Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
is bríomhaire most lively, vibrant
" Cá bhfuil an pobal Éireannach is bríomhaire sna Stáit Aontaithe? Is cinnte go gcaithfí na cathracha móra mar Bhostún, Nua-Eabhrac agus Chicago a lua.
beo beathaíoch alive and vibrant
" Is léir go bhfuil sé beo beathaíoch i gCorca Dhuibhne.
Leabhar dathannach beoga faoi chlúdach crua a colourful vibrant hardback book
" Leabhar dathannach beoga faoi chlúdach crua is ea *Aniar *a bhfuil dánta ó réanna éagsúla le fáil ann.
a láidre how vibrant
" Léiríonn torthaí an daonáirimh a láidre is a bhí an Ghaeilge roinnt blianta sular bunaíodh an stát.
ina neart vibrant(ly)
" com/watch?v=i9qa19Avry4&NR=1) Ba ghnách ó tháinig an eolaíocht ina neart, lucht na heolaíochta a bheith glan i gcoinne pisreog agus feiceáil taibhsí.
theagarach vibrant
" Dar le Ó Broin tá an chaint theagarach dhúchasach deacair agus doiligh a thuigbheáil ag an fhoghlaimeoir.
bheoga vibrant
" Is cinnte go bhfuil tréimhse dhúshlánach roimh na ceantair tuaithe, ach creidim go bhféadfaidh siad teacht slán mar phobail bheoga.
beo beathach alive and vibrant
" In amharclann na Maighdine Mara i mBrí Chualann shiúil Philip Larkin, nach maireann, beo beathach ar an ardán, agus ins an stíl aisteoireachta beag-is-fiú sin a chruthaigh sé fadó, siúd chun oibre Tom Courtenay, briathra, anam agus corp Larkin ionchollaithe aige.
ina steillebheatha fully vibrant
" Nuair a tháinig mé ann tús 1973 bhí an Ghaeilge ina steillebheatha ag gach aoisghrúpa agus bhí sí in uachtar i ngach gné de shaol an phobail.
beo beathach vibrant and thriving
" Maíonn sé go raibh an cultúr Gaelach beo beathach i measc na luathchoilíneach seo, ach níor tháinig sé ar aon alt, iris nó ar leabhar Gaeilge a foilsíodh i luathbhlianta an stáit ina thaighde.
a bhfuil cois i dtaca ag an droch-Ghaeilge inti where badly spoken Irish is vibrant
" Rith liom gur dóigh gurb í Éire an t-aon áit ar domhan a bhfuil cois i dtaca ag an droch-Ghaeilge inti.