Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ón bPolainn from Poland
" Tháinig mo theaghlach ar imirce go Ceanada ón bPolainn nuair a bhí mé trí bliana d’aois.
a fheasaí is a eolaí a bhíonn Polannaigh maidir le stair na Polainne how well-informed and knowledgeable Poleas are as regards Polish history
" Ach dá mhéad an tsuim a chuireann Éireannaigh i stair na hÉireann, is geall le suim soip í nuair a thuigtear a fheasaí is a eolaí a bhíonn Polannaigh maidir le stair na Polainne.
iar-ghlór na Polainne Poland's former glory
" Cúpla seachtain ó shin bhí mé i siopa bláthanna agus nuair a d’aithin an freastalaí orm nach de bhunadh na háite mé rinne sé iar-ghlór na Polainne a mhíniú dom.
nuair a scriosadh an Pholainn de mhapa na hEorpa when Poland was wiped off the map of Europe
" “Ba mhórchumhacht í an Pholainn,” a dúirt sé agus aoibh an gháire air, amhail is go mbeadh cuimhne aige fós ar an aimsir sin, cé gur tháinig deireadh léi breis is dhá chéad bliain ó shin nuair a scriosadh an Pholainn de mhapa na hEorpa i 1795.
géilleadh an Pholainn do Stalin Poland was yielded to Stalin
" I ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda géilleadh an Pholainn do Stalin agus don Aontas Sóivéadach, rud a d’fhág gur laistigh de theorainneacha an Chuirtín Iarainn a bheadh an tír.
ní fheallfaidh an Pholainn ar chomhghuaillí dá cuid Poland will not let down an ally of hers
" Rinne an tAire Gnóthaí Eachtracha, Włodzimierz Cimoszewicz, an scéal a bhréagnú, ag rá “ní fheallfaidh an Pholainn ar chomhghuaillí dá cuid den chéad uair, cé gur minic atá feall imeartha ar an bPolainn ag a comhghuaillithe san am atá caite”.
tréigeadh an Pholainn Poland was abandoned
" Ach ina ainneoin sin, tréigeadh an Pholainn ag deireadh an chogaidh agus rinneadh í a íobairt do Stalin.
ag tagairt do mhífhortún seo na Polainne referring to this misfortune of Poland's
" Polaiteoir sinsearach Tá sé sothuigthe go mbeadh duine mar Włodzimierz Cimoszewicz ag tagairt do mhífhortún seo na Polainne.
ón Pholainn from Poland
" Ach ní bheidh mórán le déanamh aici sa bhaile, ach oiread, nó beidh *au pair* ón Pholainn ag gach teaghlach leis an chuid is mó den obair sa bhaile a dhéanamh.
daoine as an Pholainn people from Poland
" “Le cois muintir Ghlaschú, tá muintir na hÉireann agus daoine as an Pholainn ag freastal ar na ranganna fosta!” San iomlán, tá sé rang ag ceithre leibhéal éagsúla ar fáil faoi láthair: ceithre rang oíche Dé hAoine agus dhá rang oíche Dé Céadaoin.
ar nós na hEastóine agus na Polainne, like Estonia and Poland,
" Tá an áit lán *multinationals* anois – ón Áis agus ón Rúis agus ón Afraic, agus fiú ó áiteanna níos faide i gcéin, ar nós na hEastóine agus na Polainne, *so it is*.
an Pholainn, Poland,
" An bhfuil an Léann Éireannach folláin faoi láthair? Deir sé go bhfuil sé ag fás i gcónaí, é ag leathnú amach i Meiriceá agus i gCeanada, agus fiú in áiteanna san Eoraip mar an Pholainn, an Rómáin agus an Ungáir.
i ndeisceart na Polainne, in the south of Poland,
" “Rugadh mé in Zabkowice Slaskie, baile beag i ndeisceart na Polainne, tuairim is 20 nóiméad ón teorainn le Poblacht na Seice.
gan trácht ar an bPolainn féin not to mention Poland itself
" Mar a dúirt mé, ní raibh sé ar intinn agam riamh Zabkowice a fhágáil, gan trácht ar an bPolainn féin – bhí post maith agus árasán deas agam.
laistigh de theorainneacha na Polainne inside the bordes of Poland
" Bhí aon sluachampa dhéag ar thalamh atá laistigh de theorainneacha na Polainne mar atá siad inniu agus ba de réir ordú Heinrich Himmler, an Naitsíoch a bhí i gceannas ar an SS agus ar an Gestapo, a cuireadh Majdanek ar bun.
teach íochtarach Pharlaimint na Polainne the lower house of the Polish Parliament
" Mar ba léir ó na híomhánna de na mílte Polannach a sheas i scuaine chun vóta a chaitheamh in Éirinn, i Sasana, agus i dtíortha nach iad, ba iad Polannaigh óga ba dhúthrachtaí a ghlac páirt sa toghchán, agus ní foláir ná gurbh é an dream seo ba mhó a thug 209 suíochán do PO sa *Sejm*, teach íochtarach Pharlaimint na Polainne ina bhfuil 460 suíochán san iomlán.
a tharraing aird na hEorpa ar an bPolainn. which drew the attention of Europe onto Poland
" Náire Dhearg Polannaigh óga go bun a gcluas gach uair a dúirt duine den chúpla rud éigin a nocht an dearcadh cúng Caitliceach coimeádach atá acu; dearcadh a tharraing aird na hEorpa ar an bPolainn.
níor cuireadh aon phionós orthusan a rialaigh an Pholainn No penalty was given to those who ruled Poland
" Nuair a tugadh droim láimhe don chóras cumannach i 1989, níor cuireadh aon phionós orthusan a rialaigh an Pholainn le linn an chumannachais.
tarraingíodh clú an choimhlinteora agus an easaontóra ar an bPolainn sa Bhruiséil. Poland gained a reputation for being disagreeable and contentious
" Chuir coimeádachas agus diúnas an chúpla Kaczynski isteach go mór ar na baill eile den Aontas Eorpach agus tarraingíodh clú an choimhlinteora agus an easaontóra ar an bPolainn sa Bhruiséil.
gcuirfeadh an Pholainn in aghaidh an chonartha that Poland would go against the treaty
" Agus comhráite ar siúl le déanaí chun conradh a chur le chéile a fheidhmeodh in ionad an Bhunreachta Eorpaigh nár éirigh leis, ba í an Pholainn an t-aon tír amháin a chothaigh trioblóid nuair a mhaígh PiS go gcuirfeadh an Pholainn in aghaidh an chonartha mar nach raibh siad sásta le gné amháin de.
atá i ndán d'iompar na Polainne which is in store for the behaviour of Poland
" Mar chomhartha ar an athrú atá i ndán d'iompar na Polainne ag leibhéal na hEorpa, chuir PO in iúl lá i ndiaidh an olltoghcháin go dteastaíonn uathu go mbeidh an Pholainn ar an gcéad tír a dhaingneoidh an conradh.
Bhí an Pholainn thíos go mór leis na cogaí domhanda Poland suffered greatly because of the world wars
" Bhí an Pholainn thíos go mór leis na cogaí domhanda agus cailleadh sé mhilliún saoránach le linn an Dara Cogadh Domhanda amháin.
Ghiúdaigh na Polainne the Polish Jews
" Nuair a bhí sé 11 bliain d'aois, bhog an teaghlach go léir go dtí an Fhrainc, mar is maith a d'airigh siad an chontúirt a bhí ann do Ghiúdaigh na Polainne tar éis urghabháil chumhachta na Naitsithe sa Ghearmáin.
muintir na Polainne the Poles
" (Bhraith muintir na Polainne locht gramadaí áirithe ar chaint Lech Wałęsa, ceardchumannaí longchlóis, nuair a d’fhógair sé na blianta siar go rithfeadh sé i dtoghchán le haghaidh na huachtaránachta sa Pholainn, ach thogh siad é, mórán mar gheall ar an locht.
gurb ionann teorainn oirthear na Polainne the eastern Polish border is the same
" Is í an Pholainn, a bhfuil daonra 38 milliún aici, an stát is mó de na deich stát a ligeadh isteach san AE i 2004 agus is tír thábhachtach í ó thaobh na hinimirce de mar gurb ionann teorainn oirthear na Polainne agus teorainn seachtrach an AE.
i gcinneadh na Polainne in the Polish decision
" Cé go ndearnadh roinnt cainte le linn an fheachtais faoi chearta an duine agus an eagla roimh dhíbirt a thréithríonn saol an inimircigh lasmuigh den dlí, bhí ról ag cúrsaí geilleagair i gcinneadh na Polainne an tríú tionscnamh a chur ar siúl, leis.
cheol na Polainne Polish music
" Cúlú an Cheoil ===== Sa seachtú haois déag, bhí cáil ar fud na hEorpa ar cheol na Polainne.
de bhunadh na Polainne of Polish background
" 'Tá rialtas na Polainne a' rá leis na blianta nach bhfuil ceol traidisiúnta ar bith fágtha sa tír,' arsa Eva Skalla, Sasanach de bhunadh na Polainne a bhíonn ag eagrú imeachtaí ceoil ar fud an domhain.
bhféadfaí í a dheisiú sa bPolainn it could be fixed in Poland
" 'B'fhéidir go bhféadfaí í a dheisiú sa bPolainn.
Oirdheisceart na Polainne south-east Poland
" Bhí an-ionadh ar chairde Mark Uí Fhionnáin nuair a chuala siad go raibh sé ag tabhairt aghaidhe ar Lublin in Oirdheisceart na Polainne chun an Ghaeilge a mhúineadh.
atá ag cur faoi sa Pholainn who is living in Poland
" Tá sé tugtha faoi deara ag Alan Desmond, atá ag cur faoi sa Pholainn, gur minic a dhéanann muintir na tíre tagairt d’éagóracha a rinneadh orthu san aois seo caite.
reiligí na Polainne the cemeteries of Poland
" Tugann an t-uafás daoine aghaidh ar reiligí na Polainne ar an gcéad lá de mhí na Samhna, mar a mhíníonn Alan Desmond.
muintir na Polainne people of Poland
" Tháinig muintir na Polainne amach ina sluaite le gairid le vóta a chaitheamh san olltoghchán agus chinn siad an ruaig a chur ar an rialtas a chuir náire ar go leor Polannach le dornán blianta anuas.
shainchomharthaí na sean-Pholainne distingushing signs of the old Poland
" Thug Máire Ní Chuagáin cuairt ar Chraców le déanaí agus thaitin an áit go mór léi, idir shainchomharthaí na sean-Pholainne atá le feiceáil inti agus gnéithe na cathrach nua-aoisí.