Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
déanfar anam na hAfraice a stróiceadh uaithi Africa's soul will be torn from itself
" Má leantar ar aghaidh ag marú ainmhithe na hAfraice chun a gcinn a chur in airde ar bhallaí daoine sa Ghearmáin, sna Stáit Aontaithe, sa Bhreatain nó san Afraic, déanfar anam na hAfraice a stróiceadh uaithi.
thuaisceart na hAfraice the north of Africa
" Amhránaíocht thuaisceart na hAfraice uaim.
ar chósta iardheisceart na hAfraice on the southwestern coast of Africa
" Tá rianta an dá thír sin fós le feiceáil inti – tá sé cineál ait Gearmáinis a chloisteáil ar chósta iardheisceart na hAfraice! Bhraith mé go raibh atmaisféar difriúil sa Namaib ná mar atá san Afraic Theas, go raibh gach duine agus gach rud ní ba réchúisí.
faoin gcur chuige a bhíonn ag an Iarthar i leith na hAfraice about the West's approach as regards Africa
" Bhí tuairimí acu faoi gach aon rud – faoin bhfadhb SEIF, faoin toghchán a bhí ann ag deireadh mhí Mheán Fómhair, faoi oibrithe na nEagraíochtaí Neamhrialtasacha, faoin gcur chuige a bhíonn ag an Iarthar i leith na hAfraice agus araile.
i stíl na hAfraice Theas. in a South African style.
" Ansin tháinig mé ar ghrúpa déagóirí agus iad ag damhsa agus ag canadh i stíl na hAfraice Theas.
ag fágáil mhór-roinn iontach na hAfraice, leaving the wonderful continent of Africa,
" Is cinnte go raibh lionn dubh ar mo chroí agus mé ag fágáil mhór-roinn iontach na hAfraice, ag eitilt ó Johannesburg go Perth, ach ag an am céanna bhí mé ar bís leis an mór-roinn nua seo a bhí ag feitheamh orm a fheiceáil.
go hiomlán difriúil le saol na hAfraice. totally different to life in Africa.
" Ní raibh mórán ar bun agam an chéad seachtain, ach ag malartú scéalta le mo chairde, ag ní mo chuid éadaí agus ag socrú isteach i saol a bhí go hiomlán difriúil le saol na hAfraice.
nach raibh ag éirí léi an Afraic a shárú. that it wasn't managing to be better than Africa.
" Ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair, thosaigh mé ar thuras síos cósta thiar na hAstraile – mé féin agus na mílte cúlphacálaí eile! Is cinnte go raibh a draíocht féin ag baint leis an Astráil, ach dar liomsa nach raibh ag éirí léi an Afraic a shárú.
ag freagairt ghlao na hAfraice, answering the call of Africa,
" Cé go mbeidh mé ag fágáil na hÉireann arís gan mhoill, ag freagairt ghlao na hAfraice, mór-roinn a bhfuil greim aige orm, caithfidh mé a rá nach bhfuil aon leaba mar do leaba féin! Deireadh na sraithe Is as Cill Mhantáin ó dhúchas í Máire Ní Chuagáin.
oidhreacht na hAfraice the African heritage
" Tá an scála peinteatónach ar fáil san Afraic le fada an lá agus tá seans ann gurbh í oidhreacht na hAfraice ba bhun leis an *blue note* a bheith ann inniu, seachas aithris bhacach ar an scála Eorpach.
ní théadh misinéirí de chuid na heaglaise go dtí áit ar bith san Afraic church missionaries used not go to anywhere in Africa
" Mar sin, ní théadh misinéirí de chuid na heaglaise go dtí áit ar bith san Afraic taobh amuigh den Afraic Theas agus Namibia, áiteanna a raibh cónaí ar dhaoine geala.
chun na hAfraice Theas to South Africa
" Agóidí Dhiúltaigh go leor de thíortha na hAfraice dul go Montréal sa bhliain 1976 mar agóid i gcoinne rannpháirtíocht na Nua-Shéalainne sna cluichí, siocair go ndeachaigh foireann rugbaí de chuid na tíre sin ar camchuairt chun na hAfraice Theas tamall gairid roimhe sin.
in oirdheisceart na hAfraice. southeast Africa
" Bhí an t-ádh dearg orm bliain a chaitheamh ag maireachtáil sa Mhaláiv, tír bheag in oirdheisceart na hAfraice.
san Afraic Láir, in Central Africa
" Tá an sliabh is airde san Afraic Láir, Mount Mulanje, suite i ndeisceart na tíre, agus fiú ó thaobh Malawi Lake de, tá tuaisceart agus deisceart an locha an-éagsúil óna chéile.
as ucht a chuid iriseoireachta faoin Afraic. for his jouralism about Africa
" “*The real story seems to be that the RPF were the killers to a far greater extent*,” dar le Keith Harmon Snow, an fear a rinne imscrúdú ar an gcinedhíothú agus ar saoririseoir é a bhfuil trí dhuais Project Censored bronnta air as ucht a chuid iriseoireachta faoin Afraic.
an Sciobadh ar an Afraic, the scramble for Africa
" Is gnó salach é an Sciobadh ar an Afraic, gan amhras.
i Réigiún Mór-Lochanna na hAfraice in the Great Lakes Region of Africa
" In ionad an milleán a chur go róshimplíoch ar an bhfuath eitneach a bhí i gceist i dtíortha áirithe Afracacha, ar chóir “cinedhíothú” a thabhairt ar pholasaí na Stát Aontaithe i dtaca leis na corparáidí ilnáisiúnta i Réigiún Mór-Lochanna na hAfraice i rith na tréimhse millteanaí seo?*Is as Cloch Shiurdáin i gContae Thiobraid Árann é Maidhc Ó Cathail ach tá sé ina chónaí sa tSeapáin anois, áit a bhfuil sé ag obair mar léachtóir ollscoile agus mar shaoririseoir.
fiadhúlra na hAfraice wildlife of Africa
" Bunaíodh Ciste Fiadhúlra an Domhain ar an 11 Meán Fómhair 1961 i ndiaidh do Sir Julian Huxley sraith alt a scríobh sa nuachtán *The Observer *inar mhaígh sé go raibh fiadhúlra na hAfraice go mór i mbaol.
Afraic fho-Shahárach Sub-Saharan Africa
" Ag trácht ar an Afraic fho-Shahárach, mhaígh an t-iriseoir Kevin Dowling go ndearnadh idir 30 agus 50 milliún duine a dhíshealbhú ansin go dtí seo de dheasca an tionscail chaomhnaithe.
mhór-roinn na hAfraice continental Africa
" Nó scéal Benedict XVI agus úsáid coiscíní ar mhór-roinn na hAfraice.
Afraic Láir Central Africa
" Ar ndóigh, is téarma acadúil é Pigmí a thagraíonn do na fiagaithe-cnuasaitheoirí ísle arb as na foraoiseacha meánchreasa agus na limistéir máguaird san Afraic Láir dóibh.
hAfraice Theas South Africa
" Leagadar rompu agus rinne uisce faoi thalamh le chéile le bheith cinnte gurbh é an náisiún mór, saibhir, an Fhrainc, agus nárbh é an tírín beag, bocht, Éire éidreorach (a bhí saibhir cúpla bliain ó shin ach nach bhfuil cianóg rua ná sciúrtóg fanta anois aige), a rachadh chun na hAfraice Theas an bhliain seo chugainn le himirt i gcomórtas Chorn an Domhain (sacar, ní rugbaí, ar eagla na míthuisceana).
Aontas na hAfraice Org. of African Unity
" I gcinneadh a rinne an ACHPR anuraidh is a d’fhaomh Aontas na hAfraice níos luaithe i mbliana, glacadh leis gur sháraigh rialtas na Céinia cearta an phobail dhúchais Endorois nuair a díshealbhaíodh iad chun anaclann dúlra a chur ar bun.
Aontas na hAfraice the African Union
" Má theastaíonn ó mhuintir an oileáin iathghlais iad féin a chur chun cinn mar eiseamlár do thíortha eile a bheidh ar son na síochána, ba cheart d’Éirinn iarratas ar bhallraíocht, nó mar pháirtí, a chur roimh Chomhairle Feidhmeannais Aontas na hAfraice.
rialtais na hAfraice the African governments
" I dtús báire, bhí an-spéis ag rialtais na hAfraice ann, agus roinneadh go leor airgid ar na ranna talmhaíochta.
theas na hAfraice African heat
" Is fada ó friothadh amach nárbh é an *bull’s wool* an t-éide saighdiúra ab fhearr faoin ghréin do theas na hAfraice.
dtuaisceart na hAfraice north Africa
" Bíodh is gur le mór-roinn na hEorpa is mó a shamhlaítear an Eoraip, tá cuid bheag di i dtuaisceart na hAfraice.
ar mhaith le muintir na hAfraice ar fad for the sake of all Africans
" Tá sé fíorthábhachtach go n-éireodh leis an Afraic Theas – ar mhaithe lena muintir féin ar ndóigh ach ar mhaith le muintir na hAfraice ar fad.
thuaisceart na hAfraice north Africa
" Ba é an sluán a bhí aige ‘Il cinema è l’arma più forte’ (is é an phictiúrlann an t-arm is láidre) agus léirigh sé an mana seo trí scannáin eipiciúla cosúil le Scipio Africanus (1941), a chuir in iúl, go hindíreach, an rún a bhí aige ionradh a dhéanamh ar thuaisceart na hAfraice.
dtuaisceart na hAfraice North Africa
" Chaith fear an léinn blianta ag teagasc sa Ghearmáin agus i dtuaisceart na hAfraice, rud a d’fhág go bhfuil a chuid Fraincise níos fearr ná a chuid Araibise, Laidine agus a chuid Gréigise, agus tá sí chomh snasta lena chuid Gearmáinise, Gaeilge, Béarla.
ag tabhairt aghaidhe ar an Afraic heading for Africa
" Beidh Máire Ní Chuagáin ag tabhairt aghaidhe ar an Afraic an mhí seo agus ar an Áis níos moille sa bhliain agus beidh sí ag scríobh tuairiscí rialta do Beo! mar gheall ar na heachtraí a thitfidh amach le linn a cuid taistil.
timpeallaithe ag an Afraic Theas surrounded by South Africa
" Sa cheathrú tuairisc seo uaithi, déanann sí cur síos ar an drochaimsir a bhí ann nuair a shroich sí Leosóta, an tír bheag atá timpeallaithe ag an Afraic Theas.
Chorn na hAfraice the Horn of Africa
" Meas bosca bruscair atá ag roinnt de thíortha na hEorpa agus Mheiriceá ar Chorn na hAfraice a deir Maidhc Ó Cathail.
Afraic Láir Central Africa
" Bhí Alan Desmond ag iniúchadh scéal mhuintir Batwa, an dream beag daoine san Afraic Láir a dtugtaí Pigmithe orthu.
Aontas na hAfraice Org. of African Unity
" D’fhéadfadh Aontas na hAfraice cor chun feabhais a chur ina scéal go fóill.