiúin rannaireachta le Rannairí Ard Mhacha.
cnuasach véarsaíochta collection of verses
" Is seoid é an cnuasach véarsaíochta is déanaí de chuid Thaidhg Mhic Dhonnagáin, dar le Caoimhe Ní Laighin, a bheadh foirfe mar bhronntanas Nollag.