Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cinntí diana hard decisions
" Ní fhéadfá drochrud a rá faoi," a dúirt Cunningham, a fheiceann Bloomberg mar chineál eile ceannaire, a bhfuil an mianach céanna ann is a bhí i méaraí eile de chuid Nua-Eabhrac a raibh an-chion orthu, Ed Koch nó Rudy Giuliani, cuir i gcás, agus nach bhfuil eagla air cinntí diana a dhéanamh.
dlíthe diana severe laws
" "Tá teorainn maidir leis na háiteanna a dtig leo dul, tá dlíthe diana ina n-éadan taobh amuigh den Tearmann, táthar i gcónaí á gcuartú agus á gciapadh," arsa Gearóid.
cluichí diana, iomaíocha tough competitive matches
" Is é an míniú a thugann sé ná go raibh cluichí diana, iomaíocha ag Loch Garman i gcoinne Uíbh Fháilí, Chill Chainnigh agus Phort Láirge sular bhuail siad le hAontroim, agus gur chabhraigh taithí na gcluichí go mór leo sa tréimhse dheireanach chun an bua a bhaint amach.
rialacha diana strict rules
" Nuair a labhair mé leis an Roinn faoi seo, dúirt urlabhraí go bhfuil rialacha diana i gceist ó thaobh na Limistéar faoi Chosaint Speisialta ach dúirt sé fosta: "*But these do not rule out development.
bearta diana severe measures
" Ní bheadh sé ciniciúil mar sin buille faoi thuairim a thabhairt go ndearna an tSín áibhéil ar nasc a bheith idir Gluaiseacht Ioslamach na Turcastáine Thoir agus Al Qaeda le go mbeadh údar acu bearta diana a chur i bhfeidhm i gcoinne scarúnaithe Uígireacha.
coinníollacha diana severe conditions
" Bhí ar rialtas na Gréige cabhair a ghlacadh ón CIA – is é sin, ón IMF - agus ón AE agus tá coinníollacha diana ag baint leis an chabhair úd.