Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an acmhainn seo a ídiú to expend this resource
" Níl aon cheart ar leith ag na hiascairí an acmhainn seo a ídiú go mífhreagrach bliain i ndiaidh bliana, faoi mar atá déanta acu leis na cianta.
a ídiú to expend
" D’fhéadfadh an dílárú acmhainn Ghaeilge na Roinne a ídiú a thuilleadh, agus tá an acmhainn sin cúng go leor mar atá sé.
ídiú fuinnimh energy consumption
" Dúradh, go réasúnta, gur cheart mbeadh béim i bhfad níos mó ar an ídiú fuinnimh a laghdú, seachas a bheith ag lorg slite nua chun fuinneamh a tháirgeadh.
á ídiú ar an arm being spent on the army
" Tá sibhialtaigh ann atá ag caitheamh i ndiaidh laethanta na mbairéad gorm nuair nach mbíodh airgead mór á ídiú ar an arm nó nuair a bhíodh an t-arm féin ar fáil chun tinte foraoise a mhúchadh sa samhradh agus an sneachta geimhridh a ghlanadh ó shráideanna Toronto.
ídiú acmhainne using up of resources
" Ach conas is féidir dul i ngleic leis an *brain drain* seo agus leis an ídiú acmhainne ó na Gaeltachtaí beaga? B’fhéidir go bhfuil sé in am ag na heagraíochtaí teangabhunaithe córas idirdhealú dearfach a chur i bhfeidhm.
trácht deiridh na cathrach ag ídiú, the last traffic of the city dying out,
" *** Oíche ghaofar Déardaoin a bhí ann, trácht deiridh na cathrach ag ídiú, agus muid ag cur tús leis an bpleidhcíocht.
atá á ídiú, which is being destroyed,
" Tá an *veto,* atá á ídiú, conradh i ndiaidh conartha, an-tábhachtach do na ballstáit bheaga cosúil le hÉirinn.
ídiú ocsaigin burning of oxygen
" Nuair a tháinig sí a fhad leis an teach s’againn, bhí an torann cosúil le hinneall eitleáin go díreach os cionn an tí, agus bhí sé deacair anáil a tharraingt ar feadh tamaill de dheasca ídiú ocsaigin an aeir.
á ídiú being ate up
" Ní raibh baol ar bith go raibh fear gnó le suí siar ag breathnú ar an cúlchiste brabaigh á ídiú le gach eagrán.
ag ídiú diminishing
" Is é an síorardú i gcostas na hartola an tslat tomhais is fearr atá ann go bhfuil an soláthar ola ar domhan ag ídiú agus ag éirí gann.