Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag diúltú denying, refusing
" Tá muid dlúthcheangailte leis an stair sin agus caithfear aghaidh a thabhairt uirthi, rud a dhiúltaigh John Howard a dhéanamh; agus tá sé ag diúltú don fhírínne go fóill.
ag diúltú refusing
" Tá na húdaráis ag diúltú cead pleanála a thabhairt ar na cúiseanna seo: dochar don timpeallacht agus milleadh radharcanna tuaithe; easpa infrastruchtúir tuaithe agus an costas a bhainfeadh le caighdéain sasúil a bhaint amach sa réimse seo.
ag diúltú ceada refusing permission
" Tá na póilíní ag diúltú ceada dóibh níos minicí, áfach, de bharr easpa daonchumhachta, a deir siad.
ag diúltú refusing
" An taobh istigh den bhád Atlantic Dawn Cúpla mí sular sheol an Atlantic Dawn isteach go Cuan Bhaile Átha Cliath, bhí an Coimisiún fós ag diúltú ceadúnas a thabhairt don bhád.
ag diúltú don réaltacht denying reality
" Ach nach meatacht é sin, ag diúltú don réaltacht? "Is fíor gurbh fhearr liom maireachtáil gan na drochrudaí sin ag cur isteach orm, an foréigean, an bochtanas.
ag diúltú refusing
" Cheannaigh siad ticéid do thraein na síochána ach tá siad ag diúltú dul ar bord, ag screadaigh go bhfuil Gerry Adams ag tiomáint na traenach.
ag diúltú comhoibriú refusing to co-operate
" Níor chóir dearmad a dhéanamh ach oiread go bhfuil seirbhísí rúnda na Breataine fós ag diúltú comhoibriú le Fiosrúcháin an Stáit seo maidir le buamáil Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin i 1974 inar maraíodh 33 duine.
ag diúltú comhoibriú refusing to co-operate
" Níor chóir dearmad a dhéanamh ach oiread go bhfuil seirbhísí rúnda na Breataine fós ag diúltú comhoibriú le Fiosrúcháin an Stáit seo maidir le buamáil Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin i 1974 inar maraíodh 33 duine.
ag diúltú cumhacht a roinnt refusing to share power
" Faoi láthair, agus an DUP ag diúltú cumhacht a roinnt le Sinn Féin, is deacair a shamhlú go gceadódh ceannairí ghluaiseacht na poblachta d’aon ní tarlú a thabharfadh leithscéal breise don DUP gan cumhacht a roinnt agus, dá bhrí sin, a chuirfeadh brú breise ar an dá rialtas glacadh le seasamh an Dr.
ag diúltú don iarratas, refusing the request,
" In ainneoin go bhfuil Maidrid ag diúltú don iarratas, ag rá go bhfuil an pictiúr ró-shobhriste lena bhogadh thart, tá tacaíocht láidir ann, go háirithe agus comóradh 70ú bliain na buamála i ndiaidh a bheith ann, don tuairim gur cheart an pictiúr a thaispeáint sa Guggenhéim- an dánlann iontach a dhear an t-ailtire Frank Gehry do mhuintir Bilbao.
Táthar ag diúltú do na pleananna móra the big plans are being refused
" Táthar ag diúltú do na pleananna móra go leanúnach, agus níltear ag tabhairt mar leithscéal ach amháin, ‘níl ach méid áirithe airgid tugtha ag an Rialtas d’Fhoras na Gaeilge.
ag diúltú refusing
" Caithfidh an Lucht Oibre an chodarsnacht soiléir a láimhseáil idir a bheith ag caint faoi Éamonn Gilmore a bheith ina Thaoiseach agus a bheith ag diúltú ag an am céanna aon iarracht a dhéanamh tacaíocht a lorg ó Shinn Féin agus ó iarrthóirí ar an eite chlé ar nós Joe Higgins, Finian Mc Grath, Catherine Murphy agus Séamas Healy, a mbeadh fonn orthu vótáil do Gilmore dá mbeadh An Lucht Oibre dáiríre faoi Gilmore a bheith ina Thaoiseach ar an gcéad rialtas eile.
ag diúltú go dubh agus go bán do refusing point blank
" Ag caint leis an Chomhchoiste Oireachtais ar ghnóthaí Oidhreachta, Iompair, Cultúir agus Gaeltachta ar an 28 Feabhra thug Leas-Phríomhfheidhmeanch an Fhorais, Seán Ó Cuinn le fios nach bhféadfaí an córas nua maoinithe seo a bhrú ar aghaidh i gcoinne thoil na n-eagras Ghaeilge: “An moladh a bheidh againn nuair a bheidh an próiseas comhairliúcháin thart, dá mbeadh gach duine ag diúltú go dubh agus go bán do sin, ní bheadh muid ábalta dul ar aghaidh leis.
ag diúltú Béarla a labhairt refusing to speak English
" Bhí sí ag diúltú Béarla a labhairt agus bhí a cairde, sna déaga, ag gáire agus ag tathaint uirthi *“Ah come on (ainm), speak English to us, come on, please”*.
ag diúltú an Ghaeilge a labhairt refusing to speak Irish
" Thart ormsa i gCois Fharraige, le deich mbliain anuas nó mar sin, tá cuid mhaith de na daoine óga ó na déaga suas ag diúltú an Ghaeilge a labhairt mar ghnáth-theanga eatarthu féin.
ag diúltú glacadh lena refusing to accept
" Tá Ming ag diúltú glacadh lena thuarastal iomlán €92,672 (nó €87,258 inniu Bealtaine 2014).