Tar éis an tsaoil, más mian le muintir na tíre éisteacht le popcheol Angla-Mheiriceánach, tuige nach ngéillfí dóibh? Nach bunphrionsabal daonlathach é déanamh de réir thoil an tromlaigh?
Sa gcomhtéacs seo, níor mhór féachaint ar ar tharla sa mBaváir.
Bhog go leor daoine as tuaisceart na Gearmáine chun na Baváire tar éis an chogaidh agus tá dearcadh na ndaoine seo ar chúrsaí teanga ag cur le meath na Baváirise, dar le Christoph Wendler.