Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag iarraidh gan í féin a thachtadh ar a dea-mhéin trying not to choke on her own goodwill (i.e. it's not genuine)
" " "Tá an t-ádh oraibh mar sin," arsa Nell agus í ag iarraidh gan í féin a thachtadh ar a dea-mhéin.
arb í mo thír féin í, ar ndóigh which is my own country, of course
" Agus mé ag foghlaim na Gaeilge, tá súil agam go bhfuil mé ábalta rud beag measa a thaispeáint ar chultúr agus mhuintir na hÉireann, arb í mo thír féin í, ar ndóigh.
faoi bhagairt anois í féin under threat itself
" Chíonn siad sin atá bainteach leis an chlár seo an íoróin atá ag baint leis an dóigh a bhfuil áit atá in ainm is faoiseamh a thabhairt ón sceimhlitheoireacht faoi bhagairt anois í féin ag foréigean den chineál céanna.
amhail is da mba libh féin í as if you owned it
" "Murar cheart dul gar di cén fáth slua agaibh a bheith cruinnithe timpeall anois uirthi agus ag gliúcaíocht uirthi amhail is da mba libh féin í? Ba cheart dom táille a ghearradh oraibh.
ó chinedhíothú na Naitsithe í féin who survived the Nazi genocide herself
" Sa deireadh lonnaíodh an bailiúchán i Músaem Belvedere i Vín, áit ar fhan sé go dtí gur chuir neacht leis na Bloch-Bauers, Maria Altmann (90), a tháinig slán ó chinedhíothú na Naitsithe í féin agus atá ina cónaí i Meiriceá ó shin, gur chuir sí tús le cás gan fasach sa Chúirt Uachtarach sna Stáit Aontaithe chun go dtabharfaí an bailiúchán ar ais do na hoidhrí dlisteanacha.
an gcuimhneoidh mé ar an tír í féin whether I'll remember the country itself
" Cuimhneoidh mé ar na rudaí a rinne mé sa Namaib, ach nílim cinnte an gcuimhneoidh mé ar an tír í féin.
taobh amuigh den Aithin í féin outside of Athens itself
" Sa lá atá inniu ann, tá níos mó cainteoirí Gréigise in Melbourne ná aon chathair eile ar domhan, taobh amuigh den Aithin í féin agus Thessaloniki.
rinne sí í féin a nochtadh she revealed herself
" Bhí cuid mhaith de iontach cróga – rinne sí í féin a nochtadh ar bhealach nach mbeadh mórán daoine ar a suaimhneas a dhéanamh.
chroch sí í féin she hanged herself
" Cúpla uair i ndiaidh di an teachtaireacht a fháil, chroch sí í féin ina seomra leapa agus fuair sí bás an lá dár gcionn.
is í mo bharúil féin as I see it, I reckon
" Ach is í mo bharúil féin, nach dtig le ríomhleabhar áit an ghnáthleabhair a ghlacadh go sásúil.
thogh sí í féin she elected herself
" Maíonn sí nach neamhthofa atá sí, nó gur thogh sí í féin, agus nach raibh sé de dhánacht ag duine ar bith cur ina coinne.
an bhean a cheol i gcór í féin the woman who sang in a choir herself
" Le mí anuas, tá Julie ag déanamh seónna le cóir ar fud na tire, rud a thaitin leis an bhean a cheol i gcór í féin.
théadh sí i ngleic leo í féin she used to get stuck into matters herself
" An Fuadar nach bhFeictear ========== Tá an oiread sin ag titim amach i saol Julie gurbh éigean di beirt a fhostú le cuidiú léi cúrsaí gnó a láimhseáil, cúrsaí a théadh sí i ngleic leo í féin roimhe seo.
banríon an phopcheoil í féin the queen of pop herself
" ’ I measc na ndaoine eile a mealladh le haithris a dhéanamh ar *Gangnam Style*, bhi Príomh-Aire na Breataine, David Camshrón, Boris Johnson, Ard-Mhéara Londain, Madonna – banríon an phopcheoil í féin chomh maith le hArd–Rúnaí na Náisiúin Aontaithe, Ban Ki-Moon a dúirt go raibh an t-amhrán chomh bríomhar sin go dtiocfadh leis an domhan a spreagadh chun síochána.
I ndiaidh í theacht chuici féin after she recovered
" I ndiaidh í theacht chuici féin deir sí nach bhfuil.
oiread leis an choirm í féin just as much as the concert itself
" Agus í ag coirmeacha, bhí suim aici sa deasc fuaime agus sa tástáil fuaime oiread leis an choirm í féin.
Is í mo thuairim féin go I reckon that
" Is í mo thuairim féin go bhfuil cósta na hÉireann, an t-iarthar go mór mór, i bhfad níos áille ná cósta na Breataine Bige nó Sasana ach níl toil ag an rialtas cosán cósta a fhorbairt.
is í mo thuairim féin go I feel myself that
" Ach is í mo thuairim féin go bhfuil an chuid is mó den locht ar lucht na Gaeilge nárbh fhiú dóibh an nuachtán a cheannach go rialta.
raibh scéal idir í féin there was an affair between herself
" Bhí ráflaí ann, a mhaireann go dtí an lá inniu, go raibh scéal idir í féin agus Mícheál Ó Coileáin agus cé gur shéan seisean i gcónaí go raibh rud ar bith eatarthu, fuarthas pictiúr beag di ar shlabhra thart faoina mhuineál ar an lá a maraíodh é i 22 Lunasa 1922.