Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
allagar discussion
" Tríd an allagar seo uile, fásann meanma agus misneach Eric an phoist.
allagar debate
" Tá sé taobh amuigh den chineál allagar polaitíochta atá ag dul ar aghaidh ag Stormont.
allagar náisiúnta national discourse
" “Cionn is gur mian leo a bheith ina nÉireannaigh,” ar sé - ainneoin gur Sasanaigh, Albanach agus Iodálach a bhí ar an fhoireann chéanna agus bainisteoir Sasanach ina bun ach san allagar náisiúnta, tá na himreoirí seo mar chuid den “buíon dar slua, thar toinn do ráinig chugainn”! Ar Son na Tíre ======= Tá raicín ar siúl ó thuaidh faoi láthair cionn is gur tharraing imreoir óg sacair, Adam Barton, amach as scuad Thuaisceart Éireann do chluichí cáilithe i gCraobh na hEorpa 2012 cionn is gur mhaith leis imirt do thír eile.
allagar réamhbhunaithe a preconceived discourse
" An rud a cheanglaíonn na scríbhneoirí Béarla thuasluaite ná go mbunaíonn a bhformhór acu na carachtair ón Lucht Siúil ar allagar réamhbhunaithe, allagar foirmleach, réamhluaite a bhfuil athrá agus athdhéanamh déanta air ó ghlúin litríochta amháin go glúin eile.
allagar seanchaite old spent discourse
" Tá oidhreacht fhada ag an allagar seanchaite seo, ar ndóigh.
allagar discourse
" Mar shampla, ilteangachas, dátheangachas agus teagmháil teanga agus éagsúlacht teanga, allagar - nó dioscúrsa - agus beartas teanga.
allagar náisiúnta national discourse
" An dá laige is mó a bhaineann lena scéal go bhfuil an daonlathas áitiúil an-lag, agus nach bhfuil ceist na tuaithe rómhór san allagar náisiúnta (in ainneoin go bhfuil cónaí ar 40% de mhuintir na tíre in áiteanna tuaithe).
an allagar céanna this discussion
" I mBéal an Phobail Abhus ============= Caintítear cuid mhaith ar an *crisis* abhus, ach ní hé an duairceas is bonn leis an allagar céanna de ghnáth, agus ní tréith í a shamhlaím le muintir na Gailíse trí chéile.
chleacht sé ‘modh an allagair he used the argumentative method
" Dhiúltaigh Sócraitéas don reitric agus chleacht sé ‘modh an allagair’ nó réasúnaíocht dhialachtaice d’fhonn ‘fírinne‘ an scéil a nochtadh.
san allagar seo in this discourse
" Tá an ghné pholaitiúil iontach soiléir san allagar seo.
ar allagar inmheánach na polaitíochta on the internal political discourse
" Tá dlúthnasc idir an mhoráltacht agus an pholaitíocht sa chás seo mar feidhmíonn an mhoráltacht mar shrian seachtarach ar allagar inmheánach na polaitíochta.
trí mheán an allagair by means of discourse
" Is trí mheán an allagair a deintear na fadhbanna a scagadh agus ar deireadh, is cás leis an bpolaitíocht torthaí feidhmiúla a aimsiú.
laistigh d’allagar fealsúnach ilghnéitheach within a diverse philosophical discourse
" Foilsíodh leabhar spéisiúil ar na mallaibh Cinema and Evil: Moral Complexities and the Dangerous Film le Dara Waldron a chíorann freagra scannánóirí ar nós Michael Haneke, Gus Van Sant, na deartháireacha Dardenne agus Lynne Ramsay ar cheist an oilc laistigh d’allagar fealsúnach ilghnéitheach a chuimsíonn smaointeoirí chomh héagsúil lena chéile agus Kant, Heidegger, Bataille, Arendt, Lacan agus Levinas.
allagar poiblí public discourse
" Molann Donncha Ó hÉallaithe go mba cheart do Chonradh na Gaeilge, tús áite a thógáil san allagar poiblí faoi thodhchaí na tíre trí chomóradh a eagrú ar an léacht cáiliúl a thug De hÍde 120 bliain ó shin, léacht a chuir tús leis an athnuachan as ar eascair, tríocha bliain níos deireanaí, stát neamhspéach don 26 Contae .