Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mhaighdeán virgin
" Mar mhaighdeán Bollywood, tá an patrarc Tony Blair ag cur brú ar an ainnir aontachtach socrú síos in aontíos leis an diabhal poblachtánach.
seanamhaighdean an old virgin
" "Bhí saghas scanraidh ag teacht orm go mbéarfadh an saol acadúil orm, go ndéanfaí seanamhaighdean díom agus go mbeinn cosúil le hÚna Ní Fhearghail nó le Miss Knott nó a leithéid…" Níor mhair an imní rófhada mar i ndiaidh an dara Cogadh Domhanda ghnóthaigh sí scoláireacht taistil le dul chun na Fraince.
Maighdeana Muire Virgin Marys
" Cad é an ceangal atá idir Maighdeana Muire déanta as cac eilifinte, caoirigh picilithe, éadaí leapa salaithe, and vásaí ceirmeacha ag léiriú gníomhartha gnéis i measc trasghléastóirí? Bhuel, mura bhfuil an freagra ar eolas agat cheana féin, tabharfaidh mé leid duit - is ealaín iad ar fad.
Mhaighdean Mhuire Virgin Mary
" An lá seo, bhí mé ag dul chuig teach mo mháthar móire agus pictiúr den Mhaighdean Mhuire a raibh fráma úrnua curtha ag m'athair air faoi m'ascaill agam.
bhás na Maighdine Muire the death of the Virgin Mary
" Dhiúltaigh sagairt de chuid an Oird Chairmilítigh don phictiúr de bhás na Maighdine Muire d'iarr siad air a phéinteáil mar gur mhothaigh siad go raibh sé mígheanasach.
faoina dearcadh ar an Mhaighdean Mhuire her view of the Virgin Mary
" Is cuimhin liom eachtra amháin ag am lóin, áfach, nuair a thosaigh Sasanach mná (chan mise!) a chaint faoina dearcadh ar an Mhaighdean Mhuire.
íomhánna den Mhaighdeán Mhuire images of the Virgin Mary
" Ní chloistear gearán go minic faoin gCroí Ró-Naofa ná faoi íomhánna den Mhaighdeán Mhuire a bheith le feiceáil in áiteanna poiblí mar ospidéil na tíre.
den Mhaighdean Mhuire of the Virgin Mary
" Ag siúl síos Sráid Cupar – sráid mhór fhada idir Bóthar na bhFál agus Bóthar na Seanchille – dom lá amháin agus mé deich mbliana d’aois, bhí pictiúr mór den Mhaighdean Mhuire faoi m’ascaill.
an Mhaighdean Mhuire the Virgin Mary
" An chóir di an scéal a insint dá tuismitheoirí? Cad é dhéarfadh an sagart? An gcuideoidh an Mhaighdean Mhuire léi? An bhfaighidh sí ginmhilleadh? Bhí gné pholaitiúil ag baint i gcónaí le saothar an DFVC, ach ba chathair an-pholaitiúil riamh í Doire.
maighdean-Nua-Eabhrac a NY virgin
" Rud amháin a d’aithnigh mé agus mé sa chathair iontach seo le ‘maighdean-Nua-Eabhrac’ – fan ar shiúl ó na ‘nithe is díol spéise do thurasóirí’.
Maighdine of (the) Virgin
" Thaispeáin ealaíontóirí ar nós El Greco, Rubens agus Velázequez, Deastógáil na Maighdine go minic agus an ghealach dheirceach, nó an corrán gealaí, faoina cosa.
mhaighdean virgin
" Gach uile oíche, sula dtiteann sé i dtoirchim suain, gabhann Balor buíochas leis na déithe diamhra go bhfuil sé fós ina mhaighdean, ó thaobh na polaitíochta de.
maighdean virgin(s)
" De réir bhéaloideas na meánaoise, thosaigh an bhanphrionsa amach ar an oilithreacht le 11,000 maighdean mar chompánaigh aici.
thaibhsigh an mhaighdean Mhuire the Virgin Mary appeared
" Chuaigh muid thar Medzegorje – ‘áit i measc na sléibhte’ – áit ar thaibhsigh an mhaighdean Mhuire do Mhuslamaigh na tíre, dar leis an eaglais.
iarr siad ar an Mhaighdean Mhuire they asked the Virgin Mary
" I mí Feabhra 2012, chuaigh baill den bhuíon Pussy Riot isteach in Ardeaglais Chríost an Slánaitheoir, gléasta i mbalaclavaí agus éadaí ildaite, chun taibhiú a dhéanamh ar phaidir punc dá gcuid féin, inar iarr siad ar an Mhaighdean Mhuire fán a chur ar Putin agus cosaint a dhéanamh ar chóras rialtais na tíre.
Liodán na Maighdine Muire á reic the Virgin Mary’s litany being recited
" Is as an Pholainn mé…” Chuaigh siad ar aghaidh agus ar aghaidh mar a bheadh Liodán na Maighdine Muire á reic, agus tháinig gach duine isteach leis an fhreagra: “Tá fáilte romhat!” Chuir sé cruinniú den AA i gcuimhne do Bhalor.