Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tuath na Sean-Ghréige ancient Greek tribe
" Bhí an-eolas aici ar na Ceiltigh freisin, agus bhí sí cinnte dearfa gurbh iad na *Danaoi*, tuath na Sean-Ghréige, agus Tuatha De Danann na finscéalaíochta an dream ceannann céanna in anallód! Tuigeadh dom sa deireadh, blianta ina dhiaidh sin, le linn mo chéad chuairte ar Éirinn agus ar an Ghaeltacht (Samhradh 1998) go mb'fhéidir nár de shliocht *Danaoi *na Gréige iad na Gaeil ná na Tuatha Dé Danann; mar sin féin, chonacthas dom gur dream iontach ab ea na Gaeil, a raibh croí misniúil agus uasal acu, agus thuig mé go raibh a ndearcadh féin ar an saol acu.
miotaseolaíocht na Gréige Greek mythology
" Níor ainmníodh é as an bhean i miotaseolaíocht na Gréige, ach as saghas éin - lacha rua, sílim.
miotaseolaíocht na Gréige Greek mythology
" Murab ionann is Atlás i miotaseolaíocht na Gréige, níl i ndia an haca ach fear mar chách.
nGréig Greece
" ) SMM: Cén áit is fearr leat a ghabháil ar saoire? BNC: Bhí mé sa nGréig an samhradh seo agus bhí sé go hálainn.
Criogair na hÉireann agus na Gréige the Irish and Greek crickets
" Ní gá a rá, ar ndóigh, gur rialtas sóisialach é an rialtas Zapatero! Criogair na hÉireann agus na Gréige ================ Tuigtear freisin go raibh oibrithe ón earnáil phoiblí in Éirinn agus sa Ghréig ar stailc le deireanas chun a gcuid míshástachta a léiriú in aghaidh ciorruithe rialtais agus díluacháil a gcuid pinsean.
finscéalaíocht na Gréige Greek mythology
" Tá bunús an scéil Pygmalion tógtha as finscéalaíocht na Gréige, i dtaobh an dealbhadóir Pygmalion agus an dealbh a chruthaigh sé.
níl sé ar chumas na Gréige the Greeks can’t
" Ar bhealach tá sé fíorshimplí: níl sé ar chumas na Gréige a cuid fiacha a íoc.
geilleagar na Gréige the Greek economy
" Ach tháinig seo agus d’imigh sin, agus thit an tóin as geilleagar na Gréige.
do phobal na Gréige to the Greek people
" Bhí an triúr ag déanamh bolscaireachta do scannán nua, *The Monuments Men*, atá dírithe ar bhuíon ón Dara Cogaidh Domhanda a bhí freagrach as saothar ealaíne, a ghoid na Naitsithe, a aimsiú agus a shaoradh, nuair a dúirt Clooney, go mbeadh sé cui agus cóir (agus iad ag caint faoi ealaín chreachta) dá dtabharfadh Iarsmalann na Breataine an saothar sin ar ais do phobal na Gréige.
de bhunadh na Gréige of Grecian background
" Cé eile atá ann ach an naomh de bhunadh na Gréige a d’fhág oidhreacht Dhaidí na Nollag againn, San Nioclás é féin.