Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
foláireamh warning
" Ní thig leat? Sin mar bhí an RUC le linn na bagartha seo, mar sin a bhí ann - foláireamh do Chaitlicigh agus do Rialtais na hÉireann agus na Breataine go raibh an tsíocháin faoi chomaoin ag an UDA agus nach bhféadfadh nó nach dtiocfadh leis an RUC cur ina éadan.
rabhaidh warning
" Bhí neart rabhaidh ag Meiriceá go raibh fuath ag go leor Moslamach agus Arabach dóibh.
foláireamh warning
" Inné fuaireas ríomhphost agus foláireamh ann a chuir ar mo chosaint mé ar sheift diabhlaí eile de chuid Osama bin Laden.
foláireamh warning
" B'éigean don Cheann Comhairle, Michael Martin, foláireamh a thabhairt do na feisirí roimh an díospóireacht faoi "theanga neamh-pharlaiminteach" ach dá ainneoin sin bhí sé racánach agus callánach agus bhí sé deacair don Uasal Martin smacht a choinneáil ar na cúlbhinseoirí.
rabhadh warning
" Dúirt sí freisin go raibh a fhios ag BAT go raibh dochar sa tobac agus nach raibh aon rabhadh leis na toitíní nuair a thosaigh sí á gcaitheamh.
foláireamh warning
" Is nath é sin a bhí aige agus é ina gharsún: má bhí sé chun a mhúinín a dhéanamh san abhainn ba ghá foláireamh a thabhairt roimh ré.
foláireamh scanrúil frightening warning
" Ach nach bhfuil an Pápa ar shiúl ar oilithreacht go Ceanada agus Meicsiceo agus áiteanna beannaithe eile? Rún docht daingean é seo, rún nach féidir a scaoileadh le bhur mbeo, rún a chualthas ó ghníomhairí rúnda "Beo Ar Éigean" sa Róimh, rún ar tháinig an foláireamh scanrúil seo leis: "Do Not Repeat This!" Mar sin, níl mé sásta é a rá ach an t-aon uair amháin: Ní hé an Pápa atá imithe ar oilithreacht ar chor ar bith.
rabhadh warning
" Bhí na ceannabháin bhána ag fás go flúirseach agus níor ghá do na hóstaigh rabhadh a thabhairt dom - tá seantaithí agam ar dhul go glúine i bportaigh Chill Mantáin agus Chonamara.
rabhadh warning
" Dúirt an Príomh-Aire John Howard i dtosach nach raibh aon rabhadh faighte ag an rialtas faoi bhagairt ar Bhali.
bhfoláireamh warnings
" Is cathair thar a bheith neirbhíseach í Nua-Eabhrac faoi láthair de bharr na bhfoláireamh faoin sceimhlitheoireacht.
Rabhadh warning
" (Rabhadh: Tá an t-alt seo fóirsteanach dóibh siúd os cionn ocht mbliana déag d'aois agus dóibh siúd amháin!) Bhí brionglóid ag Balor - tromluí iontach trom a tháinig chuige agus é ar a leathluí ina phluais cháidheach, a chuid srann (agus eile) ag baint creathadh as an sliabh os a chionn agus as putóga na cruinne faoina leath-thóin.
rabhadh warning
" Nuair a cheannaigh Valentia agus a pháirtnéirí an comhlacht, thug tráchtairí áirithe rabhadh nach chun leasa na tíre é an comhlacht a bheith i seilbh na rachmasóirí móra sin.
gan coinne ar bith without warning
" Cill Chainnigh iad féin sna seachtóidí, le Eddie Ó Cathaoir, Pat Mac Einrí, Nollaig Mac Sceacháin agus eile ar bord, bhuadar Craobh na hÉireann i 1972, 1974 agus i 1975, ach gan coinne ar bith rinne Loch Garman slad orthu i gcluiche ceannais Laighean i 1976.
rabhadh warning
" " Tugann sé rabhadh maidir le luach idirnáisiúnta an euro a bheith imithe in airde, áfach.
foláireamh warning
" I gcás na Teamhrach, tá foláireamh tugtha go soiléir ag na seandálaithe, lucht acadúil agus ag muintir na háite sna haighneachtaí a rinne siad chuig an mBord Pleanála.
rabhadh warning
" In éadóchas, chuaigh sí féin agus paisinéir eile ar ais go barr an staighre bheo agus rinne siad iarracht rabhadh a thabhairt do dhaoine gan dul síos.
fainic warning
" Tá cóipeanna den leabhar le buachan i gcomórtas mhí Mheán Fómhair *Beo!* Gluais • Glossary á fhoilsiúbeing published gnó turasóireachtatourism business músclaítear fiosracht na mnáthe woman's curiousity is awakened ailt nuachtáinnewspaper articles faillcliff seilbhpossession contúirtídangers bagairtíthreats creathán fuachtaa cold shudder fainicwarning foláireamhnotice, warning deireadh a haistir saoilthe end of her life's journey go fuarchúiseachindifferently buillí croíheartbeats anáil an tsonaisthe breath of happiness seargthawithered iachallcompulsion fíricífacts breacthawritten down rianmark d'aon ghnódeliberately blúire páipéirpiece of paper luaitementioned tarraiceándrawer stán síshe stared imlíneoutline scáilshadow gortcultivated field cruthanna dubhablack shapes ag corraí go bogmoving gently sceacha aitinnfurze bushes céadfaísenses ar tinneallon edge doircheachtdarkness ina glaicin her hand leiceanncheek á shlíocadhstroking it pollairí a sróineher nostrils b'in mar a shamhlaíodh sí iadthat's how she used to imagine them istoícheat night ina comhluadarin her company folamhempty dul i dtaithí arget used to cuachta go clutharnestled comfortably fál cosantaprotective fence fothramnoise gíoscáncreaking ag tnúth lelooking forward to brat teolaíwarm covering an tsíorgheonaílthe continuous droning ag dul thar bráidpassing by cloig rabhaidhalarms sianaílwhining otharchairr ag scréachaílambulances screeching pléascáinexplosives gleo cogaíochtathe noise of war ar fud na comharsanachtaall over the neighbourhood éalúto escape amhrasdoubt easpa fuaimelack of noise tranglamclutter ina sámhchodladhsleeping soundly cliotaráilclattering macalla a coiscéime féinthe echo of her own footstep pluidblanket ag siosarnachrustling a fallaing oícheher night gown taobh leisbeside it sciathánwing dallógblind duibheblackness crónánhumming leataopen an bunalt údthat original article carnánpile béicscream ag stánadh isteach uirthistaring in at her ag faire uirthilooking at her á slogadhswallowing her spléachadhglance sceonmharterrifying trí choiscéimthree steps scréachscream rith sé léiit occured to her cur síos ceartproper description ag tochailt isteach intidigging into her tanaíthin camcrooked go tostachsilently ag fairelooking ar diúitéon duty Ag baint lán na súl aisti.
foláireamh notice, warning
" Tá cóipeanna den leabhar le buachan i gcomórtas mhí Mheán Fómhair *Beo!* Gluais • Glossary á fhoilsiúbeing published gnó turasóireachtatourism business músclaítear fiosracht na mnáthe woman's curiousity is awakened ailt nuachtáinnewspaper articles faillcliff seilbhpossession contúirtídangers bagairtíthreats creathán fuachtaa cold shudder fainicwarning foláireamhnotice, warning deireadh a haistir saoilthe end of her life's journey go fuarchúiseachindifferently buillí croíheartbeats anáil an tsonaisthe breath of happiness seargthawithered iachallcompulsion fíricífacts breacthawritten down rianmark d'aon ghnódeliberately blúire páipéirpiece of paper luaitementioned tarraiceándrawer stán síshe stared imlíneoutline scáilshadow gortcultivated field cruthanna dubhablack shapes ag corraí go bogmoving gently sceacha aitinnfurze bushes céadfaísenses ar tinneallon edge doircheachtdarkness ina glaicin her hand leiceanncheek á shlíocadhstroking it pollairí a sróineher nostrils b'in mar a shamhlaíodh sí iadthat's how she used to imagine them istoícheat night ina comhluadarin her company folamhempty dul i dtaithí arget used to cuachta go clutharnestled comfortably fál cosantaprotective fence fothramnoise gíoscáncreaking ag tnúth lelooking forward to brat teolaíwarm covering an tsíorgheonaílthe continuous droning ag dul thar bráidpassing by cloig rabhaidhalarms sianaílwhining otharchairr ag scréachaílambulances screeching pléascáinexplosives gleo cogaíochtathe noise of war ar fud na comharsanachtaall over the neighbourhood éalúto escape amhrasdoubt easpa fuaimelack of noise tranglamclutter ina sámhchodladhsleeping soundly cliotaráilclattering macalla a coiscéime féinthe echo of her own footstep pluidblanket ag siosarnachrustling a fallaing oícheher night gown taobh leisbeside it sciathánwing dallógblind duibheblackness crónánhumming leataopen an bunalt údthat original article carnánpile béicscream ag stánadh isteach uirthistaring in at her ag faire uirthilooking at her á slogadhswallowing her spléachadhglance sceonmharterrifying trí choiscéimthree steps scréachscream rith sé léiit occured to her cur síos ceartproper description ag tochailt isteach intidigging into her tanaíthin camcrooked go tostachsilently ag fairelooking ar diúitéon duty Ag baint lán na súl aisti.
rabhaidh warnings
" Le tamall anuas, áfach, tá glórtha eile ag cur leis na rabhaidh a eisíonn eagraíochtaí ar nós Greenpeace.
rabhadh warning
" Ach ná déanaigí dearmad go dtagann rabhadh leis mar scéal.
fainic bheag bhaoideach amháin one small little warning
" Níl ann ach fainic bheag bhaoideach amháin - is dócha ná a mhalairt go ndéanfaidh sí féin an sterling a ath-infheistiú in áras pobail Protastúnach inteacht in Oirthear Bhéal Feirste.
foláireamh warning
" Tá úsáid guthán póca i measc na bpáistí is óige tar éis an imní is mó a chur ar dhaoine, go háirithe ó d’fhoilsigh an Bord Náisiúnta um Chosaint Raideolaíoch (NRPB) foláireamh ag rá nár cheart do pháistí faoi ocht mbliana guthán póca a úsáid.
ag tabhairt neamhairde ar na foláirimh ignoring the warnings
" Ach dar le ChildWise, gníomhaireacht taighde margaidh a dhíríonn ar dhaoine óga, ní gá do na comhlachtaí guthán póca bheith róbhuartha – in ainneoin na fianaise go léir go bhfuil na gutháin díobhálach, tá líon mór tuismitheoirí ag tabhairt neamhairde ar na foláirimh.
rabhadh warning
" Tá sé thar am don rialtas córas ceart cigireachta, a bheadh neamhspleách amach is amach, a fhorbairt agus déanamh cinnte go gcuirfear deireadh le cuid de na cleachtais áiféiseacha atá ann faoi láthair (an nós atá ann, mar shampla, rabhadh a thabhairt do na tithe altranais go bhfuil cigire chun cuairt a thabhairt orthu).
fógraí rabhaidh warning signs
" Rialaigh an Breitheamh ag an am gur ar an chosantóir a bhí an locht mar nach raibh fógraí rabhaidh crochta in airde aige.
fainic warning
" ? airecare uaighgrave sa luaithreadán créafóigein the clay ashtray go drogallachreluctantly curthaburied ag cúlchaintgossiping go turcoldly iontassurprise, wonder coca féirhaystack ag gobadh amachsticking out soithídishes nitewashed is beag nár leag sí an chathaoirshe nearly knocked over the chair de rúidat a sprint seantroscánold furniture go cúramachcarefully spléachadhglance baithiscrown (of head) liopaílips tiubhthick an dá ghualainnher two shoulders an dá chíoch líontaher two full breasts suaimhneaspeace fainicwarning go drochmheasúilwith contempt ar díolon sale sách lomquite bare níos nua-aoisímore modern go dánaboldly straoisgrin go bríomharvigorously faobharsharpness ag obair leisworking away an seanchlogthe old bell ó bhonn go baithisfrom head to foot go postúilself-importantly ciseánbasket Aon cheo eile?Anything else? meangadh mór gáirea big smile Bhrostaigh sí uirthi.
fainic warning
" ? airecare uaighgrave sa luaithreadán créafóigein the clay ashtray go drogallachreluctantly curthaburied ag cúlchaintgossiping go turcoldly iontassurprise, wonder coca féirhaystack ag gobadh amachsticking out soithídishes nitewashed is beag nár leag sí an chathaoirshe nearly knocked over the chair de rúidat a sprint seantroscánold furniture go cúramachcarefully spléachadhglance baithiscrown (of head) liopaílips tiubhthick an dá ghualainnher two shoulders an dá chíoch líontaher two full breasts suaimhneaspeace fainicwarning go drochmheasúilwith contempt ar díolon sale sách lomquite bare níos nua-aoisímore modern go dánaboldly straoisgrin go bríomharvigorously faobharsharpness ag obair leisworking away an seanchlogthe old bell ó bhonn go baithisfrom head to foot go postúilself-importantly ciseánbasket Aon cheo eile?Anything else? meangadh mór gáirea big smile Bhrostaigh sí uirthi.
gan choinne without warning
" D’éirigh leo é seo a chur i gcrích cúpla babhta; sciob siad an coirpeach ón tsráid gan choinne, chuir siad dallóg air, ghlaoigh siad ar na daoine cuí agus d’fhan siad leo leis an airgead a chur in áit shábháilte.
rabhadh warning
" Tá portráid chumhachtach ríoga cruthaithe ag Robert Ballagh den iománaí Christy Ring, a théann leis an dán den ainm céanna leis an fhile Seán Ó Tuama, agus tá an rud céanna déanta ag John McNaught lena shaothar siúd a théann leis an dán “Turas Dhomhnaill do Glaschu” le Niall MacLeoid, a thugann rabhadh do mhná glice.
foláireamh láidir strong warning
" Léiríonn cáipéisí a tugadh dom faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, mar shampla, gur thug dhá eagraíocht sláinte sa tír foláireamh láidir don Aire gan leapacha breise a chur i mbardaí ospidéil.
ag tabhairt foláirimh warning
" Tá fáithe ag caint cheana féin faoi Bhuaic na hOla, an uair ag a thosóidh soláthar ola an domhain ag dul i léig, agus ag tabhairt foláirimh gur gá dúinn slite eile a aimsiú chun ár spleáchas ar an ola a laghdú.
comharthaí rabhaidh warning signs
" Agus go dtí go mbeidh muid sásta a admháil cén fáth a raibh an oiread sin dúile ag daoine i McCarthy – ní hamháin na hoibrithe láimhe Gael-Mheiriceánacha ach fosta dream na gcuirtíní lása mar Joe Kennedy – tá an baol ann nach dtabharfaidh muid faoi deara na comharthaí rabhaidh nuair a thiocfaidh McCarthy eile ar an fhód.
fógraí rabhaidh warning signs
" Bhí fógraí rabhaidh faoi mhadraí gardála ar an sconsa agus ba léir ón tafann a bhí siad a dhéanamh go raibh siad fíochmhar.
fainic warning
" folachcovering nochtnaked slaitín saileachwillow rod á lascadhthrashing her ar chúl na gclaíochabehind the stone walls an iarraidh seothis time Cuardaitheoirí Rudaí AisteachaSearchers for Strange Things saineolaitheexperts ráflaírumours cleamhnaitherelations by marriage fireann nó baineannmale or female a ndrioballtheir tail ganntan olaoil shortage stangadhstart ag útamáilfumbling ag cogarnaílchewing gaibhte a chodladhgone to bed sórt baoitea kind of bait go mbéarfaidís airthat they would catch him drochfhliúa bad flu cragtha ceartbadly hit cliabhrachchest cáirseán aisteachstrange wheeze duáinkidneys ag fual ina threabhsarwetting his trousers fliuchándrenching eascainecurse bá is múchadh airdrowning and smothering on him cóir leighistreatment seanmóirsermon a rachthis outburst a phaca diabhalyou pack of devils ar bhealach bhur n-aimhleasaon the road to ruin go bagrachthreateningly fainicwarning cúrfoam ag gíoscángrating i ngábhin a dangerous situation collachcrude, fleshy person scuaid tearraa splattering of tar isteach ina chlabinto his mouth
foláirimh warnings
" Shílfeá go raibh Sinn Féin i mbun an Státchiste anseo, tá foláirimh agus tairngreachtaí an DUP chomh tréan sin.
foláireamh warning
" Ach bhí stró eile ann fosta: an seans go mbeadh an príosúnach “*ghosted*”, is é sin go mbogfaí é/í go phríosún eile gan foláireamh ar bith.
rabhadh warning
" An lá sin thug na daoine san oifig airgid faoi deara go raibh a lán nótaí bréige ann, agus fuair muid rabhadh gach nóta a sheiceáil.
sa gcaoi go bhféadfaí rabhadh a thabhairt so that a warning could be given
" Labhair Andrew Robb ag an gcéad chruinniú náisiúnta d'iomáin a bhí ann le gairid agus mhol sé dóibh níos mó seirbhísí a chur ar fáil i mBéarla sa gcaoi go bhféadfaí rabhadh a thabhairt do dhaoine óga faoin sceimhlitheoireacht.
rabhadh warning
"rabhadh tugtha ag Bainimarama do thíortha eile an réigiúin gan a ladar a chur sa scéal.
fainic warning
" Ach fainic amháin, bhí an dearcadh céanna ag tiománaithe tacsaí deich mbliana ó shin, más buan mo chuimhne.
rabhadh níos láidre a stronger warning
" Thug Banc Ceannais na hÉireann rabhadh níos láidre ina dtuarascáil ráithiúil agus dhearbhaigh siad gur cinnte go raibh laghdú ag teacht ar acmhainn iomaíochta na tíre, agus ag moladh don rialtas dul i ngleic leis an gcostas ard maireachtála sa tír seo agus an méadú ar an ráta boilscithe.
rabhadh warning
" Tá an scéal chomh holc sin i mbliana gur chuir Comhairle Sléibhteoireachta na Breataine rabhadh ar an suíomh atá acu ((www.
ag tabhairt rabhaidh dúinn giving us a warning
" Os ár gcionn, agus muid ag dul i dtreo ár n-eitleán difriúil, tháinig fógra grágach torannach an aerfoirt ag tabhairt rabhaidh dúinn faoinár n-eitilt.
rabhadh warning
" Agus é ina shuí ag a bhinse, is annamh a dhéanann breitheamh tagairt do na meáin chumarsáide, ach amháin má theastaíonn uaidh rabhadh a thabhairt dóibh nó cosc a chur orthu.
rabhadh warning
" Ag barr an struchtúir shuntasaigh seo tá an abairt Pholainnise “Nasz Los Dla Was Przestroga”, “ár gcinniúint mar rabhadh daoibh”.
go bhfuil dearmad déanta ag an gcine daonna ar an rabhadh sin that humankind has forgotten that warning
" Is léir go bhfuil dearmad déanta ag an gcine daonna ar an rabhadh sin breis is uair amháin ón Dara Cogadh Domhanda ar aghaidh, ach b’fhéidir nach cóir iontas a dhéanamh de sin nuair is deacair do shamhlaíocht agus d’intinn an duine meabhair a bhaint as a leithéid d’oilc.
rabhadh warning
" Níor tugadh aon rabhadh dom agus tháinig casaoid an phobail aniar aduaidh orm.
foláireamh warning
" Tugadh foláireamh a bhí easnamhach; ní raibh go leor ama ag na daoine taobh istigh imeacht ón mheall tine a ruaig an teach itheacháin.
foláireamh láidir a strong warning
" Thug sí foláireamh láidir don Chomhairle Contae go raibh tithe díolta sa Rinn gan aon fhianaise go bhfuiltear ag comhlíonadh an choinníll teanga atá leagtha orthu.
fógra rabhaidh a warning notice
" ” Seans gur cheart go gcuirfí fógra rabhaidh ar an siollabas Gaeilge feasta: “Déanann staidéar ar an Ghaeilge dochar mór do do chumas foghlama.
nuair a fuair beirt eile a bhí ar fhoireann Zhvania bás gan choinne when two other from Zhvania's staff died suddenly or without warning
" Bhí go leor daoine ann, áfach, nár chreid gur bás tionóisceach a bhí ann, go háirithe nuair a fuair beirt eile a bhí ar fhoireann Zhvania bás gan choinne go luath ina dhiaidh sin.
foláireamh notice or warning
" "Tá sé bunaithe ar mo thaithí phearsanta in Ard Eoin sa bhliain 1969 nuair a fuair muid foláireamh de chúig bhomaite dhéag sular chuir na dílseoirí ár dteach trí thine.
rabhadh a warning
" ‘Tá sé ar do CHÚL!!!!’ agus díon na hamharclainne á ardú le scréachanna na n-óg agus iad ag iarraidh rabhadh a thabhairt do Chochaillín Dearg nó do Robin Hood.
de thairbhe fainic because of a warning
" Is go faiteach a bheas go leor de na heagrais Ghaeilge ag tabhairt aghaidh ar an bhliain úr agus iad in amhras faoina dtodhchaí de thairbhe fainic a thug Aire na Gaeltachta san Fhómhar gur cheart a líon a laghdú go suntasach.
fainic a warning
" Ag trácht ar a raibh le rá ag Íosa Chríost, do réir Lúcáis, faoina dheacra is a bheadh sé ag an bhfear saibhir fáil isteach sna flaithis, chuir Palladius fainic ar lucht rachmais a linne nach mbeadh aon seans acu neamh a bhaint amach mura n-aimseofaí snáthaid sách mór don camall, é sin nó camall sách bídeach le fáil trí chró na snáthaide! Nach bhfuil Dia uilechumachtach? Scríobh sé: “*Of course, it is possible for Him to let the rich into heaven, and to let them bring all their property and baggage and wealth with them; and possible to let the camels in too, into the bargain*.
rabhadh tromchúiseach a serious warning
" Má chliseann sruth an gháis as an mBreatain, go sealadach féin, fiú amháin, an dtitfidh cúrsaí amach mar a bhfuil á dtuar ag an mBord Gáis? Tá seans ann nach dtitfidh, mar d'fhoilsigh an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta um Fhuinneamh (GIF) tuarascáil, ag deireadh na bliana seo caite, ina bhfuil rabhadh tromchúiseach dúinn go léir ann.
Foláireamh a warning
" (Foláireamh agus Fógra Fainice ón Eagarthóir: Níl an t-alt seo fóirsteanach dóibh siúd a bhfuil deacrachtaí acu le brú fola nó le croí lag.
Fógra Fainice a word of warning
" (Foláireamh agus Fógra Fainice ón Eagarthóir: Níl an t-alt seo fóirsteanach dóibh siúd a bhfuil deacrachtaí acu le brú fola nó le croí lag.
rabhadh warning
" Mhaígh sé nach raibh an darna suí sa bhuaile aige ach peann a chur le pár agus rabhadh a thabhairt do mhuintir na hÉireann faoina bhfuil i ndán dóibh mura n-éiste siad go cúramach le soiscéal Naomh George Lee agus David Beannaithe McWilliams, agus beart a dhéanamh de réir a mbriathar siúd.
rabhadh a warning
" Clamhairt Ghabhail, an Gonorrhoea Lectem Tá Feidhmeannas na Seirbhíse Sláinte i ndiaidh rabhadh a chur amach faoi ghalar gnéas-tarchurtha atá thar a bheith contúirteach agus nimhneach amach is amach.
rabhadh a warning
" Is rabhadh ar tharla dóibh siúd d’aon pholaiteoir gan teacht salach ar an mbrúghrúpa cumhachtach ar son Iosrael.
rabhadh warning
"rabhadh tugtha do mhic léinn is do státseirbhísigh gan an Ramadan a choimeád.
foláireamh warning
" ” Tabhair an chluais bhodhar do chomhairle amadáin Maidir leis an gCóiré Thuaidh, molann Frum agus Perle go dtabharfaidh SAM foláireamh deiridh dóibh.
foláireamh warning
" Tá fógraí crochta leath bealaigh in airde a thugann foláireamh do shiúlóirí faoin chontúirt a bhaineann leis: “*Tonnes of unstable rock and scree now present a high level of objective dangers and local guides are strongly advising people to avoid the route*.
rabhadh a warning
" Bheadh oiread sin eagla ag baint leis an phiseog seo ag an am gur leor é le duine a bhí fiú faoi amhras a bheith daortha chun báis poiblí mar rabhadh don chuid eile den phobal.
rabhaidh a warning
" Ar a laghad, d’fhéadfaí rabhaidh lucht Iosrael a thuar.
fainic warning
" Is measa an t-imreoir a dhéanann iarracht cic pionóis a thuilleamh trí thitim bhréige nó a ligeann air féin go bhfuil sé gortaithe le súil go bhfaighidh a chéile comhraic fainic nó níos measa ón réiteoir.
foláireamh warning
" Mar atá luaite agam cheana, bhíodh "curfew bell" á bhualadh i gCúl Raithin ag a 9 a chlog gach oíche le foláireamh a thabhairt do Chaitlicigh gurbh fhearr dóibh dul chun an bhaile suas go dtí 1954.
rabhadh warning
" Béal Feirsteach a bhfuil a ainm in airde sa chathair agus sa tír a thug rabhadh fán tonn bháite a bhí ag scuabadh iarsmaí an tseanchultúir Ghaelaigh de chlár an oileáin sa 19ú haois déag.
fainic amháin one word of warning
" Is fánach an áit a dtagann iriseoirí ar scéalta (ní ligeann an umhlaíocht dom ‘scothscéalta’ a rá!) Ach fainic amháin, níl an chéad chloch tógtha go fóill agus i gcead don Skibbereen Eagle beidh ar a laghad iriseoir amháin in iarthar na tíre ag coinneáil súil ghéar ar dhul chun cinn na Comhairle sa chás áirithe seo lena chinntiú nach bhfanfaidh Teatrarc na Gaillimhe i ndeoraíocht ina chathair féin ar feadh i bhfad eile!
rabhadh a warning
" Agus neamhaird á déanamh acu ar an bhfianaise maidir le réamhfhios na nIosraelach, cuireann Snopes ceist reitriciúil: *“Why would Israel follow such a course of action, betray its staunchest ally, and doom thousands of innocent Americans to death?”* D’fhéadfaí fiafraí chomh maith cad chuige ar chuir gníomhairí Iosraelacha buamaí loiscneacha i saoráidí Meiriceánacha san Éigipt i 1954? Nó cad chuige ar ionsaigh Iosrael an USS Liberty d’aon ghnó ar 8 Meitheamh, 1967 nuair a mharaigh siad 34 Meiriceánach? Nó cad chuige nár thug Mossad rabhadh do SAM faoin ionsaí ar dhún na Muirshaighdiúirí i mBéiriút ar 23 Deireadh Fómhair, 1983 nuair a maraíodh 241 Meiriceánach? Nó cad chuige ar chuir Oibríocht na Traí de chuid Mossad ina luí ar Washington go raibh an Libia freagrach as an mbuamáil dioscó i mBeirlín ar 5 Aibreán, 1986 nuair a maraíodh beirt shaighdiúirí de chuid SAM? Go dtí seo, níl aon imscrúdú déanta ag Snopes faoi ghníomhartha fill seo na n-Iosraelach ar a “chomhghuaillí daingean.
Rabhadh warning
"Rabhadh” deir sé: “Tá deireadh leis an chosán rochtana anseo.
ag tabhairt rabhaidh dó warning him
" Chonacthas é mar ionsaí seicteach ar scoileanna Caitliceacha agus cháin comhghleacaí Robinson, an Leas-Chéad Aire, Martin McGuinness, an méid a bhí le rá aige, ag tabhairt rabhaidh dó gan dul i ndeabhaidh leis an Eaglais Chaitliceach ar cheist na scolaíochta.
bhfoláireamh warning
" Cuireann sé deireadh lena leabhar fíorthábhachtach leis an bhfoláireamh seo: *“The costs that the United States – and the rest of the Western world – might incur in the future are likely to be much greater.
fainic a warning
" Ach, i gcás ‘caint nó gothaí maslacha nó gríosaitheacha a úsáid le céile comhraic’ is é an smachtbhanna ná fainic a chur ar an gciontóir agus i gcás an dara coir é a dhíbirt den pháirc.
Rabhadh warning
" Rabhadh amháin áfach: bí ar an eolas gur slogaide ama amach is amach é an suíomh seo agus níl aon nuálacht ag baint leis sin.
rabhadh a thabhairt to give warning
" Anuas air sin, mhaoinigh siad fógraí sna meáin inar baineadh feidhm as íomhánna grafacha scéiniúla le rabhadh a thabhairt do chaiteoirí faoin gcineál dochair a dhéanann tobac don cholainn.
ag tabhairt rabhaidh warning
" Tá na háisíneachta creidmheasa ag tabhairt rabhaidh go n-ísleofar grádú creidmheasa na tíre.
gan choinne without warning
" Ní mharaítí aon duine an chuid is mó den am, ach is iomaí fear, bean is páiste a loiteadh go dona, a dalladh, nó a chaill leathlámh nó leathchos nuair a theilgeadh na hIosraelaigh sliogán den chineál sin le teach cónaí gan choinne, nó le teach i ndiaidh a chéile tríd na sráidbhailte.
rabhadh a warning
" In eagarfhocal sa Washington Post ar 30 Iúil, thug Foxman rabhadh do na léitheoirí go bhféadfadh “an idé-eolaíocht ghráiniúil” seo daoine eile a spreagadh chun gnímh foréigní amach seo.
nár tugadh aon aird ar a fholáireamh no attention was paid to his warning
" Is cosúil, de réir na tuairisce, go raibh oifigeach léirsteanach i Roinn an Airgeadais a mhaígh go raibh géarchéim ag drannadh linn, gur scríobh sé faoi, ach nár tugadh aon aird ar a fholáireamh.
rabhadh deiridh last warning
" Bhíos ar buile le Nandos anois agus nuair nach ghlac sé leis an rabhadh deiridh, síos an trá linn, amach as an mbosca leis agus d’inis mé dó go bhfillfinn ar an áit an mhaidin dár gcionn, agus dá sé imithe, go dtuigfinn nach raibh sé ag iarraidh taisteal liom a thuilleadh.
thug sé rabhadh he gave a warning
" Insa staidéar seo, rinne Bagehot cur síos ar céard a tharlaíonn nuair a thiteann an córas baincéireachta as a chéile, agus thug sé rabhadh freisin: *“(e)ven at the last instant of prosperity, the whole structure is delicate.
fógra a bhfuil ‘Rabhadh’ air a notice which has ‘Warning’ on it
" Ansin, áfach, ag fógra a bhfuil ‘Rabhadh’ air (Beo eagrán 113, Meán Fómhair 2010), téann na cipíní soir ó thuaidh, i dtreo Dhíseart Aoidh Mhic Bhricne.
thug Meiriceá foláireamh láidir dóibh America gave them a strict warning
" Chinn fórsaí al-Assad an t-éirí amach a chur síos trí dul i muinín anmhéid foréigin i gcoinne na gceannairceach, shocraíodar ar na huirlisí troda is troime agus is gránna a úsáid – tá siad ag cur ina luí ar a gcuid naimhde i gcónaí nach mbeadh drogall orthu uirlisí troda ceimiceacha a úsáid ina gcoinne cé gur thug Meiriceá foláireamh láidir dóibh gan a leithéid a dhéanamh.
foláirimh a chur chuige send a warning to it
" Mar sin, is féidir le sás ar bith foláirimh a chur chuige.
foláirimh ó phoblachtánaithe warnings from republicans
" Níos maille fuair Conall Mc Devitt ón SDLP bagairtí agus mar chúiteamh, fuair Edwin Poots, Jeffrey Donaldson agus Guy Spence ón DUP foláirimh ó phoblachtánaithe.
rabhadh an údair thuas the above author’s warning
" Is é seo rabhadh an údair thuas, Nicholas Carr, rabhadh atá bunaithe ar an taighde is úire sna heolaíochtaí cognaíocha.
gan ach foláireamh just a (5 day) warning
" I mí na Samhna, fágaim, gan ach foláireamh 5 lá tháinig méadú 100% ar an táille atá le híoc ag daoine nach saoránaigh de chuid an AE iad ar mian leo fanacht in Éirinn níos faide ná 90 lá.
an rabhadh seo this warning
" Is ionann an rabhadh seo agus an rabhadh chéanna a thug Joyce cúpla bliain roimhe nuair a thug Bloom a shainmhíniú síoraí ar an ionracas: “*Love, says Bloom.
soilse rabhaidh warning lights
" Coinnigh súil ar na soilse rabhaidh, etc.
mar rabhadh as a warning
" Tá a fhios ag cách faoi seo, mar bhí ceamara cinn ar a chlogad agus d’fhoilsigh sé an scannán ar an idirlíon tar éis na timpiste mar rabhadh do dhaoine eile.
a thug rabhadh which gave warning
" An Míthátal ===== Tugann na fírící sin i lár an bhreithiúnais le fios gur cineál aiste reductio ad absurdum aiste na mbreitheamh, aiste a thug rabhadh don tír mar gheall ar thorthaí diúltacha a thiocfadh aniar aduaidh ar an gcomhphobal, dá n-éireodh le Mrs Fleming Bunreacht na hÉireann a úsáid chun poll a chur sa reacht ó 1993, reacht a shrianaigh í ina cuid ainnise.
foláireamh a warning
" Thug fear an tarrtháil sléibhe ag an ionad seiceála foláireamh dúinn go raibh an drochaimsir ag teannadh linn agus gur cheart a bheith ar an airdeall agus muid ag dul síos an mala go Loch Ochóige.
do rabhadh cáiliúil to the famous warning
" Droim láimhe, fiú i ngan fhios dó féin, a thugann sé go minic do rabhadh cáiliúil Edmund Burke, an fealsamh polaitiúil a cháin na dlíodóirí a chaith le bunreacht fé mar *“the Penates of an Englishman”* ab ea é.
ach rabhadh but a warning
" Rud amháin eile – agus ní fadhb é seo ach rabhadh – má tá tú ag smaoineamh ar díosal a cheannach, faigh amach ar athraíodh an bheilt-tiomáint tar éis 60,000 míle (agus gach 60,000 míle ina dhiaidh sin).
foláireamh faoi a warning about this
" Thug tuarascáil a cuireadh faoi bhráid Comhthionóil Bhliantúil Eaglais na hAlban i 1923 foláireamh faoi: *‘The menace of the Irish race to Scottish nationality.
foláireamh roimh a warning about
" Thug an Príomh-Aire, Tony Abbott, foláireamh roimh rith an bhille go dtabharfadh a rialtas dúshlán air san Ard-Chúirt faoi Alt 109 de bhunreacht na tíre.
a bhfuil rabhadh sláinte ag dul leis which has a health warning
" Deirtear gurb é an chéad chás cúirte riamh in Éirinn a bhfuil rabhadh sláinte ag dul leis.
ag cur foláirimh ar an phobal warning the public
" Tá fógra mór in aice le doras na cúirte ag cur foláirimh ar an phobal agus iad ag dul isteach chun éisteacht leis: D’fhéadfadh an cás cúirte seo dochar a dhéanamh do shláinte duine! Agus tá an ceart ar fad ag an duine a chroch an fógra.