Tráchtar go tarcaisneach ar ghníomhaireachtaí oifigiúla, mar shampla an Northern Ireland Tourist Board, "a chruthaigh na céadta post dea-íoctha, agus iad uilig ag an Northern Ireland Tourist Board".
Cheadaigh an ÚCÉ tuilleadh bomaití fógraíochta a thabhairt do TV3 - suas le 12 bhomaite san uair (Dia ár sábháil); cheadaigh sé suíomh táirgí íoctha ar chláracha teilifíse Éireannacha - seachas i gcláracha do pháistí agus cláracha cúrsaí reatha - don chéad uair agus is iad na craoltóirí, idir theilifís agus raidió a mhaoiníonn an eagraíocht thrí cháin a chuirtear orthu.